Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-12-18

Uraiceacht na Giolcaireachta

Thart ar 2010 measaim a thosaigh mé cuntas Twitter, i dtús báire ar mhaithe le bolscaireacht ar son @anciorcal, ach níorbh fhada go raibh mé sáite i gcomhráite agus conspóidí. Cuireadh ar mo shúile dom, agus táim buíoch don té a rinne, nach raibh sé oiriúnach a bheith ag tabhairt tuairimí pearsanta faoi ainm "eagraíochta" sa chiall is scaoilte.

Cé go leanaim scata cuntas as Béarla (agus teangacha eile) is ar mhaithe le comhrá Gaeilge atá mé ar Twitter. Agus tá fíor aithne curtha agam ar roinnt daoine spéisiúla nach raibh ach Twaithne* agam i dtosach. Neart eile agus ní heol dom a bhfíorainmneacha fiú, ach tá sult agus tairbhe sa ríomhaithne. Dornán beag a bhfuil cosc curtha agam orthu mar gur éirigh eadrainn ró mhinic, go hiondúil de bharr míthuiscint fánach.

Nádúr na cumarsáide ar líne nach bhfuil ann ach an bhfocal lom, agus cé gur féidir mothúcháin a chur in iúl le leithéidí emoji, is go comhfhiosach a déantar sin. Mar sin níl fáil ar an eolas faoi mothúcháin a bheadh ar fáil i gcomhrá aghaidh ar aghaidh a thugann le fios go an comhrá ag druidim le líne nach ceart a thrasnú.


Is iomaí tairbhe atá faighte agam as na comhráite ar Twitter. Moltaí léitheoireachta i nGaeilge agus Béarla. Na cinn Gaeilge go háirithe luachmhar - murar leabhar nua foilsithe atá i gceist, gach seans nach mbeadh sé tagtha i mo threo. (Is iontach na hiasachtaí idir leabharlainne). Eolas faoi cláracha teilefíse agus raidió. 

Is féidir le Twitter bheith achrannach gránna - mná go háirithe thíos leis. Tá sé d'ádh orm nach minic go mbím i gconspóid cé go bhfeicim na macallaí scaití. (Agus bíonn an cnaipe tuairiscithe in úsáid agam dá réir!)

Tugann sé sásamh ar leith dom nuair is féidir liom duine atá ar thóir eolais a chuir i dteagmháil le duine a bhfuil an t-eolas acu.

Gan amhras poll ama atá ann, ar éasca éirí ró ghafa leis, go háirithe agus an fón glic le lámh. (Cúis atá le m'aistharraingt bhliantúil um Carghas).

Ach i ré seo na paindéime, agus deiseanna eile comhrá tearc, is breá liom go bhfuil an líonra sóisialta seo agam chun nascanna a chruthú agus a chothú. 

Mo bhuíochas leo siúd a choinníonn comhluadar liom agus a spreagann aclaíocht intinne ionam tríd ceisteanna meabhracha agus blúiríní eolais a chur faoi mo bhráid. 



*Sinéad (@gobblefunkerr) a chum an téarma meabhrach Twaithne ar an aithne a chuirtear ar dhuine ar Twitter.