14 April 2010

Blúirín: Léiríonn an fíoch faoin bPápa laigí na hAindiachaí Nua

De réir Breandan O'Neill, aindiachaí é féin.

16 comments:

grá faoi ghruaim said...

ní aindiachaí é Darwin ach agnóisí!

aonghus said...

Darwin nó Dawkins?

Ní thuigim do thrácht!

grá faoi ghruaim said...

déanann mo dhuine comparáid idir aindiachaí, sean is nua. Ach ní aindiachaí é Darwin. Is mór an dhífríocht idir é agus Dawkins agus a chreidimh san áireamh.

Séamas Poncán said...

Alt breá.
Sea, ach ba aindiagaithe Stalin, Pol Pot, Mao... Tá traidisiúin ann.

aonghus said...

Luaigh sé Darwin agus Marx mar shamplaí de na "Sean aindiachaithe". Is dócha go bhfuil an cheart agat maidir le seasamh Darwin.

Mar sin féin, sílim go bhfuil fiúntas ina argóint gan an chomparáid.

Dubhaltach said...

meh, ní lia duine ná tuairim, agus ní thagaim leis. Ní aindiachaí mé, creidim i nDia. Ach sílim féin gur theip ar an "middle man" idir mé is Dia .i. an Eaglais.
Theip ar an bpápa. Agus is rud maith go bhfuil daoine toilteanach an teip sin a scairt os aird, óir is teip uafásach é.

Dubhaltach said...

@ Séamas Poncán

...chreid Hitler i nDia, creideann George Bush agus Tony Blair i nDia
Níor chreid Einstein, Edison nó Sagan i nDia... cad atá i gceist agat a Shéamais.

Séamas Poncán said...

Sheas Bush agus Blair ar son na ndaoine, seachas ina n-éadan, dar ndóigh. Táim an-amhrasach go raibh aon chreideamh a aithneoinn ag Hitler, má bhí creideamh ar bith aige. Ní dóigh liom nár chreid Einstein - amhrasach, b'fhéidir. Níl aon chumhacht ag Sagan, agus níl eolas agam faoin a thuairimí polaitiúla. Maidir le Edison:
http://en.wikipedia.org/wiki/Thomas_edison#Views_on_politics.2C_religion_and_metaphysics
Níor chreid Tesla i nDia, agus níor mharaigh seisean éinne. Cosúil leis an sagart a éagnaíonn páiste sin, is dócha.

Séamas Poncán said...

Edison

grá faoi ghruaim said...

@Dubhaltach ní dóigh liom gur chreid hitler i nDia ach táim cinnte go bhfuair sé cabhair ó daoine a chreid.
Tagaim leat go hiomlán maidir leis an Eaglais ach ní hé Dawkins an duine ceart chun é a scairt, Is muidne a ba chóir é a dhéanamh!

grá faoi ghruaim said...

@Aonghus
Feiceann tú fiúntas san argóint.
Taispeánann sé áibhéil agus amadaí Dawkins agus ó shin cuireann sé ina luí orainn go bhfuil dí-eaglaisiú(?) i dtrioblóid. Le gach ráiteas amaideach ón Vaiticín tagann borradh faoi.
Agus mé á léamh thosaigh mé ag smaoineamh ba chóir don bhanríon teacht go hÉirinn agus beidh cás cúirte againn. An dtarlóidh sé?ní tharlóidh.
Ach ba mhaith liom ráiteas ciallmhar ón Eaglais? an dtarlóidh sé? níl a fhios agam

aonghus said...

Ar léigh tú litir an Phápa, seachas tuairimí daoine eile air?

Áiféis amach is amach a bheadh ann Éilís Windsor a chúisiú as rudaí nach bhfuil neart aici orthu. Níos áiféisí ná cúis a chuir i leith an Phápa. Ní chreidim go bhfuil cás ar bith le freagairt aige go pearsanta, seachas b'fhéidir maidir leis an bhfaillí i München.

Aontaím leat maidir le mí stuaim roinnt urlabhraithe ón Vatacáin - ach go hiondúil, bíonn muid ag freagairt do chlaoninsint ar nathanna stróicthe as comhthéacs, seachas rudaí a dúirt daoine.

grá faoi ghruaim said...

Rinneas iarracht tamaill ó shin agus níor thaitin sé liom. Déanfaidh mé iarracht arís

Dubhaltach said...

Léigh, ach an leor litir? Gan gníomh?

aonghus said...

Gheall an litir gníomhartha. Tiocfaidh siad.

Dubhaltach said...

"próiseas fadtéarmach athchóirithe agus athnuachana na hEaglaise"

Cad atá i gceist go díreach an bhfuil a fhios ag éinne, agus an bhfuil sé ródhéanach?