10 February 2011

Apologia pro túíta sua

Le scaitheamh táim ag túítáil faoi ainm an Chiorcail Díospóireachta.

Ní raibh sé i gceist agam ar dtúis ach fógraí ar mhaithe leis an gCiorcal a sheoladh. Ach shleamhnaigh mé isteach sa nós mion-teachtaireachtaí  faoi gach rud faoin faoin spéir a sheoladh. I cúl mo chinn bhí sé i gceist agam freisin slua leantóirí a bhailiú don gCiorcal ar mhaithe leis an scéal a scaipeadh.

Dar ndóigh ní eagraíocht atá i gceist leis an gCiorcal - níl aon choiste ann a d'fheadfadh mo chuid ghníomhachtaí a faomhadh. Ach ní bheadh sin soiléir don gnáth túíteadóir.

Táim buíoch mar sin d'Aonghus a léirigh bealach dom conas scoilt idir mé féin agus an Ciorcal a chuir i gcrích gan an saothar go dtí seo a chaitheamh i dtraipisí.

Mar sin beidh mo bhladar le léamh anseo agus fógraí an Chiorcail ansiúd -

3 comments:

Mise Áine said...

D'aithin mé do chaipín, nuair a bhí mé istigh ann ní ba luaithe...:-)

@ 'shleamhnaigh mé isteach sa nós mion-teachtaireachtaí faoi gach rud faoin faoin spéir a sheoladh'

Coinnigh ort!

ormondo said...

Tuít nó túít, nach mbeadh tuít ní ba chruinne ó thaobh na foghraíochta de?

Dála an scéil, dá mbeinn riamh i mBác (ach ní tharlaíonn sin go minic) ar oíche dhíospóireachta tá fúm buaileadh isteach chugaibh.

aonghus said...

Beidh fáilte romhat.

Roghnaigh mé túít mar gur fhuaimnigh sé sin i gceart ag abair.ie