Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-02-12

I gCom na hOíche

I measc na leabhair atá léite agam ón Nollaig tá Seán Ruiséal agus An Guth Istoíche.

Úrscéal póilíneachta - nach ionann agus bleachtaireachta - atá ann. Thaitin sé liom - bhí an plota go maith, agus an caidreamh idir an banlaoch agus an póilín inchreidte. An t-aon locht atá agam air ná gur bhraith mé nach raibh a dóthain feoil ar an gcreatlach, rud a d'fhág gur tharla barraíocht den scéal "den stáitse" mar a déarfá. Tuairisc seachas úrscéal.

Mar is eol do léitheoirí (más ann dóibh!) an bhlag seo, is fear mór cérinnecháin mé, agus is maith liom a leithéid a bheith ar fáil i nGaeilge. Treise le pheann (nó méarchlár) Sheáin, mar sin, agus beidh na himleabhar eile ar mo mhianliosta!

Agus má bhíonn tarraingt orthu, cá bhfios nach mbeidh ar chumas Sheáin níos mó feola a chuir ar an gcreatlach!


Feicim ó cheist Fhirn go raibh mé ró chúramach agus mé ag iarraidh gan aon rún sa leabhair a scaoileadh. Tá teannas ann, agus corr nod faoi toisc rudaí sula nochtar gach rún ag deireadh. Bhí sé éasca a leabhar a léamh, bhog an scéal ar aghaidh go gasta mar is dúil d'úrscéal póilíneachta. Mar a dúirt, tá an creatlach go maith - ach d'fheadfaí níos mó adhmaid a bhaint as an scéal seachas mar a rinneadh, agus an t-eolas a tuairiscítear a nochtadh mar a bhailítear é seachas ina dhiaidh.


2009-02-15 Aguisín II

Cúpla focail a scríobh Seán chugam:
Breá liom bheith blagáilte agus áthas orm gur thaitin an leabhar leat. Gan ach cúpla focal agam mar aiseolas ar a bhfuil ar do bhlag agat. Sé is nós dom, im shaothair fhoilsithe agus iontu siúd nach bhfaca solas an lae fós, gan dul thar c. 35,000 focal san iomlán. Mar a dúrt le tuairisceoir tráth, 'Oireann na leabhair d'aerthaisteal ó BhÁC go dtí An Róimh.' Siúd is gur sraith de scéalta faoi Sheán R agus a chomhghleacaithe atá i gceist agam a scríobh, forbraítear na carachtair diaidh ar ndiaidh i rith na sraithe. Bhí Seán Óg ar an meánscoil in uimhir a haon agus a dó, ach in uimhir a trí (atá ar na bacáin agam faoi láthair) is ar an ollscoil atá sé, agus athruithe nach beag tagtha ar a shaol. Ina theannta sin, tá dul chun cinn déanta ag Nuala de Búrca agus Joe Tynan sa chaidreamh seo acusan (well, déarfadh daoine áirithe nach dul chun cinn ar chor ar bith é, ach níl ionamsa ach tuairisceoir sa chás seo.) Bhuail muid le Rachel Murphy agus Mike Molloy ag deireadh uimhir a haon. Tá siad ag dul ag pósadh in uimhir a trí, etc., etc..


Seán Ruiséal agus An Guth Istoíche
Úrscéal póilíneachta le
Seán Ó Connor
Coiscéim 2008