28 November 2015

An Gael mé?

Ceist atá anseo a tháinig chun cinn le linn seimineár Conradh na Gaeilge Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016? Dúirt duine den lucht féachana, ainneoin gur tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath é, nár bhraith sé gurbh Gael é.

Luaigh duine eile gurbh é an bhrí a bhainfí as Gael i dTír Chonaill ná Caitliceach Rómhánach; rud atá ag teacht leis ceann den sainmhínithe ag an Duinníneach.

Ar an lámh eile is gnáth tagairt dóibh féin ag lucht labhartha Gaeilge na hAlban "Gael". Luaigh Ciarán Dunbar go mbíonn daoine áirithe sna sé contae ag tabhairt Gael orthu féin fiú nuair nach bhfuil Gaeilge acu. Nuair a cuireadh an cheist ar Chris McGimpsey dúirt sé nach raibh sé tar éis aon mhachnamh a dhéanamh ar an gceist; ach ó tharla a mhuintir a bheith siar aniar sruth na Maoile leis na céadta bliain gurbh dócha gurbh ea.

B'fhearr liomsa rá go bhfuil Gaeilge agam seachas gur Gael mé nó go deimhin Gaeilgeoir. Ní ionannaím le nath de Hindeberg:
Gael mise agus ní thuigim gur cúis náire dom é.


Risteard de Hindeberg  (1863 - 1916)
Maidir le Gaeilgeoir, bheinn ar aon fhocal le Colm Mac Con Iomaire:
Dar leis an mBéarlóir is fanaiceach teanga agus cancrán, ach dáiríre díol trua an Gaeilgeoir; dar le muintir na Gaeltachta, foghlaimeoir ar bheagán Gaeilge an Gaeilgeoir ... agus díol trua. 
Ní thagann náire ná mórtas i gceist dar liom; agus cinnte ní mhothaím gur díol trua mé.

Leis an siar agus aniar le cúpla lá tá mo mharana déanta agam ar an gceist; sílim go mbaineann mo dhearcadh le mo thaithí agus an dóigh ar múnlaíodh m'fhéiniúlacht agus mo thaithí ar an nGaeilge.

Garmhac de chuid na hAthbheochana mise. Murach gur chinn mo shin shean athair Liam Ó hAlmhain ag tús ré na hAthbheochana Gaeilge a fhoghlaim, agus go ndeachaigh a mhac Diarmuid Ó hAlmhain chun na Gaeltachta(Com Dhíneol i gCorca Dhuibhne) le seilbh ceart a fháil uirthi, ar éigean go mbeadh Gaeilge agam. Thóg Diarmuid a chlann le Gaeilge; thóg a mhac, m'athair, muide le Gaeilge freisin. As lár tíre mo mháthair ach ba oidí a dtuismitheoirí araon, agus chuaigh sí féin le múinteoireacht ag am go raibh ábhar oidí bunscoile sách líofa sa teanga. Fágann sin áfach nach bhfuil ceangal gaoil agam leis an nGaeltacht agus diomaite de saoire teaghlaigh amháin ar Árainn agus mé sna déaga ní cuimhin liom gur chaith muid mórán ama sa Ghaeltacht. Níor fhreastail mé ar aon chúrsa Gaeltachta riamh.

D'fhreastail mé ar bhunscoileanna lán Gaeilge ceart go leor, Scoil Bhríde i dtosach agus ansin Scoil Lorcáin. Ach is trí Bhéarla a fuair mé mo mheánoideachas. Is beag teagmháil atá agam leis an dream a bhí ar an mbunscoil liom; ní bhainim dáiríre le pobal scoile ar bith.

Cé go raibh Gaeilge a labhairt sa bhaile againn, is teanga teaghlaigh agus gaoil a bhí inti, seachas go raibh cúpla teaghlach eile de cineál céanna a raibh aithne ag mo thuismitheoirí orthu a mbíodh muid ag tabhairt cuaird ar a chéile. Bhíodh au-pair ón Spáinn againn go hiondúil, rud a d'fhág go raibh Béarla agus Gaeilge á labhairt timpeall an tí ó thús.

Sa mhullach ar sin bhí doicheall sna 1970í agus 1980í roimh daoine le Gaeilge, is minic talamh slán déanta de bá a bheith ag lucht na Gaeilge leis na Sealadaigh ag am go raibh na Trioblóidí fíor ghránna. Is dócha gur fhág sin cúthail áirithe orm. Sin rud atá athraithe buíochas le Dia; níl aon drogall orm Gaeilge a labhairt le mo leanaí. Cuirtear forrán orm go minic ach is moltach a bhíonn na daoine. (Pian sa tóin atá ansin, ach ní bagairt atá ann)

Agus mise ar an Ollscoil i COBÁC bhí An Roinn Innealtóireachta fós i lár na cathrach, i bPort an Iarla agus Sráid Mhuirfean, agus mórán gach rud eile san Ollscoil i Belfield. D'fhág sin nach raibh ach fíorbheagán teagmhála agam le leithéidí an Chumann Gaelaigh.

Díreach tar éis na hOllscoile chuaigh mé chun na Gearmáine. Is dócha gur shoiléirigh sin m'fhéiniúlacht. Bhí labhairt na Gaeilge lárnach san tuiscint a tháinig chugham ar m'fhéiniúlacht, ach ba lú fós na deiseanna Gaeilge a labhairt thall. Lorg mé Ó agus Mac sna leabhair fón agus d'éirigh liom teacht ar dhuine nó beirt.

Ach dáiríre ar feadh i bhfad, agus go deimhin fós, is Gaeltacht na Leabhair is mó tionchar ar mo chuid Gaeilge. I lár na 1990í tháinig an idirlíon isteach i'm shaol agus d'eascair deiseanna eile Gaeilgeoireachta as sin. Liostaí r-phoist i dtosach, ansin cláir plé, agus anois Twitter.

Fós féin, agus ainneoin mé a bheith fillte anois le cúig bliana déag ar Éirinn, ní mhothaím gur cuid de phobal ar leith mé. Seans gurbh é sin an chúis, ainneoin labhairt na Gaeilge a bheith lárnach i'm fhéiniúlacht, nach ndéanaim ionannú leis an lipéad "Gael" in aon chor.

Ceist eile ná an féidir bheith i do Ghael gan labhairt na Gaeilge.

Luaigh Daithí de Mórdha ar Twitter Cumann Lúthchleas Gael agus Ceol Gaelach.

Tá sé de bhuntáiste ag an dá rud sin go dtig le duine pléisiúir a bhaint as spóirt gan a bheith aclaí, agus as ceoil gan seinm. Ní mór cuir san áireamh freisin go bhfuil CLG ann ón 19ú aois agus pobal mór láidir a chothú, fréamhaithe i ngach paróiste san tír. Bhí an Ceol Gaelach ar an dé deireadh go dtí gur cuireadh tús leis na Píobairí Uilleann agus ansin Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Arís tá pobal tógtha ag CCÉ tríd na craobhacha ar fud na tíre, agus go deimhin na cruinne, agus fearacht comórtais CLG tá na Fleadhanna Contae, Cúige agus Éireann ag CCÉ.

An deacracht le teanga na Gaeilge ná nach mbeadh lucht féachana i gceist go hiondúil. Éiríonn le hIMRAM daoine gan Gaeilge a mhealladh chuig a gcuid imeachtaí - ach is tríd ceol agus fís a mheallann siad daoine.

Tá ról tábhachtach ag TG4 sa ról sin, ach ag deireadh an lae gan í a fhoghlaim ní dóigh liom gur féidir glacadh leis an nGaeilge mar chuid de féiniúlacht.

N'fheadar. Seans gur Gael mé tar éis an tsaoil....

24 November 2015

Saor agus Gaelach?


 

Bhí mé i láthair ag seoladh clár 2016 Conradh na Gaeilge san Dánlann Eolaíochta aréir, agus an seimineár Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016?
Lena cheart a thabhairt do thug Joe McHugh píosa cainte a léirigh go bhfuil acmhainn grinn aige agus smacht éigin aige ar an nGaeilge thar éis a aistear teanga; ach bhailigh sé leis ar aistear eile abhaile go Dún na nGall ina dhiaidh sin. Labhair Michael McDowell, garmhac Eoin Ó Néill go maith; tá tuairisc ar an méid a bhí le rá aige i Tuairisc.
Ina dhiaidh sin tháinig an mír a d'aithin mé mar mo bhuaicphointe pearsanta - Ciara Ní Ghréacháin, 8 bliana d'aois - ag aithris an amhrán a bhain duais Oireachtais di - Máire Mhór.
Ina dhiaidh sin d'aithris roinnt scoláirí ó Choláiste Cillian roinnt de na dánta a bhí thuas i 1916 chun foghlaim na teanga a ghríosú. Rinne siad a cúram go maith; ach bheadh sé go deas rud éigin níos comhaimseartha a chuir lena hais chun dearcadh na linne seo a léiriú níos iomláine.
Tháinig mé ag an seimineár ag súil le lón machnamh agus spreagadh don todhchaí. Ní bhfuair mé an méid a bhí mé ag tnúth leis. B'é an tEaspag Michael Burrows is fearr a labhair, ag cuir síos ar a chúlra éagsúil mar duine de shliocht fada cléireach Anglacánach - ar tháinig a athair mhór aneas de bharr a thuairimí láidre náisiúnacha. Gné spéisiúil dár stair is ea taithí an dreama a bhí náisiúnach ag gan a bheith san Eaglais CR (tá col ag an dTiarna Easpag leis an bhfocal Protastúnach). Ní cloisimid minic go leor faoi. B'é freisin is mó a rinne iarracht fís don todhchaí a léiriú, fís a chuimsigh gach duine san stáit beag beann ar theanga, cúlra agus maoin - agus fís a chuimsíonn deireadh le "soláthar dhíreach" do theifigh. Creidim gurbh é ba mhó a raibh bá an tslua leis - slua a líon amharclann Paccar san Dánlann Eolaíochta agus a raibh líon maith a bhí níos óige ná mé ina measc. Ardú croí áirithe sin.
Thug an staraí Eunan O'Halpin ó Choláiste na Tríonóide léargas traidisiúnta  an Bhéarlóra Éireannaigh ar an gceist. Go mba thrua é dá n-éagfadh an nGaeilge ach gan aon iallach a bheith ar féin mórán a dhéanamh fé. Dúirt sé nárbh aon bhac ar a ghairm mar staraí a easpa Gaeilge, mar go raibh na taifid ar fad sna réimsí a raibh sé ag plé leo as Béarla pé scéal é. Fuair sé íde béal ó cheisteoir níos faide anonn san oíche faoin maíomh sin; ach creidim go raibh sin éagórach. Ní haon rún é gur babhdán an Bhéarla an státchóras.
Labhair Mary Harris go maith, ach is ag amharc siar mar is dual do staraí a bhí sí. (Labhair sí as Gaeilge líofa, an t-aon duine seachas Íte Ní Chionnaith a rinne amhlaidh).
Thug Íte Ní Chionnaith an léargas traidisiúnta poblachtach sóisialach ar an gceist. Labhair sí go leor faoi saoirse do na sé contae; rud a chealg Chris McGimpsey. Thug seisean, mar a bheifí ag súil leis, léargas traidisiúnta an Aontachtaí atá báúil leis an nGaeilge, gan smacht bainte amach aige uirthi. Dúirt sé go mba thrua gur bhraith Íte go raibh saoirse iomlán di siúd ag braith ar srianta a chuir ar a shaoirse seisean.
B'é an léargas a thug Allan MacInnes léargas an Gaeil Albanach (cur síos ar fhéiniúlacht atá níos nádúrtha in Albain is cosúil). Bhí rudaí spéisiúla le rá aige, go háirithe maidir leis an trí mol atá i nGaeilge na hAlbain; na hOileáin Thiar atá caomhach ar go leor bealaí ach a bhfuil an lámh in uachtar acu ar dioscúrsa na Gaeilge thall, an tuath tionsclaíoch atá in ísle brí agus as ar fáisceadh é féin, agus cathair Glaschú. Bhí rudaí spéisiúla le rá aige faoin baol a bhaineann leis na meán cumarsáide Gaeilge - atá iontach dar leis - a bheith ag sú an tallann ar fad sa dtreo is nach bhfuil aoinne ann chun gort an oideachais a threabhadh le cuir le líon na Gaeilgeoirí thall. Ach ag deireadh an lae in mór fós idir taithí lucht na Gaeilge abhus agus thall.
Rinneadh cúpla ráiteas le linn tráth na gceisteanna, agus is léir nach bhfuil comhthuiscint láidir ann faoi cad is "Saor" ná "Gaelach" ann, agus go deimhin go bhfuil roinnt de lucht na Gaeilge míchompordach le "Gael" mar cur síos ar an ghné sin dá fhéiniúlacht. Luadh gur Caitliceach is brí le Gael i gcanúint Dhún na nGall, agus gur aicme creidimh atá i gceist le hAlbanach ann freisin.
Rinne Conradh na Gaeilge agus Oifigeach Gaeilge sár obair an ócáid a eagrú agus a reáchtáil. Tá físeán thuas; tig libh teacht ar bhur mbreith féin air.
Ach táimse fós gan freagra na ceiste!

22 November 2015

Splanc na Beatha agus Cultúr an Bháis

Léigh mé eagrán 1986 de shaothar Viktor Frankl, "Man's search for meaning" le déanaí. Roimhe sin, na blianta ó shin, bhí saothair dírbheathaisnéise Primo Levi Se questo è un uomo (Más duine é seo) agus I Sommersi e i Salvati (na báite agus na slánaithe) léite agam (as Gearmáinis ó tharla nach bhfuil Iodáilis agam), Léigh mé freisin úrscéal Remarque Der Funke Leben (Splanc na Beatha).

Saothair iad seo ar fad atá fáiscthe as taithí campaí géibheann na Naitsíoch - taithí phearsanta i gcás Frankl agus Levi, samhlaíocht i gcás Remarque, a theith go luath i ré na Naitsíoch. (Rud a fhágann a shaothar siúd conspóideach).

Is san uafás a rugadh na saothair seo, ach baineann siad le dóchas, le maireachtáil. Go háirithe i gcás Frankl a lean ar aghaidh lena shaothar i ndiaidh an chogaidh ag cabhrú le daoine dóchas agus brí a aimsiú ina saoil, agus ag maolú fadhbanna intinne ar an dóigh sin.

Ag deireadh a leabhar san eagrán a léigh mé tá nath
Ó aimsir Auschwitz tuigeann muid cad atá ar chumas an duine
Ó aimsir Hiroshima tuigeann muid cad atá i ngeall
Fiú roimh an t-uafás is déanaí i bPáras, bhí mé ag machnamh ar an gceist seo. Tá géarchéim dóchais ann faoi láthair san Iarthar. Léigh mé ar na mallaibh go bhfuil ardú as cuimse i líon na bhfear geal i Meiriceá atá ar bheagán oideachas a chuireann lámh ina mbás féin - agus an bhfíric sin nasctha le mí úsáid alcóil agus drugaí. Tá fadhb forleathan abhus freisin i measc fir óga ach go háirithe.

Caithfidh muid, ar mhaithe linn féin, bealach a aimsiú go mbeidh dóchas agus brí san saol do gach saoránach; tá gach saoránach de dhíth orainn.

Ar ndóigh is creidmheach mé féin, agus faighim dóchas ansin. Ach is tíolacadh atá sa chreideamh a chaithfear glacadh leis agus nach féidir bronnadh ach tríd sampla. Níl aon mhaitheas in eagar seachtrach an phobail a bhfuil cuma an chreidimh air, rud a rinne go leor dochair san tír seo cheana.

Níl fuascailt na faidhbe agam, ach tá fadhb ann ar mithid aghaidh a thabhairt air. Tá sé suntasach dar liom go ndearnadh radacaigh as na fir óga atá freagrach as ár Pháras laistigh d'aimsir an-ghairid; go rabhadar roimhe sin tugtha d'ól agus ragairne. Is léir go raibh parrthás bréige agus cinnteacht lucht Daesh tarraingteach ar dhóigh éigin dona leithéidí - agus go mbeidh tuathghríosóirí eile ag treabhadh sa bhranar daonna céanna agus ag cur fiacla dragan ann. B'fhearr don sochaí sibhialta aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Dlitear dínit do gach duine.

21 November 2015

Seoda snasta ó chlocha duirlinge béaloidis

Bhí mé ar thuras gnó an tseachtain seo agus inné bhí mé ag filleadh abhaile ar eitilt ó Hamburg. Bíonn a leithéidí leadránach, tuirsiúil ach níor airigh mé an t-am agus mé sáite san saothar seo le Joe Steve. Agus mé ag léamh saothar le Joe Steve tuigim gur liathach mór chuid den Ghaeilge a léim, le hais an leamhnacht láidir nádúrtha a  thagann ina shlaoda óna pheann. Ach ní máistreacht ar an teanga amháin a thugann a luach saothar don léitheoir ach scéalaíocht den scoth. 
Is fíor go bhfuil sé fillte anseo, mar a dúirt sé, ar scéalta a chuala sé le linn a óige - scéalta púcaí agus taibhsí. Ach níl siad smolchaite agus tá casadh breá bainte aige astu, cuid acu lonnaithe aige i saol an lae inniu.
Sa mhullach ar sin tá sé léirithe aige gur sár bhreathnóir é ar an ndúlra agus ar na daoine. Is beag scéal ar an ndúlra atá leithe agam atá chomh corraitheach le Ríocht na nÉan, abair. Agus tá cuir síos iontach in Athphlandáil ar an gcrá croí a bhaineann le heisimirce teaghlaigh agus an doicheall a mhothaítear dá bharr le hinimircigh. 
Abairtí gairide gonta don gcuid is mó a chleachtann Joe Steve, gan barrchleite amach ná bunchleite isteach. Is modh éifeachtach atá ansin pictiúr a thógáil abairt ar abairt: teannas a chothú go dtí go mbaintear buaic amach, go minic le casadh gan choinne san deireadh. Tá na móitíf sna scéalta púcaí aitheanta go maith, ach tá úire san chaoi a phléann Joe Steve leo; níl aon Oisín i ndiaidh na Féinne anseo, agus tá feidhm leis na ceachtanna a bhí sna scéalta béaloidis fós. Tá mar shampla an scéal faoin anfa a reiceann sé in Coipeadh thar a bheith tráthúil agus stoirmeacha an gheimhreadh romhainn amach arís.
Táim fíor sásta gur ghéill mé don cathú an leabhar seo a cheannach, agus táim cinnte go mbeidh mé ag filleadh ar an scéalta ann. (Ach seachnóidh mé sciar acu ag am luí....)

Idir Neamh is Talamh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441074 

19 November 2015

Ar foluain in aimsir na dtromluí

In aimsir na mbrionglóid a cruthaíodh an domhan dar leis an léamh acadúil ar sheanchas bundúchasaigh na hAstráile. Is ón Astráil a tháinig cnuasach seo Colin Ryan chugainn, ach  seachas cruthú domhain nua is éard atá sna scéalta seo ná sceitsí, mar a beadh trí cheo, de shaol daoine agus de shaol na cruinne ag titim as a chéile. 
Tá cuid de na scéalta ar foluain ar fad sa chaoi is nach léir domsa an i dtromluí de chuid priomh phearsana na scéalta atá an gníomhaíocht ar fad nó an amhlaidh gur trasnáil idir an ceantar agus an alltar atá ag tarlú iontu.
Caithfidh mé a rá go raibh mé ag streachailt le hábhar an leabhair seo - tá máistreacht ag Ryan ar an teanga atá in úsáid aige agus téagar san úsáid. Ach mhothaigh mé an insint a bheith doiléir ceomhar tríd síos agus ní raibh mé in ann mórán adhmaid a bhaint as na scéalta.
Píosaí gairide iad, duine amháin i lár na gach scéal acu, scéal nó dhó ina bhfuil an príomhphearsa céanna. Bíonn siad scaití i ngleic le duine eile, ach ar an mórgóir iad gafa lena smaointí is cuimhní féin agus iad beo i saol a shilfeá bheith iar apacailipteach. 
Tá scéal nó dhó sa chnuasach atá rud beag níos réalaí, agus is astu is fearr a bhain mé adhmaid. Ach tá an ghné mistéireach duairc ag baint leo sin freisin.


Cló Iar Chonnacht a d'fhoilsigh agus a sheol cóip léirmheastóireachta chugam.



Colin Ryan, 
Cló Iar-Chonnacht
9781784441227 

16 November 2015

Cérinneachán cumhachtach comhaimseartha cathrach

Bhí mé i láthair san Patriots Inn plódaithe nuair a sheol Aengus Mac Grianna an seod is déanaí seo le Anna Heussaff. Bhí mé ann luath agus thapaigh mé an deis cóip a cheannach agus a fháil sínithe sular tháinig an slua (agus thángadar!)

Ina chuir síos ar an leabhair luaigh Aengus go bhfuil an scéal suite go paiteanta in cumasc chathair ilchineálach Átha Cliath na fiche haonú aoise, go sonrach i gCeantar Cill Mhaighneann. Ceantar ina bhfuil an iliomad teangacha á labhairt, ach a théann siar go tús staire Átha Cliath chomh maith. Is iontach mar a éiríonn le hAnna Heussaff scéinséir ina bhfuil an sean agus an nua seo lárnach a reic i nGaeilge ar bhealach nach gcuireann isteach ar fionraíocht an díchreideamh in aon chor.

Is deacair léirmheas a dhéanamh ar cérinneachán gan barraíocht noda a sceitheadh. 

Filleann roinnt de carachtar Buille Marfach (atá anois ar mo liosta athléamh!) - an t-iar iriseoir Aoife Nic Diarmada, agus an garda Réamonn Seoighe. Cara le hAoife atá dúnmharaithe, agus is ise a aimsíonn í cillín i bPríosúin Cill Mhaighneann, áit a raibh taispeántas staire ag a cara Saoirse. Bhí fios curtha ag Saoirse ar Aoife ó Iarthar Chorcaí, rud tábhachtach le plé léi.

Ar an oscailt pléascach sin tógann Anna cérinneachán den scoth, le caidrimh corraitheacha (agus collaí scaití) idir na carachtar, agus le snáthanna iomadúla fianaise a nochtar dúinn diaidh ar ndiaidh, ach ar dóigh nach bhfeadfá bheith cinnte gur le bréidín an aon scéil a bhaineann siad.

Tá saol na linne seo, agus cathair-dhreach an cheantair fite fuaite i scéal iontach láidir, scéal a bhaineann go cinnte leis an lá inniu. Sa mhullach ar scéal bleachtaireachta den scoth tá cáipéis sóisialta bronnta ag Anna orainn, agus ceisteanna tarraingthe anuas aici arbh fiú machnamh orthu - ar leibhéal an aonaráin agus ar leibhéal an phobail.

Mholfainn an scéal seo d'aoinne ar spéis leo scéinséirí - agus mar a luadh ag an seoladh bíonn Simon, nuachar Anna de shíor ag rá "Táimse ag fanacht ar an scannán". Tá, agus mise leis. Glacaim leis go mbeidh Anna Sweeney, alter ego an Bhéarla ag Anna ag tabhairt faoin leabhar seo a chuir ar fáil do mhargadh an Bhéarla mar a rinne le Buille Marfach (Deadly Intent, Severn House). Bá bhreá liom dá nglacfadh Rosg nó a leithéidí an t-ábhar agus scannán a dhéanamh as roimhe sin!

Scáil an Phríosúin
Anna Heussaff
Cló Iar-Chonnacht 2015
ISBN 9781784441197

13 November 2015

Deich bliana ag blagadóireacht

Blagmhír scríofa de réir míosa
Cothrom an ama seo deich bliana ó shin, bhí mé ag iarraidh píosa eolais a roinnt le duine a raibh blagmhír scríofa aige. Ba ghá cuntas Blogger a oscailt le tagairt a scríobh ar a bhlag. Rinne mé amhlaidh, agus diaidh ar ndiaidh thosaigh mé ag scríobh anseo ar téamaí éagsúla. 

Mar is léir ón bpictiúr thuas thosaigh mé amach go mall, agus is i 2009 agus 2010 is mór a bhí míreanna á fhoilsiú agam, Cuid acu sách gairid, cúpla focal le nasc chuig píosa eile a chuir i láthair. Píosaí eile níos téagartha. Bhíodh go leor á scríobh agam faoi chúrsaí teicniúla. Bím ag scríobh go minic faoi turais nó siúlóidí, agus go minic faoi leabhair atá léite agam. 

Is cosúil go bhfuil an scéal deiridh sin scaipthe; is faoi leabhair a cheannaigh nó a fuair mé ón leabharlann a thosaigh mé ag scríobh; ach scaití cuirtear leabhar chugam le léirmheas a dhéanamh orthu. Roinnt den léirmheastóireacht sin is ar son An Tuairisceoir a rinne mé é, cuid eile foilsíodh abhus é.  Más mise féin a roghnaigh an leabhar, ní fhoilsím faic murar thaitin sé liom. Le leabhar a chuirtear chugam, déanaim mo dhícheall breithiúnas cóir a thabhairt. Fós tá sé ionam abhus gurbh fearr gan faic a rá mura bhfuil rud dearfach le rá agam. Aithním go bhfuil baol agus dúshlán ansin. Ach is léitheoir mé a léann ar son siamsaíochta agus ní criticeoir le oiliúint.

Tá toise eile le cuir san áireamh; i mo shaol gairmiúil bíonn baint agam le promhadh agus deimhniú bogearraí - fiú anois agus mé fillte i dtreo an fhorbairt. Ciallaíonn sin go bhfuil sé de dhualgas orm lochtanna a lorg agus a aimsiú, tréaniarracht a dhéanamh rudaí a bhriseadh. Éiríonn an cumas sin scíth, bíonn mar a bheadh crampa ar an anam a fhágann duine duairc dá bharr. Bíonn cóimheá saoil áirithe i gceist le píosa dearfacha a scríobh.

Is ar mhaithe liom féin atá an blag seo ann, pé scéal é, seachas ar mhaith le léitheoirí!

An mana atá agam, cuid den fíor bheagán atá fanta liom ó mo chuid scolaíochta ná nath Bacon ina aiste ar staidéir:
Léamh a dhéanann duine iomlán 
Allagar duine deisbhéalach 
Scríobh duine cruinn 
Francis Bacon 

Tá dhá líne dearg ar an léaráid thuas. Seasann an líne ar dheis, thart ar deireadh 2010, don am a thosaigh mé ar Twitter;  is ansin anois a tharraingím aird ar phíosa atá scríofa ag daoine eile. Seasann an líne ar dheis do thús an bhlag Rogha Gabriel.

Tá go leor den comhrá ar Twitter anois - is annamh a bhíonn comhrá sna tráchtanna ar an mblag seo ná ar bhlaganna eile go deimhin. 


 

Rí na gCearrbhach

Filleann William Watters, an bleachtaire a chuir muid aithne in Crann Smola, athuair anseo chun coirloscadh inar maraíodh teaghlach iomlán a iniúchadh. Tá a chomhghleacaí Cameron leis arís, agus tá a rúnsearc Nábla ann freisin. Maraon le scata mion-phearsa idir stairiúil agus samhailteach.
Ós cérinneachán atá ann, níl fúm mórán a rá faoin scéal. Ach tig liom a rá gur scéinséir den scotha atá ann; agus braithim gur fearr a luíonn sé i seánra an úrscéal bleachtaireachta bunaithe ar fhianaise ná Crann Smola, a raibh iarracht den Deus ex Machina ag baint lena chríoch dar liom.
Tá breis doimhneacht freisin sna carachtar eile seachas Watters, agus forbairt tagtha ar Watters féin ann. Tá cíoradh déanta ar athrú smaointeoireachta i measc aicmí buirgéiseach na linne; ach freisin ar seicteachas agus polaitíocht i measc gach aicme agus na cruthanna éagsúla a bhíonn ar iompar ar na daoine dá bharr.
Bhain mé an sult as Crann Smola, tá a ealaíon tugtha céim chun foirfeachta ag Ó Dúrois san leabhar seo. Is trua mar sin gur lig an eagarthóireacht síos é - tá botúin sleamchúiseacha thall is abhus san téacs, in áit amháin tá leathanach iomlán i gcló faoi dhó.

Feictear dom nach bhfuil an leabhar i gcló níos mó - ó Leabharlann Bhré a fuair mé féin é.



Rí na gCearrbhach
Seán Ó Dúrois
Coiscéim  2003.42


09 November 2015

CUIREADH: Seoladh 'Scáil an Phríosúin' le Anna Heussaff

Seoladh 'Scáil an Phríosúin' le Anna Heussaff

Dé Máirt, 10 Samhain ag 7.00 i.n.
sa Patriots Inn, Cill Mhaighneann, BÁC

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht agus ag Anna Heussaff do chuideachta nuair a sheolfaidh Aengus Mac Grianna an t-úrscéal bleachtaireachta nua 'Scáil an Phríosúin' le Anna Heussaff.

Fear an Tí: Cathal Póirtéir
 

Treoir taistil

Tá an Patriots Inn suite ag crosbhóthar i lár Chill Mhaighneann gar don phríosún, d’óstán an Hilton agus do chúlgheata an Bhrú Ríoga.

Luas: Stad Bhr. na Siúire

Busanna: 13 agus 40 go Br. Emmet; 69 agus 79/a go Br. Inse Chór; 123 agus 68 go dtín Cuarbhóthar Theas/Br. na Siúire.

Páirceáil: carrchlós na gcustaiméirí sa Hilton; roinnt spáis ar Bhr. Inse Chór agus Br. Emmet.

08 November 2015

Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal

B'é Tadhg a scríobh agus a rinne reacaireacht ar an gclár teilifíse Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal de chuid Sónta. Chonaic mé an clár tamall siar agus thug mé an suntas dó - bhí sé gleoite.
Ní raibh an oiread sin eolais agam ar Raiftearaí - go deimhin níl mórán dá chuid filíochta léite agam. Chuir mé spéis i Seanchas na Sceiche atá ar fáil i leabhar Vincent Morley Ó Chéitinn go Raiftearaí:
Tá roinnt dá chuid amhráin cloiste agam, go minic i gan fhios agam gurbh eisean a scríobh.
Is éard atá sa duaisleabhar ná an taighde bunaidh a rinne Tadhg don gclár, agus scagadh spíonadh agus doimhniú déanta air. Mar a dúirt sé féin chuir sé roimhe scéal Raiftearaí a reic ó bhreith go bás. Tá sé seo déanta ar bhealach an éifeachtach, é ag leagadh romhainn na foinsí agus an fhianaise a d'aimsigh sé sa bhfilíocht, sa bhéaloideas nó i saothair dhaoine a threabh an iomaire seo roimhe. De bhrí gur fianaise thánaisteach ar fad geal leis, tá tábhacht leis an scagadh agus meá a rinne Tadhg ar an eolas, agus roinneann sé linn a bhreith ar an bhfianaise agus an fáth go bhfuil glacadh aige le scéalta thar a chéile.
Rianaíonn sé tús a shaol, an galar a d'fhág radharc na súil lag nó imithe, an caidreamh leis an dteach mór a chuir bunús faoina shaol, a thitim amach leo a d'fhág ina fhánaí é sa Ghaillimh i bhfad ó Mhaigh Eo. Tugann sé ana léargas ar a pholaitíocht sheicteach agus a chuir ar son na cosmhuintire caitlicí ina shaothar. Tá scagadh ann ar an iomarbhá fileata leis na \Callannáin.
D'fhoghlaim mé go leor as an leabhar; an t-aon locht a bheadh agam air ná nach bhfuil fáil ann ar na dánta iomláine atá á phlé seachas sleachta astu. Tá réiteach áirithe ar sin, ar ndóigh, mar gur chnuasaigh Ciarán Ó Coigligh na dánta ar fad a leagtar ar Raiftearaí. Ní heol dom an bhfuil teacht ar na dánta eile a luann Tadhg in aon áit ar leith áfach. (Seans go mba cheart dom súil a chaitheamh arís ar an liostaí foinsí a luann sé...)
Leabhar téagartha atá anseo, agus caighdeán maith cló agus dearadh ann freisin. Leabhar atá feiliúnach do mo leithéidí de léitheoir siamsaíochta chomh maith leis an dream a bheidh i ngleic níos dáiríre leis agus staidéar á dhéanamh acu ar Raiftearaí agus a ré.

Tá píosa cainte bhreá déanta ag Tadhg le MTS ar Ardtráthnóna atá le clos anseo.

Táim buíoch de Futa Fata as cóip léirmheastóireachta den leabhar a chuir ar fáil dom.

Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal
Tadhg Mac Dhonnagáin
Futa Fata
ISBN: 978-1-906907-90-7

07 November 2015

Éabhlóid an Phrionsa Bhig

Tá ionad bhuan ag saothar seo Saint-Exupéry i gcanóin na leabhair a bhfuil daoine thar a bheith ceanúil orthu. Ar an gcéad amharc, leabhar do pháistí atá ann: ach tá sé i measc an cnuasach leabhar úd atá feiliúnach dáiríre do leabharbhách ar bith. Mar a dúirt C.S. Lewis san tiomantas do "An Leon, An Bandraoi agus an Prios Éadaigh" tagann an lá nuair atá duine sách críonna le bheith ag léamh scéalta sí arís. 
Scéal sí de chineál atá anseo. Cinnte, tá noda láidre ann mar a luaigh Dennis, gur "Roman à clef" atá ann, léargas ar shaol an údar. Ach is féidir a bheith dall orthu sin (mar atá mise d'aon uaim go fóilleach) agus tairbhe a bhaint as.
Scéal atá ann atá an oiriúnach le léamh ós ard. Tá an leagan seo atá déanta ag Eoghan Mac Ghiolla Bhríde ina chanúint dhúchais Conallach thar a bheith fóirsteanach don léamh ós ard. Ní mór dom admháil go bhfuil focail ann nach bhfuil cleachtadh agamsa orthu, agus a bhainfidh tuisle as mo theanga agus mé á léamh ós ard. Ina choinne sin tá nathanna agus cainteanna áille ann, cuannacht sa Ghaeilge ar aon dul le cuannacht Saint-Exupéry sa bhun Fraincis. Is fíor go ndearna Breandán Ó Doibhlin leagan den leabhar tamaill siar; ach tá de bhua san eagrán seo go bhfuil na léaráidí daite, agus an leabhar maisiúil.

Gabhann muid i bhfad scéal le ceist na canúintí abhus, nuair is ea fírinne an scéil go bhfuil cainteoir líofa de chanúint ar bith in ann dul i ngleic leis na canúintí uile. Is mó go mór na difríochtaí idir canúintí na Gearmáinise, abair. Ach cuirtear litríocht i gcló iontu ar fad, go háirithe sa mhéid a bhaineann le caint agus comhrá.

Fáiltím roimh an saibhreas cainte san leagan seo, ainneoin an streachailt a bhí i gceist dom é léamh.

Tá an leabhar le ceannach ón suíomh anseo: Táim buíoch d'Eoghan a bhronn cóip orm.

Is leis an chroí amháin a tchíthear i gceart.


04 November 2015

Iris IMRAM

Tá an féile IMRAM ag dul ó neart go neart ó 2004. Faigheann deacair é freastal fiú ar an sciar ar mhaith liom den fhéile. Fáiltím roimh an fhorbairt is déanaí mar sin, iris atá le foilsiú go rathúil, agus a thabharfaidh blaiseadh den na saothar atá á reic ag IMRAM, maille roinnt aistí critice.

Tá na amharcealaíona agus físealaíona chomh maith leis an ceol lárnach i gcur chuige IMRAM, agus mar a thug Máirín Nic Eoin suntas dó agus an iris á sheoladh aici, is amhlaidh atá san iris freisin, cúram déanta de léaráidí agus cló agus leagan amach an ábhair.

Cumasc spéisiúil de dhánta - idir bun-dhánta agus aistriúcháin isteach sa Ghaeilge ó theangacha iomadúla, gearrscéal le Dáithí Ó Muirí, aiste bunaithe ar agallamh a chuir Cathal Póirtéir ar Liam Mac Cóil faoin litir, critic ag Tomás Mac Siomóin ar scéalta an Chadhnaigh mar a chnuasaigh Louis de Paor, agus ag Rióna Ní Fhrighil ar Nuala Ní Dhomhnaill, an té a tugadh ómós dí ag IMRAM i mbliana.

Deá theist ar an iris is ea gur thug mé do chomhghleacaí liom é d'fhonn aistear eitleáin chun na hÍsiltíre a ghiorrú, fear nach mbeadh ag plé ró mhinic le Gaeilge ná le litríocht na Gaeilge ach a bhfuil Gaeilge éigin fágtha aige óna laethanta scoile (i ré nuair a bhí Gaeilge le foghlaim ar ghnáthscoileanna, is mithid a rá) Bhain sé taitneamh as, go háirithe as scéal Dháithí, agus dúirt go mbeadh fonn air tuilleadh dá leithéidí a fháil.

Fónadh prófáil rud beag níos cúraimí don iris,  bhí roinnt botúin cló thall is abhus; ach de réir mo thuisceana bhí brú áirithe ama an chéad eagrán seo a bheidh réidh in am don féile, ag am nuair a bhí lucht eagar gnóthach le cúrsaí eile. Bheinn dóchasach mar sin go mbeidh barr feabhais ar na heagráin a leanann seo.

Níl mé baileach cinnte conas atá sé i gceist an iris a scaipeadh; cuireadh 200 cóip den gcéad eagrán i gcló agus do réir mo thuisceana díoladh nó scaipeadh iad ag imeachtaí IMRAM cheana féin.

(Fuair mé féin cóip léirmheastóireachta den Iris, táim buíoch d'IMRAM as sin)