Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label ficsean werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label ficsean werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-01-04

Méirscrí na Treibhe

Thart ar 2011 léigh mé dornán úrscéal le Alan Titley, Méirscrí na Treibhe ina measc. Thaithin sé liom an uair úd, mar a scríobh mé - cé go raibh mé ag streachailt le sleachta áirithe foclacha.

Ó shin i leith, agus go háirithe le cúpla bliain anuas, tá go leor litríocht ón Afraic léite agam - le Chinua Achebe agus Ngugi wa Thiong'o.

Nuair a chonaic mé go raibh Méirscrí na Treibhe fós ar díol sa siopa leabhar, rith sé liom gurb fiú é athléamh. (Ón leabharlann arís a fuair mé é!)

Thaithin claochlú Paul Lobado ón fear gorm geal go dtí an té a chuireann é féin faoi deasghnátha treibhe agus a ghabhann freisin i bpáirt le reibiliúnaithe go mór liom. Feictear dom gur cheap an Titlíoch na mothúcháin a bheadh ag a leithéid i dtír Afracach a bhí ag imeacht ó chos ar bolg na coilíneach go cos ar bolg a ngiollaí Afracacha go maith - stair léanmhar a chonaic sé féin lena dhá shúil. Más buan mo chuimhne chaith sé tréimhse i ngéibheann sa Nigéir sular díbríodh é. 

Ach bhí mé fós ag streachailt leis an foclachas - athrá go leor, focail aduaine, traslitrithe, cumtha. Dubhogham! (Ceann de na leaganacha a bhí sothuigthe) 

Luaigh Iarla ar Twitter gur thug an Titlíoch mar chúis go raibh sé ag iarraidh saibhreas agus doimhneacht cultúir na hAfraice a léiriú. 

B'fhéidir é. Ach mar léitheoir ní mór dom a admháil gur san scéal atá mo spéis, agus gur sciorr mé thar scata sliocht foclach gan iad a léamh ach ar éigin. 

Ait go leor i dtús an leabhair feictear dom go raibh sé féin ag spochadh as rofhoclacht óráidí polaiteora ón fhreasúra (ach bhí úsáid míchruinn focail iasachta ilsiollacha i gceist ansin freisin). 

Ach b'fhiú an athléamh. Tá na carachtair láidir, sochreidte agus tá an plota freisin. Rud a ritheann liom ar an athléamh áfach gurb ar éigin atá mná sa scéal in aon chor - agus iadsan atá, níl siad gníomhach in aon chor. 

Tá an leabhar le fáil ó Chló Iar-Chonnacht. 

2020-01-05

Gráinne Gaiscíoch Gael

Bunaithe ar taighde stairiúil - agus a cuid foinsí tugtha ag deireadh an leabhar - tá athinsint bhríomhar déanta ag Siobhán Parkinson ar sraith eachtraí i saol Gráinne Ní Mháille. Na daoine nach luaitear sna leabhair staire - cuntóirí, freastalaithe, cruthaithe. Craiceann agus feoil, meon agus meabhar curtha ar firicí tirime na staire. Ceannaire, máthair, leannán, smaointeoir, stráitéisí a chastar orainn ar na leathanach seo - a chruthaíonn bá dí ina cogadh síoraí go háirithe le hamhas  Eilís, Richard Bingham - Uachtarán Connachta in achrainn fuilteacha Eilís leis na Gaeil.
Amhas a chuaigh thar foighne a mháistreás scaití - ach go raibh ina uirlis fóinteach dí babhtaí eile. (Ná cuir do mhuinín i bprionsaí!)

Thaitin an insint go mór liom agus bainfidh léitheoirí idir óg agus aosta tairbhe as.

Is trua gurb é seo an leabhar deireadh a fheicimid ó Cois Life - ach is cloch mullaigh a ndiongbhála atá ann.



Gráinne Gaiscíoch Gael
Siobhán Parkinson
Cois Life