28 December 2009

Gaeilgeoirí Galltachta

Luaigh Panu Bás san Oirthear mar léiriú ar mheon an Ghaeilgeora Galltachta. Is den aicme sin mé féin, mar sin chuaigh mé sa tóir ar an leabhair, agus fuair tríd an leabharlann é. Ach aontaíom leis an léirmheas seo i gComhar - bhain mé idir ciall agus sult as an "réamhrá". Bhí an úrscéal féin ró osréalach - lán de mheafair do shaol na Gaeltachta agus na Galltachta, an Bhéarla agus na Gaeilge, Thiar agus Thoir. Is eagal liom nár thuig mé ach splanc anseo agus ansiúd.

Tá saothair eile a phléann taithí an té a tógadh le Gaeilge sa Ghalltacht. An ceann is iomráití is dócha, Speckled People Hugo Hamilton, bíodh is go raibh gnéithe eile ina shaol siúd a chuir lena choimhthíos. Tá gearrscannán ann freisin - Mac an Athar - a léiríonn gasúr ag dul i ngleic leis an gné seo dá chaidreamh lena athair.

N'fheadar an Gaeilgeoir Galltachta neamhghnách mé. Ní cuimhin liom an nasc leis an nGaeltacht a bheith chomh lárnach sin dom. Níor chaith muid, chomh fada agus is cuimhin liom, ach saoire teaghlaigh amháin sa Ghaeltacht agus mé óg - ar Árainn. Agus níor mhothaigh mé riamh go raibh muid ann chun tarraingt as foinse na Gaeilge. B'fhéidir siocair gur tógadh m'athair romham le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Cuid dem fhéiniúlacht nár bhraith mé riamh gá ró mhór í a cheistiú an Ghaeilge, cuid a raibh mé riamh ar mo chompoird leis.

Ach ritheann sé liom, má tá rath le bheith ar an bplean 20 Bliain, go bhfuil gá ann le taighde ar thaithí na daoine a tógadh le Gaeilge agus a chuir ar aghaidh í, agus orthu siúd a lig i léig í. Má tá bacanna ann a choisceann gaibhniú an slabhra teangain, agus ar féidir iad a ghlanadh chun bealaigh, is mithid sin a dhéanamh.



Bás san Oirthear
Lorcán Ó Treasaigh
Comhar 1992

No comments: