Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-07-29

An Gruagach

Ar moladh ó Dharach Ó Scolaí, bhí súil in airde agam do leabhair ón sraith Sráid an Iarla. Cheannaigh mé An Gruagach san Caifé Liteartha sa Daingean.
Buachaill óg is ea an reacaire agus laoch, buachaill lán samhlaíochta. Baineann an scéal le gadhar a bheith á ghoid, agus amhras a bheith ar an ngasúr faoi chomharsa nua.

Tá an scéal iomlán réalaíoch, ach feiceann an gasúr gné osnádúrtha leis an scéal de bharr a chuid léitheoireachta agus samhlaíochta, agus de bhrí go nglacann sé go litriúil le meafar i gcaint na ndaoine fásta. Thar a bheith éifeachtach! Níl an chaint sa leabhar ró chrua agus tá sé ar chumas m'iníne é a léamh. 

Beidh orm dul sa tóir ar na leabhair eile san sraith! 

An Gruagach
Peadar Ó Cualáin

€7.50 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-05-2

2015-07-26

Eisimirce ┐an Béal Bocht

Bhí mé ag ócáid de chuid STEPS Déardaoin. Feachtas de chuid Innealtóirí Éireann atá an a eagraíonn Innealtóirí le cuaird a thabhairt go deonach ar scoileanna chun daoine óga, mná ach go háirithe le spreagadh le tabhairt faoin ngairm.
Táim féin páirteach ann ar mhaithe le bheith ar fáil do Ghaelscoileanna.
Le linn an plé dúirt fear ón tSeirbia ar saorálaí é féin rud suntasach.
'Bíonn ceann faoi ar na daoine óga faoin Stáit seo. Cloiseann siad go bhfuil an rialtas lofa, agus na cinn roimhe níos measa. Ní fheiceann siad áit dóibh féin sa tír. 
Ach ní hamhlaidh atá. Cén tír eile san Eoraip a thóg deich mótarbhealach le deich mbliana anuas? Nó críochfort nua san aerfort? '
Tá dealraimh leis sin. Seo, ar ndóigh fear a thuigeann droch rialtas. Bhí roinnt comhrá agam leis ina dhiaidh. Theith sé ón gcogadh, gan aige le seasamh air ach a chumas féin agus cumas a mhnaoi. É mórtasach as saoránacht na tíre seo a bheith aige, ach fós ag múineadh Seirbis dá chlann.
Mothaím an mífhoighid céanna i mo chomhghleacaí ón Úcráin agus muid ag clamhsán fén stáit seo. (Agus monuar is clamhsánach an duine mé!)
Cinnte, d'fhéadfadh rudaí bheith níos measa anseo. Ach is beag duine againn atá i mbaol ó fir gunna. Nuair a théann gaol linn san ospidéal ní gá dúinn bheith faichilleach go bhfaigheadh gach duine an breab cheart le go bhfaigheadh siad cúram mar is ceart.
Ní cheart dúinn a bheith ag goid dóchas ár ógánaigh. Tá a bhflosc de dhíth orainn! Déanaimis iad a earcú in iarracht barr feabhais a chuir ar an dtír.
Mo bhuíochas Dejan, a chomrádaí, as an lón machnaimh.

2015-07-25

Fontenoy arís

Agus mé ag saoire d'athléigh mé Fontenoy Mhic Cóil . Ba tairbheach an athléimh a bhí ann. Sílim go raibh barraíocht aird agam ar an eachtra agus níor thug mé na leibhéil san insint faoi deara i gceart. Go deimhin, is dócha gur léigh fánach a fuair smaointe fealsúnachta an údair. Tá mar a bheadh trí ciorcal san reacaireacht. Croí na reacaireachta scéal an Oifigigh Uí Raghallaigh féin, aimsithe mar dheá i gcartlann i sa bhFrainc.
Tá cuma Gaeilge na linne curtha ar na sleachta sin, ach gan é sin a bheith ina fhál go haer don léitheoir líofa i nGaeilge na linne seo.
Ansin tá an comhrá idir an Oifigeach agus staraí de chuid Rí na Fraince, nach n-ainmnítear sa leabhar. Ach tá tagairt do dhán dá chuid agus leathrann as luaite; níor thóg sé mórán taighde orm tuiscint gur Voltaire a bhí i gceist. Níor thuig mé gurbh bolscaire do chogaí an Rí a bhí ann! (Tá teacht ar an dán agus aiste ag dul leis anseo). Tá an chuid seo den reacaireacht suite san am i ndiaidh Blàr Chùil Lodair áit a thráigh an dóchas a bhí ina thuile i ndiaidh briseadh na Sasanach ag lámha Éireannacha i Fontenoy.
Ansin tá smaointe agus tráchtaireacht an údair féin, ag cíoradh agus ag spíonadh an méid a léiríonn Ó Raghallaigh agus Voltaire ina gcomhrá agus ina gcuid scríobh.
Cur síos fuarchúiseach ar ár an chogaidh, ar chúraimí agus smaointe oifigeach coinsiasach laistigh de srianta na linne; ré ina raibh an troid aghaidh ar aghaidh, go bhfaca fir agus oifigeach toradh fuilteach a gcuid oibre ós a gcomhair agus faoina gcosa.
Macallaí áirithe de "Faic nua san Iarthair" Remarque, brúidiúlacht agus éigiall an chogaidh ach na fir ag leanacht orthu mar nach bhfuil an dara rogha acu.
Ach b'fhearr le gach fear a bheith ag tochailt a gharraí féin ag baile, rud atá ceilte air ag naimhdeas agus aindlí na naimhde a a bhfuil a n-arm anois ós a chomhair.
Sár leabhar. Lón machnamh.



Fontenoy
Liam Mac Cóil

€12.50 (bog), 192 lch;
ISBN 978-0-898332-5-7

2015-07-24

Cruach Mhárthain agus ar aghaidh

Radharc ar na Blascaod
Radharc ón gCruach(1)
Radharc ón gCruach(2)
Radharc ón gCruach (ó thuaidh)
Radharc ón gCruach (siar)
Bhí sé gaofar!
Slí na Faille
Béal Bán
Sráidbhaile Iníon an Rianaigh
Anraith maith anseo, chomh maith le leann

Thug mé cuairt ar Daithí de Mórdha agus Ionad an Bhlascaod agus mé thiar. D'fhág mo bhean ann mé, ach bhí orm mo bhealach féin a dhéanamh ar ais go dtí an Baile Breac. Bhí fonn láidir orm freisin Cruach Márthain a dhreapadh - go deimhin bhí roinnt taighde déanta roimh ré agam, ar Google Maps ina measc. Fuair mé comhairle ó Dháithí agus thug aghaidh ar an gcnoc. Suas an bhóthar ón Ionad, trasna an bhóthair agus giota ar Slí Chorca Dhuibhne thar an mBrú. 

Lean mé orm ar an mbóthar in aghaidh an chnoc gur déanadh bóithrín de. Bhí geata le trasnú ach lean an bóithrín air ag dreapadh agus ag éirí níos gairbhe. Thart ar leath bhealach suas tháinig mé - mar a bhí fógartha ag Dáithí - ar iarsmaí an tsráidbhaile a tógadh don scannán Ryan's Daughter. Dhá bhóithrín duirleoige an méid atá fágtha agus iarsmaí bunsraith roinnt tithe, athghafa ag an mbogach. 

D'fhág mé an cosán ansin agus thosaigh ag dreapadh na cruaiche. Bhí an dreapadh tríd fraoch agus bogach géar go leor, ach bhain mé an barr amach gan aon ró dhua. Faraor d'iompaigh an aimsir agus is beag taitneamh a bhí mé in ann baint as an radharc; radharc iontach, ó dheas uaim na Blascaod, soir uaim Fionn Trá, siar uaim Trá an Chlochar, ó thuaidh an Buailtín agus Ard na Caithne, agus Bréanann ar íor na spéire.

Thiomáin an ghaoth anuas den mullach mé, agus lean mé claí ó thuaidh a bhí ar droim an chnoic, ag titim go réidh comhthreomhar leis an mbóthar go dtí an Buailtín.

Anois is arís bhí claí sreinge le trasnú, ach ní raibh aon bac dosháraithe ann. Bhí mé le teacht amach ar an cúlbhóthar píosa taobh thiar den Eaglais sa Bhuailtín, ach bhí láracha agus a searraigh sa ghort deiridh a bhí le trasnú agam, mar sin sheachain mé iad agus dhreap anuas tríd gort sách crochta, agus thar claí a bhí ard ar thaobh an bhóthar, beagnach díreach taobh thiar den sáipéal. 

Is mór an trua nach bhfuil cosán ceart leagtha amach, agus dreapa sna háiteanna cuí, mar is siúlóid thar a bheith taitneamhach atá ann.

Bhí ocras orm agus cé go raibh roinnt ceapairí agam i mo thiachóg shocraigh mé babhla anraith a cheannach. Bhí fonn orm cuairt a thabhairt ar an gcaifé Altú arís ach ní raibh aon anraithe fágtha. Thug mé aghaidh ar Tigh an tSaorsaigh, áit a raibh anraith glasraí deas romham, le meacan bána tríd a thug blas ar leith dó.

Thug mé sciuird go dtí Tigh Bhric sa Riasc lena gcuid pórtar a thriail. Tá sé blasta! Ar aghaidh liom ansin gur lean arís Slí Corca Dhuibhne trasna trá Béal Bán agus ar aghaidh go Baile na nGall.
Shiúil mé ar Slí na Faille go dtí an Ghlaise Beag.

Fén am seo bhí mé bréan den siúl (bheadh uair a chloig eile ar bhóithre i gceist chun an Baile Breac a bhaint amach), agus shocraigh mé triail a bhaint as an ordóg. D'éirigh liom, agus fuaireas síob ó bheirt ban óg ón nGearmáin a bhí ag cuir futhú i Teach Tábhairne an Bhreathnaigh An Bóthar.
Bhíos fíor bhuíoch den síob chomh fada le bun an bhóthair sa bhaile breac, mar bhíos traochta agus bhí sé ag ceobhrán!

Ceantar breá is ea Corca Dhuibhne don siúlóir, ach is trua go bhfuil an oiread de na siúlóidí marcáilte ar na bóithre, bóithre atá plódaithe le carranna turasóirí minic go leor. Ach tá an obair déanta ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag leagan amach na cosáin céanna.

2015-07-22

Bréanainn ó Scrín go Scrín

 Ainneoin go raibh tuar na haimsire fíor mhaith don 30 Meitheamh níor shroich an dea aimsir Corca Dhuibhne. I gceo trom a thrasnaigh muid Mám Conrach sa charr. Bhí an chuid eile ag tabhairt aghaidh ar Caisleáin Ghriaire agus an Machairí chun spóirt éagsúla uisce a chleachtadh. Bhí fúmsa siúl ar ais go dtí an Baile Breac thar Cnoc Bréanainn. Ní raibh sé dreaptha agam fós ón Leitriúch. 

Caitheadh amach as an gcarr mé mar sin ag bun na máma, ina aice le Loch a'Dúin agus shiúl mé ar an mbóthar i dtreo an sráidbhaile an Chlocháin. Bhí dóchas agam go nglanfadh an aimsir.

Ní raibh ar mo chumas siúl thar an mBácús san sráidbhaile, bhí boladh cumhra an aráin úr ag teacht as. Bhuail mé isteach agus chonaic rogha bhreá aráin mar a chífeá ar an Mór Roinn.
Ag amharc ó thuaidh ón scrín
 Níor shíl mé go mairfeadh bulóg ar aistear thar an sliabh i'm thiachóg mar sin ní dhearna mé ach dornán builíní - pain au chocolat agus gnáth arán bán a chrochadh liom mar phroinn ar an slí. (Chuaigh mo nuachar ar ais lá eile d'fhonn arán bhreá a fháil. Ní raibh díomá orainn).

Bhí mé anois ar slí Corca Dhuibhne ar feadh seal. Ag fágáil an bhaile chuaigh mé thar sean Eaglais agus Reilig suntasach. Seachas, mar is iondúil in Éirinn, uaigheanna san úir bhí másailéim ann, tithe beaga stroighne. Is dócha nach bhfuil an chré oiriúnach ann.

Lean an chonair ar aghaidh ansin tríd móinéar sách fliuch ina raibh magairlíní meidhreacha fairsing, trasna feadán ar dhroichead bheag agus suas tríd cluain sách bog agus amach ar an mbóthar arís. 
Scrín, An Fhaiche
 Casann Slí Chorca Dhuibhne ar dheis ansin, chas mise ar chlé i dtreo na scríne ag An Fhaiche.
Chonaic mé giorria sléibhe ag baint sult as léana súmhar teach saoire folamh, agus sciorr easóg trasna an bhóthair romham.
Ba léir anois nach raibh aon tuar le teacht faoi thairngire lucht aimsire,  agus thosaigh ceobhrán.
Lean mé orm mar sin féin tar éis paidir ghairid ag an scrín, agus tháinig chomh fada le dís eile ag siúl.  Fear as Meiriceá, agus a chliamhain as Béal Feirste. Bhí fear Mheiriceá tar éis a chuid taighde a dhéanamh, ina measc cúpla scannán ar Youtube!
Bhí luas maith fúmsa, agus d'fhág mé i mo dhiaidh iad.
Cosán oilithrigh atá san siúlóid seo, agus bhí sé deá mharcáilte le cuaillí agus saighid ar na carraigeacha. Ba mhithid, mar bhí an uain go hainnis. Gaoth agus ceobhrán. Bhain mé díom mo spéaclaí agus níor chuir orm arís iad go raibh an taobh eile bainte amach agam! Bhí ana díomá orm, mar bhí mé ag tnúth leis na locha Pater Noster a fheiceáil. Smid díobh ní fhaca mé.
An Cros ag barra an Chnoic

An Scrín ag an mBaile Breac
Shamhlóinn ana phleisiúir a bheith le baint as an turas seo ar lá breá. Shiúl mé liom ar aghaidh, an cosán ag leanadh ar aghaidh go soiléir, an dreapadh ag dul i ngéire de réir mar a dhruid mé Cnoc Bréanainn féin. 
I cúpla áit, mé anois ag siúl in aice le sruthán, bhí mé ag dreapadh dáiríre, lámha ag tacú leis na cosa. Bhí roinnt locha ag beathú an tsrutháin a bhí ag titim go meidhreach le fána. Ba diamhair an radharc iad i gciúnas an cheo, an ghaoth bactha anois ag an sliabh agus mé gar don gcuid is géire. Tá suaimhneas ar leith ar sliabh, ní haon ionadh go bhfuil an nós oilithrigh go sliabh buanaithe sa chine.
Os cionn na locha téann an cosán i bhfíor géire do dtagann an siúlóir amach arís ar an mullach sceirdiúil, roinnt céadta méadar siar ón mbarr. Níorbh fada go raibh an barr bainte amach agam. Meán lae a bhí anois ann, agus mé ar mo chosa óna hocht. Bhí mé buíoch den anraithe te a bhí liom i fleasc. Chaith mé mo phroinn i bhfothrach clocháin atá gar don cros ag barr, agus thug aghaidh ansin ar Chosán na Naomh anuas go Baile Breac. Arís, de bharr gur cosán oilithrigh atá ann tá sé marcáilte go maith le cuaillí bána agus tá sé chros déag san iomlán fán mbealach - péire sa bhreis ar an cheithre cinn déag i dTuras na Croise.
Ba mhithid, mar níor scaip an cheo go dtí go raibh an scrín ag barr an bhóthair sa mBaile Breac bainte amach agam. Thart ar leathuair tar éis a dó a bhain mé an teach amach, fliuch báite ach sásta go raibh an siúlóid déanta seachas curtha ar an méar fhada bliain eile. 
Fonn láidir orm mar sin féin é shiúl arís le súil na radharcanna a bhí ceilte sa cheo a bhlaiseadh.

2015-07-21

Scéalta scéine spraíúla

Ceithre chinn de leabhar (go dtí seo) aistrithe ó sraith Bhéarla Andrew Fusek Peters atá curtha ar fáil anois ag Cló Iar-Chonnacht. Scéalta bleachtaireachta ina bhfuil gné osnádúrtha iad - conriocht, taibhsí, vaimpír! Duine de na bleachtairí óga - Ben, buachaill óg - an reacaire agus tá cailín - Sam - mar leathbhádóir aige. Tá an reacaireacht deas éadrom agus tá na haistriúcháin ag Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra glan, cuanna.
Ní raibh deis fós agam féachaint an léifidh m'iníon iad - tá sí as baile arís - ach ní dóigh liom go mbeidh dua ag aon léitheoir óg leo agus táim cinnte go mbainfidh siad spraoi as. Cailín láidir í Sam, taitníonn sin liom. Feileann an amhras féin muiníne a chlóinn sé féin don reacaire Ben agus cuireann leis an ngreann atá ina orlaí tríd na scéalta. Thart ar 50 leathanach atá i ngach ceann de na leabhrán, d'fheadfaí iad a léamh gan stró in aon suí amháin shamhlóinn. Pléitear ar bealach éadrom sna scéalta freisin le tromaíocht, le péacadh an ghrá, le héad is formad - ach is i ngan fhios beagnach a déantar sin. Rud atá thar a bheith éifeachtach measaim.

Tá léaráidí gleoite le Cathy Brett ag dul leis na leabhair.

Lámh Mharbh Abú!

Nuair a chloiseann na bleachtairí óga Ben agus Sam cnag ar an doras, céard a bheadh rompu ach lámh cnámharlaigh agus é sa tóir ar a chorp! Mistéir, dainséar agus cnámha ar iarraidh.

Mac Tíre... Dáiríre!

Tá madra éalaithe agus na bleachtairí óga Ben agus Sam sna sála air. Oíche amháin feiceann siad mullach fionnaidh agus fiacla móra sa dorchadas. Ní haon mhadra atá rompu!

Taibhse an Dá Thaobh

Cás eile do na bleachtairí óga Ben agus Sam. Tá  taibhse sa mhuileann ach ní gnáth-thaibhse é seo, tá sé gearrtha ina dhá leith! Cé hé féin agus céard a tharla dó?

Brú Fola

Tá na bleachtairí óga Ben agus Sam ar ais agus iad sa tóir ar vaimpírí! Lena héadan geal agus beola dearga, tarraingíonn an cailín nua, Vladya Dortafola, aird gach duine ar scoil. Ach tá rud éigin aisteach fúithi...

2015-07-11

Amhrán na Mara

Bhí mé san Lighthouse tráthnóna leis an scannán iontach seo a fheiceáil. Tá scéal béaloidis an bhan-róin, a rugtar leanaí di le duine agus a fhágann é, athinste go gleoite ag Tomm Moore, agus cúpla leibhéal eile curtha leis an scéal eile: formad agus grá idir páistí, brón agus iarracht é a mhúchadh, dán an Slua Sí fite fuaite le dán daoine.
Tá an scéal chumhachtach seo curtha i láthair le beochan a bhfuil ardchumas ealaíona ag baint leis, mar is dual do Cartoon Saloon, agus ceol iontach ó Bruno Coulais agus Kíla.
Tá codanna den scannán rud beag scanrúil - mar is dual do sí-scéal, agus sileadh corr deoir (agus ní m'iníon a shíl iad ar fad) ach tá deireadh sona, dearfach áthasach ar an scannán.
Tá an obair ealaíona iontach ar fad agus gnéithe suntasacha do thírdhreach agus muirdhreach na hÉireann (agus cathairdhreach  Bhaile Átha Cliath) ceaptha ar bhealach ar leith. A oiread áilleachta in uair go leith...

Is mór an trua nach raibh níos mó daoine i láthair tráthnóna: tá deis eile san Lighthouse amárach agus dé Céadaoin. Sonraí anseo: Tapaígí an deis!