Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-12-31

Blúirín: Keen maidir le agóid anaithnid

Alt anseo:

Ag trácht ar an dream gan ainm a thug fogha faoi Mastercard & al de bharr gur dhiúltaigh siadsan comhoibriú níos mó le Wikileaks.

Cé go bhfuil an dream seo ag úsáid béarlagair lucht cearta sibhialta, ní ionann iad chor ar bith. Táid folaithe ag ag teicneolaíocht a mhaíonn siad atá le muid a dhéanamh saor, agus deireadh a chuir le rúndacht.

Agus ní léir go bhfuil comhréiteach uathu.

Táim amhrasach (fós)!

2010-12-30

Blúirín: Filleann an Bonnán chun a thart a loisceadh!

An Bonnán, ó Naumann, 
Naturgeschichte der Vögel Mitteleuropas
Scéilín san Irish Times go bhfacthas an Bonnán abhus arís: Scéal a chuirfeadh gliondar ar chroí Cathal Bhuí. Agus féach gur chun dán a chinn a  chonaic seisean a sheachaint atá siad abhus!

Is olc liom dán an chruidín. Chuireas síolta amach, agus chonac don gcéad uair le fada smólaigh i'm ghairdín.

2010-12-29

Blúirín: ar íoc tú as an amhrán sin atá á chanadh agat?

Scéal ón nGearmáin: Tá GEMA - macasamhail IMRO abhus  ag éileamh airgead ó naíonraí as ucht an chead a bheith acu amhráin do phaistí a chanadh...toisc go bhfuil  cóipcheart i gceist. €56 in aghaidh na bliana: ansin tá cead acu suas le 500 cóip a dhéanamh de nótaí amhráin.

Anois, táim ar son go mbeadh dleachtaí á íoc le cumadóirí ceoil, agus nach mbeadh a gcuid saothar á ghoid tríd cóipeanna a dhéanamh go bradach. Ach tá a leithéid de rud ann agus úsáid cóir - agus sílim gur ag marú an gé a bheir na huibheacha órga atá GEMA anseo. Mar táim measartha cinnte go gceannaíonn tuistí CDanna agus leabhair bunaithe ar na foinn a thugann na leanaí abhaile.

Blúirín: Go bhfóire Gobanios orainn!

Bó bhán ar chúlra dhubh: Niko Pirosmanashvili
Micheál Ó Ruairc ag míniú ar ndán reatha le cabhair ón scéal Béaloidis faoin Ghlas Ghaibhleann.

Cliste.

Dia dá mhaoin is mairg do ní!

2010-12-28

Díogha gach síne an sioc

Ach tá sé scuabtha chun siúl ag báisteach le lá anuas. Súil agam nach bhfuil sibh ag fulaingt ró dhona ar an dtaobh eile den lochán; agus go mbeidh uisce acu siúd abhus atá gan é de bharr píopaí réabtha.

Ní raibh cúrsaí ró olc againne: bhí an sneachta níos troime i mBaile Átha Cliath. (Teach mo mhuintire atá sa phictiúir).

Ach gnáth Nollaig a bhí againn, dinnéar le mo mhuintir mar is gnáth. Caithfidh mé filleadh ar obair amárach, ámh.

Áthas orm na bóithre a bheith glan arís!

Agus cá bhfios nach bhfíorófar an nath eile seo ó chnuasach Dennis:

Máthair eatha1 oighear
Athair saille sneachta


Go raibh bliain fónta romhainn uilig!

1Tá an focal seo ar gráin fós le fáil in Ó Dónaill, faoi ioth agus an nod Lit. leis. Thóg sé tamaill orm teacht air le cabhair ó www.dil.ie

2010-12-23

Nath don Nollaig

Sciobtha ó bhailiúcháin Dennis:

A Rí na Reann,
Pé acu dubh nó fionn mo theach
Ní iafar roimh neach
Nár ia Críost a theach romham

Tá Sé ag Teacht!


Ár mbeithilín: ag fanacht leis an naíonáin naoimh!

Dia do Bheatha, a naíonáin naoimh;
sa mhainséar cé taoi bocht,
meidhreach saibhir atá tú
a's glórmhar í do dhún féin anocht

A naíonán bhig atá mór,
a leanbáin óig atá sean,
sa mhainséar ní chuireann tú a lán,
cé nach bhfaigheann tú áit ar Neamh

Ar Neamh díbh gan mháthair riamh,
gan athair inár n-iath anois,
i d'fhíorDhia riamh atá tú
a's i do dhuine ar dtús anocht.
(Aodh Mac Cathmhaoil)

A bhuí le díograis David Webb, tá teacht ar aitheasc Nollaig an tAthair Pheadair dóibh siúd a bhfuil léitheoireacht don séasúr uathu! Guím Beannachtaí na Nollaig oraibh go léir: agus cuimhnígí ar Chríostaithe Bhagdad agus Beithil, atá ag ceiliúradh breith Prionsa na Síochána faoi scáth bhagairtí lucht lámh láidir.

2010-12-22

Dia do bheathasa, a Mhuire

Dia do bheathasa, a Mhuire,
a thuile lán de ghrásta;
tá an Tiarna i d'fhochair,
a ghin shochar Chlann Ádhaimh

Beannaithe thusa tharstu,
dea-mhná na talún uile;
a's is beannaithe an ghin ríoga,
Íosa, toradh do bhroinne.

A naomh-Mháthair Dé, a Mhuire,
a bhuime mar an gcéanna,
guigh orainn na peacaigh
inár mbeatha a's in am éaga.

Tháinig mé ar an leagan fileata seo den Ave Maria inniu. As An Teagasc Críostaí le Giolla Bhríde Ó Heosa a tháinig sé. As Faisicil III de Manuail de Litríocht na Gaeilge, in eagar ag Breandán Ó Doibhlin, a fuair mise é. Ní fada uainn anois cothrom lae breithe a Mic.

Ní théann aoinne ann, ach fós bíonn sé ina chogadh

Ladrann de chuid cabhlach SAM
Bhíodh nath ag gluaiseacht síochána na Gearmáine: "Stell dir vor, es ist Krieg und keiner geht hin" (Samhlaigh, tá cogadh ann, is ní théann aoinne ann). Bhain an alt seo san Tagesspiegel casadh as an nath: Keiner geht hin – und trotzdem ist Krieg.
Ag trácht ar an bhforbairt i dteicneolaíocht an chogaidh a bhíodar. Rud a fhágann go mbíonn "trodaithe" na tíortha forbartha i bhfad ón mblár catha; agus saor ó bhaol.
Bíonn tionchar ag na "malaí coirp" ar mheon an phobail i léith cogadh. Ní bhíonn an brú chéanna ar Rialtais nuair is "iad siúd thall" amháin atá ag fáil anbhás.
Bás ón spéir, stiúrtha ag ríomhairí agus daoine i bhfad i gcéin.
Rud, samhlaím, a fhágfaidh níos deacra é cur i gcoinne cogaíocht "ar son na saoirse" amach anseo.
Seachas go mbeidh treallchogaithe ar a ndícheall ag iarraidh an buille a thabhairt níos gaire dúinne. Níos lú baol do saighdiúirí; níos mó baol don pobal trí chéile - thall cinnte, abhus uaireanta. Agus fanacht fhada ar chosa laga go gcomhlíonfar nath Íseáia.
Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,
agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
(Íse 2:4)

2010-12-21

Splanc Uaignis

Luath sna 1990í. Lámh le Beirlín. Baile cois locha. Café plódaithe. Mé ag ól caife liom féin. Bean chríonna in aice liom. Monabhar cainte uaithi. "D'fhág m'fhear mé an tráth úd. I ndiaidh na Rúisigh. Ní raibh mé in ann - tá's agat - é sin a dhéanamh..." An liomsa a labhair sí? Fós ní fheadaraím.

Blúirín: Ní féidir leat loirg do chos a cheilt sa sneachta.

Nath a bhí ag Fergus ar ball beag.

Agus trúig a ghafa do ghadaí Sasanach...

2010-12-20

Nathanna

Tháinig mé ar an nath seo ar ball beag:

Audiatur et altera pars (Éistear leis an dtaobh eile)

Prionsabal thábhachtach dlí.

Gan amhras, tá leagan Gaelach de ann freisin:

Bíonn dhá insint ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Tá ceann deas acu san Ghearmáinis Íseal:

„enes Mannes Rede ist nur die halbe Rede, man soll sie billig hören beede“

(Níl i gcaint fhir amháin ach leath na cainte, is mithid éisteach leo beirt)

Tá sé seo chomh fíor, feictear dom, i gcás iriseoireacht agus atá i ndlí. Ach an ndéantar amhlaidh?

Blúirín: Imbolc 2011

Comhdháil iontach is ea Imbolc, ar siúl 12ú Feabhra 2011 san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne. Baileofar ann Gaeilgeoirí inspioráideacha chun a gcuid smaointe agus a gcuid tionscadal a roinnt lena chéile agus leis an lucht féachana.
Beidh ochtar ag caint ann, agus seans cainte ar feadh fiche nóiméad an duine - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh. Mar is léir thuas, tá cainteoirí den scoth againn, le saothar agus scéalta fíorspéisiúla ag gach duine acu. Gan dabht beidh téama an tionóil, "Inspioráid na bliana", tuillte go maith aige! Is féidir leatsa a bheith páirteach sa chruinniú éachtach seo...

Breis eolais: www.imbolc.ie

2010-12-16

Sceitheadh oscailte

Lógó openleaks.org
Bhí alt suimiúil eile san Tagesspiegel, maidir le Openleaks. Seo dream saorálaithe a d'fhág Wikleaks de bharr deacrachtaí le stíl cinnireachta Julian Assange; agus míshuaimhneas de bharr go raibh sé ag díriú fuinneamh iomlán na heagraíochta ar na sreangscéalta Meiriceánacha, agus neamhaird á dhéanamh ar sceitheadh eolais ó fhoinsí eile.
Cuir chuige eile atá faoin dream seo a eagrú. Beidh siad ag cuir bosca poist leictreonach rúnda ar fáil do sceithirí.
Beidh deis ag an sceithire an eagraíocht atá leis an eolas a fháil a roghnú. Má theipeann ar an eagraíocht sin gníomhú laistigh de am áirithe, sceithfear an t-eolas ar na heagraíochtaí ar fad atá nasctha le openleaks.
Tá sé i gceist go mbeadh an eagraíocht é féin trédhearcach, agus go mbeadh eagraíochtaí eile ag dul i mbannaí ar cé chomh iontaofa is a bheidh an trealamh agus an córas atá in úsáid.
Caithfidh mé a rá go maolódh cuir chuige mar sin m'amhras beagán. Táim fós amhrasach faoi sceitheadh rúin - go háirithe nuair is faoi rún atá an sceithire ag feidhmiú. Chím go bhfuil áit agus gá leis; agus gur féidir le sceitheadh dá shórt a bheith ceart agus riachtanach. Ach ní mór a bheith cúramach nach bhfuiltear ag déanamh ceithearnaigh i gcluiche rúnda níos mó ag lucht sceite an eolais. Féach go bhfuair muid amach tar éis na blianta gurbh leascheannaire an FBI a sceith rúin Nixon maidir le Watergate - de bharr naimhdeas d'iarrachtaí Nixon atheagar a chuir ar an FBI.

Is mithid an cheist maidir le cé atá baint cén leas as gníomh a chuir i gcónaí!

Amas chruinn idir an dá shúil

D'fhreastail mé ar dhráma nua Aoidh Uí Dhomhnaill aréir. Bhí sé thar barr.
 Scéal lánúine spreagtha ag, seachas bunaithe ar, scéal Sharon Collins ("Lying eyes"). Tragóid mar a thuigfeadh na Gréagaigh é - dán cruálach na díse ag eascairt as a bpearsantachtaí féin. Cliar de chúigear a bhí ann, faoi stiúir Lara Ní Chathmhaoil. Thart ar uair go leith ar stáitse le dearadh thar a bheith simplí ach éifeachtach. (Dara McGee) - balla gloine ar baineadh feidhm as chun cuid de ghníomhaíocht a léiriú mar taibhiú scáile. Baineadh úsáid as an chliar chun feisteas an stáitse a athrú - ar bhealach a raibh cóiréagrafaíocht ag baint leis chun gnéithe den dráma a léiriú. Ghluais an dráma siar is aniar san am - ag léiriú diaidh ar ndiaidh an  gad a bhí ag druidim le scornach an banlaoich. (Siobhán O'Kelly). D'fheidhmigh an dara bhean (Maighréad Ní Chonghaile) mar a bheadh cór gréagach  inti - ag léiriú, ag cuir doimhne leis an scéal, ag baint eolas as an mbanlaoch. B'é Séamus Moran a bhí i bpáirt an leannáin; agus thug sé léiriú phaiteanta ar idir geal agus dorcha an phearsa sin. Bhíos thar a bheith tógtha le haisteoireacht Bhrendan Murray - a raibh air dlíodóirí éagsúla agus póilíní a chuir inár láthair agus a rinne é sin ar bhealach chomh héifeachtach - athrú beag ar a ghruaig agus a ghnúis, agus nocht pearsa eile. B'é John Burke a bhí i bpáirt an fheallmharfóra - nó arbh ea? 

Bhí na haisteoirí ag léiriú an scéil le corp agus guth; agus ag baint gach úsáid as an stáitse, an fhuaim agus an solas.


Tá leisce orm mórán den scéal a scaoileadh libh - nod libh go bhfuil deis agaibh an léiriú gairmiúil seo (i ngach chiall) a fheiceáil idir seo agus an Satharn! Tapaígí an deis, má tá sibh abhus in aon chor! Maidir liomsa, beidh súil in airde agam don gcéad gníomh eile ag TíAitreo.

2010-12-15

Maolcheann

San S Bahn. Mall istoíche. Dornán daoine. An imirceach leis féin. Bean faoi chaille gar dó. Tagann maolcheann isteach. Íde béal don bhean. Casann ar an imirceach: "Coimhthíoch thusa fosta?" Imní. "Sea". Labhair dúchasach leis. Caint stuama, foighneach. Faoiseamh orm. Ghabhas buíochas leis ar ball.

Blúirín: xkcd & Wikileaks

Ó XKCD

Blúirín: Gairm Scoile ó John Walsh

In alt san Irish Times inniu

Glacaimis páirt sa díospóireacht agus samhlaímis leagan nua den fhorbairt nach bhfuil faoi shrathair an fháis. Mhaífeadh go leor gur fánach an mhaise dúinn a bheith ag labhairt ar chúrsaí Gaeilge agus an tír i ndeireadh na feide. Ach is léir gur gá athbheochan nua agus is deis stairiúil í seo do phobal na Gaeilge páirt a ghlacadh san iarracht náisiúnta sin. Ná scaoilimis tharainn í.

2010-12-13

Damh seacht mbeann

Bhí an t-aosánach leis féin ar feadh an lae ar an sliabh. Ceo ar an mbogach. Ag lorg foinse na Life. Tháinig sé air. Uisce úr ag spalpadh le neart as poll dubh móna. Raithneach mar chaille air. Chrom sé chun ól. D'ardaigh a cheann. Damh beannach ar faire air tríd an gceo. Corraí croí. Cuimhne buan.