14 December 2009

Filleadh trúig bháis Dhiarmada!

Nóta san Irish Times inniu go bhfuil Toirc Allta, a tugadh isteach le ceadúnas go hÉireann, ag éalú agus ag scaipeadh. Is mór idir Éireann an lae inniu agus Éireann na Fianna - agus gan Fianna ná faolchon againn chun smacht a choinneáil ar na beithígh seo. Is féidir leo an dúrud damáiste a dhéanamh, agus déanann ar an Mór Roinn, ainneoin cúinsí beatha measartha maith a bheith ann san fiántas dóibh.

Is maith liom scéimeanna chun cuir leis an dúlra, agus ainmhithe a athlonnú. Ach caithfear na cúinsí faoi láthair a chuir san áireamh, ar mhaithe le daoine, an dúlra atá ann anois, agus na hathlonnaitheoirí féin!



Íomhá ó Wikimedia

5 comments:

Dubhaltach said...

Ní shílim go bhfuil baol ann dúinn, go háirithe leis an méid daoine atá ann le spéis i bhfoghlaeireacht.

Feicim freisin go bhfuil a lán aineolais ann fós, ón IT an t-am seo thart,
"Wild boar are known to uproot large areas of land, eliminate native vegetation and have the potential to spread disease to domestic livestock."

Ar dtús níl aon fhianaise ar fáil le tabhairt le fios go scaipeann siad galar i measc beithígh. Agus ní scriosann siad fásra, déanann siad a mhalairt. Óir cabhraíonn an talamh clasaithe le crainn agus plandaí nua a fhás go láidir ar thalamh a bhí ró-chrua agus ró-tachtadh le fiailí roimhe.
Ní féidir coillte fholláin beo a bheith ann gan torc i ndáiríre.

Agus caithfidh muide foghlaim conas maireachtáil leis na hainimhithe seo agus a leithéid, ní a mhalairt.
Faraor, ní thugann aineolas forleathan lucht feirmeoireachta na hÉireann mórán misnigh ormsa ar an gceist sin!

John M O Donoghue said...

Bíonn Féile na dToirc Allta gach samhradh i g Ceann Toirc, ach ní doigh liom go mbíonn toirc allta ann.

Dennis King said...

Cuir ar an mbiachlár iad! Tá an iomarca fianna ina lán áiteanna sna Stáit agus tá líon na sealgairí ag dul i laghad le tamall anuas. Ach is féidir go bhfuil sé seo ag athrú anois. Tá daoine ann nár fhoghlaim sealgaireacht riamh óna n-athracha ach atá ag cur spéis inti anois toisc go bhfuil spéis acu i locavorism. “Ith an rud atá ar fáil sa cheantar!” An fhadhb is mó atá ann anois ná nach féidir gunnaí a scaoileadh sna fobhailte mar a bhfuil a lán fianna ina gcónaí anois.

aonghus said...

De réir mo thuiscint, is de bharr iad a bheith ar an mbiachlár atá siad san tír ar an gcéad dul síos.

Ainmhithe feirme a d'éalaigh.

Tá's agam go mbíonn fadhbanna leo i mbruachbhailte sa Ghearmáin, agus is beag coill leathan dhuilleach abhus, mar sin...

ormondo said...

Agus cad mar gheall ar na nathracha nimhe*?