31 December 2013

Stair, scéalaíocht agus léitheoireacht

Agus é ag plé liosta leabhair Comhar bhí an méid seo le rá ag Vincent Morley:

Is é an chéad rud a ritheann liom gur ábhar suntais é go bhfuil trí cinn d’úrscéalta stairiúla i measc na leabhar a roghnaíodh – rud a léiríonn, cheapfá, go bhfuil suim ar leith ag údair agus ag léitheoirí na Gaeilge sa stair. Ach ina dhiaidh sin is uile, níl aon leabhar staire ar an liosta. Sílim gurbh fhiú d’aos liteartha na Gaeilge machnamh a dhéanamh ar an gcodarsnacht sin.
Tá níos mó le rá aige ar an ábhar, agus breis fós san bplé  sa dtráchtaireacht faoin alt.  Is fíor go raibh leabhar staire leis féin san áireamh agam i mo liosta. Ach sí an litríocht a mheall mise chun a leabhar siúd a léamh!

Maidir leis an méid eile atá le rá aige, is dócha gurbh fiú an liosta den 10 leabhair neamhfhicsean as an suirbhé a fhoilsiú anseo:
  1. Trén bhFearann Breac
  2. Leabhar Mór na nAmhrán
  3. An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar
  4. Ar Chreag i Lár na Farraige
  5. Fin de Siècle na Gaeilge
  6. Manuail de Litríocht na Gaeilge
  7. Seosamh Ó hÉanaí: Nár Fhágha Mé Bás Choíche
  8. An Dúchas agus an Domhan
  9. Beathaisnéis (Imleabhar 7-9) (féach ainm.ie)
  10. Mise an Fear Ceoil: Séamas Ennis - Dialann Taistil
Baineann na leabhair sin ar fad leis an nGaeilge nó leis an ceol - agus nasc láidir leis an nGaeilge i gceist.  Seachas dornán eolaire dúlra, roinnt ciclipéid eolaíochta le Matt Hussey, cúpla leabhar le Micheál Ó Breartúin agus corr leabhar fearacht "Ciste Cúrsaí Reatha" ní dóigh go bhfuil aon saothar tagartha as Gaeilge i mo chnuasach. Tá roinnt leabhar faoi chúrsaí creidimh agam as Gaeilge - an Caiticiomsa, abair agus corr saothar eile a chuir FÁS amach.

Téann sin go gcroí na ceiste a chuir Vincent sílim. Ní bhíonn daoine ag plé as Gaeilge go gairmiúil ach an Ghaeilge. Mar sin, is beag tarraingt ar saothair tagartha.

Is maith liom féin úrscéalta, úrscéalta stairiúla ina measc. Ach is túisce a tharraingeoinn úrscéal chugam ná leabhar staire agus mé ag léamh - ar an gcúis simplí gur mar chaitheamh aimsire atáim ag léamh. 

Tá baol ansin don teanga ar ndóigh - go dtiocfaidh meath uirthi sna réimse nach bhfuil sí á saothrú. Beart fónta ina choinne sin is ea Féile Imbolc! Pléitear ansin an iliomad ábhair trí Ghaeilge - seachas an teanga féin!

Meas sibh ar cheart dom féin tabhairt faoi Leabhar Mór an Athrógseanchais?

30 December 2013

Gaeilgeoirí, Gaeltacht agus Gearáin

Ó d'fhógair Seán Ó Cuirreáin go mbeadh sé ag éirí as i mí Feabhra ceal tacaíocht Rialtais don nGaeilge sa Ghaeltacht tá roinnt beag cainte déanta ar an ábhar. Ach tá an dioscúrsa sna meáin Bhéarla teoranta don gcuid is mó do pé acu an bhfuil nó nach bhfuil seirbhísí ag dul do na cancráin sin ar mian leo Gaeilge a labhairt ainneoin Béarla a bheith go paiteanta acu. 
Féachtar arís eile ar an nGaeilge mar chostas, gan aon tuiscint cén fáth go gcaithfí airgead uirthi.
Táimid mar Ghaeilgeoirí ciontach ar bhealach sa tslí is nach bhfuil aon fhís dhearfach curtha chun cinn againn. Ar shlí, is de bharr go bhfuil muid ró ghafa ag dul i ngleic le fir soip agus bréaga atá sin amhlaidh - an finscéal go bhfuil dualgas gach cáipéis a thiontú go Gaeilge mar shampla.
Tá deá mhéin áirithe ag an bpobal don teanga mar a léirigh taighde Mhic Gréil. Tá dar ndóigh sciar glórach den bpobal atá dubh i gcoinne na Gaeilge. Cuid acu, iriseoirí mór le rá, nó ar laghad a bhfuil mórán le rá acu!
Is gá áfach cur ina luí ar an bpobal i gcoitinne nach sprioc seirbhíse as Gaeilge ach modh, modh chun an Ghaeltacht agus pobail eile labhartha na Gaeilge a neartú agus a chaomhnú. Creidim féin gur acmhainn - ar leibhéal pearsanta agus ar leibhéal stáit - í an Ghaeilge. Fearacht acmhainn ar bith, is fiú infheistíocht inti chun í a fhorbairt agus a neartú. Scríobh mé, mar is iondúil, litir nó dhó ag na nuachtáin, ach níor foilsíodh iad. Seo thíos iad:

The resignation of Seán Ó Cuirreáin as Language Commissioner is the logical conclusion of his work over the last ten years, work which has systematically exposed and documented that the State, despite the rhetoric, has not merely fiddled while the Gaeltacht burned, it has poured oil on the flames.
The agencies of the State have imposed compulsory English, thus accelerating the decline of Irish speaking areas. Measures designed to allow for service in Irish, to those whose first and main language it is, were consistently and deliberately subverted.
This has cost us all dear. Other small nations in Europe emerged from the Age of Empires with their languages weakened. However, they recovered and compete successfully on the world stage - if English is such an advantage, where is the Irish Nokia or Skoda?
The reality is that as Irish receded we have become a small provincial part of the English speaking market with no domestic market in which indigenous companies can build up strength.
All is not lost however. The grassroots Gaelscoileanna movement shows that Irish can be taught outside its heartland - and that education in English, Maths and other subjects benefits from bilingual education.
Small companies set up to provide Irish language material to TG4 have, especially in the area of animation, become Emmy winning exporters, for example,  Telegael. Books produced for Irish speaking children by FutaFata have been translated to Chinese and Korean. Irish speaking musicians such as Clannad and Altan have long been a source of attracting tourists to this country.

In a globalised age, it is the local and unique which provides a selling point, not merely to tourists but also in manufacturing and services.
The Irish language and Gaeltacht culture is such a unique resource which can pay rich dividends, if invested in. It is to be hoped that the Government seizes the opportunity this wake up call provides, and addresses the failures of the past systematically and creatively.
Otherwise we will continue to educate our young for export, and rely on the charity of transient foreign direct investment which must be bribed by low taxes.
Those of us who speak Irish will continue to do our part.


When the provision of services to citizens in Irish is discussed, there seems to be a tacit assumption that this is a pure cost, and a redundant one to boot as "they all speak English anyway".
It would be more correct to view it as an investment in maintaining the linguistic and cultural diversity needed for a flourishing knowledge economy.
That the Gaeltacht is a valuable resource has already been amply proven. Examples abound: Even the most vocal critics of its founding now admit that Telefís na Gaeilge (since renamed as TG4) has been a resounding success. It has demonstrated innovation and spawned a network of award winning independent producers such as Telegael, who export their animation skills. Aer Árann, primarily founded to serve the PSO to the Aran Islands, now has flights to the UK and further afield. Oideas Gael has a flourishing cultural tourism business in Donegal, built on the foundation of Irish Language classes, but branching out.
Clannad, Enya and Altan - formed by Gaeltacht influences - have long been attracting tourists to Ireland.
It is not in dispute that English is increasingly the language of technology and business. However, even here the bilingual speaker has an advantage. Increasingly, it is the second language speakers of English who are driving business - and this leads to an idiom which the native speaker of English may miss or find confusing; the bilingual will see the nuances more clearly.
Ironically, British retail chains appear to have realised that Irish is good for business, and have bilingual signage in their shops. Similarly, the Irish Independent is funding a weekly Irish language supplement, and your own paper has the excellent Bileog page.
The outgoing Language Commissioner Seán Ó Cuirreán has highlighted what needs to be improved, and made constructive suggestions as how this might be achieved. It is to be hoped that the Government takes the opportunity of the current review of the Official Languages Act to improve it and invest in the Gaeltacht to all our benefit.


Ní le lucht labhartha an Bhéarla amháin atá an cás seo le déanamh, ach leo siúd atá sa Ghaeltacht freisin. Duine a bhfuil Gaeilge acu de bharr taisme a beirthe ann. Daoine a thuigeann go maith go bhfuil cónaí orthu i bpobal imeallaithe agus gur dris cosáin rompu é gan máistreacht a bheith acu ar an mBéarla, fiú má tá post le fáil acu abhus. Cloisim daoine ag trácht ar phobal na Gaeltachta a bheith "leisciúil" toisc gan an fhlosc céanna a bheith orthu ag éileamh seirbhísí Gaeilge agus atá ag díograiseoirí  cathrach, daoine a bhfuil cinneadh comhfhiosach déanta acu Gaeilge a shealbhú agus a bhuanú dóibh féin. Cáintear aos óg na Gaeltachta as an easpa díograis céanna.
Seafóid cruthanta atá anseo. Fearacht duine ar bith eile, is mian leis an duine óg Gaeltachta dul ar aghaidh san saol. Is mian leo post maith a fháil. Mar an gcéanna, is mian le tuismitheoir Gaeltachta an deis is fearr a bheith ag a dteaghlach.
Is pobail tuaithe atá i gceist; áit ar comharsan go minic iad na Gardaí agus feidhmeannaigh Stáit eile ar gá plé leo - agus Gaeilge a "bhrú" orthu. Is minic iad spleách ar iliomad bealaí ar an Stáit céanna, mar a léirigh scéal léanmhar Guth na Gaeltachta, guth atá nach mór balbh anois de bharr dúmhál Stáit, is cosúil. 
Fostaíocht eochair feabhas sa Ghaeltacht. Is léir nach féidir bheith ag braith ar Údarás na Gaeltachta a bhfuil díth acmhainní orthu. Is léir freisin, dá fheabhas iad Raidió na Gaeltachta agus TG4 nach féidir a bheith ag tógáil ar fiontair chun seirbhísí a chuir ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge amháin. Creidim,  ach an oiread agus atá a leithéidí de dhíth don Stáit i gcoitinne, gur comhlachtaí beaga ag cuir seirbhísí agus earraí déantúsaíochta ar ard luach agus caighdeán ar fáil atá de dhíth.
Tá samplaí ann cheana - cuid acu luaite agam thuas, ach freisin leithéidí FolláinPotadóireacht na Caolóige. 
An cheist anois conas is féidir linne, ar cás linn an Ghaeilge, tacú leis an athbheochan eacnamaíocht sa Ghaeltacht, agus an cás do seirbhís as Gaeilge ann a threisiú.

22 December 2013

Suirbhé Leitheoireachta Comhair

D'fhoilsigh Comhar torthaí an suirbhé faoi na deich leabhar Gaeilge is fearr ó bhí casadh na mílaoise ann.Tá alt ag an eagarthóir liteartha Máirtín Coilféir san Irish Times freisin. Sílim go bhfuil sé suntasach go raibh 219 leabhar luaite ag an 50 duine - mise ina measc - a lorgaíodh a dtuairimí. Roghnaíodh an deich leabhar seo:

  1. Trén bhFearann Breac le Máirín Nic Eoin (Cois Life, 2005)
  2. An Cléireach le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac, 2007)
  3. Fontenoy le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2005)
  4. An Fuíoll Feá: Rogha Dánta le Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2013)
  5. An Fear Nach nDéanann Gáire le Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht, 2003)
  6. An Tionscadal le Tomás Mac Síomóin (Coiscéim, 2007)
  7. An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire le Biddy Jenkinson (Coiscéim, 2008)
  8. Leabhar Mór na nAmhrán le Lochlainn Ó Tuairisg, Micheál Ó Conghaile, Peadar Ó Ceannabháin (eag.) (Cló Iar-Chonnacht, 2013)
  9. Úlla le Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2005)
  10. Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi (Leabhar Breac, 2012)

Tá mo liosta féin thíos as ar roghnaíodh péire, agus roinnt tagairtí: bhí sé deacair orm roghnú, agus níl mé tógtha le liostaí. Tá a lán ábhar spéisiúil san eagrán de Iris Comhar. Agus is léir go bhfuil foilsitheoireacht na Gaeilge folláin go maith má bhí an oiread sin leabhair  san iomaíocht. Tá na leabhair atá agam curtha i gcló trom agam thuas, tá sé i gceist agam teacht ar chuid de na cinn eile. Is smaoineamh maith a bhí san suirbhé seo, agus tá súil agam go n-eascróidh plé as.


1) An bhFuil Stacey ag Iompar
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2011.54
D'fhoilsigh Comhar léirmheas liom air, bunaithe ar an sliocht seo:
http://aonghus.blogspot.ie/2011/10/cos-ar-bolg-gan-cluichi-na-aran.html
Úrscéal imeachta an Thíogair Ceiltigh par excellence!

2) Gluaiseacht
Alan Titley
ISBN 9781857917550
An Gúm 2009
http://aonghus.blogspot.ie/2009/12/gluais-mhic-gluais.html

3) ad delectationem stultorum
Bog / Paperback
Philip Cummings
Coiscéim 2012
€10
http://aonghus.blogspot.ie/2013/08/ta-aoibhneas-ar-oinmhid-seo.html

4) An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac 2007
http://aonghus.blogspot.ie/2007/12/clireach.html

5) Scéal Ghearóid Iarla
Máire Mhac an tSaoi
Leabhar Breac
€15.00 (crua), 112 lch;
ISBN 978-0-898332-53-7
http://aonghus.blogspot.ie/2011/12/eachtrai-ghearoid-iarla.html

6)
Ó Chéitinn go Raiftearaí
Vincent Morley
Coiscéim 2011
http://aonghus.blogspot.ie/2013/08/fotha-file-foghlaim-fotha-staire.html

7) Dar Liom
 Philip Cummings
= 2008.61 =

http://www.coisceim.ie/darliom.html
http://aonghus.blogspot.ie/2009/04/saoi-sceal-de-reir-philip.html

8) Gonta
Alex Hijmans
Gonta
ISBN: 9781907494291
Foilsithe: 2012
http://aonghus.blogspot.ie/2012/11/an-gra-sa-ghruaim.html

9)

Beirt Bhan Mhisniúla
Pádraig Ó Siadhail
ISBN: 9781905560745
Cló Iar-Chonnacht 2011
http://aonghus.blogspot.ie/2012/09/beirt-bhan-millte-no-ea.html

10) Filleann Seoirse
Éilis Ní Anluain
€18.00 (crua),
176 lch,
ISBN 1 898332 59 6
http://aonghus.blogspot.ie/2013/06/triantan-suthain-gra.html

20 December 2013

Seilg an ghuais rása

Tá sé de dhrochnós ag ríomhaire díreach an rud a dúirt an ríomhchláraitheoir leis a dhéanamh, a dhéanamh. Is minic áfach nach é an rud a shíl an ríomhchláraitheoir a dúirt sé an rud a dúirt sé. Bíonn fabht ann ansin. 
Ní féidir le ríomhaire ach rud amháin a dhéanamh san turas ach oiread. Bíonn an cuma air go mbíonn - go háirithe ar PhC - an t-uafás rudaí ar siúil. Ach dáiríre, níl ach rud amháin, ordú amháin, á chomhlíonadh ag an ríomhaire. An rud atá ag tarlú ná go bhfuil máistir chláir amháin ann, an córas oibriúcháin, atá ag dáileadh giotaí beaga ama agus cuimhne ar na feidhmchláir ar fad atá ag obair. Go hiondúil, bíonn obair feidhmchláir briste síos i dtascanna ar leith, a bhíonn ag comhoibriú le chéile. Snáithe a tugtar ar na codanna seo.
Cuireann sin ar fad leis an gcastacht, nó i nath atá ag fear atá ag obair liom le "meidhre na náisiún".
Tá aicme ar leith de fhabhtanna ann atá deacair dul i ngleic leo. Fabhtanna nach nochtann iad féin ach anois is arís, agus an cuma ar gurbh go randamach a tharlaíonn sin.
Tarlaíonn sé mar shampla go mbíonn cuid amháin, snáithe amháin, spleách ar tasc atá le comhlíonadh ag snáithe eile. Nó go mbíonn athróga roinnte idir snáthanna. Tharlódh sé, mar sin, go dtarlódh rudaí in oird éagsúil de réir mar a dháiltear acmhainní. Agus nach nochtfaí fadhb atá ann ach go hannamh, nuair a tharlaíonn rudaí in ord áirithe. Tugtar "guais rása" ar a leithéid, amhail is dá mbeadh na codanna den clár ag rásaíocht le chéile, braitheann an toradh ar cén chuid a bhaineann an geall!
Is crá croí a leithéid don ríomhchláraitheoir i mbun dífhabhtú. Is é an chéad céim ná bealach iontaofa a aimsiú chun an fhabht a nochtadh. I gcás guais rása, is iondúil go mbíonn a lán trialacha i gceist chun an bealach sin a aimsiú. Ach a mbíonn an chéad céim sin comhlíonta, níl i gceist ach foighne agus cruinniú meabhrach chun an fhabht a cheapadh.
Bhí tasc mar é idir lámha agam le linn na seachtaine. Bíonn cuid de phléisiúir na seilge a baint lena leithéide, mar a nocht mé ar Twitter.
Ní raibh an fabht áirithe seo feicthe againne sa phromhadh. Faraor is ár gcustaiméirí a chonaic i dtosach é, mar go raibh ríomhairí s'acu rud beag níos sine agus níos moille dá réir. Ach, mar a tharlaíonn go minic, nuair is eol do na ríomhchláraitheoirí an fabht a bheith ann, nochtann sé níos minice!  
Bíonn uirlisí ann chun cabhrú le ríomhchláraitheoirí dífhabhtú - chun dul tríd an gclár céim ar chéim, ach féachaint go grinn ar cad atá á dhéanamh ag an ríomhaire.  Ach níl aon mhaith ina leithéidí do guais rása - athraíonn siad an iompair ama, agus go hiondúil ceileann siad an fhabht. Tá dóigh eile ann, sé sin rud éigin a chuir isteach sa chód chun eolas a thabhairt ar cad atá ag tarlú.  Tá sin baolach freisin, mar athraítear an ríomhchlár, agus is féidir go gceilfí an fabht.
Bíonn scil, súil ghéar ar an gcód, foighne agus ádh de dhíth chun toradh rathúil a bhaint amach.
Mar a tharlaíonn, ar an ócáid seo, bhí liom agus d'aimsigh mé an fabht. Athróg a bhí á athrú in áit amháin, agus áit eile ag dréim leis an sean luach a bheithe fós ann, agus botún sa chlár dá réir. Botúin a scaip tríd an clár ar fad. (Níos fearr fós, ní i mo chuidse den cód a bhí an fhadhb!)


09 December 2013

Oideachas, oiliúint agus táblaí léig

D'fhoilsigh an Irish Times táblaí léig le déanaí maidir le cén sciar de na daltaí as gach meánscoil a chuaigh ar aghaidh go dtí Ollscoil san dlínse seo. Bhí an ghnáth bladar ann ina dhiaidh, agus clamhsán freisin faoi gurbh iad clann dochtúirí agus lianna a fhreastalaíonn ar scoileanna le táillí a bhaineann amach na háiteanna sna hábhair sin sna hollscoileanna. Agus an éamh arís gurbh iad na Gaelscoileanna is airde i measc na scoileanna gan táillí, amhail is gurbh cinseal iad lucht na Gaeilge.

Anois, is fíor go mbeadh daoine ann a shíleann iad féin gan a bheith sách acadúil le freastal ar Ghaelscoil. Go deimhin, fiú leanaí teaghlaigh Gaelacha le riachtanas ar leith foghlama, is minic lucht leigheas ag moladh dá dteaghlaigh - beag beann ar thaighde ná fianaise - gur fearr éirí as an nGaeilge leo. Tá cás le déanamh go mba cheart do Ghaelscoileanna iarracht ar leith a dhéanamh a leithéidí agus leanaí nach de bhunadh na hÉirinn a mhealladh. Ní dóigh liom go ndéanfaidh sé difear dá laghad do na torthaí. Tá leaid de bhunadh na hAfraice in aon rang le mac liom, agus is Síneach í máthair an cara is fearr atá ag m'iníon ina scoil siúd. Is minic, leoga, go ndéanann leanaí mar iad dul chun cinn níos fearr sna Gaelscoileanna de bhrí go bhfuil tuiscint ann ar an ilteangachas.

Agus go deimhin, sheol Pobalscoil Corca Dhuibhne - áit ina raibh sé ina chogadh dhearg traidhfil blianta ó shin faoine dteanga teagasc - an rang ar fad ag an Ollscoil i mbliana. As ceantar tuaithe, agus sciar d'abhantrach na scoile ina bhfuil an Ghaeilge imithe as béal na ndaoine.

Ní chuige sin atáim dáiríre, ach racht ginearálta faoin oideachas. Ní innill iad na scoileanna chun fodar a chuir ar fáil don gheilleagar. Ról an oideachas ná cabhrú le gach dalta barr a chumais féin a bhaint amach. Ní gá gurbh oideachas ollscoile an bhuaic sin, ná gur chun leas an dalta é ach oiread.

Níl aon cheist ach go bhfuil éagothroime uafásach san tír seo, i gcúrsaí oideachas chomh maith le gach chúrsa eile. Ach is roimh an mbunscoil a thosaíonn an éagothroime céanna! Agus ní hionann comhionannas deiseanna agus comhionannas torthaí.

Dá mba mise an Aire Oideachais, bheinn ag díriú ar na buntáistí a fhaigheann leanaí an mheánaicme, ar mhór acu oideachas, a chuir ar fáil dóibh siúd nach bhfuil an traidisiún léann sin acu. Sin le rá, go mba cheart fail éasca a bheith ar réamhscolaíocht ag gach leanbh, ach mórchuid na hacmhainní a bheith dírithe orthu siúd nach bhfuil oideachas maith faighte ag a dtuismitheoirí. Agus bricfeasta agus lón a bheith san áireamh!

Fós féin, ní bheidh an suim ná an cumas ag gach duine bheith ina lia ná ina dhlíodóir. (Agus faraor tá gach cuma ar an scéal go leanfaidh an gorta innealtóirí!)

Ná ní dóigh liom gur lú uaisleacht ná fiúntas don pobal ceardaí maith. Agus sin bearna ollmhór sa chóras abhus, le hais, mar shampla, an Ghearmáin, áit a bhfuil córas eagraithe printíseachta ann, ní hamháin do leithéidí na siúinéirí agus pluiméirí - ach do mórán chuile ghairm,  fiú do na giollaí sna siopaí. Bíonn deis ag déagóirí a gceard a fhoghlaim i gceart, agus iad ag obair roinnt laethanta sa tseachtain agus ansin ar ghairmscoil na laethanta eile. Rud a fhágann go mbíonn oideachas sách iomlán orthu le haghaidh an cheird agus le haghaidh an saol. Go hiondúil freisin bíonn conair chinnte chun dul ar aghaidh go hoideachas ollscoile más é sin an mian atá acu ach an printíseacht a bheith comhlíonta.

Ach níl maitheas ar bith i mioscais a chothú le táblaí léig agus bladar faoi na scileanna atá "de dhíth ar an ngeilleagar". Cabhraítear le gach dalta a bhuaic féin a bhaint amach, buaic a chumais agus a spéise, agus is fearrde muid ar fad!

Agus sin mo racht go n-uige seo.

An Cruastóir & An Mhéar Fhada

Ní minic go léim drámaí, ach bhí fonn orm, nuair a chonaic mé sa leabharlann an leabhar seo, blaiseadh de shaothar Johnny Chóil Mhaidhc arís. Dhá dhráma lán de ghreann créúil. San Cruastóir (n -> r Chonamara arís!) tá seanfhear sprionlaithe i mbéal an bháis agus súil santach ag an chléir agus ag a ghiolla ar a stór. Casadh iontach in eireaball an dráma, a mhúineann ceachta nach miste faoi chraos, agus dílseacht clainne.
Drúis, deoch agus díomhaointeas sa dara dhráma, agus comhrá grinn den scoth ann.
Ní fhaca mé riamh aon chuid de shaothar Johnny Chóil Mhaidhc ar stáitse, mór an trua - agus ní fhaca mé ach giotaí beaga ar líne nó ar an teilifís. Bheadh fonn orm níos mó a fheiceáil mar is léir ó na drámaí seo go raibh cluas agus intinn ghéar aige, agus é in ann caint chréúil, chruinn, cuanna a chuir ar dhrámaí an ghnáthshaoil.




An Cruastóir & An Mhéar Fhada
Johnny Chóil Mhaidhc
Tagairt: ISBN 1 874700 09 5  

08 December 2013

An Deireadh

Fuair mé an t-úrscéal seo le Séamas Mac Annaidh ón leabharlann le déanaí (tá sé as cló, is cosúil).
Tosaíonn an scéal amach go séimh, dialann fhir meánaosta. Tá na páistí imithe as an dteach, agus a chaidreamh ag dul chun leadráin ... géarchéim lár na beatha? Diaidh ar ndiaidh áfach éiríonn an scéal níos dorcha. Tagann casadh obann reacaireachta ansin, taobh a mhnaoi den scéal á nochtadh i litreacha. Díreach nuair a shíleann an léitheoir go bhfuil fios feasa na scéala aige, casadh eile reacaireachta. Agus arís, agus arís eile. Fágtar an léitheoir ag deireadh le scata féidearthachtaí réitigh, gan nod cé acu is dóichí!
Is léir gur dalta é Mac Annaidh de chuid Flann Uí Bhriain nár ghéill gur gá tús agus deireadh amháin a bheith ag scéal! Dalta diongbhála a mháistir é, más ea - bhí mé iomlán tumtha san úrscéal seo, na castaí is iontaí ann iomlán inchreidte agus mé ag léamh. 
Scéinséir a thugann an foilsitheoir ar an saothar seo, agus is cinnte go bhfuil a leithéid ann; ach tá sé níos cliste ná sin, agus mar a deirim ní scaoiltear an scéal go hiomlán ag an críoch - nó, le bheith cruinn, fágtar faoin léitheoir rogha a dhéanamh idir na léargais éagsúla ar an scéal. 

Thaitin sé go mór liom (agus le hais saothair eile dá chuid, ní raibh an léitheoireacht chomh trom céanna!)

An Deireadh
Séamas Mac Annaidh
Coiscéim 1996.7

07 December 2013

Ní Western go Gaoluinn!

Bhí mé san New Theatre aréir do LaraeDó, an éacht is déanaí ó Aisteoirí Bulfin ó pheann Aoidh Uí Domhnaill. Ceoldráma lán grinn a bhaineann casadh ealaíonta as tróip uilig na Western. Tagann an bhfear saonta ón gcathair Buddy (Aodán Ó Ceallaigh) isteach go mbaile san Iarthair fiáin atá faoi smacht ag rainseoir craosach. San salúin atá aicsean ar fad an dráma suite. 

Amharclann sách beag is ea an New Theatre, agus gan cuirtín ar an stáitse. Bhí an amharclann plódaithe agus muid ag dul isteach, agus bhí cuid den gcliar ar an stáitse cheana féin, ag imirt cártaí mar dhea, agus Ger (Tadhg Ó Conchubhair) ag glanadh fuinneog samhlaithe idir stáitse agus pobal. Bhí na gothaí agus an ngeáitsíocht paiteanta acu ar fad. Bhí ceol sa chulra agus bheadh, sílim, Ennio Morricone in éad le cumas feadaíola Bhríd Ní Ghruagáin!

Tá an dráma ag dul ar aghaidh go dtí an Taibhdhearc, mar sin ní mian liom aon rún a sceitheadh faoi na coranna iomadúla a chuireann an scéal de, seachas a rá go bhfuil úsáid chliste bainte ag Aodh as na tróip -  na bundúcs (bundúchasaigh) in adharca leis an GealGhall, ach an dá phobal - agus na Meicsicigh - fite fuaite ina chéile. An posse, an buíon linseála, an Boss mór craosach agus a chuntóir bómánta, na cailíní salúin,  grá, drúis, éad, cearrbhachas, caimiléireacht, an Praeitseálaí cham, ...

De bhrí gurbh daoine ó ar fud na tíre atá ag plé le hAisteoirí Bulfin, bíonn meascán spéisiúil canúintí i gceist - agus baineadh feidhm as na difríochtaí sin go héifeachtach feictear dom, chun cuir le pearsan na carachtair, chun píosa eile grinn a shú as na codarsnachta - agus bhí greann ann, ambaiste. 

Ba mhinic an slua ag gáire go croíúil nuair a leandáil duine ar an stáitse pointe bhreá eile pé acu le gothaí nó le focail chliste. Bhí na hamhráin fite fuaite isteach san aicsean, á bhogadh ar aghaidh (agus is éacht an féin é drong maith amhránaithe a thabhairt le chéile), focail chliste nua curtha ag Aoidh Ó Domhnaill le foinn atá geal le bheith smolchaite ag ró úsáid sna scannáin - ach  beatha nua acu anseo.

Thug na hAisteoirí léiritheoir proifisiúnta isteach chun breis snasa a chuir ar an dtaibhe seo; agus braithim gur thug sin céim eile chun cinn iad.

Ní aisteoirí proifisúnta iad Aisteoirí Bulfin - ach, dar m'fhocal - tá siad gairmiúil!

Cliar an Dráma
Buddy: Aodán Ó Ceallaigh
Mr. Lucas: Mícheál Ó Gruagáin
Padré: Aodh Ó Domhnaill
Mrs. Fitz Aoife Ní Ghlaicín-Riain
Hunk: Gearóid Ó Mordha
Rita: Caoileann Nic Dhonnchadha
Johnny: Lionel Mac Cárthaigh
Buck: Oisín Ó Cualáin
Ger: Tadhg Ó Conchubhair
Betsy: Sinéad Ní Uallacháin
Molly: Niamh Ní Thuama
Maggie: Aoileann Ní Chonchubhair
Léiritheoir: Barry Barnes
Bainisteoir Léirithe: Lelia Ní Chinnéide
Dearadh soilse agus fuaime: Mike Donoghue
Soilse agus Fuaim: Mike Donoghue, Méabh Ní Loingsigh, Colm
Criú Stáitse: Gráinne Nic Fhirléinn
Stiúrthóir Ceoil:Bríd Ní Ghruagáin
Ceol: Con Ó Tuama agus Conor Ó Dochartaigh

02 December 2013

Cogito


Leabhar eile a chroch mé abhaile liom ó Bhéal Feirste ná Cogito, an saothar is déanaí ón tSnáthaid Mhór. Táim ag cnuasach saothar an tí foilsitheoireachta ar leith seo le fada agus ag tuairisciú  faoi anseo.
(Níor éirigh liom lámh a chuir ar Ó Chrann go Crann fós, níl iPad agam agus níl an cuma air go bhfuil sé ar fáil don Android faraor)
Tá an saothar seo, mar a atá le feiceáil thuas, sa chonair céanna sin ach seans rud beag níos osréalaí. Má tá fréamhach ag an scéal sa Bhéaloideas - Ghaelach nó Idirnáisiúnta - is i ngan fhios domsa é, cé go bhfuil móitíf an scáth caillte sna scéalta ceart go leor.
Tá níos oiriúnaí ná na scéalta eile do ghasúir níos óige, is dócha, cé nach aon strainséirí iad arrachtaigh agus fathaigh i scéalta do pháistí!
Tá saothar ealaíona Andrew Whitson lomlán de mhionsonraí áille, glice, samhlaíocha. Seod eile ealaíona! 

01 December 2013

Amaidí

Ciarán Ó Nualláin
Agus mé san Pavilion ag ócáid de chuid IMRAM tháinig mé ar chóip d'Amaidí (1983) ar seilf ina bhfuil daoine ceaptha leabhar a fhágáil in aghaidh an leabhar a tógtar. Beidh orm filleadh uair éigin agus leorghníomh a dhéanamh - ní raibh leabhar liom.
Bhí cóip d'eagrán 1951 agam cheana a phioc mé suas i siopa dara láimh uair éigin, ach sa mhullach ar an gcóip sin a bheith ag titim as a chéile, tá a dhá oiread ábhar sa chóip seo.
Tá sé lán de shamhlaíocht greannmhar searbhasach, aistí a foilsíodh in Inniu tráth den saol.
 Is eagal liom a rá gurbh mise an chéad duine a léigh an chóip áirithe seo - bhí cuid den na leathanaigh fós gan gearradh! Neamhaird ar an leabhar, mar a bhí cuid mór ar an údar de bhrí gur chaith sé a chuid dua ar fad leis an nuachtán Inniu.
Is mór an trua sin mar is léir ó na haistí seo an mianach grinn agus samhlaíochta a bhí aige. (Cuireann líníochtaí Karl Uhlemann leis an spraoi)
Tá na smaointe aige faoi gluaisteáin a thiocfadh meisce ar ar chomhchéim lena thiománaí, abair, nó an seirbhís Misneoirí Liteartha le cuidiú le húdair Gaeilge thar cinn ar fad. Agus déanann sé spior spear in altanna eile de bhrilléis agus bréag-ghalántacht sna nuachtáin - píosa mós greannmhar faoi cúir Bhanríon Eilís agus a fear ar an Nigéir ina measc. (N'fheadar cad a bheadh scríofa aige faoin íoladhradh a déanadh agus í abhus)
Más féidir leat do lámh a leagan ar chóip, déan - bainfidh tú sult as!
Is mór an trua nach bhfuil cartlann Inniu ar líne - go deimhin níor éirigh liom teacht ar mórán eolas faoi ar líne. Ní dóigh liom gur léigh mé féin riamh é.

Scéalta Ó Oileán An Turtair

Nuair a bhí mé sa Chultúrlann ar na mallaibh, fuair mé an leabhar seo le bronnadh ar m'iníon dá lá breithe. Athinsint ag Gabriel Rosenstock ar scéalta Céad Náisiún Meiriceá Thuaidh atá ann. (Níl mé ceanúil ar bhotúin - nó bolscaireacht - Cholumbus a bhaist Indios orthu)

Scéalta fréamhaithe san dúlra agus san samhlaíocht anseo, mar is iondúil le Märchen tá ceacht sna scéalta faoi iompair cuí daonna, rabhadh faoi craos nó éagóir.

Thaitin an scéal liom faoin iascaire a rinne níos mó ná a riachtanais féin ar bhradán a thógáil as an abhann, agus a chaill gach rud. Tá dinnseanchas bealach na bó finne le fail ann - ach gurbh gadhar agus mion coirce atá i gceist. 

Is ar páistí rud beag níos sine ná m'iníon atá an leabhar dírithe ach bhain muid sult as mise á bheith á leamh di - tá sí ag léamh as a stuaim féin seachas sin, ach fós sásta scéal a chlos ó dhaoine eile.

Tá an dearadh go deas freisin, luachanna táirgeachta maithe ag Cló Maigh Eo.



Scéalta Ó Oileán An Turtair
Le Gabriel Rosenstock
Foilsitheoir Cló Mhaigh Eo