Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-08-23

Ráth Chairn fliuch draoibeach an cheoil!


Thug mé turas lae leis an damhsóir ar Féile na Gealaí cúpla bliain ó shin. I mbliana, bhí deis agam freastal ar an iomlán - le hOstarach gan Ghaeilge ar chuir mé aithne air le déanaí!

N'fheadar an bhfuil an choiste buíoch díom - don gcéad uair riamh bádh an deireadh seachtaine i mbáisteach buan ó  lár na hoíche ar an Aoine go hoíche Sathairn....

Faoin am gur landáil muid ar an Aoine tar éis lá oibre bhí sé doiligh áit a fháil dar bpubaill. Rud a d'fhág nár éirigh liom mo phuball féin a theannú i gceart. 

Bhí an ceoil faoi lán seoil freisin. Spleodar ar stáitse. Go dtí mall san oíche. Bhí tuirse orm féin agus chuaigh mé ag luí sular bhog an t-aicsean go dtí an Bradán Feasa. 

Faraor nuair a thosaigh an fhearthainn, bhí an braon anuas i bpuball s'agamsa. Rinne mé iarracht plé leis tríd mo chóta báistí a leathadh thar mo mhála codlata, ach ní raibh maith ar bith déanta agus faoi dheireadh d'éirigh mé agus theith isteach san tipí a bhí feisithe ag lucht an fhéile. 

Thart ar a haon déag a thosaigh clár an Sathairn, le hócáid de chuid IMRAM - reacaireacht filíochta le tionlacan ceoil san Tipí. Colm Mac Gearailt ina fhear an tí, agus Cormac Mac Gearailt, Sam Ó Fearraigh, Maelíosa Scott ag reic freisin. Bhí siad chomh beoga gur cuireadh go mór le fonn fhir na hOstaire an Ghaeilge a fhoghlaim... 

Diaidh ar ndiaidh bhí an bháisteach amuigh tar éis an ithir a bhá agus thosaigh an t-uisce ag ardú laistigh den Tipí. 

Thugamar féin aghaidh ar Pergola an Bhradáin Feasa, áit a raibh deis ag óg agus aosta a gcumas san amhránaíocht ar an tsean nós, mar a bhíonn ag an Oireachtas a chur i láthair agus duine den gCéad ghlúin eile ina bean an Tí! Mar a bhí fíor nuair a bhí mé ann cheana, chuaigh na leanaí óga i bhfeidhm orm toisc a máistreacht ar an amhránaíocht. Bhí leithéidí Nell Ní Chróinín agus Dónall Ó Braonáin ann freisin - beirt a bhfuil duaiseanna bainte acu san Oireachtas. Bhí Cathal Ó Cuirreáin agus Éanna Ó Cróinín agus a dheirfiúr ann ag ceol agus a spreagadh leanaí an cheantair le ceol in éineacht leo. Agus cuireadh clabhsúr leis an ócáid le lúibín thar a bheith greannmhar - beirt bhan ag cáiseamh an deacracht fear buan a aimsiú ag an tOireachtas. Iad ag magadh faoi gach Gaeltacht agus ag ainmniú laochra Oireachtais.... Bhí neart gáire croíúil ann. 

Theitheamar go hÁth Buí chun béile a ithe (agus bheith faoi foscadh seal). 

Nuair a d'fhilleamar bhí an ceol ar an stáitse faoi lán seoil, grúpa i ndiaidh grúpa ar stíleanna éagsúla ar stáitse arís, agus an spleodar ag treisiú ó lár tráthnóna go lár na hoíche. Grúpaí ón Albain freisin ann. 

An talamh á mháistriú faoi chosa damhsóirí. Éanna Ó Cróinín agus an coiste ag leathadh sliseanna adhmaid ach é fuar acu dáiríre. Níor mhúch an síor bháisteach an fuinneamh mar sin féin! 

Toisc go raibh an puball agam scriosta agus an bheirt againn fliuchta go maith, chuamar abhaile tar éis meanoíche. 

Beidh mé ar ais. Ach ag codail faoi dhíon, nó ar a laghad i veain campála!

Tá deich mbliana bainte amach ag an bhféile. Obair na gcapall déanta ag an gcoiste deonach agus iad taobh le pinginí suaracha maoinithe. 

Treise leo.