Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-12-05

Luaithreach an Bhua

Fuair mé an t-úrscéal "Luaithreach an Bhua" le Annraoi Ó Liatháin ón leabharlann.

Úrscéal stairiúil faoi Cogadh na gCarad. Gleann sléibhe sna Déise an suíomh, agus léirítear éifeacht an Chogaidh ar an bpobal ann. Chuaigh triúr ón ngleann go Tiobraid Árainn ag troid i Cogadh na Saoirse. Maraíodh duine acu, ach d'fhill an bheirt eile nuair a bhí an Sos Cogaidh ann. Bhí duine acu leis an IRA a eagrú sa ghleann, agus rinne. Eisean, Dónaill Ó Coileáin, laoch an scéil.

Nuair a bhriseann an Cogadh Cathartha amach, cuirtear fios air teacht lena bhuíon chun troid ar son na Poblachta. Ach ní féidir leis. Ní mian leis aghaidh a thabhairt ar Éireannaigh eile ar mhachaire an chatha. Éiríonn idir é agus an fear eile a throid - imíonn seisean chun troda.

Léirítear mar a scriostar an pobal ón taobh istigh de bharr na scoilte seo. Léirítear crá croí agus coinsiasa an laoich.

Úrscéal thar a bheith cumhachtach, agus an pobal bheag ina scáthán don tír ar fad. Is uafásach an tionchar a bhíonn ag an cogadh, agus deireadh tragóideach leis na himeachtaí, a fhágann an pobal scriosta.