Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label macnas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label macnas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2008-04-26

Bod Fhearghusa


Íomhá le Przemysław Sakrajda; ó Wikimedia Commons

Mheabhraigh an scéal seo ó shuíomh Dennis dom go bhfuil an t-ainm Bod Fhearghusa ar an Lia Fáil, nó cloch na cinniúna.

Ní cuimhin liom an é an Feargus céanna atá i gceist i scéal Bhebo; ach Rí Ultach atá i gceist san dá scéal.

Iarsma den bpósadh deasghnáthaíoch idir an Rí agus (bandia an) fhearann atá anseo, is léir.



Ocus in uair ro búi Fergus ic comriachtain ria tug lám ar mullach a cinn ocus ro fhiarfaig in rigan de cid imar chuir in lám ar a bathais.
"Ingnam lium," arsé, "in ball ferrda ina bfuilit secht nduirn ocus gan innatsa acht trí duirn gan a dhul trét chenn sechtair. Ocus is uime sin do chuires mo lám ar do chenn."
"Léig as alé, a Ferguis," ar sí. "Is mór ní súigios lesrach banscáile! "


Agus an uair a raibh Feargus i gcomhriachtain léi do chuir a lámh ar mullach a cinn agus d'fhiafraigh an ríon de cad chuige a chuir sé a lámh ar a bhaithis.
"Ionadh liom", ar sé, "an bhall fearga ina bhfuil seacht ndorn agus gan ionat ach trí dhorn gan a dhul tríd do cheann amach. Agus is uime sin do chuireas mo lámh ar do cheann"
"Bhuel, lig do, a Fhearghuis", ar sí, "Is mór an ní a shúnn leasrach ban"

2008-04-25

Cíochdeighilt agus ceisteanna craicneacha eile

Bhíos ag éisteacht le hathchraoladh Rónán Beo@3 ar maidin le déanaí. Tá sé de nós aige beirt seanfhondúir a bheith ina fhochair, agus iad ag cíoradh cainteanna crua agus caillte. Luath nó mall tagann ceist na collaíochta chun cinn. Bhí an bhearna mealltacht úd idir cíocha bean a scrúdú acu – agus mhol téacsóir glic éigin cíochdeighilt mar ainm air.

Ar aghaidh i mbun gníomh leo ansan. Luadh téis agus gutaí mar théarmaí ar chomhriachtain. Tá fianaise indíreach don dá leagan sna Foclóir – tá téisiúlacht leis an gciall “mínáireach, deiliúsach” ann, agus guta leis an gciall “ainnis”. I bhfianaise an ré inar foilsíodh na foclóirí, is leor sin mar cruthúnas domsa!

Tá an focal clárú acu thiar. Feictear dom go bhfeileann sé sin don té a ghabhann suas ar a pháirtí. Tá a leathbhreac de nath sa Ghearmáinis - “Er hat sie aufs Kreuz gelegt”, “Chuir sé ar clár a droma í”. Ach céard faoin imreoir eile i gcluiche seo an ghrá?

Slogann bléine ban a lán, agus tig le bean a bheith ina ceannaire sa ghníomh – ach an bhfeileann clárú dá gníomhaíocht? Bhí nath iontach faoi bhean mealltach faoi caibidil ar Leagan Cainte roinnt blianta siar - “Tá a heochrasa ar dhuáin aici”. Sin pictiúr den bhean lán de stuaim!

Dar ndóigh, filleann an cheist seo arís agus arís de bharr tanú an Bhéarla. Tá foc ina bhriathair, ina ainmfhocal, ina aidiacht agus ina intriacht ag bundúin na sráide, agus samhlaítear go mba cheart focal ar aon dul leis a bheith sa nGaeilge. Táid ann ar mian leo an focal feis a lúbadh chun na críche sin. Sin brilléis nach ngéillim dó. Tá brí leathan ag feis, agus ní cheart tochailt faoin mbrí sin.
Cuimhnígí ar Sheán Uí Neachtain bhocht, agus na Feisirí eile san Eoraip!

Níl gnéas luaite ar chor ar bith agam fós. Tá fáth leis sin. Bíonn inscne ag focail, téarma gramadaí atá ann. Bíonn gnéas mar aire ag neacha beo.
Cinnte, bíonn daoine níos mealltaí, níos macnasaí nó níos téisiúla ná a chéile - ach tá muid uilig gnéasúil!

Tá, dar ndóigh, agus mar a chruthaigh Breandán 'ac Gearailt ina leabhair, cuimse focail agus nathanna ann don té ar mian leis dul leis na mionnaí móra nó an chaint craicneach.

Seo Tré daoibh uaidh:
Cad iad na trí áit a roghnaigh Seán le Máire a bhíogadh?
Tóin le claí,
Tóin le gaoth,
agus tóin ar bheart fraoigh!

Guím rath na raithní oraibh, agus is mithid domsa purgóid a ghlacadh nó báfar mé i mo mhiangas!