Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-09-19

Is láidre muid leis an Eoraip!

Ní minic mé ag déanamh mo chuid fhéin de mhana de chuid Fianna Fáil. Ach tá an ceann seo fíor!

Go foirmeálta, tá sé fíor nach gciallóidh vóta i gcoinne Liospóin go "gcaithfear amach as an Aontas muid".

Ach mar atá fhios ag aoinne a bhí riamh páirteach in aon cumann nó coiste, bíonn níos mó ná leibhéal na rialacha foirmeálta i gceist. Tá an-tábhacht le meas, dea-thoil agus tionchar. Na nithe sin a thugann lucht gnó "doláimhsithe" orthu.

Go dtí seo, d'éirigh thar barr lenár dtaidhleoirí ag déanamh leas na hÉireann thar lear, agus go háirithe sa Bhruiséil. Cuid de sin, is toisc gurbh iad plúr ár státseirbhís iad - fágann a ngairm beatha nach bhfuil siad chomh teoranta ná oileánda leis an dream nár fhág an baile riamh. Fianaise ar sin, gurbh bean Éireannach a bhfuil an post is airde i maorlathas an Aontais aici - Catherine Day.

Tá cúiseanna eile ann - is cuid den domhan Angla Sacsanach muid - ach is féidir linn muid féin a dhealú ó na cumhachtaí impiriúla an Bhreatain agus SAM, de bharr na staire. Feidhmíonn muid mar comhla idir na stáit sin, agus a gcuid réimsí tionchair, agus an Aontas i gcoitinne. Rud a fhágann go mbíonn ceann ceathrú Eorpach - nó fiú EMEA - an iliomad comhlachta anseo.

Tá nascanna domhanda againn de bharr ár misinéirí, agus dea thoil dá réir. San Eoraip freisin - is eol do dhaoine le oideachas gurbh iad manaigh Éireannacha a thug saíocht na Róimhe agus na Gréige thar nais go lár na hEorpa tar éis briseadh an Völkerwanderung. Tá bá acu linn mar thír le stair fada d'fhulaingt - stair a bhí i gcónaí nasctha le stair na hEorpa, cé gur minic muid dall ar sin abhus. Tá na géanna fiáine i stair na dtíortha Eorpacha freisin!

Is fíor go n-amharcann cuid acu orainn le "spéaclaí uaine" rómánsacha - ach go dtí seo, ba chun ár leasa é sin, fiú.

Ach tá sé thar a bheith éasca dea thoil a chailleadh. Má chreidtear go bhfuil muid - agus ár Rialtas - patuar faoin dtogra ar mian leis na tíortha eile é chuir chun cinn, beidh éifeacht aige sin ar ár dtionchar. Tá fearg forleathan ann faoin gcuma atá ar an scéal - go raibh muid sásta bheith san Eoraip nuair ba diúlcaigh ar an sine airgid muid, ach nach bhfuil muid sásta aon chuid den ualach a iompar. Beidh an fearg sin le brath ní hamháin i measc na tíortha san "sean Eoraip" a chuidigh linne in am ár ngátar, ach go hairithe i measc na tíortha nua - a chreideann go bhfuil muid ag iarraidh an dréimire a dhreap muide a shéanadh orthusan.

Ní neart go cur le chéile!