13 February 2010

Siúinéir Samhlaíoch Seanchais

Táim ag léamh úrscéalta Terry Pratchett faoin Teascdhomhain ó bhí mé ar an ollscoil breis agus scór bliain ó shin. Tá beagnach gach ceann acu i mo l-spás fhéin agam. Seachnaím litríocht thánaisteach go hiondúil, cé go bhfuil spléachadh nó dhó caite agam ar an gComhad Anótáilte Pratchett. Ach ní bheadh fonn orm éirí gafa le – abair – amlíne an Teascdhomhain.

Mar sin féin, chroch mé liom an leabhar The Folklore of Discworld (Seanchas an Teascdhomhain) nuair a chonaic mé san leabharlann ar na mallaibh é.

Mar a léiríonn an CAP, tá na húrscéalta breac le tagairtí do litríocht, eolaíocht agus – go hairithe – seanchas.

San leabhar seo, chuaigh saineolaí ar sheanchas na Breataine i bpáirt leis chun roinnt de na naisc seo a léiriú. Mar a dúirt an fear é fhéin – cuireann draíodóir siamsaíocht ar fáil faoi dhó. Lena chleas, agus ansin le léiriú conas a rinne sé é.

Dúirt sé le comhthionóil lucht béaloidis tráth gur amharc sé an bhéaloideas mar a amharcann siúinéir ar chrann. Ach, mar a dúirt an saineolaí seanchais a d'oibrigh ar an leabhar seo leis, fáiltíonn Bile an tSeanchais roimh siúinéirí chliste.

Rianann an leabhar na gnéithe béaloidis atá le fáil sna húrscéalta, ag tabhairt tagairtí do na bunfhoinsí abhus san domhan seo. Rud a chuir mé an suim iontu ná an bealach a léiríonn siad go bhfuil an t-uafás béaloidis abhus a maítear a bheith “ársa” ach nach bhfuil ann ach scéal measartha nua. An Bandia trí ghnéitheach – maighdean, máthair agus cailleach, abair. Scéal a múnlaíodh san chéad seo chaite.

Dea leabhair, a chuir leis an taitneamh a bhainim as na húrscéalta.