Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-02-22

An Roth: Fógra: Ríomhaireacht trí Ghaeilge

Baintear leas as ríomhairí ar fud an domhain. Is gnách na ríomhairí sin a bheith ag feidhmiú i dteangacha na ndaoine a bhíonn á n-úsáid, go háirithe san Eoraip, sé sin bíonn an comhéadan i dteanga an úsáideora. I gcás na hÉireann, áfach, is i mBéarla a bhíonn an comhéadan go hiondúil, ní i nGaeilge, fiú i measc lucht na teanga féin. Ach tá athrú ag teacht air seo: tá buíon gairmiúil agus díograiseach tar éis an-chuid de na feidhmchláir is
coitianta a logánú go Gaeilge, rud a chuireann ar chumas an phobail idirghníomhú go héasca leis an ríomhaire ina rogha teanga.
Déanfaidh an cainteoir cur síos ar na feidhmchláir atá ar fáil (ina measc Windows, Office, OpenOffice.org, Thunderbird, PDF Creator, FoxIt, Firefox, Sunbird, GIMO, Audacity, ... ,cluichí agus eile) agus iad siúd a bheidh ag teacht go luath (FreeCiv, Skype, Kompozer, ...), mar aon leis an bpróiseas logánaithe é féin.
Déanfaidh sé trácht freisin ar na dúshláin a bhaineann leis seo, idir chruthú agus inghlacthacht, ach freisin ar na
buntáistí atá leis.
Tabharfaidh an cainteoir réamhamharc don lucht éisteachta ar shuíomh idirlín nua atá á fhorbairt faoi láthair a dhéanann achoimre ar na feidhmchláir seo go léir (www.nascanna.com), agus a mhíníonn cad iad, mar aon le conas iad a chur i bhfeidhm. In éineacht leis sin, déanfaidh sé cur síos ar shuíomh gaolmhar atá forbartha cheana féin atá ag plé le feidhmchláir a bhaineann go heisiach leis an dteanga féin www.scriobh.ie.

Ciarán Ó Bréartúin, B.E., MSEE  Bainisteoir Ginearálta, mSemicon Teoranta: Is as Baile Átha Cliath don chainteoir, innealtóir leictreonach, agus is ball de choiste An Rotha é. Chaith sé tamall fada thar lear, sna Stáit Aontaithe ar dtús agus ansin san Iodáil mar bhainisteoir forbartha ar shain-leictreonaic. Reachtálann sé a chuideachta innealtóireachta féin anois, agus tá spéis nach beag aige freisin sna féidearthachtaí teanga a ghabhann le ríomhaireacht.

Tá an léacht seo saor in aisce, agus ní gá áit a chur in oiriúint.
» Láthair: 22 Bóthar Cluaidhe, Baile Átha Cliath 4
» Am: Déardaoin, 3 Márta 2011, 19.30