20 May 2008

Ceist Chigiliteach Caille na gCailíní Cráifeacha: Cosc nó Cosaint?

D'ardaigh scoil i nGuaire ceisteanna faoin gcaille a chaitheann cailíní cráifeacha Moslamacha.

Níl aon aontas i measc Moslamaigh ar an gceist seo, ach táid ann, agus cailín amháin ag freastal ar an scoil úd ina measc, a chreideann gur dualgas reiligiúnda é an chaille a chaitheamh ach bean a bheith tagtha chun caithreachais.

Tá léamh amháin ag lucht an saoltachas ar seo: sé sin gur cheart cosc iomlán a bheith ar creideamh sofheicthe in aon áit poiblí. Diúltaím glan amach don baoth thuairim idirdhealaitheach, leatromach sin.

Ceist thábhachtach agus cinniúnach atá anseo - mar a deir Conchubhar, is féidir go bhfuil muid ag gearradh slat ar mbuailte leis an gceist seo.

Tá tíortha eile san Eoraip imithe romhainn ar an gceist seo - an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc. An dearcadh saoltach atá i réim san Fhrainc - agus a chónach sin orthu. Tá cailíní, ar mian leo bheith cráifeach, díbeartha ó na scoileanna stáit, agus an pobal Ioslamach éirithe radacach dá bharr. Tá an cheist níos casta sa Ghearmáin, le difríochtaí áitiúla. Ach d'fhan nath amháin as alt liom:

Bhí an caille ceart go leor, nuair a bhí muid ag glanadh bhur dtíthe. Ach anois agus muid inár múinteoirí, agus dlíodóirí...


Ná bíodh a leithéid le rá fúinn!

Tuigim go bhfuil ceisteanna ann, agus droch thaithí i dtíortha Eorpacha eile, le hiallach a bheith á chuir ar mhná an chaille a chaitheamh, cuma cad is mian leo féin. Táid ann a deir go gcabhródh cosc sna scoileanna leis an mbrú sin a bhriseadh. Ní dóigh liom é.

Is dóigh liom go bhfuil sé riachtanach dúinn na mná seo a chumasú tríd iad a chomhshamhlú san gnáth saol Éireannach, gan cur isteach ar an dualgas a bhraitheann siad a bheith orthu, ach spreagadh a thabhairt dóibh bheith bainteach go gníomhach le sochaí fíor daonlathach, a bhfuil meas aige ar chreideamh, ach nach ngéilleann don gcos ar bolg.

Focal scoir: deirtear san Times inniu amhras a bheith ar údaráis na scoile go mbeadh an baol ann go ndéanfaí tromaíocht ar an gcailín dá mbeadh Hijab á chaitheamh aici. Is cinnte go bhfuil an baol sin ann - tá sé foghlamtha ag mo chlann nach maith le roinnt gasúr eile an éagsúlacht. Ach ní cheart an milleáin, ná an dualgas athrú, a chur ar an dté atá thíos le tromaíocht, seachas na bullaithe.



Aguisín: tá sé suntasach chomh maith gur Éireannach a d'iompaigh ar an Ioslam athair an chailín - agus Sasanach (sílim) a mathair, a d'iompaigh freisin.

No comments: