Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-06-11

Trí trioblóidí mná na Rinne — páistí, prátaí a's trioscar


Ar an Domhnach d'fhág mé Baile an Chinnéidigh ar bhus 133 isteach sa chathair chun bus 600 a fháil go dtí Dún Garbhán. Bhí an bus le fágáil um a dó - bhí sé pas beag mall ag tosú. 

Is eagal liom nach féidir liom an seirbhís seo - le comhlacht príobháideach - a mholadh, agus ní cionn is go raibh sé mall. Ach bhí mé ar an mbus trí bhabhta - síos go Dún Garbhán, ar ais ar an Déardaoin agus síos arís ar an Aoine. Thóg Tiernán go Baile Átha Cliath ar an Aoine freisin é. Ar gach turas daoibh bhí an bus cáidheach, agus boladh múin stálaithe agus níos measa ón leithreas ar bord. (Tá roghanna eile ann - Bus 40 de chuid Bus Éireann, mar shampla.) 

Toisc gur agnóisí spóirt mé, ní raibh fhios agam go raibh drocham roghnaithe agam do bhus a d'imigh tríd Cill Chainnigh. Bhí cluiche mór díreach ag críochnú agus tranglam trom tráchta. Thóg sé i bhfad dul tríd an chathair. Níos mó ná an leathuair a bhí idir an t-am a bhí mé ceaptha bheith i nDún Garbhán, agus am imithe an bus nasc áitiúil go dtí An Rinn.
Bheadh bus i gceann dhá uair an chloig eile, ach is beag fonn a bhí orm fanacht ar sin. Tháinig mo chomrádaí ag triail orm. Thug sé ar chamchuairt gasta tríd an Rinn mé freisin ar an mbealach chuig a thí. Bhí fáilte agam roimh an béile a chuir a shonuachar romham.
Bhog Joe ó Bleá Cliath lena nuachar agus a pháiste is sine chun tabhairt faoi phost taighde in institiúid teicneolaíochta Phort Láirge i 2008. Bhíodar ag smaoineamh ar áit a fháil ar cíos i nDún Garbhán - ach ní raibh ag éirí leo. Cé nach raibh Gaeilge ag a bhean, is ise a smaoinigh ar bogadh chun na Gaeltachta - bhí Joe diongbháilte go rachadh a chlann ar Ghaelscoil, agus ní fhéadfadh scoil Dún Garbhán é sin a dhearbhú dó. Ach bheadh fáilte roimh breis daltaí sa Rinn. Tá siad ann ó shin, ceathrar clainne anois acu, teach ceannaithe agus iad fite fuaite sa phobal - iománaí diongbháilte ab ea Joe riamh!

Nuair a bhíomar san Seanaphobal ar feadh cúpla lá anuraidh, fuair mé comhairle ó na Gaeil ar líne faoi siúlóidí. Ní raibh deis agam an uair úd tabhairt faoin gCoinigéar - leathinis caol fhada a thrasnaíonn an inbhir agus a bhfuil a phointe faoi urchar méaróige den mainistir i nDún Garbhán.

Neart bláthanna agus éanlaithe le feiceáil. Tá cúpla feirm oisre sa chuan. Chonaic mé bean ar an trá ag cnuasach bruscair - cuid mór de málaí agus bandaí ruibéir bainteach leis na feirmeacha. Is cosúil go bhfuil stráice den trá faoi chúram gach comhlacht faoi sheach. Bhí suntas tugtha agam don méid sliogán oisre a bhí faoin trá. Níl na comhlachtaí ceaptha oisrí marbha a scaoileadh le sruth - ach is cosúil go ndearna comhlacht mór amháin neamhaird de sin cúpla bliain ó shin nuair a bhí bású mór i measc na hoisrí. 

Shiúl mé ar ais fán trá ón bpointe, agus ar aghaidh go dtí sráidbhaile na Rinne. Cupán tae tí Joe agus ar aghaidh liom arís go dtí an taobh eile den leathinis agus ó dheas arís go Heilbhic. Thug mé cuairt fán slí ar an séipéal. Pictiúir altóra thar a bheith spéisiúil - pandéach fiú - agus tagairtí ann do muir agus bádóireacht. 


Bhí gloine daite breá tiomnaithe do Dhéagláin ann freisin. 

Bhí radharcanna iontacha ó thuaidh ón aill ar an dtaobh eile den leathinis. 
Chas mé ar ais i dtreo Heilbhic ansin. Bhí coinne déanta agam chun folcadh feamainne a bheith agam i Sólás na Mara. Bhí mé pas beag luath ann, agus bhí cupán tae agus an píosa císte cairéide is fearr is cuimhin liom agam agus mé ag fanacht. 

Chaith mé trí ceathrú uaire sa sáile bogthe le feamainn tríd - abair só. 

Bhí cupán eile tae agam roimh aghaidh a thabhairt ar an siúlóid ar ais go dtí an Rinn. Nod libh gurb as Gaeilge ar fad a rinne mé mo ghnó ann freisin, rud a chuir leis an bpléisiúr. 

Bhí dinnéar agam le teaghlach Joe agus ansin chuaigh mé leis féin agus mac leis go dtí An Sráidbhaile - bhí a mhac ag imirt i mbliots iománaíochta Féile. Bhí foireann faoi aois Na Gaeltachta - An Rinn agus an tSeanaphobal - á fhéachaint le trí fhoireann eile, cluichí deich nóiméad an taobh len imirt. 


Rinne leaids na Gaeltachta go maith, ach bhí foireann eile níos láidre ar an lá. Nó sin a deirtear liom - ní fear spóirt mise! 

Chodail mé go maith, agus an maidin dar gcionn thug mé aghaidh ar an Baile Mór ar bhus nasc áitiúil chun leanacht ar aghaidh le mo thuras. 



2024-06-09

Camchuairt Leath Mogha (agus giota leis)

Táim ar saoire le coicís. Ba é an phríomhchúis ná freastal ar Féile Opera Gleann Móire. Bhí mo mhac Fionn i bpáirt Curio san Opera Giulio Cesare.
Tháinig mo mháthair céile agus a páirtí ó Bheirlín, agus thógamar teach saoire ar an Aird Mhór ar cíos ar feadh seachtaine, ó Máirt go Máirt. Ach leis an mbeirt ó Bheirlín agus bagáiste, bheadh gluaisteán mo nuachar lán - gan spás domsa. Bheadh orm taisteal ar bhus. Ó tharla go mbeadh sin amhlaidh, agus ó tharla coinníoll ag m'fhostóir go nglacfaí ar a laghad saoire amháin coicíse roimh Meán Fómhair, shocraigh mé cuir leis an dturas. 

D'aimsigh an déagóir poll Hobaid i Maigh Eo. Ach shíleamar gurbh leor oíche amháin ansan. 

Tá oileáin Árainn leath bhealach idir Port Láirge agus Maigh Eo, cineál. Rith sé liom go mbeadh sé go deas sciuird gasta a thabhairt orthu. Fuair mé amach go mbeadh sé indéanta oíche a chaitheamh ar Inis Oírr, oíche ar Árainn agus filleadh thar Inis Méain. 
Oíche sa Ghaillimh. Ar aghaidh go Maigh Eo. Filleadh ar thraein ó Caisleán an Bharraigh. 
D'aimsigh mé busanna ó Eochaill via Corcaigh agus Inis go Dúlainn. 

Bheadh sé indéanta dul ón Aird Mhór, ach ní bheadh mórán ama idir bhusanna agus ní raibh fonn orm dul sa tseans an bhád a chailleadh. Thug mo bhean síob go hEochaill dúinn. 

Ar an slí síos chaith mé dhá oíche le cara liom sa Rinn. Agus bhí orm filleadh abhaile Déardaoin agus síos arís Dé hAoine leis an déagóir, a raibh scrúdú damhsa acu. 

Ar an Máirt thaisteal mé ar an nasc áitiúil ón Rinn go Dún Garbhán, agus ar aghaidh go dtí an Lios Mór áit a raibh ceolchoirm am lóin ag Fionn. 

Tráthnóna fuair mé síob go dtí an Eaglais, agus shiúl cuid de Shlí Dhéagláin. Tar éis 16km, toisc go raibh sé ag ceobhrán, ag éirí mall agus an bagáiste trom chuir mé fios ar mo nuachar - bhí faid nach raibh mé ag súil leis curtha leis an mbealach toisc droichead a bheith scuabtha chun siúil. 

Roinne mé roinnt siúl agus taisteal eile fán mbealach - tá sé i gceist agam roinnt blagmhír a scríobh faoi! 

Ach seo agaibh achoimre. Tá feabhas mór tagtha ar chúrsaí iompair, agus is iontach iad na busanna nasc áitiúil - gur féidir íoc astu le cárta Leap. 



2024-06-03

Dhá scór Eala


He said: I made the Iliad from such
A local row. Gods make their own importance.

Epic 
Patrick Kavanagh 

Mar a luaigh Laoighseach Ní Choistealbha ina léirmheas ar tuairisc.ie, is dánta áitiúla iad seo agus uaireanta beidh mo leithéid de léitheoir dall ar na pearsana agus eachtraí. Ach tá eachtraí eile idirnáisiúnta - cuimhneachán ar díothú Giúdaigh na Róimhe abair, nó na cogaí agus áir reatha a thugann an bosca sa chúinne chughainn iad. 

Agus ar aon nós, tá an áitiúil uilíoch i lámha file. File a bhfuil tabhairt faoi deara inti. Agus tobair cuimhní domhain, cuimhní teaghlaigh agus pobail. Dúlra agus dúchas. 

Cóip léirmheasa a sheol Cló Iar-Chonnacht chugham a léigh mé, agus d'aon ruathar a léigh mé dá réir é. Tá éagsúlacht sna dánta áfach a fhágann gur díolaim atá ann ar fiú athchuairt a thabhairt air de réir ócáide agus meoin. 

Nílim cinnte, ach ó tharla gurb é seo an chéad cnuasach foilsithe ag Aingeal Ní Chualáin, feictear dom gur fómhar saol filíochta atá ann, ach cúram agus snas sa roghnú. 

Léitheoireacht taitneamhach. 

Dhá scór eala 
Aingeal Ní Chualáin 
ISBN: 9781784442682