Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-09-04

Eilifint agus Daille


Mar a gheall (bhagair?) sé tá alt ag Cailliomachas san eagrán reatha de Feasta ag plé an ghné ar ar thug sé "An Eilifint san Seomra". Sé sin, nach gcuirtear ceist na teangain san áireamh i bplé stair na hÉireann ach go hainnimh. An sampla a bhí aige ná leabhair i nGaeilge ar shaol Fintan Lalor.

Mheabhraigh cuid dá raibh á rá aige sliocht a léigh mé i "Mo Scéal Féin". Bhí an Laoghaireach tar éis aiste do scríobh ar "The Elizabethan Age of English Literature" agus é ar Mhá Nuad, agus duais gnóthaithe aige, agus é len a léamh do na hEaspaig.

Thug Easpag áirithe freagra air:
"Dheinis an méid sin go maith, a bhuachaill" ar seisean. Thugais do chuairt mór-thimpeall orthu go léir. Mholais léann na Gréige. Mholais léann na Rómha. Mholais léann na Fraince agus léann na Spáinne agus léann na hAlmáine. Ansan mholais go hard léann Shasana. Agus féach, oiread agus aon fhocal amháin amach as do bhéal ní dúrais i dtaobh léinn na hÉireann".1

Chuir an chaint sin ag Seán Mac Éil2 corr i meon agus saol an Laoghaireach - ag cuir ar neamhní a dhuairceas i leith na Gaeilge.

An tátal as sin? Go bhfuil oideachas agus ceannaireacht de dhíth.

Meabhraíonn ceist seo an eilifint scéal eile dom faoi eilifint. An seisear fear caoch agus an eilifint. De bharr gan ach cuid den scéal ag gach aoinne acu, níl raibh ar a gcumas an eilifint a thuiscint. Is amhlaidh don duine nach bhfuil teacht aige ach ar foinsí i dteanga amháin.

Ceist nach bhfuil teoranta don Ghaeilge, gan amhras. Léiríonn an léirmheas seo ar leabhar John Cornwell, Hitler's Pope, go raibh a anailís siúd thar a bheith lochtach de bharr an neamhaird a rinne sé ar fhoinsí Ghearmánacha.

Ach tá an fadhb córasach i leith stair agus cultúr na hÉireann. Ainneoin scoláirí aitheanta ar nós Declan Kiberd, a bhfuil cumas agus tuiscint san dá theanga acu, is láidre tionchar na bPriompalláin.

Mar sin, is tráthúil gurbh é focail scoir Calliomachas go bhfuil ár Roinn Oideachas féin de dhíth orainn.

Tá. Tá teip na Roinne Éadóchais ag creimeadh cultúr na hÉireann. Cúis sceoin is ea moladh MacCarthy an chúram ar fad a chuir fúthu. A mhalairt ar fad atá de dhíth.

Roinn Oideachas chumasach Gaeilge, le freagracht as Gaelscolaíocht ón réamhscolaíocht go dtí an cheathrú leibhéal. Cumhacht agus acmhainn chun leabhair a fhoilsiú - ainneoin gur ar Ghaelscoil a fhreastalaíonn mo leanaí, is i mBéarla atá sciar dá leabhair - an leabhar staire ina measc.

Siollabais céimithe do gach gné den Ghaeilge Bunghaeilge do chách, bunaithe ar an obair atá déanta maidir leis an Teastas Eorpach sa Ghaeilge. Cúrsa teanga dúshlánach do chainteoirí dúchais Gaeltachta agus do daltaí Gaelscoile faoi seach, a sholáthróidh maistrí ar an nGaeilge. Cúrsaí ollscoile a chuirfidh staraithe, dlíodóirí agus daoine gairmiúla eile den scoth ar fáil - iad fáiscthe as córas Gaelscolaíochta. Tar éis an tsaoil, léiríonn an taighde gurbh fearr an mata atá ag Ghaeilgeoirí atá cumasach san dá theanga, ná lucht aon teanga.

Delenda est Marlboro.

Ach níos tábhachtaí (agus mé ar bheagán Laidin - súil agam go bhfuil fear nó bean léinn in bhur measc a chuirfidh snas air)

Conditum est Regio Disciplinae Gaelicum!


Eilifint Mhór Ó Wikimedia
1Mo Scéal Féin, Caib. XIV Baol ar an nGaeilge
2 Níor aimsigh Google aon bheathaisnéis i nGaeilge dhom!