20 September 2009

Tá an scéal ina chac!



Bhíos sa chlós spraoi le m'iníon ar maidin. I bpáirc beag i mBré, páirc nach bhfuil aon cothabháil á dhéanamh air ag na húdaráis - ach atá glan de bharr díograis na gcomharsan. Nó sách glan, pé scéal é.

Bhí mé ag caint le bean. Bhí sí sách corraithe, mar ainneoin go raibh an áit glan inné, agus faoi ghlas thar oíche, bhí carn mór cac madra ar an gcosán arís. Le seachtain, thit trí paistí i gcac madra ann, agus bhí an trealamh spraoi smeartha le cac.

Dúirt sí (ó tharla na Éireannach í) go bhfuil muid mar Éireannaigh go maith ag clamhsán, ach go holc ag dul i ngleic le nithe mar seo. Go mbíonn muid ag brath ar dhaoine eile, "orthu siúd" nó ar "an Rialtas" i gcónaí.

Is eagal liom gur fíor di, agus táimse chomh ciontach le haoinne. Ar a laghad, ním iarracht féachaint chuige nach scaipeann mo phaistí bruscar, agus níl madra agam.

Ritheann sé liom go bhfuil nasc idir seo agus an cheist atá á phlé ag Áine - an folús sa phobal a ligeann do eachtraí uafara cosúil le batráil seanathair tarlú.

Is dóigh liom go bhfuil fírinne san téis faoi fuinneoga briste a dheisiú - má ghlac an pobal le mion mí iompar, go n-osclaíonn sé an bhealach do coireanna móra.

Tá sé in am ais-throid a dhéanamh. Ach conas? An cac áitiúil a ghlanadh suas an chéad céim!

Dála an scéil, faoin am a shroich muid an baile, bhí bróg m'iníon smeartha le cac a shiúl sí ann áit éigin ...

4 comments:

Mise Áine said...

Chuala mé agallamh le George Kelling, blianta ó shin, agus an t-ábhar sin, Broken Windows, faoi chaibidil aige.

Cheap mé an t-am sin gur iontach an smaoineamh a bhí ann agus is minic a rith an t-agallamh sin liom arís nuair a d'fheicfinn fuinneoga briste thar na blianta. Bhí, agus tá, neart acu thart agus is fíor an méid a duirt sé - mura gcuirtear caoi orthu, leantar leis an scrios.

Tá madra agus pooper scoopers againn sa teach seo, a Aonghuis, agus creidim go bhfuil sé millteanach an dóigh a ligtear do mhadraí a bhfuíoll a fhágáil timpeall na háite. Ach feicim a leithéid go minic timpeall na háite seo, freisin, agus neart madraí, gan úinéir feictear dom, is cúis le cuid mhaith den chacamas. Agus cá bhfuil na maor madraí?

aonghus said...

Ní hea, ach cá bhfuil na comharsan!

Dave Mc said...

Rugadh mo mhac san Astráil agus bhí sé trí bliana d'aois nuair a thángamar ar ais go hÉirinn. Bhíomar ag siúl síos an bóthar cúpla lá i ndiaidh sin nuair a d'fhiafraigh sé orm cén fáth go raibh an oiread sin cac madra ar an chosán. Ní raibh a leithéid feicthe aige riamh!

Séamas Poncán said...

B'fhuath leis an eite chlé Rudy mar gheall ar an gcaoi ar chur sé smacht ar Nua-Eabhrac, ach tá feabhas as cuimse ar an gcathair mar gheall air.