03 February 2010

Blúirín: Bunoideachas d'Uachtaráin

ó First Thoughts: Cúrsa molta d'ábhar Uachtaráin SAM.

Is cinnte go m'bhfearrde muid dá mbeadh cinn Rialtais oilte go maith. Agus, ach go hairithe, ceann rialtas a bhfuil an oiread cumhacht agus tionchar aige agus atá ag Uachtarán SAM.

4 comments:

Dennis King said...

Cuireann sé sin ENA (École nationale d'administration) na Fraince i gcuimhne dom. Cuireadh an grande école sin ar bun d'aon ghnó le hard-échelons an rialtais a líonadh. Les énarques a thugtar orthu, agus níl chuile dhuine sa Fhrainc an-tógtha leis an gcóras sin. Teideal leabhair amháin, mar shampla: L'Énarchie ou les Mandarins de la société bourgeoise

aonghus said...

Nach iad na nascanna idir iarscoláirí an deacracht leis an énarchie?

Ní bhéinn ró thógtha le gorlann dá leithéid ach oiread. An rud a bhí suntasach faoi na moltaí san alt ná go rabhthas ag moladh go mbogfaí na daltaí thart - ag dul tríd codanna éagsúla de chóras reatha.

Bheadh níos lú baol de ésprit de corps mífholáin ag baint leis sin.

Cailliomachas said...

Tá an Foras Riaracháin againn féin ach níl a fhios agam an bhfuil oiread sin scóip aige.

Séamas Poncán said...

Dhá thrian den obair í an chosúlacht, faraor. Agus ní thagann ciall - uaireanta riamh. Is cuma faoin oideachas, thar phointe (dhéanfadh sé dochar, thar phointe!). Más duine stuama ciallmhar an t-uachtarán, agus má tá scileanna riaracháin aige/aici, beidh gach rud ceart go leor. Faraor, a mhalairt atá againn faoi láthair.