13 April 2010

Conas PDF de Ghaelscéal a fháil



Fig. 1.

Fig. 2.


Fig. 3.

  1. Téir go dtí an suíomh ag http://www.gaelsceal.ie/
  2. Brúigh ar an bpictiúr faoi "leagan digiteach" (Fig. 1)
  3. Brúigh ar "Roghchlár" ansin "Íoslódáil PDF" (Fig. 2)
  4. Brúigh ar "Download all" (Fig. 3)
  5. Nuair a osclaíonn acrobat reader i do bhrabhsaer, brúigh ar "Save as", agus roghnaigh ainm ciallmhar éigin!
Súil agam gur cabhair éigin é seo daoibhse nach bhfuil teacht agaibh ar leagan crua. Mar a deir na cuntasóirí, Earráidí agus Easnaimh as an áireamh!

N.B. beidh moill 2 lá (oibre?) ann idir foilsiú an nuachtáin ar an Aoine agus é bheith ar fáil ar an suíomh.

6 comments:

Séamas Poncán said...

gan fada sa URL

aonghus said...

Ceart agat, dar ndóigh. Ceartaithe anois. GRMA.

Mise Áine said...

Tá sé sin iontach ar fad! Go raibh céad mile maith agat, a chara.

ormondo said...

GRMA as an leid!

Lucy Ni Mhuineog said...

An féidir é an PDF in a uaslódáil ar léitheoir ar nós an Kindle ansin nó an mbíonn fadhb de bharr an méid pictiúr atá ann? Táim chun triail a bhaint as!!!

aonghus said...

Níl fhios agam! Bain triail as.