Chinua Achebe; Íomhá Stuart C. Shapiro |
Le deireanas tá dornán d'úrscéalta Chinua Achebe léite agam de bhrí go bhfaca san leabharlann iad - Things fall apart, Anthills of the Savannah agus A Man of the People.
Thaitin siad go mór liom. Chuir tagairt san leabhar deiridh úd do "Múinteoir réabhlóideach Éireannach" Alan Titley agus a leabhar Méirscrí na Treibhe i mo cheann. Leabhar a bhain mé sult as ainneoin paistí crua, agus leabhar a bhraith mé a tháinig an ghar don saol a léiríonn Achebe freisin.
Níorbh é Alan an Éireannach Réabhlóideach gan amhras, cé gur chaith sé féin tamall i ngéibheann san Afraic.
Fuair mé cúpla aiste as Béarla uaidh ar an Afraic ar líne anseo.
Bhí sé de dhánacht ionam tráth fiafraí de an mbeadh fonn air eagar a chuir ar Méirscrí na Treibhe d'fhonn é dhéanamh níos soléite agus teacht ar léitheoireacht níos leithne. Cé gur ghéill sé go raibh deacrachtaí ann, níl - mar a thuigfeá - fonn ar athchuairt a thabhairt ar saothar déanta.
B'fhiú do léitheoirí streachailt leis mar sin féin; tá boladh agus blas na hAfraice le fáil ann, beagnach mar atá i saothar Achebe.