Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Teanga werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Teanga werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-01-27

An múnlaíonn Teanga Intinn?


I bhfreagra ar cheist ó Lucille Redmond (@Sinabhfuil) ar Twitter faoi inscne gramadaí mhol David Stifter caibidil as an leabhar seo - ina bhfuil míniú ar aicmiú ainmfhocail i dteangacha éagsúla, (ní firinscneach agus baininscneach amháin, ná fiú firinscneach, baininscneach agus neodrach atá i gceist). Agus a léiríonn go bhfuil gné fánach leis an aicmiú, rud a mhíníonn go bhfuil an focal don nGrian abair ar malairt inscne i dteangacha atá gaolta. Go deimhin braitheann inscne gramadaí na talún sa Ghaeilge ar canúint an chainteora! 

Ach tá téama níos leithne san leabhar - an bhfuil tionchar ag teanga dúchais ar smaoineamh agus tuiscint? Bhíodh tráth ann gur glacadh leis go raibh - nach bhféadfaí smaoineamh gan na focail chun é chur in iúl. Tá mórán teangeolaí anois den tuairim go bhfuil a mhalairt iomlán fíor agus nach bhfuil tionchar dá laghad ag teanga ar tuiscint. 

Argóint níos caolchúisí a chuirtear chun cinn sa leabhar seo - go ndíríonn teanga aird ar gnéithe faoi leith, agus dá réir go bhfuil tionchar aige ar tuiscint. 

Tosaíonn sé le scoláireacht David Lloyd George (!) ar úsáid dathanna i bhfilíocht Homer - leithéid an muir ar dhath na fíona dhorcha. Léiríonn sé gur forbair idirdhealú idir dathanna ar bhealach ana rialta idir teangacha, ó thaobh na focail ar lí. Ach go maireann difríochtaí idir andóigh a  deighiltear uaine agus gorm - nó fiú dúghorm agus gorm geal. 

Leanann sé ar argóint siar agus aniar ó Lloyd George tríd bitheolaithe agus teangeolaithe ón dearcadh nach bhfaca na Gréigigh na dathanna ar an dóigh céanna linne, go bréagnú sin, go forbairt na tuisceana reatha. 
A chuimsíonn go bhfuil tionchar go deimhin ag foclóir dathanna ar aithint dathanna - gar do na teorainn idir líonna éagsúla a bhfuil focal orthu. 

Tá a mhacasamhail déanta aige le dhá sampla eile - inscne gramadaí agus treo. Tá teangacha a léiríonn treo de réir na ceithre harda, nó an timpeallacht seachas an duine atá ag labhairt (i. Deas, clé). 

Luann sé gnéithe eile sonracha, mar shampla an dóigh a chuirtear am titim amach gnímh agus an am a breathnaíodh é in iúl, agus sampla aige de theanga a éilíonn an dá phíosa eolais sin a bheith i gcónaí luaite. 

Rud spéisiúil a mhaíonn sé ná go bhfuil teangacha beaga áitiúla ar bhealaí go leor níos casta agus saibhre ná mórtheangacha. Agus go bhfuil gá staidéar dá réir orthu chun foghlaim faoi chumas labhartha ann féin. Rud atá práinneach agus teangacha ag imeacht as go tiubh. 

Leabhar iontach soléite spéisiúil, fiú don tútach i gcúrsaí teangeolaíochta. Geal le heachtra cuid de na scéalta ann! 

How Words Colour Your World
by Guy Deutscher


2014-02-04

Féiniúlacht, Polaitíocht, Teanga

Tharraing caint an Fhir Bhuí George Chittick maidir leis cur chun cinn na Gaeilge a bheith ina chuid de "Clár Oibre Poblachtach" achrann.
Mar fhreagra ar an gcaint, dúirt Seán Mór ar Twitter:

Dar ndóigh tá baint ag cur chun cinn na Gaeilge le cothú féiniúlachta náisiúnach riamh anall.  Murach sin, caolseans go mbeadh Reacht Cill Channaigh ann:

III. Item ordine est et establie que chescun Engleys use la lang Engleis et soit nome par nom Engleys enterlessant oulterment la manere de nomere use par Irroies
Nó maíomh Spenser:
Soe that the speach being Irish, the hart must needes be Irishe; for out of the aboundance of the hart, the tonge speaketh.
Chuir Dubhghlas de hÍde an chás ar son athshealbhú na Gaeilge go paiteanta:
I have often heard people thank God that if the English gave us nothing else they gave us at least their language. In this way they put a bold face upon the matter, and pretend that the Irish language is not worth knowing, and has no literature. But the Irish language is worth knowing, or why would the greatest philologists of Germany, France, and Italy be emulously studying it, and it does possess a literature, or why would a German savant have made the calculation that the books written in Irish between the eleventh and seventeenth centuries, and still extant, would fill a thousand octavo volumes.
Ní hionann sin agus a rá nach féidir le haicmí eile seilbh a ghlacadh ar an nGaeilge dóibh féin. Ach tá tionchar ag teanga ar fhéiniúlacht.  Go deimhin, i gcás Linda Ervine agus Protastúnaigh eile ina ceantar atá ag foghlaim Gaeilge, is tuiscint níos doimhne ar cé dar díobh iad, nochtaí ag an eolas san daonáireamh i 1911 a mhúscail a spéis.

Mar cainteoir athdhúchais a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath, tá an Ghaeilge lárnach dom fhéiniúlacht, agus mo pholaitíocht faoina anáil freisin. Tháinig mo shin-shean athair faoi anáil na hathbheochana agus cónaí air i bhfad ón nGaeltacht, i nDroichead Átha. San daonáireamh céanna tá sé féin agus a mhac Diarmuid luaite le cumas sa Ghaeilge agus Béarla. Trí bliana d'aois a bhí mo sheanathair Diarmuid ag an am, ach rinne sé barr slacht a chuir ar a chuid Gaeilge i gCom Dhineóil agus thóg clann, m'athair ina measc léi.

Tá a stair féin ag gach nuachainteoir Gaeilge, ach níl an scéal baileach mar an gcéanna sa Ghaeltacht. Níor roghnaigh pobal na Gaeltachta an Ghaeilge ar an dóigh céanna, agus tá a caidreamh léi éagsúil. Tá an idirphlé idir teanga, féiniúlacht agus polaitíocht éagsúil. Ach sí an teanga agus an cultúr a iompraíonn í a dhéanann Gaeltacht den nGaeltacht, agus gan an teanga imeoidh an Ghaeltacht agus caillfear cuid mór den gcultúr - ceol, filíocht, béaloideas atá anois beo. Dá fheabhas Dúchas, tá béaloideas nach bhfuil ar bheola daoine marbh.

Is dóigh liom féin gur féidir leas gach pobail agus leas na Gaeilge a dhéanamh más féidir linn tarraingt le chéile faoin méid atá muid aontaithe faoi, agus easaontú go sibhialta faoin méid nach n-aontaíonn muid faoi. Ach cur san áireamh go mbeidh tuairimí éagsúla faoi conas na haidhmeanna a bhaint amach. Ní Gleichschaltung atá de dhíth, ach comhar na gcomharsan.

Beatha teanga a labhairt; buanú teanga a scríobh, agus is mithid gach is féidir a dhéanamh chun sin a chur i gcrích, ach gan éileamh go mbeadh daoine ar aon tuairim faoi cheisteanna pholaitíochta, creidimh ná eile le bheith mar pháirt den Ghluaiseacht.

Is gá foghlaim as scoilteanna an ama atá thart, scoilteadh an Chonartha i 1913, abair:
Bheirim rabhadh daoibh (rabhadh óm chroidhe amach) anocht - má leantar do phoilitidheacht taobh istigh de’n Chonnradh, agus do mhaslughadh de’n tsort so, go dtiomáinfear amach as an gConnradh na daoine is fearr, duine ar dhuine – go bhfágfaidh siad é mar d’fhág an Dochtúir Ó hIcidhe é agus béidh cead ag an bhfuighleach a rádh ann sin (an rud atá uatha b’éidir) gurab iad - san amháin na fíor-patriots , agus nach bhfuil ins an gcuid eile dínn acht daoine gan mhaith agus lucht beag-is-fiú..