Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-09-25

Párlathas agus Ríomhlathas

Párlathas - focal (nó b'fhéidir téarma) iontach a tharraing m'aird agus mé ag léamh Feamainn Bhealtaine. Gan amhras, agus é ina ghiolla de chuid na Roinne Éadóchais, bheadh tuiscint ag Ó Direáin ar phárlathas.

Seo an tús an sár chuir síos a rinne Máirtín Ó Cadhain ar phár san gearrscéal An Eochair:

Arae is páipéir í an Stáitsheirbhís, chuile cruth, cineál, dath déanamh agus téagar de pháipéir.
Tháinig mé féin salach ar an bpárlathas uair amháin. Mé ag clárú breith mo dara mhic, sa Ghearmáin. Sloinne mo mhnaoi? Bean Uí Almhain, gan amhras. An raibh fianaise agam? Bhí cinnte, is san ainm sin a bhí idir pas agus cárta aitheantais s'aici. Ach an teastas pósta? Níor luaigh sin ach a hainm réamhphósta. Teastas Éireannach atá ann, agus abhus níl spéis ag an stáit i gceisteanna mar sin! Deiridh an scéal? B'éigean do mo bhean dul go dtí an "Standesamt" (Oifig na nAicmí) agus móid a ghlacadh gurbh í a hainm a hainm. Bhí an pár chuí ar fáil ansin. Agus fuair mo mhac a phár.

Dúirt Brecht i Flüchtlingsgespräche gurbh uaisle an Pas - pár thar a bheith tábhachtach - ná an duine. D'fheadfadh an duine teacht ar an tsaoil ar bhealach fánach ar bith. Ach an Pas - faoi ghradam oifige amháin!

Feictear dom áfach gur baolaí go mór an scéal inniu. Tá an Ríomhaire tagtha in áit an Phár. Ní Rialtas go ríomh-Rialtas. Ach, cé go raibh tuiscint éigin ag cléirigh do phár, neacha eile ar fad iad na sonraí ar ríomhaire. Níl oiread agus tuiscint pháir ar shonraí ag ríomhaire. Agus is lú an tuiscint ag na cléirigh ar na ríomhairí ná ag na ríomhairí ar na cléirigh, go hiondúil. Bogfar thart sonraí, méadófar iad, cóipeálfar iad go rábach. Déanfar mianadóireacht sonraí - scagfar na sonraí a bhailítear as chuile áit chun eolas a aimsiú. Glacfar leo gan cheist - agus ní bheifear in ann a dtús a aimsiú. Tá sé sa ríomhaire, dá bhrí sin, tá sé fíor.

Cúis imní alt Karlin Lillington san Times inniu: Tá sé i gceist ag na húdaráis sonraí a bhailiú orainn go léir, go rábach.

Mar a dúirt Terry Pratchett uair, tá an nath "Níl baol dá laghad ón bpéas do dhuine neamhchiontach" faoi scrúdú ag an gCoiste um Achomhairc Aicsiomaí.

Olc a dhóthain go bhfuilimid gúgláilte. Ach gúgláilte ag an Rialtas...