Ó crannchur Aidbhinte Cló Iar-Chonnachta a ghnóthaigh mé an úrscéal seo de chuid Áine Uí Fhoghlú. Ar ndóigh, ar déagóirí óga seachas mo leithéid atá sé dírithe, agus ní mór dom a admháil go raibh mé ag streachailt anois is arís an díchreideamh a choinneáil ar fionraí!
Fágtar an leath dílleachta Eoin, a bhraitheann uaidh go mór a athair a fuair bás agus é a ceathair, ina aonar ar oileáin bheag tréigthe amach ó chósta na hÉireann tar éis don eitleán a bhí lena rang a thabhairt siar ar thuras scoile tuairt i stoirm agus tuirlingt ar an muir. Scuabtar Eoin chun siúl agus i dtír ar oileáin bheag.
Bíonn ar bia a aimsiú agus é féin a choinneáil misnithe - mar is cosúil nach bhfuil aon chuardach ar bun.
Forbraíonn sé ó bheith ina phatacháin plobach, i ngleic le thús an teacht in inmhe, ina ghlas-stócach atá maith in ann aire a thabhairt dó féin, ag teacht i dtír ar éirim agus misneach.
Braithim go bhféadfadh go leor daoine óga ionannú leis - agus lena streachailt le tromaíocht agus iarracht bheith istigh leis an slua ag tús ach go háirithe. Ach léiríonn na heachtraí an miotal atá ann dáiríre.
Tá an stíl reacaireachta nádúrtha tarraingteach - muid istigh i meon Eoin agus é ag coraíocht leis an saol, ag sárú a imní nádúrtha.
Agus ag an deireadh, agus tarrtháil déanta air, faighimid léargas eile, léargas a chuireann go mór le héifeacht an scéil ar an léitheoir.
Tá gluais leis an leabhar - ní raibh sé de dhíth orm féin, agus níor amharc mé air ach go fánach. Measaim féin nach ceart gluais a chur le leabhar, mura bhfuil focail ann nach mbeadh ar fáil i FGB. Nó úsáid neamhghnách á bhaint astu. Agus fiú má tá sé sin riachtanach, b'fhearr go mór liom dá míneofaí as Gaeilge iad seachas an focal Béarla a thabhairt (go háirithe má tá comhthéacs ar leith i gceist).
Ach mholfainn an leabhar seo do dhéagóirí óga, agus tá súil agam go mbeidh breis dá leithéid ar fáil!
Áine Uí Fhoghlú
Cló Iar-Chonnacht