Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-01-31

Maidhc abú

Maidhc. 1957
Maidhc abú 1960
Maidhc bleachtaire 1961
Maidhc sa Danmhairg 1968
Ní raibh iomrá ar bith agam ar P.D. Linín go dtí gur luaigh Eoin P. Ó Murchú tamall ó shin a leithéid de dhuine a bheith ann agus scéalta bleachtaireachta do ghasúir scríofa aici. Ansin le déanaí chuala mé caint arís uirthi mar go raibh píosa léi san díolaim a d'fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha - bhí Róisín Ní Dhorchartaigh ar duine den triúr ban ceannródaíoch a chuaigh isteach sa Roinn - bhí sí i gcomhluadar Mháire Mhac an tSaoi sa bheart sin. Róisín Bean Mhic Dhonnchadh a hainm tar éis pósta agus tá clann léi fós i seirbhís an stáit. Tá nóta fúithi ar an Vicipéid

Spreag an chaint mé le dul sa tóir ar na leabhair ón leabharlann. Is cinéal crannchur a bhíonn in iasacht idir leabharlainne - agus is an leabhar deiridh Maidhc sa Danmhairg is túisce a fuair mé. Thóg sé i bhfad orm Maidhc Bleachtaire - an dara úrscéal - a fháil.

Is gearrscéalta atá i gceist le Maidhc agus Maidhc abú  - eachtraí gairide spleodracha. Bíonn Maidhc agus a chairde ag cumadh scéimeanna ar mhaith le pingeacha a shaothrú. Sa leabhar Maidhc tá siad ag iarraidh airgead a chnuasach chun scútar a cheannach. (Sé sin, gluaisrothar bheag). Coisctear sin orthu, fiú nuair atá siad tar éis deontóir fláithiúil a aimsiú agus i Maidhc abú teilifíseán an sprioc.

Maidhc an cheann feadhna sna scéimeanna; Colm agus Cian a chomrádaithe, agus uaireanta Nuala. Ní bhíonn rath ar na scéimeanna go hiondúil, agus go deimhin tarraingíonn siad achrann ar Mhaidhc agus a chairde sách minic. Mar sin féin tarrtháiltear leanaí, tagtar i gcabhair ar dhaoine, rugtar ar chorr bhithiúnach. Tá dhá eachtra ina dtagann Maidhc agus a chairde i gcabhair ar scoláire eachtrannach á tharrtháil ó thromaíocht agus ag foghlaim caoinfhulaingt do nósanna eile!
 
Scéinséir ceart is ea Maidhc Bleachtaire. Tá an bhean óg ón Latvóin (tír samhalta i Lár na hEorpa) imithe gan tásc ná tuairisc - bhíodh sí ina cailín aimsire le hUncail Mhaidhc. Níl na daoine fásta ró-bhuartha - beatha duine a thoil. Ach síleann na daoine óga go bhfuil rud éigin amhrasach faoin scéal agus tosaíonn siad ag fiosrú. Ní fada go bhfuil siad ar a seachaint ó bhithiúnaigh armtha allúracha, sáite i réabhlóid, agus  sroicheann an scéal a bhuaicphointe le eachtra spleodrach i sorcas... Le Maidhc agus a chairde an lá áfach!

Taidhleoir é athair Mhaidhc agus tugann sin é go dtí an Danmhairg don tríú eachtra. Tá a mhuintir ar comhdháil thábhachtach ag socrú conradh idirnáisúnta - agus nuair a bhíonn bean óg Éireannach trína chéile ag na póilíní níl ach Maidhc agus a chairde Colm agus Cian atá san ambasáid. Tarrangaítear isteach i scéal iad a bhfuil a fréamhacha ag dul siar go dtí an chogadh agus frithbheartaíocht na Danmhairge. Bíonn tóraíocht agus eachtraí ann - tríd an Tivoli ag pointe amháin - ach éiríonn le Maidhc agus a chomrádaithe teacht ar fios fatha an scéil agus feirmeoirí na Danmhairge agus na hÉireann araon a tharrtháil ó chonradh cam trádála! Tá na firící ag an údar faoin áit agus an stair - ina measc go raibh bean rialta de chuid na hÉireann i measc na híospartaigh nuair a chuaigh buamaí ar strae agus ceannáras an Gestapo i Cóbanhávan á bhuamáil. 

Bhain mé an taitneamh as an scíthléitheoireacht seo, agus measaim go mbainfeadh daoine óga an lae inniu freisin. Tá Just William feicthe curtha i gcomparáid agam le Maidhc. De réir an méid a chuimhním air de sin - a léigh mé daichead éigin bliain ó shin, ní aontaím. Ní rógaire é Maidhc. Ní ar mhaithe leis féin a ghníomhaíonn sé - ach as croí maith ar son an chirt. Is túisce a chuirfinn i gcomparáid é le Emil i Lönneberga Astrid Lindgren (mar Michel a chuir mise aithne ar siúd) nó Emil ó Emil agus na Bleachtairí  Erich Kästner. 

Laochra iadsan nach rógairí iad, ach nach naoimh iad ach oiread. Bíonn siad i scréipeanna, ach déanann siad an beart fónta i gcónaí agus bíonn siad cliste grinn agus glic.

Is clasaicí in óglitríocht na hEorpa iad agus measaim gur mór an trua é nach bhfuil an cháil sin ag Maidhc i measc na nGaeil Óga. Níl  ach leabhar amháin fós ar fáil ó Cló Iar Chonnachta - Maidhc san Danmhairg.

Chuir CIC sraith leabhair le Enid Blyton ag baint leis an gCúigear Cróga agus an Seachtar Stuama i gcló le déanaí. Is maith ann na leabhair sin, agus tuigim an bhuntáiste margaíochta a thugann ainm aitheanta úair Bhéarla. 

Creidim áfach go bhfeadhfadh rath a bheith ar athchló ar na leabhair faoi Mhaidhc - go háirithe dá ndéanfaí dearadh tarraingteach orthu (nílím iomlán tógtha le líníochtaí Fhionain de Bharra!).


2022-01-29

Scéinséir síceolaíoch scanrúil sochreidte


Tá borradh faoi earnáil scannánaíochta na Gaeilge de bharr na scéimeanna tacaíochta Cine 4 agus an Ciste Craoltóireachta ó Thuaidh. Agus, cé go mbíonn nó go mbeidh na scannáin le feiceáil ar TG4, tá siad déanta don scáileán mór agus ag déanamh go maith sna féilte idirnáisiúnta. Rud atá ina spreagadh chun barr feabhais.

Cé go bhfuilim fós seachantach, mheall Doineann a bheith le feiceáil san IFI ag am lóin inniu isteach sa chathair mé. (Bhí mé réasúnta cinnte ná beadh an phictiúrlann plódaithe!)

Bhain mo mhac is mé féin ana thaitneamh as an scéinséir shíceolaíoch snasta scanrúil sochreidte seo. 

Bean agus páiste ar iarraidh ar Oileán iargúlta. Stoirm - Doineann - ar an mbealach. Fear céile trína chéile. Garda amuigh ar phinsin i bhfeighil an cuardach. Tugann Bríd Brennan taispeántas iontach - beagfhoclach, ciúin, ach ag tabhairt chuile rud faoi ndeara. 

Peter Coonan mar an céile Tom, go mór trína chéile, nó an bhfuil?

Seán T Ó Meallaigh ina iascaire chorr dúnárasach (agus thabharfá an leabhar gur Conallach é!)

An tírdhreach agus an aimsir ag léiriú an dorchadas ag croí an scéil, le casadh thar a bheith sásúil san eireaball.

Téama an smachta i gcaidreamh cíortha go caoin agus bun riail na scéalaíochta comhlíonta - ní hinsítear dúinn cad atá ag tarlú - taispeántar dúinn. 

Tá sé le feiceáil ar feadh seachtaine i mBaile Átha Cliath (agus Gaillimh measaim) - tapaígí an deis!

Is ait liom gurb as Béarla amháin atá suíomh an scannáin  https://www.doineannthefilm.com/ ach tá teacht ansin ar an t-eolas ar fad. 

2022-01-28

Otherland

Le Mintz_l - grianghraif féin, Fearann poiblí, Nasc 
Tá ǀKaggen na San lárnach i scéalta !Xabbu
Níl fhios agam an i gcomhthéacs Metaverse a bhí sé, nó an amhlaidh gur luadh an t-úrscéal ar chúinse eile, ach chonaic mé tagairt fíor mholtach ar Twitter ó Nnedi Okorafor don úrscéal Otherworld. Ollúrscéal atá ann, breis agus trí mhíle leathanach, roinnte i gceithre imleabhar. 

San aimsir píosa beag romhainn atá an scéal lonnaithe, ach go bhfuil forbairt mhór tagtha ar an idirlíon - is féidir le daoine iad féin a thumadh i réaltacht fíorúil a théann i bhfeidhm, ach an trealamh ceart a bheith ag duine, ar na céadfaí uilig. Uaireanta bíonn trealamh ag daoine atá nasctha go hiomlán lena gcórás néarógach.

Samhlaíonn Tad Williams go bhfuil daoine iontach saibhre ag iarraidh iad féin a uaslódáil go dtí leagan iontach forbartha den réaltacht fíorúil seo chun neamhbhásmharacht a bhaint amach. (Tá leithéidí Peter Thiel agus Elon Musk ag caint ar a leithéid le fada, mar sin ní fantasaíocht amach is amach an tuairim sin!).

Tugann daoine eile faoi ndeara go bhfuil leanaí ag titim i gcóma, sáinnithe is cosúil sa líonrá, agus téann siad ar thóir eolais. Tá cliar mhór carachtar sa scéal, na laochra atá ag iarraidh leanaí gar dóibh a tharrtháil, agus an lucht saibhir atá ag obair ar an neamhbhásmhaireacht - maraon le carachtair eile nach léir baileach a ról, agus ceann de na bithiúnaigh is foréigní scanrúla ar léigh mé riamh. Diaidh ar ndiadh a scaoiltear an t-eolas linn faoi cad atá dáiríre a tharlú, agus cén fáth - agus cad go díreach atá ag croí an líonra nua seo, agus conas go díreach atá na daoine atá gafa sa scéal bainteach leis.

Tá go leor domhain fíorúla ann, ag tarraingt as samhlaíocht agus litríocht an chine le fada - rud a fhágann go leor spás do chrostagairtí. Leanann an eachtra san domhan fíorúil - áit a bhfuil cuid den gcliar sáinnithe agus san fíorshaol, áit a bhfuil daoine éagsúla ag iarraidh mistéir bainteach leis an scéal a réiteach.

Is ar Kindle a bhí ag léamh na leabhair - ach bhí greim daingean acu orm agus bhí orm srian a choinneáil orm féin chun gan dul tríd i gníomh chraois amháin ag déanmah neamhaird ar an saol thairis.

Ceann de na gnéith agus na daoine is fearr a thaithnigh liom ná an carachtar !Xabbu, duine de fuíollach an phobal San san Afraic Theas, a raibh tréimhse áirithe caite aige sa bhfásach lena phobal dúchasach ach a bhí freisin tar éis bheith sa chathair agus oideachas curtha air. Bhí sé ag iarraidh foghlaim faoin réaltacht fíorúil chun oidhreacht scéalta agus saoil a phobail a chaomhnú. Tarraingítear isteach sa scéal níos leithne  é - agus tugann a scéalta béaloidis agus a thuiscintí sinseartha buntáistí dó agus dá chairde.

Ar an dtaobh eile cuireann a chol lena dhúchas bundúchasach féin agus an fuath nimhneach dá mháthair agus dá scéalta nimh agus olcas breise san bithiúnach - agus is cuid iad den tragóid (sa chiall claiseacach) a bhuaileann eisean ag deireadh. 

Tá scéalta grá den uile chinéal - na ceithre ghrá - fite fuaite san insint, agus tá tóraíocht eolais, agus feidhm na scéalaíochta, 

Bhí grúpa creidmheach ann mar céilí comhraic leis an drong saibhir freisin, ach bhraith mé nach raibh a sciar siadsan den insint forbartha leath chomh maith céanna. 

Tá a chuimhne caillte ag ceann de na príomhcharactar atá ag fánaíocht tríd an réaltacht fíorúil gan fhios aige i dtosach go bhfuil sé ina léithéid ná cén fáth ná conas - gléas éifeachtacht chun an scéal a roinnt linn diaidh ar ndiadh, gob ar ghob leis an méid atá á fháil amach ag dreamanna eile san fíor saol agus san réaltacht fíorúil.

Scéinséir iontach sásúil atá ann, dar liom. Agus neart ábhar machnaimh ann - cé go bhfuil amhras orm go bhfuil "uaslódáil aigne" indéanta in aon chor - agus táim cinnte nach bhfuil sé chun tarlú sa chéad seo amach romhainn. 

2022-01-24

Saol nua misniúil

Is breá liom ficsean tuairimeach, is bealach iontach é smaoineamh faoi conas atá an tsaoil, agus conas a d'fhéadfadh sé a bheith. 

San úrscéal seo le Celia de Fréine cruthaíonn sí domhan iar tubaiste ar féidir creideamh ann go furasta. "Bithsféar" - cathair dúnta faoi screamh saorga, ina bhfuil aicmiú docht agus forlámhas daingin ag na húdaráis. Paistí fireann agus baineann scartha go hiomlán go dtagann siad in inmhe - faire géar ar gach corr a chuireann siad daoibh. 

Atáirgeadh ar an mbealach le bheith iomlán meicniúl ach gá fós le mná chun leanaí a thabhairt ar an saol cé gur go saorga a ghintear na suthanna, agus innealtóireacht ghéiniteach i gceist. 

Tríd súile mnaoi óige - a deir futhú féin go bhfuil sí cliste, ach gan a bheith glic - a insítear an scéal. Scéal éirí amach agus fonn éalaithe, agus cabhair ó chearn nach mbeifí ag súil leis.
Scéal le go leor don am i láthair atá ann, maraon le machnamh faoin dtodhchaí.

Tóir ar "foirfeacht" agus canóin chúng faoi cad is brí le sin - fionn, seang, gormshúileach. Idir eoiginic agus máinliacht i gceist chun cloí leis an gcaighdeán. Tarcaisne don té nach mbaineann an foirfeacht seo amach, nó nach bhfuil sách cliste sa léann - ach tromaíocht freisin ar an té atá ró dhíograiseach i mbun léinn, mar atá laoch an scéil. Laoch a bhfuil cairdeas inti - agus a dhéanann iarrachtaí dá chiotach iad teacht i gcabhair ar chailíní eile. 

Scéal eachtraíochta atá i gceist - bíonn freasúra faoi choim i gcónaí i gceist le deachtóireacht agus iarrachtaí éalú. 

Tríd súile Emma feicimid an slí a bhfuil an córas ag forbairt, agus na smaointe atá i dtreis - ach de bharr a suim i gcúrsaí roimhe agus i modh éalaithe, cíortar smaointe eile. Meascán mearaí den stair a chaomhnaítear sa chóras ríomhaireachta - ach is dócha gurb amhlaidh a bheidh nuair a tharlaíonn na t-athrú mór de bharr cúrsaí aeráide, agus dá réir go mbeidh tuairimí measctha ag ár sliocht ar an dóigh a bhí rudaí dáiríre - mar atá ag formhór againn faoin am atá caite.

Cé go bhfuil an leabhar seo dírithe - agus oiriúnach - do dhéagóirí, bhain mé féin suim agus tairbhe as, agus lón machnaimh. Tá uireasa ficsean tuairimíochta sa Ghaeilge. Tarraingíonn an scéal seo - a bhfuil gnéithe den saol i  Brave New World Huxley agus 1984 Orwell tugtha le chéile go healaíonta chun diostóip nua a chruthú agus cúis dóchais mar sin féin, mar nach bhfuil an lámh in uachtar go hiomlán ag crua-chroí fóinteach na hudaráis.

Táim buíoch de Leabhar Comhar a chuir cóip léirmheasa chugam nuair a d'fhiosraigh mé conas teacht air! (Tá dearbhán le caitheamh agam, caithfear ar rud éigin eile anois é!)

Celia de Fréine
Leabhar Comhar
ISBN: 978-1-9196013-1-1

2022-01-22

Béascna agus líonraí na litríochta

             Foinse - le Josef F. Stuefer 

Bhí mé ag faire ar maidin ar imeacht de chuid Cumann Merriman - Siompóisiam: Cothú an phobail léitheoireachta: An léitheoir, an léirmheastóir agus an foilsitheoir.

Tríur a labhair.

Labhair Liam Mac Cóil faoin mbéascna a chothaíonn litríocht agus a phobal léitheoireachta. Bhain sé feidhm as samhail an nead damhain alla - a mbíonn, fearacht gréasán ar bith nóid ann, agus snáithe á nascanna. Nóid áirithe - na meáin chumarsáide - níos mó agus níos nasctha, cinn eile níos lú agus níos pearsanta. Iad uilig tábhachtach don léamh agus don léitheoir. Rinne sé éileamh láidir go seachnófaí géilleadh do bhéascna uile-láithreach an Bhéarla. Tá ár gcultúr agus béascna féin againn, traidisiún litríochta le tarraingt as. (Tá obair mhaith á dhéanamh ag Leabhar Breac ach go háirithe cuid den saíocht sin a chuir ar fáil i nGaeilge an lae inniu, rud a luaigh Liam). Is gá féachaint chuige, dar leis, agus aontaím, go dtreiseofar na nóid agus cuir leis na nascanna eatarthu. Táim ag ceapadh go mbeidh a aiste le léamh amach anseo i gceann de na hirisí le nach mbeidh sibh taobh le mo chuimhne fabhtach!

Thosaigh Róisín Ní Ghairbhí a cuid cainte faoin léirmheastóireacht le meabhrú ar an bpobal as ar eascair dánta i dtosach agus an chomhthéacs teaghlaigh agus teallaigh a chothaigh an "ghlacadh" leo - an ghné carthanach san áireamh a d'aithin an dícheall fiú nuair nach raibh barr feabhais bainte amach. Labhair sí faoin réimse ó chritic acadúil go moladh leabhair do léitheoirí eile, agus an gá a bheith dearfach ach gan léiriú laigí a sheachaint - ar mhaithe leis an scríbhneoir agus na léitheoirí. Bhuaigh an chlog ar Róisín, mar sin tá súil agam go mbeidh teacht ar an iomlán a bhí fúithi a rá i bhfoirm scríofa amach anseo.

Bhí caint Thadhg Mhic Dhonnagáin ó dhearcadh an foilsitheora thar a bheith spéisiúil. Ó thús Futa Fata bhí Tadhg sásta rudaí a thriail, agus bíonn ócáid ar leith i gceist lena sheoltaí leabhair. Taibhsiúil!

Díol spéise domsa an dóigh a thug sé droim láimhe d'Áis chun dul i muinín Gill and Macmillan ó thaobh dáileadh leabhair, agus O'Brien Press (Comhlacht beag teaghlaigh iad féin) maidir le margaíocht. Ní bheidh foilsiú as Gaeilge riamh iomlán neamhspleách ar deontais ach ní cúis ar bith sin gan iarracht a dhéanamh bheith gairmiúil sa chuir chuige. Luaigh Tadhg na deacrachtaí a eascraíonn as cuir chuige maoinithe Scéim na Leabhair Ghaeilge, a éilíonn an leabhar clóite laistigh de thréimhse ar leith ama - go mbeadh cur chuige ilbhliantúil agus slata tomhais eile ar dul chun cinn na hoibre níos fóntaí.

Neart lón machnaimh - ní raibh deis ann ach do dhornán ceisteanna.


2022-01-21

Tabhair aird ar ara seancharbaid

Athchruthú ar charbad ó Musaém Hallein
Wolfgang Sauber, CC BY-SA 3.0 , via Wikimedia Commons

Aranécath arid sencharpait. 
Ar nícon chotli are senḟonnith. 
Remi déci, íarmo déci, tair sceo desiul sceo túaithbiul. 
Deéci, imdích, imdídnathar, arna bó
co foill na forráin fonnath fodrethat. 

Tugadh sé aird ar ara seancharbaid
Óir ní chodlaíonn ara seanfheadháin
Féachann roimhe, féachann ina dhiaidh, 
agus ar aghaidh agus deiseal agus tuathal
Féachann, imdheaghlann, díonann, chun ná briseadh sé
trí faillí ná foréigean na feadháin a ritheann faoi


Sliocht as Audacht Morainn, aimsithe anseo ó ollscoil Texas.

2022-01-19

Briathartheagasc Chon Chulainn

Bríatharthecosc Con Culaind inso.Briathartheagasc Chon Chulainn anseo
‘Nírbat taerrechtach debtha déne dóergairce.’Ná bí i do ghríosaitheoir deafa déine daorga!
‘Nírbat díscir doichlech díummasach.’Ná bí díscir doicheallach díomasach!
‘Níbbát ecal ocal opond esamain.’Ná bí eaglach tógálach obann dásachtach!
‘Nípát tairne ó main mandartha mesctha.’Ná baintear tuisle asat ag milleadh meisceach!
‘Níbat dergnat cholla coirme h-i tig rurech.’Ná bí i do dreancaid chollaí choirme i dtigh ruirí!
‘Níbat ilfhurig im írad n-echtrand.’Ná fuirigh um ionradh eachtrannaigh!
‘Ní sáis daíne dochla díchumaing.’Ná tóraigh daoine díchlúiteacha díchumhachtacha!
‘Ní íadat iubaili for étechti ail.’Ná bunaítear tréimhsí dlí ar aindlí!
‘Airliter cumni cóich comarbai cré.’Céadaítear cuimhní chun comharba cré a chinntiú!
‘Cuibsigter senchaid sin co fírinne fíu h-it fhíadnaisi.’Ceistítear seanchaithe le fiúntas fírinne i'd fhianaise!
‘Finnatar brethamain bráthir scéo m-broga.’Fiosraíodh breithúna ceisteanna gaoil agus maoine!
‘Mrogatar genelaigi gésci úa genither gein.’Leathnaítear na ginealaigh nuair a rugtar leanaí!
‘Gairter bí, béoaigter fri óethu airm irro trebsat mairb .’Gairtear na beo, agus athbheoigh na mairbh de bhithín móide san áit ina raibh cónaí orthu!
‘Maínigter comarbai fora théchtu thoich.’Maoinítear comharbaí de réir a n-oidhreacht cuí!
‘Tochomlúat anfini coa nemthe nert.’Cuiridís siúd nach den bhfine iad a pribhléid in iúil!
‘Ní fresnesea co labur.’Ná freagair go foclach!
‘Ní aisnéisea co glórach.’Ná fiafraigh go glórach!
‘Ní fuirse. Ní chuitbe. Ní faithchither senóri.’Ná déan fonóid ná ná bí ag fáireach ná ag imeaglú seanóirí!
‘Nípá míthomtinach ó neoch.’Ná bí faoi drochmheas ag aon neach!
‘Ní géis co ansa.’Ná héiligh go dian!
‘Ní ettis nech cena domanches.’Ná heitigh neach seachas más neamhfhóinteach é!
‘Caín-ois. Caín-éra . Caín-airlice.’Bí caoin i do thairisicint, is do bhronnadh agus i dtabhairt iasachtaí!
‘Bát umal múnta ó gáethaib.’Bí umhal do mhúineadh ó ghaoithe!
‘Bat cumnech coisc ó t-senaib.’Bí cuimhneach ar choisc ó sheanóirí!
‘Bát seichmech ríagla athardai.’Bí airdeallach ar rialacha aithreacha!
‘Nípat úarchraidech im chardiu.’Ná bí fuarchroíoch le cairde!
‘Bat gusmar im náimtiu.’Bí gusmhar le naimhde!
‘Nípa frithenech debtha h-i tilchomraicib.’Ná cuir i gcoinne díospóireacht i dtionóil!
‘Nírbat scélach athchossánach.’Ná bí scéalach achasánach!
‘Ní fáisce. ‘Ní thaisce inní ba torba’Ná fáisc is ná taiscigh, ní bheidh tairbhe ann!
‘Consecha do chúrsachad i n-gnímaib antechtai.’Coinnigh guaim ar do chasaoid i leith gníomhartha atá cuí!
‘Ní chomainse th' írinne ar thoil daíne.’Ná satail d'fhírinne ar thoil daoine eile!
‘Níba tathboingid ar nárbat aithrech.’Ná buail gan gá chun ná beadh aithríochas ort!
‘Níbat comromach ar nábat miscnech.’Ná bí comhlannach chun ná beadh tú miscneach!
‘Nírbat lesc ar nárbat meirb.’Ná bí leisciúil chun ná beadh tú marbh!
‘Nírbat róescid arnábat dóescair.’Ná bí tobann chun ná beadh cuma daoscair ort!
‘Ardotchuibdig fri sechem na m-bríathar sin, a meic!’Glac le seicheamh na briathra seo, a mhic!


Comhrá idir Dennis King agus Eoin Ó Cróinín ar Twitter a sheol mé ag lorg an chnuasach seo, atá leabaithe san scéal Serglige Con Culainn. Fuair mé an páipéar eolgaiseach seo le Maxim Fomin - Bríatharthecosc Con Culainn in the Context of Early Irish Wisdom-Literature agus is le cabhair a aistriúchán Béarla siúd a rinne mé na leagnacha garbha Nua Ghaeilge. Mar atá pléite in alt Mhaxim, is treoir do rí atá sna nathanna seo, agus baineann cuid acu leis an dóigh ceart cás cúirte a bhaineann le maoin a riaradh. Ach tá sciar acu a d'fhéadfaí feidhm a bhaint astu fós.

Táim buíoch de Maxim as a chead a thabhairt teacht i dtír ar a aistriúchán; is liomsa aon míthuiscint sna leaganacha Nua Ghaeilge. Mar is iondúil, rinne mé iarracht cloí leis na focail céanna má bhí fáil orthu i FGB agus ag baint taca as DIL.ie

Bríatharthecosc Con Culainn in the Context of Early Irish Wisdom-Literature. / Fomin, Maxim. In: Ulidia 2: Proceedings of the Second International Conference on the Ulster Cycle of Tales, Maynooth 24-27 June 2005, Vol. 2, 05.04.2009, p. 140-172.

2022-01-11

Bleachtaire

Comhrá ar Twitter leis an té a chuir an cuntas ceiliúrtha do Cathal Ó Sandair ar bun a mheabhraigh an focal seo dom. (Róisín Adams, mura bhfuil dul amú iomlán orm). Ní cuimhin liom anois cá háit a léigh mé an cuir sios ar conas a tháinig an focal bleachtaire mar ainm ar an té a lorgaíonn fios fátha scéil chun cinn. "Emil agus na Lorgairí" a bhí ar an gcéad aistriúchán ar Emil und die Detektive mar shampla.
Mo mheathchuimhne ar an gcuir síos a léigh mé ná go raibh baint aige le blí eolais. Chuaigh mé ag tochailt. Fuair mé an tagairt seo ar dúchas: 
bleachtaire (“Bladderer”) a wheedler

Chuaigh mé ag tochailt agus tháinig mé ar an dá iontráil seo i Sanas Gaoidhilge-Sagsbhéarla le O'Reilly:

bleachtaire: duine a bhlíonn ba.

bleachtaire: bladaire, cealgaire; duine a dhéanann iarracht do mhuinín a fháil trí caint deisbhéalach ar mhaithe leis féin.

Measaim féin gur eascair an dara brí as bléan (eolais) agus gur tháinig  an chiall "duine a lorgaíonn fios fatha scéil (coiriúil)" as sin.  

Le tús an chéid seo caite a bhaineann formhór na tagairt i gCorpas Foclóir na Gaeilge - feictear dom gur péas atá i gceist sna tagairtí ar fad beagnach.

I Foclóir L.S. Gógan tá 

bleachtaire: detective; accepted in this sense.

 Tá nod gur deacair dom a léamh leis - Blask Iris VIII .58 b'fhéidir? Tá téacs eile faoi atá scriosta amach.

In eagrán 1927 d'fhoclóir an Duinnínigh tá :

bleachtaire, g. id., pl. -rí, m., a milker,a dairyman, a milk-dealer ; a wheedler; a detective (rec.).

Bhain Pádraig Ó Conaire feidhm as an bhfocal Bleachtaire, mar shampla, i Bé an tSiopa Seandachta sa leabhar Seacht mBua an Éirí Amach.

An sampla is luaithe atá faighte go dtí seo againn ná san scéal Bean an Leasa le Pádraig Ua Séaghdha a foilsíodh in Irisleabhar na Gaedhilge Iml 9 in 1899.

“Bleachtaire is eadh thu, bhí amhras agam ort le mí nó mar sin,” ar sí. “Ó, ná bac sain de,” ar sé, “beidh aimsir ár ndóthain againn le trácht thar na gnóthaidhibh sin ar ball; tá cumhdach id' bhrollach agat, agus atá na clocha uaisle ann is dócha? Sín annso chugam iad, acht fan go fóil, tógfad féin iad.”

Níl aon ceannfhocal do Bleachtaire  i Croidhe Cainnte Ciarraighe le Seán Óg Ó Caomhánaigh (An Cóta) ach tá sé úsáidte go minic sna habairtí samplacha, agus an ciall reatha leis.


De réir má thagann mé ar bhreis eolais cuirfidh mé leis an nóta seo é.

2022-01-01

Iarsmaí na Teanga


Machnóir domhain eolach is ea Torlach Mac Con Midhe. Sa leabhar seo tá suirbhé déanta aige ar dhearcadh scoláirí na hEorpa - Francaigh agus  Sasanaigh don gcuid is mó, ach Gearmánaigh ag teacht chun cinn ar ball. Léiríonn sé tionchar idé-eolaíocht agus polaitíocht na linne ar gach glúin scríbhneoirí, agus - mar a deir sé - anatamaíocht seachas leigheas á chleachtadh acu ar na teangacha Ceilteacha, coimhthíoch ársa imeallach sna náisiúin Stáit a bhí ag teacht chun cinn agus ag lárú le linn an tréimhse ón athrú creidimh go dtí ár linn féin. Smaointe á aistriú isteach sna teangacha Ceilteacha ach fíor bheagán á aistriú amach - agus an bheagán sin féin - féach Ossian Mhic Phearsain abair - ag fónamh do dhioscúrsa na mór teangacha. 

Luann sé náisiúnachas leis an spéis a bhorr sa Ghearmáin sna teangacha Ceilteacha, spéis a bhí fite fuaite leis an impiriúlachas dorcha a raibh an Chéad agus ansin an Dara Cogadh Domhanda mar thoradh léanmhar air. Baineadh feidhm as na teangacha Ceilteacha chun a bpobail a ghríosadh i gcoinne na himpireachtaí eile - an Fhrainc agus Sasana. 

Chuir neamhspleáchas bheith bainte amach ag Éirinn corr áirithe sa scéal ach mar is eol dúinn níor tháinig an borradh faoin dteanga abhus a d'fhéadfadh teacht as. 

Tá na sleachta ar fad sa leabhar - cibé Laidin, Béarla, Fraincis nó Gearmáinis an bunteanga - aistrithe go Gaeilge chun an dioscúrsa a bheith as Gaeilge ó thús deireadh, agus tá na sleachta féin agus nótaí eile (nár amharc mé orthu) mar aguisín. 

Saothar fiúntach ach monuar tá an leabhar breac le botúin cló - focail scríofa le chéile, nó litreacha ar lár. Is mór an trua sin, mar go mbaineann sé aird ón saothar agus an tátal atá le baint as. 

Mar sin féin tá mé sásta gur chuir mé fios air ón leabharlann! 

Na Teangacha Ceilteacha i Stair Smaointeachas na hEorpa
Torlach Mac Con Midhe
Coiscéim 2005