Is dócha, cúpla bliain ó shin, go bhféadfaí Síonáí a thabhairt orm. Tuigim fós d'fhís Herzl, fiú roimh uafás an uileloiscthe, go raibh baile dá gcuid féin, faoina stiúir féin, de dhíth ar na Giúdaigh. Tá stair fhada léanmhar de leithcheal agus géarleanúint acu ó chuir na Rómhánaigh scaipeadh na mionéin orthu.
Cinnte, is smál an nakba ar bhunú Iosrael. Ach ní bóthar aontreo a bhí ann - díbreoidh pobail Giúdacha as áiteanna go leor ina raibh cónaí orthu sa Mheánoirthear, fiú roimh bunú Iosrael nuair a rinneadh sceanairt ar impireacht na nOttoman agus cruthaíodh Stáit atá guagach ó shin.
Ó thús bhí ceannaireacht cogaíoch ag na Palaistíneach - Mufti mhór Iarúsailéim a raibh fonn air go ndéanfadh na Naitsíocha díothú iomlán ar na Giúdaigh.
Smál freisin de dheasca plean na Breataine a little Jewish Ulster a chruthú sa talamh naofa.
Rudaí a mhúch ó thús an deis Stáit liobrálach daonlathach a chruthú nach mbeadh bonn eitneach amháin faoi.
Tá soiscéalaithe Mheiriceá tagtha in áit uasaicme na Breataine mar gríosaithe Iosrael - drong a shíleann deireadh an domhain a bhrostú tríd an cogadh deireadh a thionscain in Iosrael.
In Iosrael féin tá na cogaí a bhain siad, tar éis ionraí ó na comharsan, tar éis meoin dochrach léigear a chruthú. Iad diongbháilte "nach dtitfidh Massada arís". (Tá stair Massada ag braith ar fhoinse amháin Josephus, Giúdach ach a bhí ag scríobh do na Rómhánaigh buacacha.). De réir na tuairiscí, dream antoisceach ab ea na Sicarii, lucht na miodoige, feallmharfóirí a rinne ár i measc Giúdaigh a shíl siad a bheith ró ghéilliúil do na Rómhánaigh, chomh maith le na Rómhánaigh féin.
Tá an cumasc seo de rómánsú ar freasúra armtha Giúdach, meon an léigear, léamh chúng forchiníoch ar an mBíobla ag tiomáint gluaiseachtaí fearacht gluaiseacht na lonnaíochtaí atá ag díbirt breis Palaistíneach le lámh láidir sna críocha gafa.
Tá seo ag scriosadh, dar liom, fís Herzl níos mó ná gníomhartha Hamas agus Hizbollah, dá olcas an dá eagraíocht sin.
Agus tá Netanyahu go ciniciúil, agus a rialtas ag brath ar antoiscigh náisiúnach ciníoch, ag doirteadh ola le fada ar na bladhairí.
Dar liom, thuig Hamas go maith an toradh a bheadh ar an ionradh fuilteach a rinne siad ar Iosrael. Bhain siad feidhm comhfhiosach dar liom as foréigean gnéasach, ag léiriú do rialtas Iosrael a dteip mná a chosaint - buille do mascalachas drong na bhfear láidre.
D'fheadadh siad brath ar fhreagra Iosrael a bheith thar fóir, agus is léir gur ghlac siad leis go mbeadh praghas ard á ghearradh ar Phalaistínigh.
Ach tá ainghníomhartha Iosrael ó shin á ndeighilt ón domhan. Níl fágtha mar chomhghuaillíocht anois acu ach antoiscigh fearacht Trump, Milei, Orban agus go bhfóire Dia orainn, Tommy Robinson.
Mangairí fuatha forchiníoch ar cuma leo an domhan a chur trí thine.
Ní léir dom léas dóchais dá laghad. Tá plean coilíneach ag Trump, mandáid nua i stráice Gaza, rialtas theicniúil Palaistíneach faoi stiúir, go bhfóire Dia arís orainn, Trump agus Blair. Agus fós féin eití de rialtas Iosrael ar a mbionda an plean éagórach sin féin a chor ó mhaith agus scrios iomlán Gaza mar sprioc acu. Delenda Gaza est, a bport.
Feictear dom go bhfuil siad, fearacht Samson, ag iarraidh an Teampaill a leagadh orthu féin. Agus an uair seo, ní naimhde Iosrael a scriosfar leis an ghníomh, ach Iosrael féin.
Níl dóchas don tsíocháin sa mheán oirthear gan ceannairí atá sásta a bpobail a tharraingt as forchiníochas dochrach agus sainaicmeachas creidimh. Doirtfear fuil, Iosraelach agus Palaistíneach, go dtí go mbíonn ceannasaíocht mar sin ann.
Is deacair a bheith dóchasach.