27 February 2014

Bánú na Tuaithe, Bánú na Gaeilge

Ag labhairt le Adhmhaidin i ndiaidh na hagóide leag Seosamh Ó Cuaig nach rachadh feachtas a bhí teoranta do chearta teanga i bhfeidhm ar phobal na Gaeltachta. Tá pointe gaolmhar á dhéanamh in Eagarfhocal Goitse.
Tá ceist na Gaeilge agus seirbhísí i nGaeilge iontach tábhachtach ach, muna bhfuil pobal beo beithíoch againn le úsáid a bhaint as na seirbhísí sin, beidh deireadh leis an Ghaeltacht.
Más rud é gur cuireadh tús le troid ar son na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo a chuaigh thart, ná bíodh an troid sin cúng. Ná bímis sáinnithe i gcoirnéal beag amháin.
Pobal iargúlta tuaithe pobal na Gaeltachta - sin cuid den chúis go bhfuil Gaeltacht againn in aon chor, mar gurbh fhéidir leis an pobal sin leanadh ar aghaidh ag maireachtáil ar iascach agus feirmeoireacht ó lámh go béal - Ag coraíocht leis an gcarraig lom. 
Ní shin le rá go raibh pobal bheag ann mar atá anois. Bord na gCeantar Cúng a bhí i réim sna ceantair a raibh Gaeltacht ann roimh teacht ann don stáit - agus rinne siad tréan iarracht cuir le maoin na ndaoine. Tá cuid den na céanna agus droichid a thóg siad fós luachmhar do phobal na Gaeltachta!
Sa lá atá inniu ann, feirmeoireacht, turasóireacht agus iascach fós na tionscail sa Ghaeltacht - sin agus roinnt monarchan le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
Ach tá an iascach faoi bhrú de bharr easpa iasc. Tá an fheirmeoireacht faoi bhrú ó chostais agus cúinsí eile. Biaiste fíor ghairid atá ann don dturasóireacht traidisiúnta atá bunaithe ar áilleacht na tíre.

Is fada an long ag dul anonn agus an Gaeltacht á bhánú ag imirce. Bhí pobal na Gaeltachta ag sluaisteáil cré abhus ar feadh tamaill le linn an tíogar Ceilteach, ach thit an tóin as sin go tubaisteach agus is ar an mbád nó an eitleán bán atá muintir na Gaeltachta ag tabhairt a n-aghaidh arís.

Sa mhullach ar sin, tá daoine óige sa Ghaeltacht ag fáil oideachas maith anois agus poist dá réir dlite dóibh. Is annamh - lasmuigh de na meáin agus Conamara 4 - poist mar sin ar fáil sa Ghaeltacht. Tá na meáin féin ag streachailt le ganntanas maoinithe, agus ag deireadh na feide mura bhfuil pobal le Gaeilge ann ní bheidh aon ghá le meáin Gaeilge!
Ach ní léir domsa go bhfuil straitéis ag an Rialtas le dul i ngleic le bánú na tuaithe. Go deimhin, shilfeá scaití gur a mhalairt glan atá ar bun. Tá na Gardaí á aistarraingt go dtí na bailte. Tá scoileanna beaga faoi bhrú ag treoir na Roinne Oideachais maidir le líon scoláirí atá riachtanach d'oide. Tá eagraíocht na scoileanna Gaeltachta dí-mhaoinithe ag an Roinn Gaeltachta. Tá an Roinn Coimirce Sóisialaigh ag aistarraingt feidhmeannaigh go bailte móra. Tá na hoifigí poist bheaga á ndúnadh.
Tá faillí leanúnach á dhéanamh ar bhonneagar na tuaithe. Éisteoir dílis de chuid Raidió na Gaeltachta mise,  mar sin cloisim an easpa dul chun cinn maidir le bóithre agus córais séarachais, agus teileachumarsáide -  cinntí atá dá thógáil (nó, le bheith cruinn) i bhfad i gcéin in oifigí i mBaile Átha Cliath.
Sa mhullach ar sin tá ceist achrannach an chaomhnú timpeallachta. Táim ar son caomhnú na timpeallachta. Ach shilfeá scaití nach gcuirtear daoine san áireamh in aon chor ach mar chineál truailliú nó fadhb a chaithfear díothú.
Sin dearcadh aineolach uirbeach dar liom. Is léir d'éinne a théann ag siúl gur múnlaithe ag daoine atá gach fód in Éirinn. Tá ballaí cloiche ag dul suas go barr Corrán Tuathail. Bhíodh ocht milliún daoine ag cur fúthu anseo roimh an nGorta agus scaipthe thart fud na tíre a bhí siad, ní istigh ar mhullach a chéile laistigh de chrios an M50 mar atá anois.
Go deimhin tá sé seo aitheanta fiú ag lucht caomhnaithe i gcás an Bhoireann áit a bhfuil feirmeoireacht mar chuid den mbainistíocht ar an dtaobh tíre uathúil ann - mar gurbh iníor eallaigh a mhúnlaigh é!

Bhí dream amháin le fógra ag cáineadh an Eoraip as na polasaithe caomhnaithe seo ag agóid Slán le Seán. Creidim go bhfuil dul amú orthu. Tagann treoirlínte ón Eoraip, cinnte - ach is abhus a tógtar na cinntí.

Éiríonn le tíortha eile saol tuaithe a spreagadh. Teipeann orainn anseo, áit a tógtar mórán gach cinneadh in oifig i mBaile Átha Cliath. Is chun aimhleasa na tíre trí chéile, agus na Gaeltachta ach go háirithe an staid sin.

Níl aon chúis, ach bonneagar fiúntach a bheith ann ó thaobh bóithre agus teileachumarsáide, nach bhfeadfadh teaghlaigh óga fanacht agus Gaeltachtaí bríomhara a chruthú - iad ag obair ón mbaile, ó oifigí beaga nó ag taisteal anois is arís go dtí na bailte. (oibríonn mo bhean féin ón mbaile seachas lá sa tseachtain, chaith mé féin tréimhsí á dhéanamh) D'fhágfadh sin go mbeadh daoine óga sa phobal chun na scoileanna a choimeád ag dul, agus leanfadh seirbhísí eile sin.

Chuige sin níor mór fíor dílárú cumhachta a bheith san tír. Tá ceannaire pobail sa Ghaeltacht ag obair ar sin. Tacaím leo, agus creidim gur cheart do Ghluaiseacht na Gaeilge trí chéile tacaíocht lena n-iarrachtaí chun bonn láidir a chuir faoi phobal na Gaeltachta. Chun ár leas uilig sin.

Sin mo racht go n-uige seo. Agus níl ach baint thánaisteach aige leis an gceist go bhfuil sé le rá agam go raibh pionta agam le Pádraigín a' Táilliúra  agus mé thiar!

24 February 2014

Slán le Seán

Séan Ó Cuirreáin, an Litir ⁊ Foireann na hOifige
(Íomhá le hEoin Ó Riain)

An fáth go ndeachaigh mé siar ar an Domhnach

Gaeilgeoir uirbeach mise, duine a bhfuil Gaeilge aige mar gur chinn mo shin shean athair go n-athshealbhaíodh sé féin í. Spreag sin a mhac siúd Diarmuid le dul go Com Dhíneol agus Gaeilge a fhoghlaim tríd tumoideachas. Thóg sé siúd a chlann, m'athair ina measc le Gaeilge i Deilginis.  Thóg seisean mise agus mo dheartháireacha agus deirfiúracha le Gaeilge i dTír an Iúir. Níl nasc teaghlaigh agam leis an nGaeltacht mar sin, ach ní dóigh liom gur chaith mé riamh níos mó na cúpla seachtain sa Ghaeltacht in éineacht.
Dhaingnigh tréimhse thar lear i thús mo shaol fásta an Ghaeilge mar chuid de'm fhéiniúlacht  mar chainteoir athdhúchais, agus is le Gaeilge agus Gearmáinis atá mo chlann á thógáil ag mo bhean is mé féin.
An slua ag bailiú
Cé nach bhfuil mórán ama caite agam sa Ghaeltacht, braithim dáimh láidir léi agus a pobal. Tá Raidió na Gaeltachta go háirithe agus litríocht na Gaeltachta, sean agus nua, lárnach domsa agus tuigim go maith gurbh astu a eascraíonn pé slacht atá ar mo chuid Gaeilge.
Tuigim, mar a leagtar amach san alt dhuairc seo agus i gcáipéisí eile go bhfuil an Ghaeltacht á creimeadh go leanúnach agus go bhfuil uair na cinniúna ann.
Is mór an tairbhe a bhain mise go pearsanta as Gaeilge a bheith agam go díreach agus go hindíreach - táim go láidir den dtuairim gur chuidigh an dátheangachas go mór liom i mo ghairm beatha mar ríomhchláraitheoir. Santaím an deis céanna sin don oiread agus is féidir de mo chomh-shaoránaigh, ar mhaithe leis an tír trí chéile.
Mise, dearg le fearg!
Íomhá le Marion Ní Shúilleabháin
Níl slánú na teangan ná na Gaeltachta le fáil i seirbhísí Stáit amháin. Agus ní sprioc iontu féin iad ach oiread. Tá sé tábhachtach go mbeadh teanga ar fáil don gcainteoir dúchais san oiread réimsí agus is féidir le go bhfeadfadh sé nó sí faobhar agus barr slacht a chuir uirthi.
Pobail tuaithe pobail na Gaeltachta - pobail bheaga. Is beag costas pearsanta ormsa dul in adharca le maorlathaigh d'fhonn seirbhís as Gaeilge a fháil - go hiondúil níl mé ag brath ar an seirbhís sin. (Is san earnáil phríobháideach atá mé ag obair).
Sa mhullach ar an dáimh le pobal na Gaeltachta a thug siar mé, tá meas, buíochas agus urraim agam do Sheáin Ó Cuirreáin agus dá fhoireann bheag, dílis dúthrachtach.
Is minic nuair a rinne mé iarracht seirbhís stáit a fháil trí Ghaeilge gur chlis orm -  go hiondúil de bharr easpa eagar san oifig nó rannóg a raibh mé ag plé leo. Bhí dóchas agamsa nuair a reachtaíodh Acht na dTeangacha go mbeadh deireadh leis an sleamchúis, mar go mbeadh dualgas anois ar ranna stáit seirbhísí i nGaeilge a bheartú agus a chuir san áireamh. Monuar chlis go tubaisteach ar córas na scéimeanna cionn is nár dréachtaíodh agus daingníodh ach líon beag acu, agus na forálacha iontu sách lag. Mar sin féin rinne Oifig an Choimisinéara Teanga a dtréan dícheall aon fhadhb a bhí agam a réiteach, ag baint feidhm as "spiorad na reachtaíochta" nuair ba ghá.  Go hiondúil bhí sásamh éigin le fáil agam fiú nuair nár réitíodh an cheist go hiomlán.
Óige na Gaeltachta ag bronnadh litir
don Aire ar fheidhmeannach de chuid na Roinne
(Íomhá le hEoin Ó Riain)

 

Céard atá uainn? Cearta Teanga!
Cén uair? Anois!

Is ó cheartlár mo chroí a bhí mé thiar mar sin le mo bhuíochas a chuir in iúl do Sheáin agus dá fhoireann, agus le seasamh le muintir na Gaeltachta. Ba phribhléid dom bheith ar aor láthair le laochra ceart sibhialta na seascaidí, fearacht Seosamh Ó Cuaig agus Joe Steve Ó Neachtain. Ba phribhléid freisin bheith i measc leithéidí Donncha Ó hÉallaithe, Micheál Ó Foighil, Gearóid Ó MurchúTadhg Mac Dhonnagáin, dream a bhfuil éachtaí bainte amach acu. Ba ardú meanman dom bheith i measc lucht Misneach na Gaillimhe,  dream a fuair mé mé fhéin ina measc de bharr gurbh iad ba ghlóraí! (Agus anois tá piachán i mo sceadamán, ó bheith ag scairteadh ar m'aire bheag!) Ach ba ola ar mo chroí an glúin is óige de phobal na Gaeltachta a fheiceáil ann go líonmhar.

 

Slán le Seán

Bhí slua bhreá bailithe san Spidéal ag oifig an Choimisinéara. Léadh amach an litir ghairid buíochais a bhí le bronnadh air ansin. (Le léamh anseo) Thug sé féin óráid ghairid ansin agus fad is a bhí seisean ag rá go raibh a chroí chomh hard leis an Earagail de bharr na tacaíochta bhí tocht orm fhéin.
Is féidir éirim a chainte a thabhairt i ndá phointe:
  • Go bhfuil an Rialtas ag éileamh ar phobal na Gaeltachta leanadh de bheith ag labhairt Gaeilge eatarthu féin, ach gan í a labhairt leis an Stáit.
  • Go mbíonn an Stáit ag cur ar dhaltaí Gaeilge a fhoghlaim ar feadh ceithre bliana déag, ach ansin ag ceilt aon deis orthu feidhm a bhaint aisti leis an Stáit chéanna.

 

Dearg le Fearg!

Thugamar ár n-aghaidh soir ansin go dtí na Forbacha, scuaine fhada daoine idir óg agus aosta, "pickup" romhainn agus mionbhus inár ndiaidh. Fuair mé mé féin i measc grúpa Misneach na Gaillimhe a raibh dornán slua ghairm éifeachta acu:
Táimid dearg / Dearg le Fearg!
Céard tá uainn? / Cearta Teanga! Cén uair? Anois
Agus ceann a chuaigh go mór i bhfeidhm orm mar go léiríonn sé gurbh scéal na tíre dán na Gaeltachta freisin:
Tír gan óige / Tír gan Todhchaí
Mar chaomhach meánaosta ní raibh mé iomlán ar mo chompord le scairt eile a bhí acu cé go dtuigim a bhfraoch:
Bás don gcóras / Réabhlóid anois!
Ghiorraigh sin na cúig ciliméadair soir, cé go raibh orainn stopadh minic go leor le scuaine fhada chranna a scaoileadh tharainn - an mór chuid acu ag séideadh a mbonnán agus iad a dul thart le tacaíocht a léiriú.
Nuair a tháinig muid chomh fada le Roinn na Gaeltachta léigh Darach Ó Tuairisg an litir don Aire amach sular bhronn an cuid is óige den slua, an dream a thug ann muid dáiríre, ar fheidhmeannach de chuid na Roinne é. (Litir iomlán anseo)

 

Na hÉileamh

  1. go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh;
  2. go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta;
  3. go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain;
  4. go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta;
  5. go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
Tacaím leis na héileamh sin ar fad - ach go háirithe leis an éileamh ar Bhord Oideachais Gaeltachta.  Tá mo leanaí féin ag freastal ar Ghaeloideachas sna Clocha Liatha agus Bré.  Tá daltaí Gaelscoile ann áfach de bharr gur roghnaigh a dtuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge; tá an scoil agus na tuismitheoir
í ag obair as lámha a chéile dá bhrí sin. Sin rud nach féidir talamh slán a dhéanamh de sa Ghaeltacht, go háirithe agus breis daoine gan Gaeilge a bogadh isteach ann, nó ag pósadh isteach ann, nó ag filleadh le muirir a tógadh lasmuigh. Sa mhullach ar sin, is léir don dall nach bhfeileann curaclam amháin do dhaoine ar theanga coimhthíoch dóibh dáiríre í an Ghaeilge agus do chainteoirí. dúchais Gaeilge a bhfuil forbairt agus dúshlán teanga dlite dóibh, agus de dhíth orthu chun faobhar agus slacht a chuir ar an dteanga féin, go háirithe in aois ina bhfuil an teicneolaíocht ag tabhairt an mórtheanga isteach ní hamháin ian dtithe, ach ina bpócaí!
Cé go dtuigim an tábhacht le nuachtán i bhforbairt teanga agus pobail, tá amhras áirithe orm an tacaíocht stáit an dóigh is fearr; b'fhearr liom forbairt a fheiscint ar mhúnla Goitse.
Mart sin féin feictear dom na héileamh a bheith réasúnta, agus go bhfeadfaí iad a chur i gcrích gan mórán costas, ach toil a bheith ann.

Leis an Rialtas gníomhú anois. Ach ní bheidh mé ag cur na balcaisí dearga i dtaisce fós! Níl an feachtas seo ach ag cruinniú nirt.

Tír le teanga, tír le hanam!

Tá neart grianghraif eile ar shuíomh Sheáin Ó Mainnín.

22 February 2014

Fuaim, fís agus filíocht

D'fhreastail mé ar ócáid eile den scoth eagraithe ag Liam Carson agus IMRAM aréir. Mar chuid de chomhdháil ar Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain cuireadh blaiseadh ar fáil de trí chinn de Thionscadail IMRAM. Léigh Liam Ó Muirthile roinnt dá aistriúcháin ar Rimbaud. Léigh Ailbhe Ní Ghearrbhuigh a dánta a cumadh do BAILE OÍCHE. Agus léigh Gabriel Rosenstock samplaí dá leaganacha de de Haiku Jack Kerouac agus ansin a dhán Góstaí Jack Kerouac.
Ach mar thionlacan leis na léamha bhí filíocht físe Margaret Lonergan agus ceol a chum agus a sheinn Enda Reilly don ócáid - éacht ós rud é nach bhfuair sé ach fógra cúpla lá! Ag seinm a ghiotár a bhí sé le cuidiú ó roinnt cleasaíocht leictreonach - an chineál ruda ar thug Colm Mac Con Iomaire an Recession Quartet air ag Imbolc anuraidh!
Is buanchuid de na Tionscadal na híomhánna teilgthe a chuireann Margaret Lonergan ar fáil mar léiriú ar an bhfilíocht. Bhí deis aici agus an Enda a réimse scileanna a chuir i láthair mar go raibh éagsúlachtaí ana mhór san ábhar. Léigh Liam a leaganacha áille, ag brúchtadh le híomhánna de shaothar Rimbaud, an dán Aube abair agus bhí díreach na híomhánna cearta roghnaithe ag Margaret.
I gcás "Baile Oíche" is amhlaidh a tháinig na híomhánna roimh na dánta - chuir Liam pictiúr de Bhaile Átha Cliath istoíche faoi bhráid roinnt filí agus d'iarr dánta orthu. Bhí dornán dánta taitneamhacha, greannmhara ag Ailbhe dúinn. Spreag pictiúr de mhainicín i siopa éadach cnis scéal dán fíor ghreannmhar faoi Ghaeilgeoir deireadh Bhaile Átha Cliath - Bé aimsire de chuid TG4 a d'éalaigh ón ár a d'imir Rights for Anglophones ar an gcuid eile againn agus a bhí anois caomhnaithe in iarsmalann....
Filíocht uirbeach, freacnairceach, greannmhar, spraíúil.
Lean dánta bithbhuana ó Gabriel. Tá meas haijin - máistir Haiku - ar Jack Kerouac, (mar atá sílim ar Gabriel féin), duine atá in inmhe an bomaite tabhairt faoi deara a cheapadh i bhfoirm haiku. Léigh sé sampla de dhánta Kerouac a d'aistrigh sé. Ansin léigh sé a dhán fhéin, dán faoi na tionchair ar Kerouac. Nós a bhí aige nuair a chonaic an tionscadal iomlán, lean sé de anseo - i. léamh ón lucht féachana seachas ón gcrannóg, sa chaoi is gur guth amháin a bhí i dtreis, gan radharc ar an léitheoir. Éifeachtach.
Bhí gnó eile le déanamh ar an Oíche, i. leabhar (arís eile!) de chuid Gabriel a sheoladh. Is ar chrann Alan Titley a thit sé (d'fhógair Liam go raibh sé chun caint *gairid* a thabhairt, a bhéim siúd). Thug sé, mar is dual dó, ana phíosa cainte faoi Ghabriel agus na haiku. Leabhar teagasc de chineal an leabahr seo - dírithe ar dhaoine óga chun ealaíon an Haiku a mhíniú dóibh san bealach is éifeachtaí - samplaí ó Issa, trácht ar na gnáis agus na nósanna. Chuir Alan deireadh lena chaint le haiku dá chuid féin - níl mé cinnte ar thug mé slán liom é ach b'é seo a éirim:
bior géar focail
dealg gaoise
stoc an róis

Tour de Force eile ó IMRAM agus na Filí, idir focail físe agus sreanga!

2014-02-27 Aguisín: Fuair mé an bunleagan uaidh Alan:
Bior ar fhocail
Dearg ghéar gaoise
Rós an Stoic

20 February 2014

Imbolc 2014: Biddy Jenkinson: Léigiúin Filí

Íomhá (c) Sinéad Corish ⁊ Duncan Palmer
Is ar chrann Bhiddy Jenkinson a thit sé tús a chuir le himeachtaí Imbolc i mbliana. Bhí caint léirithe ullmhaithe aici agus baineadh dá buille roinnt í nuair a theip ar an gcumhacht agus í ar tí tús a chuir lena cuid cainte. (De dheasca na doininne bhí an cumhacht ann as i mBaile Bhúirne.) Bhí roinnt éiginnteacht ann ar feadh seal, agus thosaigh sí ag caint sa chlapsholas. B'é an téama a bhí aici ná filí na hÉireann ó Aimhirgín Glúngheal ar aghaidh, agus an dualgas a bhraitheann sí bheith ar fhilí an lae inniu a gcuimhne a choimeád glé, i. a gcuid dánta a reic.


Ic tabairt a choisse dessi i nHerind asbert Amairgen Glúngel mac Miled in laídseo sís.
    Am gáeth i mmuir. ar domni.
    Am tond trethan i tír.
    Am fúaim mara.
    Am dam secht ndírend.
    Am séig i n-aill.
    Am dér gréne.g

    Am caín.
    Am torc ar gail.
    Am hé i llind.
    Am loch i mmaig
    Am briandai.

    Am bri danae.
    Am gai i fodb. feras feochtu.
    Am dé delbas do chind codnu.
    Coiche nod gleith clochur slébe.
    Cia on cotagair aesa éscai

    Cia dú i llaig funiud grene.
    Cia beir búar o thig Temrach.
    Cia buar Tethrach. tibi.
    Cia dain.
    Cia dé delbas faebru. a ndind ailsiu.

    Cáinté im gaí cainte gaithe. Am.
( Lebar na Núachongbála, lch 46 anseo)

D'fhill an cumhacht tar éis tamaill agus bhí ar chumas Bhiddy na léaráidí a úsáid. D'inis sí scéalta breátha fúthu - ina measc scéal an dealbh le Jerome Connor  a bhí le Filí Ciarraíocha a cheiliúradh i gCill Airne ach nár thaitin le boc mór na háite. Ag comóradh báicéir atá Éire anois, agus in úsáid mar pissoir neamh oifigiúil. Ina háit i gCill Airne tá bé cúthail naofa!
Le Osioni ó Wikimedia
Bhí scéalta breátha eile aici - beidh oraibh fanacht ar an físeáin don rud iomlán. Thug mé suntas dó go raibh ar chumas Kuno Meyer míle file sean Ghaeilge a liostáil i leabhar leis A primer of Irish metrics.
Luaigh sí na foinsí iontacha atá ar fáil ar líne anois agus staidéar á dhéanamh ar ár n-oidhreacht filíochta - fearacht  CELT, Onomasticon Goedelicum, Logainm agus Ainm.
B'é a mian go mbeadh naisc níos fearr eatarthu chun go mbeadh ar chumas duine logainm i roghnú in Ainm, lingeadh go Logainm agus uaidh sin go dtí an Dinnseanchus. (Níl a leithéid as an áireamh de réir mar a thagann forbairt ar na dána digiteacha, ach is poll níos mó ama a bheidh mar thoradh air do mo leithéidí!)

Spreag a cuid cainte mé níos mó scagadh a dhéanamh ar na filí - ach an t-am a bheith agam.

19 February 2014

Imbolc 2014: Julie Feeney: Cantaire claochlaitheach


B'í Julie Feeney a thug ceolchoirm Imbolc i mbliana. Do mo leithéidí a bhfuil toighis ar leith - ceoil aige is cineál crannchur an cheolchoirm, mar nach dócha go rachainn ann murach é bheith mar chuid d'Imbolc - is maith liom an deis bualadh le daoine roimh na Comhdhála, ag an gCeolchoirm san Ionad Cultúrtha, nó ina dhiaidh sa Mhuileann.
Níl a fhios agam go baileach cén cur síos is feiliúnaí ar cheol Julie Feeney. Tá an lipéid "Art-Pop" feicthe agam ar a ceol. Rud amháin atá cinnte, is taibhiú seachas canadh a bhí ar bun aici. B'é a guth an príomhuirlis, agus réimse dochreidte aici leis. Sheinn sí ar an bpianó agus ar an méarchlár, agus bhí tionlacan ó Chormac de Barra ar an gcláirseach freisin.
Ach chuir a feisteas  - gúna cuanna uaithne, ceannbheart dá déantús féin, agus bróga stiletto - go mór lena teacht i láthair. 
B'é áfach á guth a chuaigh i bhfeidhm orm, réimse dochreidte leathan aici agus réimse láidir - n'fheadar cén cur síos is cruinne air - fuaimeanna, is dócha, mar ní taobh le briathra amháin a bhí sí.
Seachas amháin saothar amháin as Albain ag an deireadh, is a scéal-amhráin féin scríofa agus cumtha a chan sí.
Scéalta óna sinsir féin, fir agus mná láidre spleodracha Gaillimhe a bhí á reic. Bhí na scéalta iad féin spéisiúil, agus am cur i láthair iontach.
Bhain léiriú amháin le béadán is scéalta is do bhí sí ag rince suas céimeanna an Ionad Cultúrtha le caint le daoine aonair san lucht féachana, mar dheá. Sé'n chaoi is go raibh mo chroí i'm bhéal, mé cinnte go mbainfí tuisle as na stiletti!
Tríd síos bhí an lucht féachana á tharraingt isteach aici sa cheol, muid curtha ag canadh nó ag bualadh bos go rithimeach.  (Níl guth ná rithim agamsa, caithfidh mé admháil gur staon mé!)
Rud amháin a thug mé faoi deara faoin lucht féachana, go raibh cúigear ban in aghaidh gach fir ann! 

B'í Julie freisin a chur clabhsúr le cainteanna Imbolc an lá dar gcionn, ag cur lenár n-eolas faoi chúlra a cuid ealaíona agus amhránaíochta, agus foinsí a spreagtha.

Cé go bhfuil Gaeilge mhaith aici, bhí a cuid smaointe spleodracha ag rith uaithi agus is caint cineáil  macarónach a thug sí! Glacann sé an mhisneach seasamh ós comhair slua de chainteoirí líofa agus diongbháilte Gaeilge agus tréan iarracht mar a rinne sí a dhéanamh. Treise léi!

Riastradh

É ina bhrá ag an bpairilis. An fhearg á choipeadh. Tuirlingíonn an comaitéir tuirseach den mbus. Bagraíonn sé air. Nóta ar an gcathaoir rotha. Clár siombail ar a chúl. Léiríonn focail air. Tuiscint na feirge ag teacht go mall don gcomaitéir. Dlíonn scaoileadh noid eolas. Ar labhair croí le croí?

18 February 2014

Filíocht uirbeach cheolmhar

Bhí mé san Workmans Club Oíche Domhnaigh nuair a seoladh cnuasach nua filíochta Mharcuis Mhic Conghail. Láthair oiriúnach, Boihéamach don slua d'aos ealaíona - idir aisteoirí, scríbhneoirí  agus filí na Gaeilge. Is fada ó bhí mé féin agus Marcus ag taisteal ar an mbus a seacht déag go Scoil Lorcáin, agus conair ar leith taistealta ag gach duine againn ó shin. 
Mar sin féin, aithním cuid díom féin agus den saol as ar fáisceadh mé sna dánta a cheol agus a reic sé ar an oíche, agus an méid den leabhar atá léite go dtí seo agam.
Bhíos thar a bheith tógtha faoin taibhe a chuir Marcus ar fáil tar éis na cúpla focail óna dheartháir mór Fiach.
Bhí na dánta foghlamtha de ghlan mheabhair aige, agus d'fhí sé bréidín suntasach reacaireachta as na cúl scéalta a bhain leis na dánta agus ansan na dánta - agus na hamhráin - féin. Bhí an slua faoi gheasa aige, agus sásta éisteacht go cúramach.
B'fhiú praghas an leabahir féin an taispeántas a thug sé! Ach beidh mé ag tarraingt as an leabhar arís is arís eile, moram. Filíocht a labhraínn liomsa atá ann, scéalta taisteal, caidreamh, cuimhne.


16 February 2014

Imbolc 2014, Inspioráid na Bliana

Buan-chuid d'fhéilire na bliana anois agam freastal ar Imbolc i mBaile Bhúirne.
Sin a thug siar ó dheas mé féin agus roinnt daoine eile seachtain ón Aoine seo chaite. Tá an formaid ag socrú síos go deas anois - ceolchoirm ag duine de na haoichainteoirí ar oíche Aoine, na cainteanna ar an Satharn go dtí thart ar a cúig, ansin béile leis an haíonna Oíche Satharn sa Mhuileann ag a bhfuil fáilte roimh aon bhall de lucht éisteachta freastal air. idir na míreanna oifigiúla deiseanna iomadúla comhrá ar mhaith leis an méid a chualamar a scagadh agus a dhoimhniú. Tá sé de nós ag cuid againn cuir leis an eispéireas cultúrtha tríd freastal ar an Aifreann i gCúl Aodha - is minic a bhíonn Cór Chúl Aodha ina n-iomláine ann.

Ní raibh díomá orm in aon chor i mbliana. Gan amhras, ní dócha go mbeadh sé roghnaithe agam as mo stuaim féin freastal ar cheol choirm de chuid Julie Feeney - agus bhí sé suntasach go raibh cúigear ban in aghaidh gach fir sa lucht éisteachta agus an Ionad Cultúrtha plódaithe. Bhí slua maith ann do na cainteanna - leanfaidh mé le mo nós léirmheas a dhéanamh ar gach caint faoi seach amach anseo.  Ba léir go ndearna Tomás agus Bernice iarracht ar leith mná éirimiúla a mhealladh chun cainte i mbliana, agus d'éirigh go seoigh leo.

Go hiondúil bíonn deis siúl thart sa bhaile chomh maith. Ainneoin na doininne spreag Michal agus Ivana mé le dul amach ag siúl, agus cé gur fliuchadh go craiceann mé táim sásta gur shiúl mé siúlóid na Cille leo.

Chuir sé faobhar ar mo ghoile don sár béile a chuir muintir an Mhuileann romhainn, proinn a raibh comhrá éirimiúil mar  anlann leis - go háirithe agus mé suite idir Biddy Jenkinson agus Victoria White!

Beidh na tuairiscí ag teacht uaim anois diaidh ar ndiaidh ach eagar a bheith curtha agam ar na smaointe a spreag siad.

Íocónagrafaíocht: Bhí mé mícheart!

Nuair a chonaic mé mír Chonchubhair faoin íomhá seo bhí claonadh ionam aontú leis. Ní Taliban a chonaic mise ann, áfach, ach Autonome - antoiscigh an eite chlé sa Ghearmáin. Mhair mé ar feadh deich mbliana i mBeirlín, agus an nasc atá i m'intinn le púicín dubh ná foréigean idir póilíní agus antoiscigh den eite chlé agus dheis, go háirithe ar Lá Bealtaine.
Tá col agam leis an bhforéigean sin mar is mo leithéide de Petit Bourgeois is mó a bhíonn thíos leis, siopadóirí, ceardaithe, gnáthdhaoine, a bhfágtar a sráideanna ina bpraiseach. Botún a bhí ann áfach géilleadh chomh gasta don gclaontuairim.  
Admhaím nach raibh cloiste agam faoi Shepard Fairey agus go raibh mé aineolach faoi foinse an íomhá seo, íomhá a bhí ar chlúdach Time Magazine bunaithe ar ghrianghraif d'agóid síochánta lucht Occupy.

Is iomaí brí is féidir a bhaint as íomhá an béal ceilte le púicín. Mar atá léirithe thuas, is íomhá éifeachtach é de chearta ceilte de bharr éagóir.  Agus tar éis an tsaoil, sin  atá i gceist le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Agus is mithid an óige agus dearadh freacnairce a bheith chun tosaigh,  mar a chonaiceamar ag an Lá Gaeilge inné, agus mar atá léirithe go paiteanta san físeáin thuas. Beidh ormsa bheith níos oscailte!

04 February 2014

Féiniúlacht, Polaitíocht, Teanga

Tharraing caint an Fhir Bhuí George Chittick maidir leis cur chun cinn na Gaeilge a bheith ina chuid de "Clár Oibre Poblachtach" achrann.
Mar fhreagra ar an gcaint, dúirt Seán Mór ar Twitter:

Dar ndóigh tá baint ag cur chun cinn na Gaeilge le cothú féiniúlachta náisiúnach riamh anall.  Murach sin, caolseans go mbeadh Reacht Cill Channaigh ann:

III. Item ordine est et establie que chescun Engleys use la lang Engleis et soit nome par nom Engleys enterlessant oulterment la manere de nomere use par Irroies
Nó maíomh Spenser:
Soe that the speach being Irish, the hart must needes be Irishe; for out of the aboundance of the hart, the tonge speaketh.
Chuir Dubhghlas de hÍde an chás ar son athshealbhú na Gaeilge go paiteanta:
I have often heard people thank God that if the English gave us nothing else they gave us at least their language. In this way they put a bold face upon the matter, and pretend that the Irish language is not worth knowing, and has no literature. But the Irish language is worth knowing, or why would the greatest philologists of Germany, France, and Italy be emulously studying it, and it does possess a literature, or why would a German savant have made the calculation that the books written in Irish between the eleventh and seventeenth centuries, and still extant, would fill a thousand octavo volumes.
Ní hionann sin agus a rá nach féidir le haicmí eile seilbh a ghlacadh ar an nGaeilge dóibh féin. Ach tá tionchar ag teanga ar fhéiniúlacht.  Go deimhin, i gcás Linda Ervine agus Protastúnaigh eile ina ceantar atá ag foghlaim Gaeilge, is tuiscint níos doimhne ar cé dar díobh iad, nochtaí ag an eolas san daonáireamh i 1911 a mhúscail a spéis.

Mar cainteoir athdhúchais a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath, tá an Ghaeilge lárnach dom fhéiniúlacht, agus mo pholaitíocht faoina anáil freisin. Tháinig mo shin-shean athair faoi anáil na hathbheochana agus cónaí air i bhfad ón nGaeltacht, i nDroichead Átha. San daonáireamh céanna tá sé féin agus a mhac Diarmuid luaite le cumas sa Ghaeilge agus Béarla. Trí bliana d'aois a bhí mo sheanathair Diarmuid ag an am, ach rinne sé barr slacht a chuir ar a chuid Gaeilge i gCom Dhineóil agus thóg clann, m'athair ina measc léi.

Tá a stair féin ag gach nuachainteoir Gaeilge, ach níl an scéal baileach mar an gcéanna sa Ghaeltacht. Níor roghnaigh pobal na Gaeltachta an Ghaeilge ar an dóigh céanna, agus tá a caidreamh léi éagsúil. Tá an idirphlé idir teanga, féiniúlacht agus polaitíocht éagsúil. Ach sí an teanga agus an cultúr a iompraíonn í a dhéanann Gaeltacht den nGaeltacht, agus gan an teanga imeoidh an Ghaeltacht agus caillfear cuid mór den gcultúr - ceol, filíocht, béaloideas atá anois beo. Dá fheabhas Dúchas, tá béaloideas nach bhfuil ar bheola daoine marbh.

Is dóigh liom féin gur féidir leas gach pobail agus leas na Gaeilge a dhéanamh más féidir linn tarraingt le chéile faoin méid atá muid aontaithe faoi, agus easaontú go sibhialta faoin méid nach n-aontaíonn muid faoi. Ach cur san áireamh go mbeidh tuairimí éagsúla faoi conas na haidhmeanna a bhaint amach. Ní Gleichschaltung atá de dhíth, ach comhar na gcomharsan.

Beatha teanga a labhairt; buanú teanga a scríobh, agus is mithid gach is féidir a dhéanamh chun sin a chur i gcrích, ach gan éileamh go mbeadh daoine ar aon tuairim faoi cheisteanna pholaitíochta, creidimh ná eile le bheith mar pháirt den Ghluaiseacht.

Is gá foghlaim as scoilteanna an ama atá thart, scoilteadh an Chonartha i 1913, abair:
Bheirim rabhadh daoibh (rabhadh óm chroidhe amach) anocht - má leantar do phoilitidheacht taobh istigh de’n Chonnradh, agus do mhaslughadh de’n tsort so, go dtiomáinfear amach as an gConnradh na daoine is fearr, duine ar dhuine – go bhfágfaidh siad é mar d’fhág an Dochtúir Ó hIcidhe é agus béidh cead ag an bhfuighleach a rádh ann sin (an rud atá uatha b’éidir) gurab iad - san amháin na fíor-patriots , agus nach bhfuil ins an gcuid eile dínn acht daoine gan mhaith agus lucht beag-is-fiú..

02 February 2014

Eoghainín na Fidle pioctha

Grúpa fánaithe as Beirlín um 1930 Bundesarchiv
Bhí mé páirteach san Gasóga - na Fiontraithe - in Éirinn sula ndeachaigh mé chun an Gearmáine. Mar sin, agus mé thall, óg, i gcathair nua, shocraigh mé nascadh le buíon thall. Is le Stamm Normannen a chuaigh mé, dream a bhí sách gar do Spandau, áit a raibh cónaí orm.
Sa bhreis ar smaointe Baden Powell, bhí a lán d'oidhreacht na Fánaithe Gearmánacha - Wandervogel - ag baint leis an gcumann lenar bhain an ghrúpa. 
Cuid thábhachtach de sin  traidisiúin amhránaíochta a bhfuil fréamhacha doimhne ann i bpobal na Gearmáine. Chomh maith le iomann molta dúlra agus fánaíochta, bhí cuid mhaith amhráin frithúdaráis acu - agus gan amhras frithchléireach, mar go raibh an chléir gar don údarás! Téama láidir eile sna hamhráin ná mothúcháin frithchogaidh, an cosmhuintir ag olagóin faoi bheith preasáilte isteach i gcogaí na mboc mór.
Leabhar atá agus a bhí faoi ardghradam sna gluaiseachtaí óige sa Ghearmáin na Der Zupfgeigenhansl a foilsíodh ag tús an fichiú céad. Leasainm ar ghiotár nó liúit is ea Zupfgeige - fidil pioctha.
Ón leabhar sin a fuair an grúpa ceoil Zupfgeigenhansel a hainm. Mórán an stór céanna amhráin atá acu, tá blaiseadh le clos ar youtube anseo. Réimse leathan atá ann, ó rómánsachas agus idéalachas go fearg, col agus fonóid.
Táim ag éisteacht leis anois is arís ar mo ceoltóir póca. Cuimhní cinn, agus mothúcháin.

Cabhair imtharraingthe

Mheabhraigh na scéalta ar fad faoi Rosetta le déanaí tosca dom a raibh mé i gcónaí fiosrach - Cabhair imtharraingthe - sé sin, nuair a bhaintear feidhm as imtharraingt pláinéid chun luasghéarú a dhéanamh ar spásárthach. 
Le Leafnode ó Wikimedia Commons
Tá roinnt léitheoireachta faoin ábhar déanta agam ach fós féin ní dóigh go dtuigim go hiomlán é.  Luas i bhfráma tagartha na Gréine atá i gceist, ar ndóigh, sé sin ag glacadh leis go bhfuil an Ghrian socair. Bíonn na pláinéid ag bogadh thart ar an nGrian i bhfithis, ach freisin ag casadh thart ar a n-ais féin. Imríonn an dá rud tionchar ar an spásárthach a thagann gar dóibh, agus is féidir leo feidhm a bhaint as na fórsaí chun luasghéarú nó moilliú.
Samhail amháin atá feicthe agam ná liathróid a chaitear le traein. Má tá luas 50 km/h faoin dtraein agus 30 km/h faoi liathróid, feicfear do thiománaí na traenach go bhfuil luas 80 km/h ag an liathróid ag teacht, agus 150 km/h a bheidh an luas a fheicfidh duine atá ag seasamh socair agus an liathróid ag imeacht.
Tá castacht breise sa cheist agus beidh orm machnamh níos mó a dhéanamh air. Ach is iontach an cleas atá ann, ag sábháil breosla do na hárthaigh agus ag oscailt deiseanna nach mbeadh ann dá cheal.
Agus é ar fad ceaptha ag matamaiticeoirí i bhfad roimh a úsáid!

An tSeansais a Chaith m’Athair Romham

Aidhe, is Fear Buí Ultach mise, as Éirinn a tháinig mé anall
A fheiceáil mo bhráithre Briotánacha na honóra is na cáil’,
Is a rá leo gur throid mo shinsir sna seanlaethe fadó,
Go mbeadh ceart a caite agam arís, ’n tseansais a chaith m’athair romham!

Tá sí sean ach tá sí álainn, tá na dathanna go seoighe
Caitheadh í i nDoire, in Eachroim, in Inis Ceithleann ’s ar an Bhóinn.
Chaith m’athair í nuair a bhí sé óg sna seanlaethe fadó
’S gach dara lá déag bím a’ súil ’ chur orm ’n tseansais a chaith m’athair romham!

Na fir bhreátha sin ’ chuaigh anonn an Bhóinn níor throid siad go bás gan fáth
Chun ár nAontacht, ár gCreideamh, ár nDlithe ’gus ár Saoirse a chur faoi bhláth.
Má thig gáir dhul anonn an abhainn ar ais, leanfaimid an druma mór
Go mbeidh faill ag an Ultach ’ chur air arís ’n tseansais a chaith m’athair romham!

Lá breá éigin, nuair a rachaidh sibh go hAontroim thar sáile anonn,
Cuirfear romhaibh ansin fáilte ’gus fiche, leis an fhliúit agus an drum’
’S beidh cnocáin Uladh beo go fóill, ó Reachlainn go dtí an Droim Mór
’S muid ag ceol arís séis dhílis don tseansais a chaith m’athair romham!


Ní le haicme ar bith ar an oileán seo an teanga, is le cách í, go deimhin is leis an chine daonna trí chéile í. Is iomaí Protastúnach, agus go deimhin Fear Bhuí, a rinne cion fir agus níos mó i dtarrtháil seoda na Gaeilge.