Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-02-13

An Cláirseoir


Úrscéal neamhghnách stairiúil ó pheann Diarmuid Johnson. Scéal na Normannach a rinne ionradh ar Éirinn ar ball - ach iad fós ar imeall Ríocht Shasana, in adharca le muintir Cymru.

Na Gearaltaigh, go háirithe Muiris a thug a ainm do Chlár chlainne Mhuiris ar ball. A athair, Gearailt de Windsor. É pósta ar banphrionsa as Cymru ar ordú Anraí Rí.

Cláirseoir Breatnach an cláirseoir, scéal a thaoisigh agus na Taoisigh eile fite fuaite le scéal na Tiarnaí Mairge a earcódh Diarmuid na nGall ar ball. Agus a raibh airc talún orthu, iad míshocair san Marg toisc lucht Cymru a bheith ag neartú, agus Anraí Rí a bheith luaineach. Pléimeannaigh sa mheascán leis i roinnt na creiche ar imeall thiar na Breataine.

Siar is aniar idir Éirinn agus an Bhreatain chomh maith. 

Snáithí an scéil fite ina bhréidín dhlúth ag Diarmuid, scéal thar na glúinte, troid agus trádáil, feall agus féile, searc agus mioscais.

Scéal a thugann stair chun beochta, réamhrá d'ionradh na Normannach ar Éirinn.

Léitheoireacht atá idir taitneamhach agus ina lón eolais. 

Ní bearna atá i Muir Meann, ach nasc - go háirithe san tréimhse sin agus go ceann i bhfad ina dhiaidh.

Diarmuid Johnson 
Leabhar Breac 

2026-02-12

Sadhbh - ceasacht Iníon Ghuile


Seo an tríú pictiúirleabhar do dhaoine fásta atá fáiscthe ag Darach Ó Scolaí ón tseanlitríocht, bealach eile fós ag leabhar breac athghaibhniú a dhéanamh ar slabhra reatha an traidisiúin liteartha. 

Bhí scéalta Bhláthnaid agus Dheirdre agam sular léigh mé leagan Dharaigh.

Ach ní raibh eolas dá laghad agam ar Shadhbh. Ná ar Fhéilimí mhic Criomhthainn, Rí Mumhan. A thromdhámh siúd a bheith ag teacht aniar aduaidh ar athair Shadhbh, Guile, ag lorg lóistín agus foscadh cúis an scéil.

Cuirtear Sadhbh amach le moill a chur ar an tslua le go mbeadh réiteach cuí déanta. 

Caint ghlic aici, gáirsiúil scaití, agus í maith i ndán ag óglach Fhéilimí. Agus í níos oilte ar chasfhocal, cruachaint agus dúfhocail ná a chuid ollúna. 

Í ag iarraidh iad a chur ó dhoras, mar dhea, de dheasca ainnise, fuacht agus easpa sa dún. 

Ach faoi dheireadh ag gealladh fleá agus féasta - ach i dúfhocal a chuireann dallamullóg ar chách seachas Feilimí.

In éineacht le caint ghlic greannmhar gaoismhear Shadhbh, tá ealaíon Alé Mercado. Radharcanna sneachta a chuirfeadh fuacht ort. Cruth ar na pearsana. Áilleacht agus áiféis.

Saothar eile den scoth. Tá na Gaeil tugtha don dTríonóid, don tré. Seo triaracht leabhair áille, a thugann dúinn triúr ban misniúla.

Comaoin eile curtha ag Darach agus Leabhar Breac ar léitheoirí na Gaeilge!

Darach Ó Scolaí 
Ealaíon Alé Mercado 
Leabhar Breac 
ISBN 978-1-913814-57-1