Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-07-26

Ríocht na dTonn

Tomás mac Síomóin a spreag an leabhar seo, tré cóip de Chladaigh Chonamara a thabhairt do Mhícheál Ua Ciarmhaic. Fearacht Mac an Iomaire, thug taithí saoil agus cumas teanga deis don údar cur síos ar an dúlra a bhí thart ar ina óige ar bhealach fileata lán eolais.
Éisc agus éanlaithe Uíbh Ráthaigh atá faoi chaibidil anseo aige, an cur síos saibhrithe le cuimhní cinn ar seilg mara le linn a óige. Sár leabhar ó thaobh na bhfocail de, ach bhí díomá orm leis na léaráidí. Bhraith mé freisin go mba cheart go mbeadh léarscáil ag dul leis ar mhaith leis an té, mo leithéide féin, gur beag a eolas ar an dúiche.
Tá leabhair mar seo tábhachtach chun eolas ar an dúlra a chaomhnú agus a scaipeadh, agus gan amhras eolas ar slí bheatha freisin. Ach is fearrde leabhar mar seo íomhánna maithe.


Ríocht na dTonn
Mícheál Ua Ciarmhaic
Coiscéim 1989

2014-07-12

Athchuairt ar Mhéirscrí na Treibhe

Chinua Achebe; Íomhá Stuart C. Shapiro
Le deireanas tá dornán d'úrscéalta Chinua Achebe léite agam de bhrí go bhfaca san leabharlann iad - Things fall apart, Anthills of the Savannah agus A Man of  the People.

Thaitin siad go mór liom. Chuir tagairt san leabhar deiridh úd do "Múinteoir réabhlóideach Éireannach" Alan Titley agus a leabhar Méirscrí na Treibhe i mo cheann.  Leabhar a bhain mé sult as ainneoin paistí crua, agus leabhar a bhraith mé a tháinig an ghar don saol a léiríonn Achebe freisin.

Níorbh é Alan an Éireannach Réabhlóideach gan amhras, cé gur chaith sé féin tamall i ngéibheann san Afraic.


Bhí sé de dhánacht ionam tráth fiafraí de an mbeadh fonn air eagar a chuir ar Méirscrí na Treibhe d'fhonn é dhéanamh níos soléite agus teacht ar léitheoireacht níos leithne. Cé gur ghéill sé go raibh deacrachtaí ann, níl - mar a thuigfeá - fonn ar athchuairt a thabhairt ar saothar déanta.

B'fhiú do léitheoirí streachailt leis mar sin féin; tá boladh agus blas na hAfraice le fáil ann, beagnach mar atá i saothar Achebe.

2014-07-08

Brian Óg

Spreag an mír seo leis an Léirmheastóir Aineolach mé le dul sa tóir ar an saothar seo le Pádraic Ó Conaire nach raibh léite cheana agam. 

Chuaigh mé i muinín BorrowBooks mar sin (ós rud é go bhfuil an leabhar as cló) agus tháinig chugam ó carcair éigin i leabharlann Liatroma cóip den leabhar san seanchló. Cé gurbh an Comhlucht Oideachais a d'fhoilsigh níl léaráidí ná foclóir san leagan a fuair mise - is ar líne a d'aimsigh mé an léaráid thall. Níl dáta foilsithe ar an leabhar, ach tá an cuma ar go raibh sé ag scoláire éigin sular bhfuair an leabharlann é - tá línte faoi focail áirithe agus gluaiseanna. Tá an bileog iasachtaí fós gan smál - n'fheadar an mór bliain a bhí an leabhar a luí ar seilf gan léamh!
Scéilín gaisceoireachta ann, lonnaithe in am Cogadh an Dá Rí, agus ról ag Séamas a' Chaca féin ann.

Ag tús an leabhair tá Brian Óg an teidil ina ábhar sagairt i Lisboa ach fonn láidir air - agus cuid mhór dá chomhábhair sagairt freisin - dul le saighdiúireacht agus a gcion a dhéanamh ar son na hÉireann ar an mblár catha seachas sa chrannóg.

Scéal éadrom do ghasúir scoile atá ann, eachtraíocht sách áiféiseach ach taitneamhach. Tosaíonn sé amach sochreidte go leor agus é á sheoladh abhaile - de bharr páirt i gcomhraic dar leis, ach dáiríre cionn is go bhfuil a athair tinn. Ach téann an scéal chun áibhéile agus é sa bhaile in Éirinn áit a mheallann bé é le héalú léi ón páirtí atá ceaptha ag athair agus Rí di. Tá casadh agus lúba dochreidte san cuid seo, agus noda do scéal níos leithne nach dtagann aon forbairt orthu.

Más buan mo chuimhne dúirt Ó Conaire féin ná raibh tíoránaigh níos measa a bheith ag scríobh dó ná gasúir scoile - is ar mhaithe le pinginí a scríobh sé na leabhair seachas le fonn.
Mar sin féin bhain mé sult as agus d'alp siar d'aon iarracht amháin. Ach b'fhearr liom a chuid gearrscéalta nó fiú Fearfeasa Mac Feasa - leabhar seoigh (atá i gcló arís ag Leabhar Breac!) - ná an ceann seo.

2014-07-05

Féasta

Trian de teach mór. Trian an lucht freastail, é ina áras ar leith anois. An cistin mar a bhíodh ina chistin is seomra suí. Síleáil mós ard. Sean sorn leictreach. Cáca baile le cáis air faoin ngríscín. Cáis ag boilgearnach san teas. Nana agus ua, chaon duine acu ina chathaoir féin cois tine. Féasta!

Imbolc 2014: Pádraig Ó Duinnín: Múnlaíonn muir marana

Íomhá Duncan Palmer agus Sinéad Corish
Thug Pádraig Ó Duinnín píosa thar a bheith spreagthach bunaithe ar a thaithí ag plé le daoine - taithí a eascraíonn as spéis fad saoil sna báid agus sa bhfarraige. D'éirigh leis máistreacht a bhaint amach ar muir agus báid; máistreacht atá de dhíth agus é ag caint le Muintir na Mara - treibh nach bhfuil foighne acu le cur i gcéill! Is mó togra a d'eascair as sin - an sraith cláir  Muintir na Mara, abair.
Níos spéisiúla áfach a shaothar le daoine óga le deacrachtaí san Meitheal Mara i gCorcaigh.
Ba léir óna chuid cainte, ón socracht agus suaimhneas a bhraith mé uaidh go raibh tairbhe agus gaois thar an gnáth fáiscthe aige as a thaithí, agus é ar a chumas cuid den socracht agus gaois a roinnt ar dhaoine eile.

Arís eile, ba thaitneamhach tairbheach an t-am a chaith mé ag Imbolc 2014 - agus i mbliana bhí Cór Cúl Aodha ann agus muid ag freastal ar Aifreann Domhnaigh san séipéal!

Imbolc 2014: Aogán Ó hAoláin: Gnó gan teorainn!

Íomhá (c) Duncan Palmer & Sinéad Corish
Labhair Aogán Ó hAoláin óna thaithí féin le comhlacht ilnáisiúnta - é sách sinsearach, ach é ar a chumas obair ón mbaile ó áit tuaithe.
Dar ndóigh - i gcomhthéacs na tíre seo ach go háirithe - tá nascanna maithe cumarsáide riachtanach! 
Bhí a chuid cainte spéisiúil ainneoin gur beag mo shuim gnó agus go bhfuilim amhrasach  faoi comhlachtaí ilnáisiúnta - mothaím go bhfuilimid ró spléach orthu!
Luaigh sé rud suntasach áfach - tá sé tábhachtach go mbeadh Éireannaigh i láthair sna coistí inmheánacha a bhíonn ag déanamh cinntí faoi infheistíocht nó coiriú ar láthair an comhlachta  - chun go mbeadh abhcóide ag na láthair Éireannacha.

Imbolc 2014: Katie Ní Loinsigh: Nathanna ar ais dá pobal

Is ag filleadh ar a háit dúchais a bhí Katie Ní Loinsigh agus í ag caint ag Imbolc i mBaile Bhuirne. Mheall sí slua sa bhreis dá réir, agus tráthúil go leor ba le scoláire eile de chuid na dúichí a bhí sí ag plé - scagadh á dhéanamh aici ar na nathanna i saothair Pheadair Uí Laoghaire.
An sprioc atá aici ná bunachar de na nathanna a chuir ar fáil don bpobal, rud a léiríodh an spéis ann go háirithe acu siúd atá ag plé le hoideachas. Bhí samplaí breátha aici féin ina sleamhnáin agus í ag léiriú brí na nathanna le pictiúr chliste. Mar a tharlaíonn sé, tá sampla den cineál léiriú sin ar fáil ar líne [PDF] mar thoradh ar an páirt a ghlac í san Comórtas "Tell it straight" i DCU.
Sampla an-mhaith de húsáid na dána digiteacha atá ann; tá leabhair an Athair Pheadair breac le nathanna a bhfuil íomhá láidir ag dul leo agus ciall ar leith leo. Nathanna atá ceilte ar mórán anois go háirithe agus é deacair teacht ar na saothair. (Tá cuid acu digitithe anseo a bhuí le David Webb)
Táim cinnte go mbeidh oidí in ann tairbhe a bhaint as an gcnuasach - go háirithe má bhíonn teacht ar ar líne.
Beidh an cnuasach innéacsaithe, le cabhair ón Leadránaitheoir (a ainm) a cheap Kevin Scannell. Cabhair a bheidh ansin go háirithe agus eolas ar na sean foirmeacha ag éirí gann.
Caint spreagúil a bhí ann; agus táim ag súil, ós nathadóir mé, leis an dtoradh!

2014-07-02

Port na Farraige Goirt

Ní léitheoir mór úrscéalta grafaice mé, ach tá spéis ag mac liom i Manga agus thug sin leithscéal dom an leabhar seo ó Leabhar Breac a cheannach. Agus é ceannaithe, rinne mé é a léamh, dar ndóigh!
Maidir leis an laoch Corto Maltese agus a údar Hugo Pratt, tá alt spéisiúil ag Panu ar An Tuairisceoir. Don té atá fiosrach, tá breis eolais i gcartlann Hugo Pratt.
Maidir liom féin, nílim iomlán cinnte. Is eachtraí laistigh de fhráma a chuirtear inár láthair - bhraith mé féin go raibh bearna sa phlota. Mar sin féin gaisceoireacht pléisiúrtha atá ann, bithiúnaigh agus laochra, mistéir, corr agus casadh, bruinneall dathúil (ar ndóigh), bundúchasaigh glice i dtiúin leis an muir, polaitíocht na cruinne ar thairseach cogaidh,  agus araile.
Is dóigh liom go mbeadh fonn orm an chéad gála eile a léamh freisin.
Is maith liom an méid atá ar bun ag Leabhar Breac; tá's ag an saol go bhfuil poll ann i leabhair Ghaeilge idir na cinn do leanaí agus na cinn do dhaoine fásta a bhfuil frídín an léamh liteartha tolgtha acu cheana. Táim dóchasach go bhfuil Leabhar Breac ag tús cadhnaíochta ag líonadh an phoill sin le hábhar a chuideoidh breis léitheoirí Gaeilge a earcú. Treise leo!


Port na Farraige Goirt
Hugo Pratt
€12.00 (bog), 256 lch;
ISBN 0 898331 02 0