26 January 2010

Dialanna diabhlaí

Tá píosa ag Micheál Ó Ruairc san Times inniu faoi Cinn Lae.

Iarracht fhánach ar gan ligint don am i láthair sleamhnú isteach san am atá caite, an mhóimint a chur isteach sa domhainreoiteoir le go dtógfar amach arís í am éigin san aimsir fháistineach. An fhadhb a bhaineann leis sin ná ní mar an gcéanna a thuilleadh an té a chuir isteach í ag an am sin agus an té a thógfaidh amach arís í ag am eile ar fad sa todhchaí.
Aisteach go leor, ní luann sé blagadóireacht, cé gur saghas cinn lae a bhíonn á scríobh agamsa, agus roinnt eile againn, anseo. Seo é an fear, dála an scéil, ar chuir mé an méid a scríobhann sé do Chomhar i gcomparáid le blagadóireacht, agus mé ag scaoileadh mo racht faoi Chomhar uaim.

Seachnaím aon rud ró phearsanta anseo, ach uaireanta cuireann roinnt den méid a scríos blianta ó shin sórt ionadh orm.

Ní duine mé an chleachtann dialannachas dáiríre. Cloífidh mé leis an smaointe fánachas....

3 comments:

Mise Áine said...

Cloígh, a chara, mar is maith ann iad...:-)

John M O Donoghue said...

Aontaoim leata a Aongusa.Is é do thuairimí faoi chúrsaí seachas cur síos ar gnáth éachtraí an tsaoil a bainim féin sult as.

Dubhaltach said...

Le cead do lucht Comhar caithfidh mé a rá gur bhain mé taitneamh as eagrán na míosa seo. Tá sé ag feabhsú i gcónaí feictear domsa, fiú mura bhfuil aon chlúdach ar chúrsaí reatha.