02 November 2009

Peireastráice dá cuid féin de dhíth ar SAM!

Bhí ócáid dé Satharn ag an Konrad-Adenauer-Stiftung, foras atá gaolmhar le CDU na Gearmáine.

Bhí fáiltiú acu chun onóir a léiriú don triúr ceannaire a bhí lárnach in athaontú na Gearmáine - Míchail Gorbaitsov, George H. W. Bush agus Helmut Kohl.

Le linn a óráid féin, mhaígh Gorbaitsov go raibh peireastráice - athnuachan córais - de dhíth ar SAM chun dul i ngleic lena gairm mar chumhacht ceannasach Dhomhanda.

Dúirt sé freisin go raibh a lán fós roimh Obama - rud nach féidir a shéanadh.

Ach tá m'amhras ag fás faoi inniúlacht fear gan taithí na dúshláin atá roimh SAM a leigheas. Is eagal liom nach bhfuil roimhe ach téarma achrannach amháin, lán de ghangaid. Ach an pobal scoilte ina threibheanna de réir dathanna pholaitiúla.

Tá gá le Gorbaitsov dá gcuid féin ag muintir SAM - fear a bhí neadaithe sa chóras, ach ar éirigh leis é a leasú dá bharr sin, ainneoin na constaicí.

6 comments:

Mise Áine said...

Theastódh Gorbaitsov dár gcuid féin uainn sa tír seo, a Aonghuis, le díneadú a dhéanamh sa chóras anseo!

ormondo said...

Le hais ár gcórais oirirc ba chóras simplí é an cumannachas, dar liom, a raibh éasca go leor an barr a scoitheadh de. Mar sin is ar éigin a bheadh próiseas díneadaithe den chineál a chuir Gorbaitsov i gcrích insamhlaithe sa chóras reatha.

Séamas Poncán said...

Seafóid. Bhí Gorbí ag iarraidh an tAontas Sóivéideach a shábháil, agus ní cuimhin le héinne sin.
Níl aon easpa saoirse sna stáit, ach amháin McCain Feingold, atá neamhbhunreachtúil go leor.
Dá mbeadh fonn ar Ó Bama oibriú le daoine nach n-adhraíonn é, bheadh dul chun cinn ann (de shaghas éigin). Ach is fear beag drochbhéasach neamhthuisceantach é.

aonghus said...

B'fhéidir nach bhfuil easpa saoirse ann. Ach is atheagar a chiallaíonn Peireastráice. (Sílim go raibh tú á mheascadh le Glasnost, oscailteacht).

Tá atheagar ar an gcóras de dhíth - i SAM agus san Iarthar i gcoitinne - má tá muid chun dul i ngleic lenár deacrachtaí eacnamaíochta.

Séamas Poncán said...

Ní aontaím leis sin ar chor ar bith.

aonghus said...

An bhfuil tú den tuairim go bhfuil rudaí go breá, mar sin? Agus muid uilig báite i bhfiacha? Agus ról ár reachtais á gcreimeadh i seomraí boird na n-ollchomhlachtaí? I ndáiríre?

Bíonn atheagar síoraí de dhíth ar an ndaonlathas, cosúil le córas ar bith eile daonna.