Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-12-06

San Nioclás de réir an Bhráthair Ainglí

Pala di Perugia, altóir i Perugia na hIodáile, le Fra Angelico. Léiríonn na painéil ag bun scéalta as scéal San Nioclás Míora mar a insítear é sa bhFínscéal Órga (Legenda Aurea) 

Tá sé coitianta ar an Mór Roinn Féile San Nioclás a cheiliúradh tríd féiríní a chuir i mbróga na ngasúr, nós atá againn féin. (Líon mé aréir iad do na daoine atá fágtha sa nead!)

Is iomaí scéal a insítear faoi Nioclás - é ag tarrtháil daoine neamhurchóideacha ó anbhás, nó mairnéalaigh ó anfa. Tá nó bhí deabhóid dó láidir i measc mairnéalaigh - is minic Séipéal San Nioclás i gcathair Muirí, mar atá sa Ghaillimh - nó i bpobal mara fearacht Rinn Ó gCuanach. 

Is é an scéal faoin gcuí a thug sé ór do theaghlach bocht mar spré do na hiníonacha, á dtarrtháil ó striapachas, is bunús, is dóigh liom, leis an nasc idir é agus féiríní. 

Sonra ón altóir, Nioclás ag bronnadh ór faoi rún. 

Anois ar ndóigh tá Easpag díograiseach trodach (i gcoinne eiriceacht) Mhíora folaithe ag Santa Claus an tomhaltais. Ní bhíonn cumpanach aige abhus - tarraingíonn a chompánach Peadar Dubh san Ísiltír raic bhliantúil de dheasca na comharthaí sóirt ciníocha a bhaineann leis. Is dóigh liom go bhfuil Knecht Ruprecht na Gearmáine slán go maith ó chonspóid. N'fheadar faoi Krampus adharcach na hOstaire. Bíonn siad araon ag plé leis na leanaí dalba! 


Féile San Nioclás shona dhaoibh!