26 February 2011

Scéalta Oireachtais foilsithe ag Litríocht

Mar rLeabhair, agus iad ar fáil saor in aisce.

Tá siad sealbhaithe agamsa, ach ní raibh deis agam iad a léamh fós, seachas scéal Sheáin: breis mar gheall ar sin ar ball. Is mar PDF cosanta atá na scéalta ar fáil: sé sin, ní féidir aon chuid den téacs a chóipeáil. Sa mhullach ar sin, ní féidir iad a chlóbhualadh - rud nach bhfuilim ró thógtha leis, mar ní maith liom níos mó na leathanach nó dhó a léamh ar scáileáin. Ach tuigim gur dócha gur gá é dhéanamh mar sin ar mhaithe le cosaint cóipchirt. Tá m'ainm agus seoladh ar gach leathanach den eagrán a fuair mise - cosaint bhreise ar bhradaíl, is dócha.

Tá beagán díomá orm nach ndearnadh aon eagarthóireacht ar na scéalta - tá an cuma air nár déanadh ach na leaganacha a sheol na húdair isteach a chuir i bhfoirm PDF. Is trua sin - mar níl an leagan amach iontu feiliúnach i gcónaí don léamh ar scáileáin.

Mar sin féin, tá Litríocht le moladh as dlús a chuir le modh nua foilsitheoireachta - tá rLeabhair á chuir ar fáil ag Cois Life le tamall, go háirithe do shaothar atá as cló, ach freisin d'ábhar nua, fearacht Aiséirí le Alex Hijmans.

Imbolc 2011: Dónal Lunny : Tobar taibhsiúil an dúchais

Giorria Óg le Albrecht Dürer
Thug Dónal Lunny caint - agus eadarlúideanna ceolmhara ar an mbouzouki- ag Imbolc freisin.
Bhí sé ag meabhrú ar dtúis faoi caint a thabhairt ar ghné éigin dá shaothar ghairmiúil. Shíl sé áfach go mbeadh barraíocht béarlagair i gceist le sin, agus chinn sé ar rud difriúil ar fad a dhéanamh. Scéalta faoi taibhsí! 
Taithí dá chuid féin, agus dá mháthair, sa mbaile agus ina baile siúd i Rann na Feirste. Taithí i bhfad siar, agus le déanaí. B'iontach an smaoineamh é; agus iontach an ghléas le meabhrú go bhfuil "níos mó nithe ar neamh agus san domhan ná mar a shamhlaítear i d'fhealsúnacht". Ba a chuid scéalaíocht inchreidte, iad ag tarraingt as traidisiúin domhain dúchasach.  Luadh an Ghiorria - is iomaí scéal sa bhéaloideas faoin tseanbhean i riocht ghiorria. Ana reacaire é, agus sní sé na scéalta le chéile go healaíonta.
Cuir na míreanna ceoil go mór leis na caint; agus mar chlabhsúr chuir sé muid ar fad ag canadh an curfá i gCúnnla.  (Fé m'anáil i'm chás-sa - níl ceol agam)

Ana chuir leis an lá. Foinse eile inspioráide.

Nod libh go bhfuil scéal ag Seán Ó Loinsigh i nGaelscéal na seachtaine seo faoi chaint Dhónail.

25 February 2011

An Toghchán

Tá mo chárta ballóide agus mo phas agam. Ach beidh sé tar éis a seacht tráthnóna sula mbíonn deis agam vóta a chaitheamh. Agus is i bhfoirm, eitleáin a chuirfear sa bhosca é.

Táim fós idir dhá chomhairle. Nílim chun uimhir ard a bhronnadh ar aon mhórpháirtí. Táid uilig - an Locht Oibre, Fine Gall agus Fianna Feall - gafa san sluasmaointeachas maidir le cén leigheas atá ar ár gcás. Agus nílim sásta vóta a chaitheamh don Sinn Féiní. Níl sé chomh fada sin ó bhí se ag seoladh litreacha chugainn ag ofráil péas príobháideach a chuir ar bun chun dul i ngleic leis na scabhaitéirí áitiúla. Anois, bhí mo mhic thíos leis na scabhaitéirí céanna minic go leor - ach ní hé forairdeallaithe an leigheas ar sin.


Tá liosta mór fada san Irish Times inniu dóibh siúd atá ag seasamh mar neamhspléaigh nó eile. Níl iomrá cloiste agam ar an gcuid is mó acu, seachas Nicky Kelly, a sheas don Lucht Oibre an babhta deiridh. Níl fhios agam tuige nach bhfuil sé leo fós.


Is dócha gur do fear McKinsey a rachaidh mo chéad rogha - ní toisc go sílim go bhfuil freagraí aige, ach toisc gur dóigh liom go gcuirfidh sé na ceisteanna cearta. Agus don nGlasach, ar an gcúis céanna.


Is cosúil nach mbeidh Juggernaut Enda le stop san toghchán seo. Freasúra atá á thoghadh agamsa, mar sin.


Is é mo dhóchas go mbeidh a ndóthain neamhspléaigh den dá eite chun grúpaí teicniúla den eite dheis (Ross 7 a chuid) agus den eite chlé (Joe Higgins 7 a chuid) a bhunú sa Dáil. Sa chaoi sin, cuirfear na ceisteanna cearta - fiú má shocródh córas na fuipeanna cad a dhéanfar. Beidh sé tamall sula mbeidh an reachtas slán ón bhfeidhmeannas.

24 February 2011

Imbolc 2011: Naoise Ó Conchubhair : Cruinneas cló

Bhí Naoise Ó Conchubhair i measc na gcainteoirí ag Imbolc. Rinne sé cuir síos ar a ghrá don chlóghrafaíocht; grá a d'fhorbair sé agus é ag staidéir na healaíona san Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearthóireachta agus go háirithe le linne tréimhse Erasmus in Ollscoil na nEolaíochtaí Feidhmeacha i Lahti sa bhFionlainn. D'éirigh leis a chuir ina luí orainn le chaint spleodrach an dúil atá aige sna litreacha, ach iad a bheith cruinn, ceart, cuanna.

Labhair sé ansin ar shaothar Michael Biggs - a spreag a dhúil i cló Gaelach deá dheartha. Dar leis gur droch chóipeanna ar dhrochshamplaí is ea an cuid is mó den gcló Gaelach a fheictear anois. (N'fheadar cén tuairim a bheadh aige de na samplaí anseo - sílim gur saothar Bhiggs atá san sampla seo)

Is as an ghrá agus spéis seo a d'fhás a thogra céime: an cló "insular", bunaithe ar pheannaireacht na manach. Tá gnéithe suntasacha ag baint leis an gcló seo, atá ceaptha bheith úsáidte mar cheannlínte seachas do téacsanna níos faide. Shocraigh sé nasclitreacha a dhearadh seachas na consain bhuailte atáimid cleachtaidh orthu. Shocraigh sé freisin ar leaganacha ar leith de litreacha áirithe - "b", "t" agus "g" mar shampla, a dhearadh le n-úsáid do téacsanna i nGaeilge agus i dteangacha eile. 

Caint thar a bheith spreagúil: agus caithfidh mé a rá freisin gur thug sé máistir-rang i conas feidhm cheart a bhaint as Power Point!

22 February 2011

An Roth: Fógra: Ríomhaireacht trí Ghaeilge

Baintear leas as ríomhairí ar fud an domhain. Is gnách na ríomhairí sin a bheith ag feidhmiú i dteangacha na ndaoine a bhíonn á n-úsáid, go háirithe san Eoraip, sé sin bíonn an comhéadan i dteanga an úsáideora. I gcás na hÉireann, áfach, is i mBéarla a bhíonn an comhéadan go hiondúil, ní i nGaeilge, fiú i measc lucht na teanga féin. Ach tá athrú ag teacht air seo: tá buíon gairmiúil agus díograiseach tar éis an-chuid de na feidhmchláir is
coitianta a logánú go Gaeilge, rud a chuireann ar chumas an phobail idirghníomhú go héasca leis an ríomhaire ina rogha teanga.
Déanfaidh an cainteoir cur síos ar na feidhmchláir atá ar fáil (ina measc Windows, Office, OpenOffice.org, Thunderbird, PDF Creator, FoxIt, Firefox, Sunbird, GIMO, Audacity, ... ,cluichí agus eile) agus iad siúd a bheidh ag teacht go luath (FreeCiv, Skype, Kompozer, ...), mar aon leis an bpróiseas logánaithe é féin.
Déanfaidh sé trácht freisin ar na dúshláin a bhaineann leis seo, idir chruthú agus inghlacthacht, ach freisin ar na
buntáistí atá leis.
Tabharfaidh an cainteoir réamhamharc don lucht éisteachta ar shuíomh idirlín nua atá á fhorbairt faoi láthair a dhéanann achoimre ar na feidhmchláir seo go léir (www.nascanna.com), agus a mhíníonn cad iad, mar aon le conas iad a chur i bhfeidhm. In éineacht leis sin, déanfaidh sé cur síos ar shuíomh gaolmhar atá forbartha cheana féin atá ag plé le feidhmchláir a bhaineann go heisiach leis an dteanga féin www.scriobh.ie.

Ciarán Ó Bréartúin, B.E., MSEE  Bainisteoir Ginearálta, mSemicon Teoranta: Is as Baile Átha Cliath don chainteoir, innealtóir leictreonach, agus is ball de choiste An Rotha é. Chaith sé tamall fada thar lear, sna Stáit Aontaithe ar dtús agus ansin san Iodáil mar bhainisteoir forbartha ar shain-leictreonaic. Reachtálann sé a chuideachta innealtóireachta féin anois, agus tá spéis nach beag aige freisin sna féidearthachtaí teanga a ghabhann le ríomhaireacht.

Tá an léacht seo saor in aisce, agus ní gá áit a chur in oiriúint.
» Láthair: 22 Bóthar Cluaidhe, Baile Átha Cliath 4
» Am: Déardaoin, 3 Márta 2011, 19.30

Lón éisteachta ó TíAitreo

Scéal faighte agam ó TíAitreo maidir le dráma raidió dá gcuid:

Drowning le Tomás Ó Súilleabháin
arna léiriú ag TíAitreo Teo., le maoiniú ón BAI agus tacaíocht RTÉ Raidio



Tarraingítear tumadóir Danmhairgeach ón Atlantach agus é beo, ar éigean. Nuair a dhúisíonn sé, áfach, is ait an scéal atá aige.
Beirt fhear báite amuigh ó chósta Chonamara, an dá eachtra scartha óna chéile thar céad bliain. Sa scéal scáfar, taibhsiúil seo measctar am agus áit, aithne is anam agus fágtar faoi bhanaltra óg amháin é teacht ar an bhfírinne is na hionsaithe seo a mhíniú.
Aimsíonn an Garda Cósta fear ar snámh amuigh ó chósta na Gaillimhe, é gan urlabhra, beo ach ar éigean. Tugtar caol díreach go Ospidéal na hOllscoile é de heileacaptar, áit ina n-oibríonn an fhoireann leighis go dian dícheallach len é a thabhairt slán ón mbás. Asbjorn Aagger is ainm don bhfear seo, tumadóir ón Danmhairg de réir a chárta aitheantais.
Dhá lá ina dhiaidh sin, dúisíonn an fear ach níl focal Béarla ná Danmhairgise aige d’éinne. Níl aige ach Gaeilge agus ní thuigeann sé ó thalamh an domhan cad a thug go dtí an áit seo é. Níl aige ach an t-ainm Tomás, agus cuimhne aige ar lá a chaitheamh lena dheartháireacha ag bailiú gliomaigh. Titeann an cúram ar Bhríd, duine de na banaltraí, teacht ar an bhfíorscéal. Cé hé an fear sa leaba agus cad a d’imigh air cúig mhíle amuigh ó Bhá na Gaillimhe?

Craolfar an dráma Dé Domhnaigh 13 Márta 2011 ag 20:00

18 February 2011

Imbolc 2011: Muireann Nic Amhlaoibh - fuineadh fonnadóra

Duine eile de na cainteoirí ag Imbolc i mbliana ab ea Muireann Nic Amhlaoibh.

Rinne sí cuir síos ar an gcaoi a d'fhorbair sí a tallann amhránaíochta go dtí seo, agus an cúram is gá a dhéanamh den ghuth. Ón mbunchloch a leagadh síos ina áit dúchais Dún Chaoin, ag foghlaim ó amhránaithe na háite, agus freisin de bharr an fíor oideachas a chuir Micheál Ó Dubhshláine, beannacht Dé ar a anam uasal, ar fáil i scoil Dhún Chaoin Tar éis na meánscoile, tréimhse fiáin foghlama i mBÁC agus ansin barr slacht ar a ceird faoi stiúir Michíl Uí Shuilleabháin i Luimneach, san áit iontach úd Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol. Lean an fíor foghlaim sin, agus í i mbun ceoil le Danú agus dreamanna eile.

Tá focal breá sa Ghearmáinis ar réim gairme mar seo: Werdegang. "An bealach a rinneadh a bhfuil ionat asat", b'fhéidir.

Rinne sí léiriú ar a cuid cainte le giotaí a thaifead sí ag pointí ar leith ina saol, modhanna agus stíleanna ar leith á chleachtadh aici, agus í ag síor foghlaim. Taighde ar bun aici chun teacht ar amhráin agus foinn atá ag dul as.

Thug mé suntas ar leith do rud amháin a dúirt sí - nach bhfuil friotail ná nodaireacht forbartha chun cuir síos i gceart ar chantaireacht agus ceol traidisiúnta na hÉireann - agus nach dtugann na modhanna atá forbartha do cheol clasaiceach a gceart don ceol Éireannach. Rud ata ina chonstaic ar foghlaim agus seachadadh an cheoil; mar nach bhfuil ann ach an printíseacht mar mhodh foghlama.

Inspioráid! (Agus duine eile don liosta siopadóireachta ceoil s'agam!)

17 February 2011

Imbolc 2011: Frank Allen "an ndearnadh é seo cheana?"

Ba é Frank Allen, príomhfheidhmeannach an Gníomhaireachta um Fháil Iarnród a chuir tús le himeachtaí Imbolc i mbliana.

Caint thar a bheith spreagúil, bunaithe ar a thaithí féin, a thug sé, ag plé leis an riachtanas atá ann obair an earnáil phoiblí a athrú ó bhonn. B'é an idéil a chuir sé ós ár gcomhair ná an meon a thug ar fhoireann an GFI dhul amach ag sluaisteáil sneachta d'fhonn an Luas a choinneáil ag imeacht le linn an sneachta. An meon a dhíríonn ar an sprioc. Meon a dtug sé "meon bainistíochta" air, i gcodarsnacht leis an "meon comhlíonta" atá forleathan. An meon comhlíonta úd a chuireann na ceisteanna "an ndearnadh é seo cheana?" agus "ar leanadh an próiseas cuí?" ach nach gcuireann an cheist "An bhfuil seo ag feidhmiú mar is ceart?". Ar mó aige an páipéir ná leas an phobail.


Gan amhras, ní leis an earnáil phoiblí amháin a bhaineann an cheist seo - go minic is ón earnáil pobail agus ó shaoránaigh a thagann an brú a fhágann an earnáil phoiblí aireach, cúramach, páipéireach. Is iomaí beartas a bádh in athbhreithniú dlíthiúil i ndiaidh a chéile. Chuir sé ar ár súile go mbíonn ana airgead agus acmhainní á chuir isteach i leithéidí ráiteas tionchar timpeallachta - airgead agus acmhainní a d'fhéadfaí úsáid ar mhaithe leis an dtimpeallacht seachas ag marú crainn chun tuarascáil túr doléite a chuir ar fáil, ar mhaithe le cosc a chuir ar aon dlíodóir glic bearna nó lúb ar lár a aimsiú le stop a chuir le beartas.


Eachtra a chuir imní orm ná an méid a bhí le rá aige faoina iarrachtaí dul chun cainte le eagraíocht phobail amháin (nár luaigh sé a ainm), ar mhaithe le dul i ngleic lena gcúiseanna imní ag an staid pleanála de thogra. Luíonn sé le réasún gurbh é sin an t-am chun feabhas a chuir ar chúrsaí - ar chostas íseal, agus go deimhin de ghnáth tá rudaí indéanta ag an staid sin nach bhfuil indéanta ina dhiaidh, cuma cén costas a chaitear air. Ach tugadh droim láimhe glan dó ina iarrachtaí. Sin feall, dar liom.


Tá sé feicthe againn le blianta anuas go bhfuil acmhainní á chuir amú agus moill thar na bearta ar bheartais. Cuid lárnach den cúis leis seo ná an meon comhlíonta seo - agus freisin an meon a fhanann go dí go mbíonn rud tógtha, nó geal le bheith, chun clamhsán  faoi seachas dul i ngleic leis na fadhbanna agus ábhar imní go luath.



Aguisín
Gné dá chaint a d'fhág mé ar lár níos luaithe ná dhá gníomh a chuir bród air atá curtha i gcrích ar an Luas. Ceann acu, ar iarratas, ná feidhm a bhaint as an closchóras lúb ionduchtúcháin chun eolas a chuir ar fáil dóibh siúd le deacrachtaí clos. Ceann eile, ná breis a chuir le tairseach an Luas chun an baol a sheachaint go rachadh an roth bheag atá ar chathaoireacha rotha i bhfostú sa bherana idir tram agus cosán. Luaigh sé an dá rud seo mar shamplaí de conas freastal i gceart ar sciar - beag go leor ach tábhachtach - den phobal. D'éist siad lena gcustaiméirí, agus ghníomhaigh siad. Mion rudaí, ach tábhachtach.


Caint iontach. Mo mholadh don gcéad Taoiseach eile - cur an fear seo i bhfeighil ar an athnuachan atá de dhíth ar an earnáil phoiblí! Tá cinnireacht de dhíth. Seo ceannaire le fís, flosc agus fonn. Is méanar don GFI!

15 February 2011

Imbolc cois Suláin

B'fhiú an moch éirí a tharraing mé orm féin (agus cara liom) chun dul ó dheas chuig Imbolc de Satharn seo chaite. Bhí an ócáid ar siúl san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne. Tá amharclann ana dheas ansin, agus is ar an stáitse (nach ardán atá ann) a bhí na cainteoirí - agus pobal éisteachta sna suíochán. Bhí taifeadadh ar siúl le linn na hócáide, agus glacaim leis go mbeidh na cainteanna ar fáil mar fhíseáin arís i mbliana.  Tá ana chreidiúint ag dul do Bhernice agus Tomás a d'eagraigh an ócáid (móide béile sa Mhuileann ina dhiadh).


Tá sé i gceist agam breis a scríobh faoi na cainteanna amach anseo - bhain mé tairbhe agus spreagadh as achan ceann acu, agus lón machnamh agus misnigh freisin.

Slua maith i láthair - agus iontach an méid daoine a bhí (a) níos óige ná mé, agus (b) nárbh Gaeilgeoirí gairmiúla iad. Go deimhin, is cosúil go raibh níos mó mná arbh innealtóirí iad i láthair ná mar atá feicthe agam in aon tionóil eile!

Tá dóchas agam go rachaidh an imeacht neamhghnách seo ó neart go neart amach anseo, agus go mbeidh dea-thorthaí as san iliomad réimse.

Imbolc - TED na Gaeilge! Gaois á roinnt as Gaeilge, gan a bheith faoin nGaeilge.

10 February 2011

Apologia pro túíta sua

Le scaitheamh táim ag túítáil faoi ainm an Chiorcail Díospóireachta.

Ní raibh sé i gceist agam ar dtúis ach fógraí ar mhaithe leis an gCiorcal a sheoladh. Ach shleamhnaigh mé isteach sa nós mion-teachtaireachtaí  faoi gach rud faoin faoin spéir a sheoladh. I cúl mo chinn bhí sé i gceist agam freisin slua leantóirí a bhailiú don gCiorcal ar mhaithe leis an scéal a scaipeadh.

Dar ndóigh ní eagraíocht atá i gceist leis an gCiorcal - níl aon choiste ann a d'fheadfadh mo chuid ghníomhachtaí a faomhadh. Ach ní bheadh sin soiléir don gnáth túíteadóir.

Táim buíoch mar sin d'Aonghus a léirigh bealach dom conas scoilt idir mé féin agus an Ciorcal a chuir i gcrích gan an saothar go dtí seo a chaitheamh i dtraipisí.

Mar sin beidh mo bhladar le léamh anseo agus fógraí an Chiorcail ansiúd -

09 February 2011

Beirt Uachtaráin

San Áras ar Lá mo Chéad Comaoinigh
Mac mic deirféar mé le Cearbhall Ó Dálaigh, 5ú Uachtarán na hÉireann, a rugadh cothrom an ama seo céad bliain ó shin. B'shin an toisc go raibh mé i láthair aréir, nuair a seoladh eagrán cuimhneacháin d'Iris Cumann Staire Bhrí Chualann. M'athair - a bhfuil alt leis ann - a sheol: ach ina dhiaidh sin tháinig Uachtarán reatha na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa i láthair.
Agus bí cinnte go raibh sí i láthair! Thug sí ana aitheasc ar fad - ag tabhairt a cheart do Bhré, do staid reatha na tíre, do Chearbhall féin, don tréimhse corraitheach staire inar mhair sé, don méid a bhfuil bainte amach ag Éire ó shin. Bhí dlúthbhaint ag na trioblóidí, a phléasc ar lic an doras aici féin in Ard Eoin sna 1970í, le éirí as oifig Chearbhalil. Agus bhí naisc phearsanta aici le Bré, ó tharla go raibh deartháir léi a bhí bodhar, sáinnithe san scoil i Steach Lorgáin. Thugaidís cuairt air, agus thugadh amach go Bré é, áit a raibh dúil fiáin aige i sceallóga. Mar sin, an comhartha atá acu age baile do Bhré, is ionann é agus a gcomhartha do sceallóg! Caint mhisniúil, spreagúil, iontach. Agus cé go raibh nótaí ós a comhair, ní bheadh fhios agat é - bhí an cuma uirthi go raibh sí ag labhairt gan taca. D'fheadfadh cleas na Dála ceacht nó dhó a fhoghlaim uaithi!

Is beag mo chuimhne phearsanta ar Chearbhall.

Mar a léiríonn an ghrianghraif thuas, bhíomar in Áras an Uachtaráin ar an lá a ndearna mé mo chéad chomaoineach. Más buan mo chuimhne, bhronn mé tírdhreach a rinne mé féin air. (Le bheith ionraic - i mo lámha a bhí an scuab ceart go leor; ach ba intinn mo mháthair a stiúir!) Is cuimhin liom an Aide de Campe ag taispeáint blúirín den nGealach dom a bhí bronnta ar an Uachtarán.
Is cuimhin liom, nuair a chinn sé éirí as, go raibh máirseáil agóide againne, na páistí, san seomra suí sa bhaile, ag guí bá agus bascadh ar Fhine Gael! Ní dóigh liom go bhfuair muid aon spreagadh ar leith chuige sin!

Is cuimhin liom freisin freastal ar an sochraid san tSnaidhm.

Eachtra ab ea é, an uair sin, an tír a thrasnú sa charr; cuir fúinn i dteach lóistín san Choireáin, agus freastal ar an sochraid. Is beag mo chuimhne ach go raibh sé ag stealladh báistí; na hoifigigh airm faoine gcótaí móra fliucha gona claimhte fán tslí chun na reilige; agus an gheit a bhain an cúirtéis míleata asam - torann a stróic an spéir arís. Ní fhaca mé mórán - mé ceilte i mothar choill scáthanna báistí na daoine fásta thart orm.

Fear beag a bhí ann; ach fathach fir mar sin féin, i réimse an Dlí, mar a mheabhraigh a chomharba dúinn aréir.

Ar dheis Dé, i bhfochair a mhnaoi dílis Máirín, go raibh a ainm uasail anocht.

06 February 2011

Scrabble as Gaeilge - léirmheas

Mar ar chríochnaigh an dara cluiche
Fuair mé Scrabble as Gaeilge mar bronntanas (mall) Nollag cúpla seachtain ó shin. Tá dhá chluiche imeartha agam le mo mhac go dtí seo. Tá taithí againn araon ar Scrabble as Béarla agus as Gearmáinis.

Bhraith muid araon go raibh sé níos deacra an leagan seo a imirt - cé gur bhain muid beirt scór measartha ard amach - thart ar 200 an duine san dá cluiche. Bheadh sin mórán mar a bheadh sna leaganacha eile againn.

Bhraith muid go raibh easpa gutaí fada ann. Agus go bhfuil i bhfad barraíocht "h"-anna. Deich gcinn.   Deacracht ar leith is ea gur beag focal a thosaíonn le h - ach gur minic a mbíonn deireadh le focal ar h. Fágann sin poill sa chlár ar deacair iad a líonadh. Is dócha go dtiocfaidh na scileanna riachtanacha do Scrabble le breis taithí - bheith in ann cuir le focail; agus go háirithe stór maith focail le dhá litir iontu a bheith ag duine chun poill a líonadh. B'éigean dúinn éirí as an dá chluiche agus roinnt litreacha ar an beirt againn fós - "h"-anna don gcuid is mó.

Mar sin féin, bhíos sásta go maith leis an gcluiche, agus tréaslaím le Glór na nGael as é chuir ar fáil.

Tá sé ar fáil ar €18 ó udar.ie agus ó na siopaí leabhair Gaeilge.

05 February 2011

An tSeanmóir ar an Sliabh: Na Biáide, mar Wordle

Chuir Áine ceist thall tí Dennis maidir le fiúntas an chluiche foclach seo. Domhsa, níl ann ach cluiche - ach léiríonn sé ar dóigh deas minicíocht focal áirithe i dtéacs. Tá bealaí níos simplí ann le sin a iniúchadh, gan amhras. Ealaín don té, fearacht mise, nach bhfuil an teicnic aige. Píosa spraoi, fearacht na codach a phlé E thall.

Wordle

Bunreacht na hÉireann (le botúin cló!)

Ón blag seo


Agus túíteanna an ciorcal.

Buíochas le Pólo as an Nod: déan ealaín as bhur focail anseo:

04 February 2011

Ríomhaithne

Spreag sraith túíteanna le Scott an mír seo.

Soiléiriú: Ní ag tagairt domsa, ná go deimhin aoinne a bhfuil aithne agam a bhí sé. Ach chuir an méid a scríobh sé na smaointe im chloigeann (arís)

Síleann muid go bhfuil aithne éigin againn ar an dream a mbíonn muid ag cumarsáid leo ar líne. Tá caidreamh ann, cinnte - ach is caidreamh measartha cúng atá ann. Fiú má bhíonn daoine go hiomlán ionraic, is aghaidh fidil fós an rud a mbíonn muid ag cumarsáid leis - bunaithe ar an méid atá scríofa amháin. Nuair a bhuaileann muid le daoine san fíor saol, bíonn an dúrud eolas ar fáil do na céadfaí ar fad - cuid de, eolas nach bhfuil faoi smacht fiú ag an duine a bhfuil muid ag plé leo, atá ann. Ní hamhlaidh ar líne - tá mórán chuile rud comhfhiosach, roghnaithe, scagtha. Agus is iomaí nod atá in easnamh - cailltear íoróin, greann, spraoi go minic.
Ní mór a bheith cúramach mar sin agus gan glacadh leis an samhail atá againn de dhuine mar an fíor dhuine. Agus a bheith réidh agus toilteanach an íomhá a leasú!
Is cuimhin liomsa uair nó dhó bheith geal le maslaithe ag freagra ar rud éigin a scríobh mé a thug le fios go raibh íomhá díom, a bhraith mé bheith go hiomlán bunoscionn le m'fhéiniúlacht, ag duine. 
Ní gan chúis an mbíonn bladhmchogaí ar an idirlíon, spreagtha uaireanta ag mion míthuiscintí!

Meabhraíonn sé an mhír seo dom:

Nóta staire do foclóirithe: Focal a mhúnlaigh Kay Uí Chinnéide ar Ghaeilge A i bhfad siar, spreagtha ag ceist uaimse: ríomhaithne

03 February 2011

Blúirín: 'Ná santaigh cuid do chomharsan'

Gearr dhráma grinn den scoth ag an BBC. Táid ag obair ar sraith faoi na nDeich Aithne.

Le feiceáil anseo: http://www.bbc.co.uk/irish/articles/view/1149/gaeilge/

Bainigí sult as.