Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-12-04

Ifreann spleáchas

Ó XKCD

Téarma atá coitianta i measc lucht ríomhaireachta - agus aistrithe ag an gCoiste Tearmaíochta! 

Ifreann Spleáchas, cad é?

Ní hansa.

Cé gur chaith mé formhór mo chuid ama ag plé le bogearraí neadaithe, diaidh ar ndiaidh, tá an castacht a bhíonn i gceist le ríomhaírí níos mó ag sleamhnú isteach i gcóras na bogearraí neadaithe - agus ar aon nós, bíonn na huirlisí atá in úsáid agam ag feidhmiú ar ríomhairí níos mó. Mar sin, tá corr turas tríd Ifreann Spleáchas tógtha agam, agus corr dó faighte agam!

Is annamh anois go mbíonn ríomhchlár - fiú i ríomhaire neadaithe - ina phíosa amháin, neamhspléach ó ríomhchlár eile. (B'amhlaidh a bhí ag tús mo ghairm beatha). 

Tá cúis simplí le sin - bíonn rudaí áirithe is gá do gach ríomhchlár a dhéanamh, agus is fearr an cód sin a athúsáid. Cuirtear an cód i "leabharlann". Sa mhullach ar sin, is minic go mbíonn "córas oibriúcháin" ann, a chuireann seirbhísí ar fáil do na ríomhchláir - agus is iondúil anois go mbíonn níos mó ná ríomhchlár amháin ag obair ar ríomhaire, agus an córas oibriúcháin ag roinnt na hacmhainní orthu. Tá se ag éirí níos coitianta freisin go mbíonn níos mó ná aonad próiseála amháin í ríomhaire agus an córas oibriúcháin freagrach as na hacmhainní sin a roinnt. Mar sin bíonn sraitheanna agus sraitheanna de chód ann idir an feidhmchlár agus an feidhm críochnaithe. 

Tá buntáiste ann an cód seo a úsáid, feidhm a bhaint as leabharlann atá deartha agus profa. Ar ndóigh, d'fhéadfadh gach ríomhchlár an chód seo a choipéail - ach chaillfí go leor den buntáiste, mar nach mbeadh fáil éasca ar cheartúcháin. (Bhí an fhadhb sin agam go luath i mo ghairm, nuair a bhí meitheal againn ag obair ar rudaí gaolmhara, bunaithe ar cóipéail agus leasú - is minic gur réitigh daoine éagsúla an fhadhb céanna ar bhealaí éagsúla - go háirithe nuair a bhíomar amuigh ar na traenacha seachas san oifig ag cumarsáid le chéile - diaidh ar níos d'fhás na difríochtaí gan chúis. Ach sin scéal eile).

Mar sin, baintear feidhm as leabharlanna. An chéad céim eile ansin, go háirithe ar ríomhairí móra, ná bealach a fháil na leabharlanna seo a roinnt, seachas go mbeadh a chóip féin ag gach ríomhchlár. Tugtar DLL (dynamically linked library) ar seo ar Windows; agus SO (shared object) ar Linux. 

Agus sin oscailt geataí Ifrinn Spleáchais...

Toisc go mbíonn na leabharlanna sin ag brath ar leabharlanna eile. Agus go mbíonn na leabharlanna féin ag forbairt. Scaití bíonn ríomhchlár - nó leabharlann - ag brath ar iompar nach raibh iomlán ceart i leabharlann. Má leasaítear an leabharlann, bristear an ríomhchlár a bhí ag brath air. 

Ar ndóigh, is féidir go hiondúil leagan áirithe do leabharlann a éileamh. Ach ciallaíonn sé sin go mbíonn roinnt leaganacha den leabharlann céanna ar an ríomhaire, uaireanta ag teacht salach ar a chéile.... 

Bíonn uirlisí ann chun iarracht a dhéanamh na spleáchais seo a choinneáil faoi smacht, agus go minic oibríonn siad go maith (go háirithe má tá an ríomhaire nasctha leis an idirlíon, agus fáil dá réir ar an leagan cuí. Mura bhfuil, beidh an úsáideoir gnóthach ag aistriú comhaid...). 

Ach nuair a theipeann ar na huirlisí seo bíonn an obair le déanamh ag an úsáideoir d'fhonn an fhadhb a réiteach - nó é a aithint fiú, mar ní gá go mbeadh an chúis gur theip ar an ríomhchlár follasach, nó fiú measartha éasca a aithint. 

Agus is ifreanda an tóraíocht go minic!