18 May 2010

Dúirt bean liom go ndúirt fear léi

Altanna stuama ag Kate Holmquist agus Ferdinand von Prondzynski maidir le cás an léachtóra, a chomhghleacaí mná, agus gnáis collaí ialtóga na meas.

Chuala mé cuid den agallamh a rinne an fear seo le Pat Kenny inné.

Bhí cuma na réasúntachta ar an méid a bhí le rá aige. Ach ní raibh mé ar mo shuaimhneas ag éisteacht leis, agus tá an trua agam don mbean sa chás - atá ainmnithe go forleathan sna nuachtáin inniu, tuigim.

Ceist íogair é seo; agus ní gheobhaidh muid an scéal ar fad riamh. Ach beidh sé deacair ag ceachtar acu éalú ón smál a fhágfaidh an raic poiblí seo, a scaip ar fud an domhain a bhuí leis an idirlíon.

Cuireann an scaipeadh seo le'm amhras, caithfidh mé a rá: tá an chuma ar an scéal gurbh eisean atá freagrach as an t-eolas a scaoileadh.

Tháinig mé ar chuid de anseo: agus cuireann sé le'm amhras.

2 comments:

Mise Áine said...

Thug mé suntas don scéal seo mé féin, a Aonghuis, nuair a léigh mé faoi san Indo inniu.

Tá rud éigin nach bhfuil baileach 'ceart' faoin méid atá ag tarlú, ach sé an smaoineamh a rith liom féin ná nár chóir go mbeadh an scéal seo sna meáin sa chéad áit - an é nach bhfuil gearáin mar seo príobháideach, nó in ainm a bheith príobháideach?

aonghus said...

Tá.

Agus gach cuma air gurbh eisean a scaip an scéal, ar mhaithe leis féin. Rud a chuireann le'm amhras.

Is féidir dar ndóigh go ndearnadh éagóir air, agus go shíleann sé nach bhfuil bealach eile lena cheart a fháil.

Ach.....