Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-12-29

Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha...


Mar a bhí mé ag tnúth leis, fuair mé an leabhar seo mar fhéirín Nollaig. Thum mé mé féin ann, agus tá an chéad léamh déanta agam. Fillfidh mé air, táim measartha cinnte!

Cléireach (arís!) laoch an scéil, i dtiarnas Tír Eoghain agus Conn Bacach i réim. Santaíonn Conchúr Ó hArdail Tiarnas sibhialta síochánta Eorpach - ach tá a rath féin thuas seal thíos seal de réir mar a chasann rotha na comhcheilge agus cinniúna - é féin lena lámh ar an roth ag fónamh do mháistrí éagsúla agus dá fhís féin - féin daonnachtúil na hAthbheochana Eorpaí. Teilgtear amach agus isteach i bhfabhar é, uaireanta de bharr a bheartas féin, uaireanta de bharr (mí) léamh ar na comharthaí. Ní hionann i gcónaí a fhís do rath an tiarnais agus tuairimí a Thiarna - rud a chuirtear in iúl go borb, agus scaití go foréigneach dó. Agus tá na huaisle le cuir san áireamh freisin - comhcheilg, lámh láidir, cleasaíocht dlí, spiaireacht,...

Níl na Gaill chomh suntasach sa scéal is a mheasfá, go háirithe nuair a rinne Conn Bacach géilleadh do Anraí VIII go gairid i ndiaidh deireadh éachtraí an leabhar - bás Feilimí Caoch, a raibh súil ag ó hArdail prionsa de réir Institutio principis Christian Erasmus a dhéanamh de - agus Gaeilge curtha aige air.

Míreanna eachtrúla thar réimse blianta atá sa leabhar, an laoch ag dul chun cinn scaití, siar scaití eile. Gaeilge chúirtéiseach shaibhir san insint. Anois is arís splancanna ón miotaseolaíocht - seanbhean ag marcaíocht ar bhó ag tairngreacht agus ag tabhairt eolais d'Fheilimí Caoch - ag fógairt a gheis dó, a sháraíonn sé agus a mbíonn a fheallmharú mar thoradh indíreach air.

Fir agus mná, idir uasal agus íseal, castar orainn iad ar na leathanaigh, iad ar fad ag lorg a gcearta - de réir mar a fheictear dóibh féin iad. Cléireach agus tuata, ceannaí agus saighdiúir, gallóglaigh agus fir treibhe - meascán baolach, agus formad agus faltanas ag cruthú ithir shaibhir do comhcheilg agus caismirt. 

Agus na Gaill agus comhghuaillithe Gaelacha ag bagairt ar na teorainneacha...


Tá cosúlachtaí le Sliocht ar Thír na Scáth Uí Doibhlin, ach go bhfuil laoch an úrscéal seo níos gníomhaí cé nach máistir ar a chinniúint é ach oiread. 

Bhain mé taitneamh as an léamh, agus táim cinnte go léifidh mé arís é - táim fiosrach agus fonn orm breis eolais a aimsiú faoi na pearsana stairiúla a castar orainn ar na leathanaigh. 

Darach Ó Scolaí
€18.00
240 lch; crua; ISBN 978-1-913814-14-4