Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-01-27

Straitéis Léitheoireachta

Bhí alt suntasach ag Siún Ní Dhuinn san Irish Times i rith na seachtaine seo chaite. Bhí alt eile i Tuairisc ag Áine Ní Ghlinn. Ceist achrannach atá ann, le fada. Tá dhá ghné ann dar liom.

Léitheoirí a Aimsiú

Is ann do dhaoine ar maith leo leabhair, fiú leabhair Gaeilge. Ach tá sé deacair teacht ar na leabhar. Tá siopaí leabhar geal leis imithe. Maith go leor, tá siopaí leabhar ar líne fearacht http://www.litriocht.com ann anois; agus tá siad iontach má tá leabhar ar leith á lorg agat. Ach ní féidir leabhar a lorg murab eol duit é a bheith ann. Ceannaím leabhar de ghnáth mar go bhfuil cloiste agam faoi. Sách minic is ag seoladh leabhar a cloisim faoi leabhar eile mar go mbíonn mionsiopa leabhair ann. Tá IMRAM go maith freisin mar bíonn siopa beag leabhair ag imeachtaí dá chuid. Ach ní bhíonn an deis nó an fonn céanna ar gach duine taisteal chuig ócáidí.

Tá gá mar sin, ní hamháin le léirmheasanna - ach le margaíocht. Margaíocht in earnáil an Bhéarla freisin, mar nach gach duine le Gaeilge a chuireann an dua orthu féin - agus is dua atá ann - irisí Gaeilge a aimsiú agus a léamh.  Chomh maith leis sin, cloisfidh gaolta agus cairde gan ach Béarla faoi agus seans go smaoineoidís ar leabhar Ghaeilge mar féirín nó ar a laghad go dtabharfaidh siad nod do léitheoir gurbh ann do leabhar.

D'aireoinn Leabharlannaí mar gné den mhargaíocht freisin. Má tá réimse maith leabhair i nGaeilge ag leabharlann poiblí, tá seans ag daoine iad a léamh gan costas; agus teacht ar údair agus leabhair ar fiú dóibh airgead a chaitheamh orthu. Faraor, bíonn rogha na leabhair Gaeilge sna leabharlanna poiblí ag braith go mór ar dhíograis an leabharlannaí - tá sé d'ádh orm go bhfuil bá ag an leabharlannaí i mBré leis an nGaeilge agus rogha réasúnta maith leabhair ar fáil dá réir. Bainim úsáid freisin as http://borrowbooks.ie/ ach ar ndóigh, arís, sin chun teacht ar leabhar a bhfuilim ar an eolas faoi.

Ó thaobh na margaíochta de, tá feabhas mór tagtha anois leis an Idirlíon agus na meáin sóisialta - tá cuid mhór de na foilsitheoirí gníomhach ansiúd, ag díriú aird ar na saothair atá acu. Tá lucht Leabhra Feabhra le moladh go mór as feachtas iontach ar líne a eagrú.

Creidim gur cheart tógáil ar a leithéidí agus siopa leabhair fán a eagrú a fhreastalóidh ar féilte cultúrtha agus liteartha suas síos na tíre, le rogha leabhair agus ábhar margaíochta atá feiliúnach don ócáid agus atá feiceálach, spleodrach.

Léitheoirí a earcú

Tá pobal na Gaeilge beag. Ach tá pobal léitheoireachta na Gaeilge níos lú fós. Tá cúis simplí leis sin. Nós is ea léitheoireacht. Tá leabhair iontacha ann do dhaoine faoi bhun a deich agus os cionn a tríocha. Idir an dá aois sin, cé go bhfuil feabhas ag teacht, tá poll. Titeann go leor de léitheoirí na Gaeilge isteach sa pholl sin.

Tá triúr clainne orm; beirt buachaillí atá anois fásta agus iníon 9 bliana d'aois. Léim fós le'm iníon, mar a rinne le mo mhic go dtí thart ar an aois céanna, Léann m'iníon leabhair go neamhspleách má thaitníonn siad léi - mar a thaitníonn Asterix abair, agus corr leabhar eile (Cuidíonn sé go mór go raibh eachtraí Asterix ar theilifís leanaí na Gearmáine, agus go bhfuil go leor ar youtube. Spreagann sin í)

Léann mo mhic mórleabhair. Ach ní as Gaeilge. Tuige? Toisc go bhfuil a laghad ann as Gaeilge atá spéisiúil gur chaill siad an nós. Fáinne fí atá ann; mothaíonn siad léamh i nGaeilge a bheith deacair, ceal taithí, mar sin ní léann siad. Ní chuireann sin lena dtaithí!

Tá  feabhas éigin ag teacht ar chúrsaí - bhain mo mhac atá 19 sult as An Litir, mar shampla.

Ach tá bearna mhór san soláthar; agus ní stopfar an bhearna sin le haistriú imleabhar amháin de Harry Potter nó Artemis Fowl. (An dá rud againn. Mise amháin a léigh - bhí an sraith ar fad as Béarla léite cheana acu, ní fhaca siad ciall le dua a chuir orthu féin á léamh).

Is anseo atá Eachroim le baint, nó le cailleadh.

Agus sin mo racht go nuige seo.

suirbhé á reáchtáil ag Foras na Gaeilge. B'fhiú é líonadh.

2016-01-24

Tomhas orm, Tomhas ort

Fuair mé an leabhar seo mar féirín ó Eoghan Mac Giolla Bhríde. 
Is éard atá ann ná sraith tomhais agus dubhfhocal ó chnuasaigh éagsúla béaloidis. Tá siad rangaithe in ord deacrachta - smaoineamh ana mhaith is ea iad a rangú de réir ranga na sean-fhilí, pictiúr ar leith do gach rang ó Fochlac go Rí Ollamh; agus na cinn éadroime rangaithe faoin ndrúth
Tá tomhas ar gach leathanach, agus na freagraí de réir uimhreacha ag deireadh an leabhair. Rogha cliste a bhí ann gan na huimhreacha a bheith in ord, mar sin ní léifidh tú freagra an chéad chinn eile de thaisme.
Bainim féin agus m'iníon (atá 9) an spraoi as na tomhais a fhiafraí dá chéile agus ar dhaoine eile. Anois is arís baineann na leagnacha canúnacha tuisle asainn, ach tá gluais úsáideach ag deiridh an leabhair freisin. 

Tá an dearadh snasta agus glan.

Molaim an leabhair seo d'aon duine atá tugtha do dubhfhocal. Daoibhse a bhfuil iPad nó iPhone agaibh tá aip ar fáil freisin.

Tá sé ar fáil sna deá siopaí agus ó Éabhlóid.

Tomhas orm, Tomhas ort
Tomhasanna béaloidis bailithe le chéile i leabhar amháin
Ealaíontóir – Sinéad Ní Chadhain. Eagarthóir – Eoghan Mac Giolla Bhríde
€12

Marion Gunn: Cloch ar Charn

Níor casadh Marion Gunn orm san fíor saol ach dornán uaireanta agus ní dóigh liom gur mhalairt muid thar leath dosaen focail na huaireanta sin féin. Tá ríomhaithne agam uirthi ó na 1990í áfach, nuair ba téad riachtanach leis an nGaeilge dom an liosta rphoist Gaeilge-A. Bhí cuir amach agam ar a saothar san ríomhaireacht, agus úsáid a bhaint agam as an eolaire a chuir EGT ar fáil (seo blaiseadh ón inneall anallód) Bhí fhios agam go raibh logánú déanta aici agus Michael Everson ar go leor bogearraí don Mac, ach níor bhain mé leis an macshlua riamh. Bhain mé úsáid áfach as na clónna a dhear Michael Everson agus a scaip EGT agus tá diosca 3 1/2 orlach agam fós, ach gan fearas agam lena léamh.

Ach nuair a dhruid Apple doras na Gaeilge ar chúiseanna chostais ghlac Marion páirt san logánú ar táirgí Mozilla. Tá Firefox i nGaeilge in úsáid agam ó tháinig ann dó (táim a scríobh seo ann) - agus tá ceannródaíocht Mharion agus daoine eile aitheanta anois fiú ag comhlachtaí príobháideacha - tá an leagan Windows atá in úsáid anseo agus san oifig agam i nGaeilge.

Ceannródaí de chuid na ríomhlóide a bhí inti, agus ba ar an mbonn sin a d'fhreastail mé ar a sochraid inné. Ba léir an líon dreamanna lena raibh baint aici leo ag an Aifreann céanna. Pádraig Ó Cuill, O.F.M.Cap a cheiliúir an Aifreann, ceann dá comhbhadóirí san Comhdháil Ceilteach. Bhí go leor ó shaol acadúil agus cultúrtha na Gaeilge; agus go leor ó Clann Leathlobhar - a mbrat buí agus dearg siúd a chlúdaigh an cónra. Bhí a comhghleacaithe ó COBÁC ann freisin.

Tugadh aitheantas do na gnéithe siúd ar fad san Aifreann, i nGaeilge don gcuid is mó, ach roinnt i mBéarla ar mhaithe leo siúd gan an teanga a thug Marion a croí di.

Braithfidh muid uile uainn í, ar an mbealaí féin. Go raibh suaimhneas síoraí aici, agus leaba i measc naomh na nGael.

2016-01-23

Fógra - An Timire & FS



Bí linn nuair a sheolfaidh


Ray Mac Mánais.
Uachtarán Oireachtas na Gaeilge

Seán E. Ó Cearbhaill le Liam Prút
Evangelii Gaudium - Gairdeas an tSoiscéil
Croí ag lorg an tSuaimhnis le Dáithí Ó Ceallaigh OSA

Ionad: Áras Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Muirfean
Am agus Dáta: 7.30 pm, Déardaoin 28ú Eanáir

Ceol: Mick O’Brien agus Na Deirfiúracha Mac Cába agus Cairde

Bean an Tí: Katie Mc Greal
Iriseoir
       
Beidh sólaistí ar fáil

FS agus An Timire, 37 Sr. Líosain, Baile Átha Cliath 2. Teil. 01/7758502
r.phost antimire@gmail.com     Idirlíon:www.timire.ie

2016-01-19

Sofi Oksanen: Páis na hEastóine

De bharr tagairt a rinne Alex Hijmans don úrscéal "When the Doves Disappeared" ar Twitter (rinne sé léirmheas ina dhiaidh sin ar Tuairisc) chuir mé fios ar an leabhar seo le Sofi Oksanen ón leabharlann; chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm agus fuair mé an úrscéal Purge ón leabharlann freisin.

Pléann an dá úrscéal le grúpaí beaga daoine atá gaolta, agus an tionchar uafásach a bhí ag láthair a dtíre idir dhá impireacht bhrúidiúil - Gearmáin na Naitsithe agus an Rúis - ar a dtír agus dá bharr ar na daoine aonair. Fite fuaite leis sin tá grá agus gráin laistigh de theaghlaigh.

Tá taithí éigin agam ar litríocht na hOir-Ghearmáine a fáisceadh as an ré chéanna, leithéidí Jurek Becker Stefan Heym.

Ach is dán eile ar fad dán na críocha Bailt agus an Eastóin ach go háirithe, iad riamh agus fós faoi scáil a gcomharsana santach thoir; gaol lag lena gcol-ceathracha ó thaobh teangain de sa bhFionlainn atá iad féin le fada ag maireachtáil faoi scáth na himpireachtaí thart orthu.

Bhí mionlach suntasach lucht labhartha na Gearmáinise ar fud lár agus Oirthear na hEorpa roimh an Dara Cogadh mór, iad ann ina gceardaithe nó ina mion uaisle, leis na glúnta. Tá sé intuigthe mar sin go mbeadh tírghráthóirí sna críocha Bailt a chonaic a slánú ón Rúis i comhpháirtíocht le Gearmáin neartaithe. Daoine eile a bhí neamhspleách ina meon. Dream sách measctha ab ea Bráithre na Coille, atá luaite le pearsan san dá úrscéal.

Ach an rud in mó a chuaigh i bhfeidhm orm - go háirithe san úrscéal Purge a bhfuil gnéithe de ag baint leis an ré seo, san 1990í tar éis neamhspleáchas a bheith bainte amach arís ag an Eastóin, ná na gníomhartha uafáis atá ar chumas daoine atá ag iarraidh iad féin a tharrtháil ó ghníomhartha uafáis daoine eile. An tréas a imríonn siad ar ghaolta fiú. 

Mheabhraigh na húrscéalta samhail George Orwell dom - "Más mian leat an t-am atá le teacht a shamhlú, samhlaigh buatais mhíleata ag satailt aghaidh daonna, go deo". Tá boladh na péine sna scéalta seo.

D'éalaigh muide in Éirinn ó go leor de huafáis an Dara Chogadh Dhomhanda; ach ní stair ársa atá anseo san Eastóin, agus de bhrí go bhfuil críocha Bailt anois san Aontas Eorpach, agus an Rúis ag buaileadh sciath arís, beidh tionchar ag na créachtaí in anamacha na pobail thoir ar ár saol. Is mithid tuiscint a fháil orthu, agus is bealach iontach ealaíon chumasach Oksanen chun sin a dhéanamh.


2016-01-16

Ciotóg an Dorchadas

Is craosléitheoir mé ó na déaga, agus bhí cónaí orm trasna an bhóthar ón leabharlann poiblí. D'fhág sin go leor scóip agam, agus léigh mé go leor ficsean eolaíochta. Seánra atá ró chúng chun saothar iontach Ursula le Guin a aicmiú. Tá cuimhne orm ar "The Earthsea Quartet" a léamh an úr úd, agus tá sé ceannaithe agus athléite agam ó shin. Léigh mé "The Lathe of Heaven" agus "The Dispossessed" freisin.

Táim measartha cinnte nár léigh mé an leabhar seo go dtí gur sheol comhrá idir @murchadhmor agus @lochlannach i mo threo é - is cosúil gur pléadh le déanaí ar Raidió na Life é.

Scéal neamhghnách atá ann; lonnaithe ar cruinne ina bhfuil na daoine aghnéasach an chuid is mó den am, go dtí go mbuaileann dáir míosúil iad agus - ag brath ar cumarsáid le duine eile faoi dháir - déantar fireannach nó baineannach díobh. Tá dhá stát lárnach san scéal, ceann feodach agus ceann cumannach ar bhealach - nó ar a laghad maorlathach. 

Taidhleoir is ea Genly Ai atá tagtha ó ollaontas na daoine ar phláinéid eile. Duine amháin le nach mothófaí mar bhagairt é. Ag tús an scéil tá sé (mar is fear é) san Ríocht Feodach, ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an Rí chun go nascfaí iad leis an ollaontas. Caithfidh cuir ina luí orthu gurbh ann don aontas, gurbh eachtardhomhandach é féin - níl aon teagmháil leis an spás, ná go deimhin eitilt tarlaithe ar an Domhan seo fós, domhan atá i dtólamh geimhriúil.

Scéinséir pholaitiúil an chéad cuid den leabhar; teipeann ar Ai san Ríocht, gabhann sé chuig an maorlathas agus teipeann ar freisin agus cuirtear i ngéibheann é. Tagann pearsa a bhí lárnach sa scéal san Ríocht i dtarrtháil air, agus ansin tosaíonn an dara leath den scéal, Imram iontach tríd fásach oigheartha ar ais chun na Ríochta.

Idir na caibidil san gnáth scéal tá béaloideas agus naomhseanchas an Domhan seo fite fuaite, ag tabhairt léargas eile ar na heachtraí. 

Baineann le Guin feidhm as na rudaí seo ar fad chun ceisteanna cairdeas agus grá agus muinín a chíoradh; toisc nádúr na daoine is féidir léi ról na collaíochta sna ceisteanna seo a iniúchadh. Ní an seanmóireacht atá sí áfach ach ag spreagadh machnamh; gheobhaidh an léitheoir mar sin léargas nua ar an athléamh.

Scéalaí agus machnóir den scoth í Le Guin. Beidh mé sa tóir ar níos mó de na saothair atá léite agus nach bhfuil léite fós agam dá cuid.


2016-01-15

‘An Trucailín Donn’

Bhí clár ar TG4 le déanaí faoi Niall Mac Giolla Bhríde agus  ‘An Trucailín Donn’. Seo leagan den amhrán a fuair mé sa chnuasach
CISTE CEOIL AN CHOLÁISTE
Díolaim d’Amhráin Ghaeilge do Ghaelcholáistí
CATHAL Ó DONNGHAILE,    
COLÁISTE OIRIALL, A CHNUASAIGH


 ‘An Trucailín Donn’ 

 

Lá aonaigh san earrach 's mé ag taisteal go triopallach,
Trasna an droichid i Muileann na hAbhann,
Sea chonaic mé Bobby arbh ainm dó Thingummy
A's é ag druidim 'mo choinne go teann.

Curfá:

Agus óró bog liom í, bog liom í, bog liom í,
Óró bog liom í, an trucailín donn
Óró bog liom í, druid liom í, corraigh í,
Oró bog liom í, an trucailín donn.

Ba ghairid go bhfaca mé asal is trucail bheag,
Chugainn ar a shodar faoi Mhícheál an gabha
Siúd leis an Bobby "This cart has no signature
Only a lingo I cannot make out."


Curfá

"Your name my good man, and answer right quickly now."
"Amharc ar an trucail! An bhfuileann tú dall?
Tá m'ainmse breactha i dteanga a thuigimse,
Agus fógraím thusa go hIfreann lom!"

Curfá

"Ten shillings with costs or a fortnight's imprisonment.
Next on the list. Take this reprobate down!"

"Cuirtear faoi ghlasa mé feasta, a ghlagaire -
Pingin de m' sheilbh ní fheicfidh sibh ann!"

Curfá

Níl trucail gan ainm breá lachanta legible
Gaeilge le feiceáil i Muileann na hAbhann,
Agus ceardaithe an bhaile, sea ‘thugaid ar Thingummy
Fós ná Trucailín Mhíchíl an Gabha.

2016-01-11

Scéal Scéil



Bhí an cnuasach aistí seo gan léamh le tamall ar mo leabhragán. Is annamh a léim saothair neamh fhicsean ach mar duine a bhíonn ag baint feidhm minic as na meáin Gaeilge, shíl mé go mba cheart dom é léamh. Níl díomá ar bith orm go ndearna mé amhlaidh.

Ceird is ea iriseoireacht. Namhad an cheird gan í a fhoghlaim, ach ní foghlaimítear ceird sa seomra ranga ná fiú san Ollscoil. Foghlaimítear ceird ó bheith ag obair le máistrí. Ní bhíonn an deis sin ann i gcónaí, ar ndóigh; ach is féidir méid áirithe a fhoghlaim ó scéalta na máistrí ar a dtaithí féin.

Sin díreach atá sa leabhar seo, seanchas na ceirde á reic ag máistrí sa cheird, cuid mhór acu fós gníomhach; cuid eile atá anois ar an dtaobh eile den mboird agus léargas ar leith acu dá bhrí sin.

Tá struchtúr éigin ar na meán craolta i nGaeilge a thugann deis don ábhar iriseora obair leis na máistrí - ach fiú dona leithéidí beidh tairbhe le baint as na haistí seo. Tá ábhar machnamh ann do mo leithéidí do thomhaltóir (tá an ghráin agam ar an bhfocal sin, ach tá sé cruinn sa chás seo).

Creidim áfach gurbh san earnáil scríofa is mó a dhéanfaidh an leabhar seo leas. De bharr stair léanmhar na meán scríofa, ní fad saoil a bhíonn i ndán do irisí nó nuachtáin scríofa, agus faraor is cosúil gur i ngiorracht atá saol na meáin scríofa sa Ghaeilge ag dul. Fágann sin muid arís is arís eile ag braith ar foireann atá go minic óg (mar go gcaithfidh siad a bheith saor agus deontais ag titim). 
Is maith ann mar sin taithí na máistrí a bheith ar fáil dóibh i bhfoirm soléite.

Tréaslaím a shaothar mar sin leis an bhFear Eagar, Breandán Delap, agus le Cois Life.

Tá eolas luachmhar ann d'aon duine a bhíonn ag scríobh nó ag tráchtaireacht as Gaeilge. Nó, go deimhin ag léamh nó ag éisteacht, le go mbeadh tuiscint níos fearr againn ar an dua a chaitear le eolas a chuir ar fáil dúinn.


Scéal Scéil
Rúndiamhra na Meán
Breandán Delap
ISBN: 978-1-907494-39-0
Foilsithe: 2014

2016-01-09

Stanislav Petrov

Mar ríomhchláraitheoir a chaith go leor ama ag obair ar phromhadh agus dearadh, tá spéis nádúrtha gairmiúil agam i seanchas na ceirde, seanchas atá breac le tubaistí ina raibh ról ag ríomhaire. Tá go leor de córais míleata na cruinne ina bhfuil ríomhairí fite fuaite iontu, agus bhí tagairtí cloiste agam do oifigeach Rúiseach a rinne cinneadh cróga gan glacadh leis an rabhadh uathoibríoch go raibh roicéad seoltas ag SAM chun an APSS a bhuaileadh.

De thaisme a chonaic mé an fógra don eagrán de Fíorscéal ag plé na heachtra seo (de bhrí gur ag féachaint siar ar thaifid a bhím de ghnáth ní thugaim air ar fhógraí) ach táim ana shásta go bhfaca mé é.

Meascán de "ceamara cuileog ar an mballa" agus Petrov agus ateangaire ar thuras go SAM chun aitheantas a fháil ó dhream thall atá ann, agus athchruthú ar an eachtra féin le haisteoirí. Fear iontach cantalach é Petrov anois, baintreach fir ar bhain bás a mhnaoi go leor as. Ach sna rachtanna a scaoileann sé leis an ateangaire (a bhfuil gradam de chineál éigin tuillte aici féin as cuir suas leis) faigheann muid blaiseadh fíor den chaoi a raibh rudaí sna 1980í san APSS agus teannas an Chogadh Fuar ar tí pléascadh.

Tá radharcanna láidre san athchruthú freisin, agus cothaítear atmaisféir na linne le scannáin nuachta - ba thart ar an am sin a leag na Rúisigh eitleáin de chuid na Cóiré Theas as an spéis de bhrí gur shíl siad gur eitleán spiaireachta a bhí tagtha isteach ina n-aerspás a bhí ann.

Deir sé féin faoi féin nach laoch é, nach bhfuil ann ach an duine a bhí san áit ceart ag an am ceart.
Ach ba é an duine ceart é. Duine a rinne a chuid smaoineamh féin agus nár ghéill do córas ríomhaireachta.

Ní fuair sé aitheantas (ná pionós) go dtí le déanaí nuair a scríobh duine dá lucht ceannais a chuid cuimhní cinn agus gur tháinig dream ó SAM chun aitheantas a thabhairt dó.

Tá an scannán - The Man who Saved the World - fós le feiceáil ar feadh cúpla seachtain eile, anseo ar Seinnteoir TG4. Molaim é; tá ana scéal ann.

2016-01-03

Léirmheas: Aisteoirí an Spidéil

Stair cumann amaitéarach drámaíochta an Spidéil atá anseo, roinnt ina thrí mór chuid - óna thús 100 éigin bliain ó shin, a ré órga i seascaidí an chéad seo chaite nuair a bhí an cumann ag glacadh páirte i gComórtais Béarla le drámaí i nGaeilge agus ag baint an chraobh, agus ó na 1970í anall.

Scaití is cineál Who's who de scéal na Gaeilge sa cheantar atá i gceist mar go dtáinig cáil san aisteoireacht nó réimsí eile ar go leor de bhaill an Chumainn.

Tugann Joe Steve Ó Neachtain ach go háirithe an chreidiúint don drámaíocht as muinín a mhúscailt ann, agus gach seans murach an Cumann gur thar saile anonn a bheadh sé imithe fadó.

Is mó ná scéal cumann drámaíochta atá anseo, mar sin, mar gurbh crann taca do phobal a bhí i ndroch-chaoi ab ea an Cumann, fearacht gluaiseachtaí pobail eile.

Cuid thábhachtach de scéal TG4 agus Ros na Rún atá san scéal seo freisin, mar gurbh sna drámaí a chuir cuid de chliar Ros na Rún agus TG4 faobhar ar a gcuid scileanna. 

Luaitear siar is aniar idir an Taibhdhearc - agus roimhe sin Amharclann na Mainistreach agus na haisteoirí anseo freisin. Feictear dom go bhfuil a leithéidí imithe i léig, agus a rian sin ar Amharclann na Mainistreach agus gan ach 3 drámaí i nGaeilge, stáitsithe ag dreamanna eile, ar Ardán na Péacóige ó 2010 i leith.

Ag barr a réime bhí Aisteoirí an Spidéil ag fáil comhairle agus tacaíocht ó Amharclann an Mainistreach, rud a chuaigh chun tairbhe don Amharclann níos faide anonn agus ábhar aisteoirí ag teacht chucu ón gcumann.

Le hachainí a dhúnann an leabhar, sé sin go dtiocfaidh toradh ar mhian na nAisteoirí ionad buan dá gcuid féin a bheith acu. Feictear dom gur infheistíocht fónta a bheadh ansin i dtodhchaí pobail agus ar mhaithe le daoine a oileadh i scileanna a rachadh chun tairbhe do réimsí eile den tsaoil.

Admhaím gur caolseans go mbeadh an leabhar seo léite agam murach go dtáinig chugam i mbeart leabhar le léirmheas a dhéanamh orthu ó Chló Iar Chonnacht. 

Bhraith mé é bheith fadálach scaití, liosta d'ainmneach daoine nach bhfuil aithne dá laghad agam orthu a ghlac páirt sa dráma seo agus sa dráma siúd, ach tuigim go mbeadh léamh eile ag gaolta na ndaoine sin ar an scéal.

Tá tagairtí d'fhoinsí agus fonótaí sa leabhar, rud a bheidh ina chabhair do staraithe pobail eile, agus tá roinnt ghrianghraif ann freisin, ina measc ceann den trí lánúin a phós de bharr iad a bheith casta ar a chéile sa chumann. (An t-aon ionadh atá orm ná a laghad cleamhnais a d'eascair as, ach seans go bhfuil níos mó nach bhfuil luaite)

Cloch fónta ar stair na háite thiar agus na drámaíochta atá anseo, agus go deimhin stair na scannánaíocht agus TG4 de bhrí gurbh as an úir seo a d'eascair sin.

Aisteoirí an Spidéil
Máirín Breathnach Uí Choileáin
Cló Iar-Chonnacht,
Tagairt: 9781784441173 

2016-01-02

An Cúigear Cróga gaelaithe ag an Dís Dásachtach

Is beag léitheoir óg le Béarla nach bhfuil sciar éigin de shaothar Enid (nó Gnid mar a shíl mise a bhí uirthi)  Blyton léite acu mar chuid dá bprintíseacht sa léitheoireacht. Ba gheal le monarchan í, ag foilsiú léi ar feadh na blianta. Uasmheánaicme slán Sasain a laochra, ar ndóigh, ainneoin gach priacal a bhaineann leo iad i ndomhan lán saoirse ach mar sin féin sábháilte ag deireadh an lae. Sin áfach meon chriticiúil an duine fásta; ní fheiceann an léitheoir óg ach eachtraí taitneamhacha. Éalú ó leimhe an tsaoil.

Níl a dóthain den ábhar sin ann sa Ghaeilge agus mar sin is maith an rud é go Cló Iar Chonnacht ag tabhairt faoi breis a chuir ar fáil tríd aistriúcháin. Ní hiad na húrscéalta atá á aistriú acu áfach ach gearrscéalta ó Bhliainirisí. 

Beirt a bhfuil scil acu sa teanga atá á n-aistriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra. Cainteoirí Gaeltachta, ach freisin beirt a bhíonn ag obair - mar iriseoirí - leis an nGaeilge. Tuismitheoirí iad beirt freisin, más buan mo chuimhne, agus ana thuiscint acu ar an friotail ceart do dhaoine óga. Leaganacha deasa nádúrtha atá anseo gan an chaint a bheith leanbaí. Léigh mé an ceithre leabhar seo le'm iníon (9), ní raibh stró ar bith aici leis na codanna a léigh sí féin. Mar sin féin d'fhoghlaim mé féin corr leagan nua, mar shampla go scairteann solas ó thóirse!

Eachtraí breá éadroime atá sna scéalta gairide seo - thart ar 70 lch. Eachtraí a d'fheadfadh na leanaí iad féin a shamhlú leo, capall ag éalú, mar shampla, nó seanbhean léi féin a thit i teach agus gan ar a cumas aird a tharraingt ar a cás.

Rud suntasach faoi na leabhair ná na léaráidí úra leo atá comhaimseartha ach deas, le hais na cinn a bhí smolchaite agus na leabhair á léamh agamsa beagnach dhá scór bliain ó shin!

Faoi láthair tá na leabhair ar fáil ar €5 ó Chló Iar Chonnacht. Bhí ceann ceannaithe agam féin le cuir i stoca Nollaig; seoladh breis cóipeanna léirmheastóireachta chugam. An ceithre leabhar thuas léite anois againn, gach seans go mbeidh mé ar cur fios ar roinnt eile - do Leabhra Feabhra, abair!

An Cúigear Cróga - Maith Sibh, A Chúigir Chróga
Enid Blyton, Máirín Ní Ghadhra,
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441340  

An Cúigear Cróga - Nollaig Shona a Chúigir
Enid Blyton, Gormfhlaith Ní Thuairisg
Tagairt: 9781784441357  

An Cúigear Cróga - Cúigear i bPonc
Enid Blyton, Gormfhlaith Ní Thuairisg
Tagairt: 9781784441326  

An Cúigear Cróga - Nuair a Lean Timmy an Cat
Enid Blyton, Máirín Ní Ghadhra
Tagairt: 9781784441333