Ní cosán stairiúil an Sentier Cathare, marab ionann abair agus an Camino de Santiago. Is siúlóid marcáilte é - nó le bheith cruinn córas de shiúlóidí marcáilte ón Port la Nouvelle ar an Meánmhuir go dtí Foix sna Piréiní. Ba cuid beag de a shiúl muidne le cabhair ó bhileoga i bhFraincis a fuair muid ón gníomhaireacht taisteal agus freisin lámhleabhar (a bhronn an gníomhaireacht orainn) agus léarscáil 1:55000 a cheannaigh muid. An deacracht leis an lámhleabhar ná gur ndearna sé cur síos ar an gconair ón muir go dtí na sléibhte, agus bhí muidne á shúil san treo eile. Bhí na bileoga maith go leor ach ní raibh mionsonraí orthu.
Tá taithí agam ón nGearmáin agus ó Phoblacht na Seice ar chosáin marcáilte. Ach tá córas na Fraince rud beag éagsúil, rud ba chúis linn dul ar strae ó am go chéile. Ar ámharaí an tsaoil bhí comhrá agam le fear as Québec san brú i Carcassonne a thug nod dom faoin difear is suntasaí le tíortha eile: Nuair a bhíonn bealaí éagsúla ag dul ar an gcosán céanna is minic ná bíonn marcáilte ach an ceann is "tábhachtaí" díobh, mar shampla ceann de na "Grand Randonnées". Fágann sin gurbh gá bheith thar a bheith airdeallach nuair a scarann an conair atá uait ón mbealach marcáilte sin. Thug muid faoi deara agus muid ag siúl gurbh amhlaidh go raibh na comharthaí cén cosán gan dul níos flúirsí ná na comharthaí cén bealach le dul! Bhí comharthaí le ainmneacha bailte agus a leithéid orthu i bhfad níos gainne ná mar a bhí súil agam leis. Bhí pollaí fearacht an chinn thuas ann ceart go leor anseo agus ansiúd, ach is minice arbh gá dúinn súil in airde a bheith againn do marcanna ar chlocha nó ar chrainn. Ba faoiseamh i gcónaí é theacht ar mharc mar é tar éis gabhal nó casadh sa chosán!
Bhí an corrán gealaí úd ar chúlra dubh go fánach ar na comharthaí a chonaic muid, cé go raibh sé síonchaite go minic agus uaireanta ar lár ar fad ar na pollaí. Tagairt atá ann do na Catáraigh, bunaithe ar an déachas a bhí mar cuid dá creideamh, i. an tuiscint go raibh Dia maith agus droch-Dhia ann, agus gurbh den droch-Dhia an saol thart orainn.
Bhí an corrán gealaí úd ar chúlra dubh go fánach ar na comharthaí a chonaic muid, cé go raibh sé síonchaite go minic agus uaireanta ar lár ar fad ar na pollaí. Tagairt atá ann do na Catáraigh, bunaithe ar an déachas a bhí mar cuid dá creideamh, i. an tuiscint go raibh Dia maith agus droch-Dhia ann, agus gurbh den droch-Dhia an saol thart orainn.