Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-06-30

Gaisceoireacht thaitneamhach

Pictiúr den gclúdach seo a scaip Micheál Ó Meachair ar Twitter a phrioc mo shuim agus chuir mé fios tríd BorrowBooks ar an leabhar seo le Deasún Breatnach.
(Tá breis saothair leis an maisitheoir, Máirtín De Fuireastal, le feiceáil anseo).
Saothar de chuid na 1960í atá ann, tréimhse dorcha an chogadh fhuair agus deireadh an domhain ag barr a méire ag uachtaráin an Aontais Soibhéideach agus na Stáit Aontaithe araon.
Ach scéal sách dóchasach atá ann; múnla an scéinséara ina shleamhnaíonn fear gnó soineanta isteach in eachtra sceimhlitheoireachta dhomhanda agus an mála mícheart á chrochadh leis aige ó Éireann go SAM.
Na bithiúnaigh agus fórsaí an Stáit araon sa tóir air, spéis ghrá ann freisin agus gníomhaire dathúil de bhunadh na hÉireann san FBI ag cuidiú leis. Na Rúisigh agus lucht SAM ag obair le chéile chun drong craiceáilte de chreideamh nach sonraítear ag iarraidh deireadh na Cruinne a bhrostú de bharr an cine a bheith chomh lofa san. Brathadóirí laistigh d'fhórsaí an stáit ach an foirmle rúnda a scaoilfidh Armageddon ag ár laoch ar feadh seal agus ansin as radharc. Troid go bás le gunnaí, taobh na maitheasa san uachtar agus pósadh geanmnaí lena ghrá gheal mar luach saothar ag ár laoch.
Píosa deas éadrom spraoi; ach seans go bhfuil lorg a ré ró láidir air do dhéagóirí na linne seo; talamh slán déanta de Chaitliceachas cráifeach nach dtuigfí anois, abair.
Mé sásta áfach gur léigh mé é. Is mór an feall leabhair mar seo a bheith ceilte i gcúl-seomraí leabharlainne i ngan fhios do phobal léitheoireachta na Gaeilge!

An Buama Deiridh
Deasún Breatnach.
Baile Átha Cliath : Foilseacháin Náisiúnta Teo., 1962.

Cuir aithne ar an Haiku!

Ainneoin an lámh atá agam i scaipeadh saothar Ghabriel Rosenstock, is beag scil agam i bhfilíocht agus is annamh mé á léamh (cé go n-éistim leis sách minic). Is lú fós mo scil san Haiku - is innealtóir mé agus an anailís mar dlúthchuid de throscán m'intinn - deacair mar sin ligeann don uaim tarlú agus é a cheapadh mar a dhéanann lucht haiku.
Bhí mé i láthair áfach ag ócáid seolta Haiku, más é do thoil é,  agus chroch mé liom cóip.
Leabhar teagaisc atá anseo , is dócha, ina ceithre chuid. I dtosach, cabhraíonn Gabriel linn glór an Máistir Haiku Issa a chlos, trína haiku seisean, iad fite fuaite tríd bréidín reacaireachta.
Ansin tugann léargas dúinn ar Chúig Shéasúir an Haiku - na ráithí a bhfuil cleachtadh againn orthu, móide an Bhliain Nua, Lá Caille. Bíonn an íonú a spreagann haiku fite fuaite leis an dúlra go hiondúil, agus faoi réim ag na séasúir dá réir.
Ní gá an séasúir a rá amach - chuige sin na Kigo, eochairfhocail a scaoileann an nod. Cuid acu, síon ar leith. Cuid acu ainmhí nó planda áfach.
Leo sin a phléann cuid a trí, le samplaí iomadúla ó na máistrí. Cuirtear an sméar mullaigh ar an leabhar tríd cuid a phléann le saothar haiku Ghabriel féin. Stíl comhrá atá tríd síos san leabhar, agus é ag cuir thar maois le samplaí breátha de haiku. Ní leasc leis labhairt díreach leis an léitheoir, moladh blaiseadh de fhocail ar leith a bhaineann leis an nós; na dánta féin a léamh ós ard.
Ní leabhair leanbaí atá anseo, ná baol air, ach bheadh tairbhe le baint ag léitheoir neamhspléach, déagóir nó duine fásta as.
Cuireann léaráidí ghleoite Brian Fitzgerald go mór le pléisiúr na léitheoireachta. Fillfear air arís!

Haiku, más é do thoil é!
Gabriel Rosenstock
Maisithe ag Brian Fitzgerald
An Gúm
ISBN 978-1-85791-822-9
96 lch

2014-06-29

Camchuairt cois cósta

Deirtear gurbh meánaois an tráth a bhabhtálann aigne leathan agus coim seang a n-ionad. Baol dá réir do mo leithéidí nach mbíonn sách aclaí titim chun feola. Thapaigh mé an deis inniu mar sin nuair a bhí gnó ag mo bhean i gCuan Bhlóic chun tabhairt faoi siúlóid cois chósta. 
Thosaigh mé amach ag súil sráideanna rachmasacha Deilginis agus Chill Iníon Léinín, áit a mbíonn na radhairc áille ceilte laistiar de bhallaí arda dúnárasacha na mboic móra, lena geataí doicheallacha faoi chód rúnda. Ainmneacha bréag-ghalánta iodálacha nó impiriúla ar na sráideanna agus ar mór chuid na
dtithe, cé go bhfaca ainm Gaeilge anois is arís - Teach Muire, Tobar agus araile - agus ceann amháin Rarc-an-Inis.

Ach is áit poiblí Cuan na Coille Móire agus sa bhreis ar sin tá páirc beag poiblí píosa siar uaidh, a théann síos chun na farraige. Bhí mé in ann lán mo dhá shúil a bhaint as Deilginis mar sin, a bhí lonrach faoi ngrian.
Lean mé orm suas Bóthar na Coille Móire go Bóthar Vico, na tithe ag dul i rachmais fán mbealach. Ach taobh na trá poiblí - cúpla áit snámh ann - Aill an tSeabhaic agus Trá na Carraige Báine. Is ansin a chonaic mé an fógra thall - a léiríonn an dóigh a ghlacann Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a ndualgais faoin Acht Teanga dáiríre. Cód Thrá iomlán as Gaeilge ar thaobh amháin den fhógra, agus as Béarla ar an dtaobh eile. Comhéid, comhchló.
Lean mé orm suas bóthar Vico chomh fada le teach Bono - atá ceilte go maith laistiar de bhallaí arda ach a bhfuil a suíomh nochtaí ag scríbhinní lucht adhartha leasdia seo an cheoil agus na carthanachta poiblí - tá na fógraí bóthair agus go háirithe na cláir admhaid laistigh dá gheata clúdaithe le impí, adhradh agus moladh!
Ag imeall a fhearann siúd tá lána chrochta síos chun an chladaigh, agus is cois cladaigh a shúil mé as sin amach.
Trá Chill Iníon Léinín i dtosach, trá a bhfuil gannchuid gainimh is mórchuid duirlinge air, ach a bhíonn tarraingt mhór air agus gardaí tarrthála ann. Tá sé feicthe i bhfad níos plódaithe ná mar a bhí inniu agam! De réir mar a leanann an chladach ar aghaidh ó dheas is i ngairbhe a théann sé.
Clocha móra duirlinge, agus aillte cré ag an imeall - iad síoraí á gcreimeadh ag an bóchna. Ní dócha gurbh aon chabhair iad poill na gabhláin gainimhe sna haillte céanna!
Anseo is ansiúd feictear cnap mór stroighin agus clocha tríd - iarrachtaí teipthe an chreimeadh a chosc, creimeadh atá ina shíor bhagairt don bóthar iarainn atá cois cladaigh, agus an líne bogtha cúpla uair cheana.
Sna 1980í is cuimhin liom an cladach ag Seanchill a shúil le mo sheanmháthair, a dheis lámh Dé go raibh a hanam. Bhí cónaí uirthi i Seanchill i trian de seanteach mhór. I ndiaidh do mo sheanathair bás a fháil i 1980 chaith mé tréimhsí fada san teach léi, agus ba mhinic ag siúl muid.
Is cuimhin liom na céadta blúire gloine, snasta ag an bhfarraige a bhailiú. Rinne na samhlaíocht na hóige seoda astu, na clocha beaga lonracha bána, donna, oráiste, uaine agus níos ainimhe, gorma. Ní raibh siad fairsing inniu ar chor ar bith - le forleathnú an phlaisteach tá athrú ar an dturscar agus gloine gann san bruth faoi thír!

Bhí an cladach ag éirí níos gairbhe, na clocha níos mó, agus an trá níos caoile. Bhí mé sásta Brí Chualann a bhaint amach faoi dheireadh, tar éis siúlóide 2 1/2 san iomlán. Bhí, dar ndóigh, mo bhus imithe. Ach thug sin deis dom caife sioctha a ól ag an stáisiún. Ba mhithid.

2014-06-12

Comhluadar

Níor thuig mé riamh cad chuige nach raibh tógáil clainne lárnach i scéim agus straitéis an Fhoras don earnáil deonach. Shíl mé ar feadh scaitheamh go raibh sé i gceist ar a laghad taithí agus eolas Comhluadar a chaomhnú laistigh de Ghlór na nGael. Bhí breall orm.  Anseo thíos litir a sheol mé tamall siar ag an Aire Stáit; níl faighte agam ach admháil.

A Aire a chara
Cúis mór imní dom a bhfuil i ndán do Chomhluadar, an eagraíocht a thugann tacaíocht de  na teaghlaigh atá ag Tógáil clainne le Gaeilge.
Bhí ann ionadh orm nach raibh an réimse seo luaite go sonrach in atheagar na hearnála a rinne Foras na Gaeilge. B'é an tuiscint a bhí agam áfach go mbeadh taithí agus obair Chomhluadar caomhnaithe faoi cheann-eagraíocht.
Is cosúil anois nach amhlaidh a bheidh.
Tá baint agam le Comhluadar le níos mó na deich bliana, tarlaíonn sé go bhfuil beirt mhac agam atá anois beagnach fásta ach iníon óg freisin. D'fhág seo go raibh mé i dteagmháil le Chomhluadar ag dhá thréimhse saoil agus go deimhin chaith mé tréimhse ar Bhord na hEagraíochta.
Tugann Comhluadar tacaíocht agus eolas do theaghlaigh ag tréimhse an chinniúnach maidir le hiompar teanga. Tréimhse atá ann freisin ina mbíonn na teaghlaigh iad féin fíor ghnóthach - mar sin tá an tacaíocht a thugann foireann buan riachtanach.
Luíonn sé le nádúr teaghlaigh freisin gur tréimhse teoranta atá i gceist do aon teaghlach ar leith.  Arís, tá an foireann buan riachtanach ansin chun taithí teaghlaigh a scaipeadh - trí teaghlaigh a chuir i dteagmháil le chéile agus tríd an taithí a chuir ar fáil i gceardlanna agus foilseacháin.
Má chailltear an taithí seo beidh thiar ar iarrachtaí níos mó teaghlaigh a spreagadh chun clann a thógáil le Gaeilge agus le dul i ngleic leis na deacrachtaí a eascraíonn as sin.
Fiú má tá dream eile i mbun an chúraim, beidh caillteanas ann mar beidh eolas agus teagmhálacha caillte.
Is cuid de phatrún níos leithne é seo san atheagar amscaí atá ar bun ag Foras na Gaeilge. Is cosúil gurbh é modh oibre an Fhorais a bhfuil ann roimhe a scrios agus tosú go hiomlán as an nua. Tá seo feicthe roinnt uaireanta againn maidir le nuachtáin agus irisí. Tá an sár áis Gaelport caillte freisin de bharr an cur chuige seo.
Má tharlaíonn a leithéid i gcás Chomhluadar beidh poll suntasach i straitéis an Rialtais i leith caomhnú na Gaeilge. Gan teaghlaigh, ní bheidh cainteoirí!
Iarraim ort gníomhú go práinneach chun an scéal seo a chur ina cheart.

2014-06-02

Gráinne Mhaol

 Bhí Gráinne Mhaol luaite ag a múinteoir le'm iníon (atá i Rang a I) tamall siar agus luaigh sise liomsa é. Nuair a bhí mé san siopa leabhar ina dhiaidh sin bhí leabhar á lorg orm fúithi. Bhí fhios agam go raibh táirge den scoth curtha ar fáil ag Cló Mhaigh Eo - duais-leabhar leoga - ach bhí amhras orm an mbeadh sé iomlán feiliúnach do chailín óg!
Ní toisc gur bean thar a bheith mealltach atá i léaráidí Bruno Büll ach toisc gur saol sách fuilteach fiáin a chaith Gráinne Mhaol, agus tá sin reicthe go soiléir ag Gisela Pizatto.
Tá sé spéisiúil gurbh aniar ón Bhrasaíl a thagann an insint seo chugainn ar shaol bhean láidir spleodrach. Iarla Mac Aodha Bhuí a chuir Gaeilge ar an téacs, agus is scéal spleodrach atá ann, ó óige Ghráinne go dtí a seanaois, scéal foghlaíochta, streachailt, cumainn le fir agus cath le fir eile - na Sasanaigh ach go háirithe; agus a cuaird cáiliúil ar bhean láidir eile, Eilís I Shasana.
 Léigh mé in éineacht le'm iníon é - bheadh an téacs rud beag ró dheacair di - agus bhaineamar araon taitneamh as. Mar sin féin shamhlóinn gurbh d'aois ghrúpa rud beag níos sine a d'fheilfeadh sé ó cheart.
Sílim go gcloínn idir téacs agus léaráidí dlúth go maith don fíor stair gan dul chun leadráin - seachas botún bheag amháin - bratach na Ríochta Aontaithe mar sheol ar long Sasanach, i bhfad sular ceapadh an bhratach céanna!
Scéal a chuirfidh na cuislí ag coipeadh - eachtraíocht agus teannas.

Gráinne Mhaol:
Údar: Gisela Pizzatto
Maisitheoir: Bruno Büll
Aistriúchán: Iarla Mac Aodha Bhuí
Bog ISBN: 978-1-899922-90-1
Foilsithe: 2013
Praghas: €11.00