Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-12-14

Altai

Roinnt blianta ó shin tharraing Danny Brown m'aird ar an úrscéal stairúil Q ar bhain mé an-sult as. Ní cuimhin liom anois conas ar tháinig mé ar an leabhar eile seo de chuid an comharghrúpa chéanna - atá anois ag feidhmiú faoin ainm Wu Ming (anaithnid as Sínis), ach tháinig mé air tamall siar, agus fuair mé leagan bog saor in aisce de - ón bhfoinse seo, sílim. (Chuir mé cúpla euro i hata s'acu as an pléisúir a fuair mé as é léamh - anseo)

Tá nasc leis an úrscéal Q sa mhéid is go bhfuil páirt bheag ag an ainrialaí a reiceann Q sa scéal nua seo faoi phearsa aonair i ngleic le cumhachtaí móra agus diamhaire a linne - an streachailt idir an Veinéis agus an Turc Otamánach díreach roimh Cath Lepanto.

Is mac le bean Giúdach i Ragusa (Dubrovnik) é an reacaire, ach is uasal Veinéiseach é a athar - agus tar éis bás a mháthair tógann a athair ar ais chuig an Veinéis é - áit a bhíonn sé ag feidhmiú mar chuid den péas rúnda. Tá col aige lena sinsreacht Giúdach - ach is baol an sinsearacht céanna dó sa Veinéis. Tarlaíonn eachtra san longchlós, agus tuigeann sé go tobann go bhfeileann sé dá mháistrí ceap milleáin a dhéanamh as féin - tar éis an tsaoil is Giúdach faoi choim é, agus bheadh sé inchreidte dá réir é bheith ina thaca ag babhdán na linne - Giudach Sephardeach a raibh tionchar aige ag cúirt an Sultain. 

Teitheann sé lena bheo, agus tar éis eachtraí go leor, agus in aghaidh a thola, scuabtar soir é go Iostanbúl agus isteach i lár na comhcheilge atá ar bun ag Josef Nasi chun ríocht an Chipir a bhaint amach dó féin - mar tearmann do Giúdaigh, mar nach bhfuil ag éirí leis an Tiarnas atá aige i Tiberias na Pailistíne. 

Tá bunús stairúil leis na heachtaí ar fad - ach is féidir freisin macallaí go leor a fheiceáil le heachtraí an lae inniu; agus an cogaíocht agus achrann a fhágann teifigh agus anró ar go leor. Agus na tubaistí is feidir eascairt as iarrachtai cabhrú le dreamanna thar a chéile. 

Scéinséir den scoth atá ann - agus is mar scéinseir a léigh mé é. Ach tá lón marana iomadúil tráthúil eile le baint as. Tráthúil, agus an iarracht tearmann do Giúdaigh a chruthú ag cothú achrann agus foréigean agus anró fós. Agus cumhachtaí móra na cruinne fós ag baint feidhm as daoine agus pobail, nach mbíonn leo ach saol síochánta a chaitheamh, mar cheithearnaigh nó ceap milleáin.