Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-09-27

Leoin leonta

Na filí Rúiseacha Bhí ócáid thaitneamhach eile de chuid IMRAM ann oíche Aoine. LEOIN I nGÉIBHEANN/ CAPTIVE LIONS: Filíocht de chuid Anna Akhmatova, Vladimir Mayakovsky agus Marina Tsvetaeva aistrithe go Béarla agus Gaeilge. Filí iad uilig a bhí thuas san 20ú aois, agus a d'fhulaing faoi Stailín. Chuir beirt acu lámh ina mbás féin.

Chuir Liam Carson gach file faoi seach in aithne, agus ansin léigh file Éireannach aistriúchán dá gcuid saothar, le cúlra ceolmhar ó Jackie Leven (giotár), Michael Cosgrave (méarchlár) agus Sean Óg (Sax).

Léigh Paula Meehan saothar le (sílim!) Anna Akhmatova i leagan Béarla a rinne sí féin. Saothar duairc bhrónach - caint ann air faolchú baineann agus fuil agus oighear. Is dóigh liom go raibh splanc dóchais ann - bhí an oighear ag leá, deiridh ag teacht leis an ngeimhreadh.

Chan - más sin an focal ceart - Tomás Mac Siomóin dán le Mayakovsky i leagan Gaeilge. Éigeas i ngleic leis an bhfear cánach. Bhí sé lán de bhrí agus d'fhuinneamh, agus cíoradh ann ar dhán an fhile, agus é i ngleic leis an teanga, agus an dua as a bhfáisctear dánta. Tugadh "file rap" ar Mayakovsky, agus is sa stíl reacaireachta sin a bhí an píosa. B'é Tomás an fear chuige, deirim libh!

Ansin thug Nuala Ní Dhomhnaill a leagan de dhán brónach, mothúchánach le Marina Tsvetaeva (is féidir go bhfuil an dá banfhile curtha tré chéile agam!). Sliabh ar bhruach cathrach, á slogadh ag tithe na saibhir, ach ag baint díoltas amach. Tráthúil d'Éireann na linne seo! Bhí cimeonó cuanna á chaitheamh ag Nuala, agus chuir sé sin lena cur i láthair láidir.

Bhí an cúlra ceolmhar thar a bheith maith. Thug na hoirfidigh ceolchoirm dá gcuid féin, le hamhráin le Jackie Leven bunaithe ar fhilíocht Tsvetaeva - ach bhí ormsa teitheadh, i mo luaithríona ag iarraidh breith ar bhus a deich!