Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-12-22

Cothú anama na coille

Tá cónaí orm i mBaile an Chinnéidigh ó thart ar 2003; ach don mórchuid is chun codladh amháin a bhí mé ann, agus mé ag obair ar an dtaobh eile den gcathair - imeacht luath ar maidin agus filleadh déanach tráthnóna a bhí i ndán dom.

Maith go leor, bhí na deireadh seachtainí ann, ach go hiondúil bhíomar amuigh áit éigin. Bhí fhios agam an coill a bheith, buailte ar an eastáit ina bhfuil cónaí orainn, agus bhí corr seal caite agam ann leis na leanaí - níos mó ama caite ag na buachaillí ann leo féin nó le cairde agus iad níos óige. Measaim gur reáchtáil muid cuid de cóisir lae breithe ann freisin - ag ídiú fuinnimh na ngasúir!

Ar imeall tailte teach mór atá an choill, stráice fada ar dhá bhruach srutháin. Tá ceanncheathrú Coillte Teo i gcúinne amháin na coille, agus saotharlann acu in áit eile - agus measaim gur leo cuid den gcoill - ach is le dream tráchtála codanna eile.

Meascán crann atá ann - go leor síorghlas, béithe, trom, agus corr dhair. Eidhneáin agus táthfhéithleann fáiscthe thart ar go leor de na crainn. Feictear dom go bhfágtar sách nadúrtha é - cé gur gearradh píosa de go cré le déanaí. Bíonn crainn móra anseo is ansiúd. Go leor crainn tite, ag lobhadh agus ag cruthú deiseanna d'ainmmhithe agus plandaí.

Os rud é go bhfuilim sa bhaile ó thús na paindéime, is minice ná a mhalairt a théim ag siúl sa choill am lóin - tá camchuairt áisúil ann a thógann thart ar 20 nóiméad orm. Scaití ag an deire seachtaine bím ag siúl níos faide agus níos doimhne isteach sa choill. Ar imeall na coille tá cairéal gainimh tréigthe - tírdhreach aduain!

Tá na séasúir uilig feicthe anois agam - an coill faoi bhrat bláthanna san Earrach - coinnle corra agus sabhaircíní agus neart eile. Pas níos déanaí, cairpéad creamha in áiteanna. (Toisc é bheith gar don N11 agus go mbíonn madraí go coitianta ag siúl ann, níl sé de mhisneach agam fómhar a bhaint!). Raithneach ard san samhradh, in áiteanna eile - áiteanna eile lom seachas brat duilleoga tanaí na ngiúiseanna síorghlasa. Meas béithe go rúitín orm ar an gcosán san Fhómhar, agus fungais ilchinéalacha ar na crainn agus ar admhad mharbh.

Tá ioraí glasa fairisng sa choill; táim cinnte go bhfuil ainmhithe eile, ach is uair fánach a leagaim súil orthu. Tá sionnach feicthe agam sa choill ón mbóthar; agus anois is arís fianna. Táim lánchinnte go bhfuil ainmhithe eile ann, atá ró chúramach go bhfeiceadh mise iad! Agus ní bhím ann ístoíche.

Tá feithidí ann gan amhras - tá neart féileacáin feicthe ann.

Tá na héin níos misniúla, agus iad ábalta éalú uaim! Coilm cille, spideoga dan amhras. Smólaigh. Dreoilíní. Preacháin. Uair amháin chonaic mé Diarmaidín riabach. Tá Gabha Dubh fecithe agam roinnt uaireanta, ag sciorradh os cionn uiscí an  srutháin. Tá péire scréachóg coille ina gcónaí sa choill; agus chonaic mé agus chuala mé clámháin agus cúr rua sna spéartha ós a chionn. (Tá coillte eile, níos mó, gar don áit, agus siúlaim iontu sin uaireanta freisin - ach tá siad níos aonchineálaí, coillte tráchtála cuid acu agus leadránach dá réir).

Is iontach an áis é seo atr lic an doras, agus is annamh nach mbíonn spionn níos fearr orm ag filleadh ó mo shiúlóid (agus cuisle aclaithe!)