Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-08-29

Völkerwanderung

Tá an Meán Oirthear in bhlár cogaidh. Tá an Aifric scriosta de bharr go dtáinig creachlathas dúchasach in áit creachlathas Eorpach. Níor fhorbair na stáit i gceachtar ceantair, rud a fhágann go bhfuil pobail ar mhalairt teanga, creideamh agus nós ag maireachtáil faoin Rialtas céanna; agus na céadta bliain de Divide et Impera tar éis col leis na comharsana a fhorbairt.

Tá freisin an córas idirlíon soghluaiste ag scaipeadh; tá eolas chruinn ag daoine sna ceantair atá faoi bhrú ar saol Iarthar Eorpa.

Tá sé go hiomlán réasúnta mar sin do dhuine atá faoi bhagairt báis cinnte sa bhaile iarracht a dhéanamh tabhairt faoin turas chun na hEorpa, ainneoin go bhfuil baol mhór báis ann dó. 

 Tá cuir síos buille ar bhuille ar scéal amháin san alt seo san FAZ. Fear óg a theith, maraon lena chomplacht ar fad, as arm Assad. Tháinig sé féin slán de thaisme ón ár a rinneadh ar a chomrádaithe; ach bhí sé i dtólamh i mbaol báis. D'fhág sé ar an slí chun na hEorpa, tháinig slán. Le cabhair teicneolaíocht na faisnéise chun teacht ar lucht gáinneála, agus chun go seolfaí airgead a athair chuige.

Ní rachaidh an sruth seo i ndísc. Tá saibhreas na hEorpa tarraingteach; fiú agus rud beag maoine ag daoine san Aifric, chíonn siad - ar an idirlíon - farasbarr maoine abhus agus tá sé iomlán réasúnta an beagán atá acu a infheistíocht in iarracht saol níos fearr a bhaint amach, fiú mura bhfuil siad ag maireachtáil faoi scáth an bháis.

Tá a léargas leagtha amach san aiste seo ag Gearmánach a bhí ina bhreitheamh ar chásanna Tearmainn. Is gá éisteacht le léargas a leithéidí.

Níl ballaí agus cosc ach chun líon na mairbh a mhéadú, agus saibhreas lucht gáinneála freisin.

Caithfear trí ghné den fhadhb a ionsaí:
  • Dul i ngleic leis na cúinsí a fhágann daoine in eagal a mbás de bharr cogaíocht
  • Tacú leis na forais atá ag plé le teifigh gar dá mbaile; tá na tíortha san Meán Oirthear thart ar Siria, mar shampla, faoi ualach uafásach ag líon mór teifeach arbh ionann anois a líon agus sciar suntasach de dhaonra an aoi thíre.
  • Córas meáite cothrom a aimsiú chun féachaint chuige go roinntear an t-ualach ar thíortha an Iarthar go cothrom. Mar a léiríonn alt Alex Hijmans i dTuairisc inniu, tá, mar shampla, an Ghearmáin ag glacadh duine as gach triúir teifeach a éiríonn leis an Ghearmáin a bhaint amach.
Gan amhras, tá fadhbanna san Iarthar. De bharr na géarchéime a spreag an nua liobrálachas, tá an maoin san Iarthar á roinnt go héagothrom. Tá cuid dár muintir féin gan dídean, agus an cuma air nach bhfuil ar ár gcumas plé leis sin. Tá an córas sláinte faoi bhrú. Tá an córas oideachas faoi bhrú. Tá an pobal ag dul in aois agus fadhbanna cúram cheart a thabhairt dóibh.

Deir an seanfhocal gurbh ag baile a thosaíonn an déirc, agus tá ciall leis sin.

Is gá mar sin dul i ngleic leis na fadhbanna, leis an méadú ar an íosaicme atá gearrtha amach ón maoin san Iarthar. Mura déantar beidh costhrúpaí á sholáthar do tuathghríosóirí a bhainfidh feidhm as géarchéim na dteifeach leis an daonlathas ina iomláine a ionsaí.

Feictear sin cheana féin, abair i Heidenau na Gearmáine: tá antoiscigh den eite dheis ag gríosadh an sciar den phobal a chaill de bharr athaontú na Gearmáine, agus is lonnú teifigh an splanc a d'adhain an raic.

Tá a leithéidí feicthe againn ar scála níos lú san tír seo, go háirithe nuair is lonnú baill den lucht siúil nó a leithéid atá i gceist.

Caithfear dul i ngleic freisin leis na fadhbanna abhus a fágann ithir fáis ag fuath.

Daonlathas folláin áitiúil an réiteach; agus cothromas i ngach gné den saol.

Ní stopfaidh sconsaí iarainn teifigh nár stop baol bás san Meán Mhuir iad; Tá a n-iarrachtaí réasúnta.

Tá na pobail ag gluaiseacht, is mithid dul i ngleic go stuama leis sin.

2015-08-16

Sráid an Iarla

Seo dhá leabhair eile ón sraith Sráid an Iarla le Peadar Ó Cualáin. Murab ionann agus An Gruagach ní coirscéal atá i ceachtar acu. 

Ach feiceann muid an saoil tríd súile bhuachaill óig Mártan, a bhfuil a shamhlaíocht faoi anáil na scéalaíochta, agus a fheiceann eachtraí a shaol agus na duine a chastar sin le léargas bhreise dá bharr; ag éalú dá réir ó leimhe an ghnáthshaoil cathrach, ainneoin dualgais tíos agus scoile a bheith ina srianta air.

Sílim go dtaitneoidh na scéalta seo le gasúir, go spreagfaidh siad a gcuid samhlaíochta hiontas an ghnáthshaoil a fheiceáil.
Tá na leabhair dírithe ar léitheoirí óga agus beidh siad maith in ann iad a léamh, agus a dteanga a shaibhriú mar is ceart do leabhair a dhéanamh.
Gairdín an Ollaimh
Peadar Ó Cualáin
€7.50 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-06-0

An Gabha agus an Bhean Rua
Peadar Ó Cualáin

€7.50 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-50-6

An tÉan Órga

Tá sintéis déanta anseo ag Caitríona Hastings ar scéal - roinnt scéal dar liom - as an méid a bhailigh na deartháireacha Grimm. Tá leagan dá gcuid den Éan Órga anseo mar shampla: cuid mhór de na heilimintí i scéal Chaitríona, ach cuid eile curtha leo, agus Éireannach agus (tríú!) mac garraíodóra déanta den laoch.

Ar ndóigh tá sé sa Táin go n-éireodh i gcónaí leis an tríú mac ainneoin sotal a dheartháireacha, go háirithe má bhíonn sé cneasta le hainmhithe is daoine. 

Is athinsint béaloideasiúil atá anseo, comharthaí sóirt an scéalaí le braith air, athrá, ruthaig, eachtraí osnádúrtha, agus gan amhras deireadh sona. Maille réamhrá chliste faoin scéalaíocht!

Táim an-tógtha le saothair An tSnáthaid Mhór, ó Gaiscíoch na Beilte Uaine aniar, agus bíonn na scéalta saibhrithe go mór ag ealaíon Andrew Whitson. Tá an oiread sin mionsonraí sna líníochtaí go tarraingíonn siad isteach sa scéal tú, ag treisiú is ag béimniú na bhfocal, ag spreagadh na samhlaíochta.

Go dtí seo is leabhair mhóra a bhí iontu, le léamh ós ard do do leanaí. Ach tá an leabhar seo beag go leor le dul i póca, agus soléite ag léitheoir óg maith. 

Táim á léamh le'm iníon ach ní bheadh sé ró dheacair dí féin, sílim.

Seod eile!

An tÉan Órga
An tSnáthaid Mhór, 
Caitríona Hastings, Andrew Whitson
Tagairt: 9780955227189  


2015-08-14

Leabhar salach?

Bíonn ribe i mbrille ag daoine áirithe maidir le hanghrá a chuir ar fáil do lucht foghlamtha na Gaeilge d'fhoinn iad a spreagadh. Bodaigh eile ag maíomh nach dtig an bobailín a scaoileadh amach as Gaeilge, nach bhfuil an friotal ann chuige. Tá foclóir na collaíochta ann, ach as cló. Tá An Leabhar Craicinn curtha ar fáil ag Panu, ar ndóigh. Fir a bhí i mbun pinn sna cásanna sin, agus chuala cáineadh ar an bhfoclóir ach go háirithe nach dtugann sé a cheart do na mná.

Seachnaím féin a leithéidí go hiondúil. Níl aon ghá ag heitrighnéasach fir meánaosta le spreagadh chun drúise, go háirithe san samhraidh agus brollaigh ar leis agus tóin teanna gach áit.

Ach spreag blaisíní Réaltán dá saothar aistriúcháin m'fhiosracht. Físeáin chliste ar Vimeo (tá guth baolach aici mar Réaltán)

Chuir sí chugam na nóibhillí (atá ar fáil i bhfoirm leictreonach anseo 1,2,3) .

Go hiondúil diúltaím don focal salach agus cúrsaí collaíochta faoi chamáin. Ní bhaineann salachar le gean nó miangas cuma cé chomh drúisiúil nó graosta is atá.

Ach tá salach cuí mar chuir síos ar iompar na bhfear anseo, fir nach bhfeiceann ach pit chun ainmhian a mbod a shásamh go sealadach.  Maith go leor tá spéis acu i mása agus cíocha chun a mbod a chuir ag at. Ach is beag spéis acu sa duine. 

Tá dóchas éigin i scéal Shirley sa mhéid is go nglacann sí féin greim ar a saol, ar a pósadh, agus faigheann a nuachar tuiscint nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid den cúnant, sa leapa ná lasmuigh. 

Suaracháin na fir san dá scéal eile áfach, nach bhfuil le rá ar a son ná ar a laghad nach ndeachaigh siad chomh fada le héigniú ina n-andúil. Seachas sin d'fhill duine acu ar na striapacha a íoctar as cuir suas leis, agus an duine eile ar a lámhchartadh suarach.

Is eagal liom gur fuinneog isteach i saol na meánaicme seo, an dream sin a bhfuil a bpostaí tar éis clis ceal aire agus atá ag útamáil thart ag únfairt i bpraiseach a cuid saolta. 

Saol sách ghruama, ach réalaíoch is dócha. Réabhlóid na collaíochta ag ithe a hál.

Tá an saol curtha inár láthair go fiúntach ag Réaltán, rogha cúramach friotail.

 


2015-08-07

Duibhlinn

Agus mé ar saoire an na mallaibh d'athléigh mé an t-úrscéal seo le Ciarán Ó Coigligh. Ceannaigh mé an céad lá é toisc gur Duibhlinneach mé féin - ach ón Deisceart. Sruth comhfheasa triúr atá i gceist leis an úrscéal seo. Tomás, léachtóir i gColáiste Oiliúna; a bhean, ar de bhunadh na Gaeltachta, agus bean eile ó Iarthar tíre.
Tugann a ghnóthaí Tomás ar ais chun cuaird a thabhairt ar ábhar oidí atá ar cleachtadh múinteoireachta sna ceantair i dTuaisceart Bhleá Cliath inár tógadh é. Tá a bhean ag filleadh ó chuaird ar a deirfiúr thiar, agus buaileann an bhean eile léi san traein.
Bímid ag cúléisteacht le smaointe s'acu, cuimhní cinn agus cíoradh ar an tsaoil mar atá. 
Mórchuid den úrscéal pléann sé le smaointe Thomáis, atá diongbháilte agus caomhach is mheon anois, agus míshásta leis an saol timpeall ar, shílfeá. Ach é ag maireachtáil ina smaointe tríd ragús agus ragairne a óige, nuair a bhí sé scaití thar cailc ar fad. Cineál scrúdú coinsiasa shílfeá, ach a leanann gníomh nó dhó fónta as.
Níos séimhe atá marana an bheirt ban, agus iad fite fuaite lena saoil pósta. Rinne Easpag cleamhnas don tríú bean, is thuas seal, thíos seal a bhí a saol leis an fear a roghnaíodh di.

Sna 1990í luatha a foilsíodh an scéal, roimh réidh an chat mara Ceiltigh; agus tá léargas bhreá ann ar saol na cathrach mar a bhíodh an uair úd, agus le fiche bliain roimhe nó mar sin; tá léargas ann freisin ar dhá ré i saol na tuaithe i machnamh na mban.

Cíortar go leor ceisteanna sa mharana, agus tá lón machnamh ann ar ceisteanna éagsúla, teanga agus moráltacht, oideachas agus oiliúint, gaol pósta agus clainne.

Ainneoin an suíomh uirbeach níl aon "cealú an díchreidimh" de dhíth ó thaobh na Gaeilge de, mar tá sé iomlán inchreidte go mbeadh an marana ar bun as Gaeilge ag leithéidí Thomás.

Duibhlinn
Ciarán Ó Coigligh
Tagairt: ISBN 1 900693 35 6  


2015-08-01

Leis na coisithe an chathair!

In alt leis i dTreibh maíonn Alan Titley gur leis an charr an chathair.

Tá go leor atá fíor scríofa aige san alt, gur dual do chathair fás go hainrialach, ainneoin rialóir a bheith go minic i lámha rialóirí ag iarraidh smacht a chuir ar an gcathair. Ní rud nua an líne díreach sa chathair gan amhras, is cuimhin liom sráideanna díreacha Baile Nua Carcasonne a shiúil, iarracht fánach ag an uasaicme ord a bhualadh ar chathair. 

Tá an mian san an chomh fada is atá cathracha ann, shamhlóinn!

Ach ionróir nua an charr sa chathair, ó seascaidí na haoise seo chaite, agus is mó colm agus créacht buailte anuas ar chathracha ar mhaithe lena chuir in oiriúint don gcanna clannach stáin, a dheighleann an tiománaí ón gcosmhuintir.

Ó cheart fearann an choisí agus iompar poiblí an chathair, cuimilt anaithnid gualainne ag gineadh fuinneamh. Ceangal céadfach idir dhaoine. Máille atá sa charr a chuireann an tiománaí ar a shuaimhneas ina spás féin, beag beann ar an bpobal.

Tá cathracha ársa ann a choinnigh a croí saor ón charr; Alexanderplatz Bheirlín, Cearnóg Naomh Peadar, Cathair Ársa Charcasonne - iad ar fad siúlta le fonn agam.

Le déanaí bhí mé ag coisíocht i mBarcelona, tríd lánaí a bhí beagnach glan ó charranna - cé go raibh an chuid sin den chathair scoilte scaití ag ascaill leathana a lig do na cairr réabadh tríd an gcathair.

Sna lánaí áfach atá an tsaoil.

Maitheas a rinne sé do Sráid Ghrafton Bhleá Cliath an charr a dhíbirt aisti. 

Díbrítear an charr ó idir an dá chanáil, agus bíodh saol sa chathair arís!