31 May 2011

Fógraí atá feidhmeach - agus spéisiúil

Chonaic mé an fógra ar chlé agus mé ag siúl i bPoblacht na Seice. Is maith liom na deismíneachtaí beaga - hata an fhir, ribín an chailín.  Feictear dom nach mbaineann siad ó fheidhm an fhógra - go deimhin sa mhéid agus go bhfuil an fógra níos tarraingtí ná a mhacasamhail abhus, b'fhéidir go gcuireann siad leis. Mheabhraigh an fógra na "Ampelmännchen" i mBeirlín dom (féach thíos). Tá a stair spéisiúil fhéin ag na firíní beaga seo, a rugadh sa chumannachas agus a bhí le díothú ag an gcaighdeánú Iartharach tar éis 1989. Tógadh raic, áfach - agus tá siad anois le feiceáil ar sráideanna thoir agus thiar sa Ghearmáin. Ní hamháin sin, ach tá siad ina gcaipitlithe cearta, le siopa dá gcuid féin agus an dúrud earraí le fáil ann!
Is maith an rud nóta beag ealaíonta le nithe feidhmiúla seachas an loime is gnách ar fógraí agus a leithéidí. Rud atá caillte againn san aois tionsclaíoch, ach a bhíodh coitianta nuair a rinneadh earraí le lámh - agus le grá! Is maith ann an maisiúchán.

30 May 2011

Cré an Ríomhchláraitheora

Mura bhfuil sé tógtha, ní thiomsóidh sé;
Mura bhfuil sé rite, ní rithfidh sé;

Mura bhfuil sé profa, ní oibreoidh sé;
Murar baineadh feidhm as, níl sé ceart;
Mura bhfuil sé sa chóras leaganacha, ní ann dó;
-

Agus mura clamhsán déanta ag duine éigin faoi, níl sé in úsáid!

(Tiontaithe ó leagan a fuair mé ar líne; lá de na laethanta sin atá ann, nuair a chuireann mo ghairm méid áirithe frustrachas orm! An t-íomhá thall Der Zweifler le Ernst Barlach)

29 May 2011

Tearmann do Coimhthígh!

Bhí ceolchoirm deireadh bliana ag Craobh Bhré de Comhaltas Ceoltóirí Éireann i nGairdíní Festina Lente tráthnóna.
Lá breá grianmhar a bhí ann, agus bhí na turtar seo ag baint sult as an dteas. Tá dhá lochán doimhne dronuilleogacha mar chuid den ghairdín seo, a leagadh amach mar gairdín tí mhór i ré Victoria. Tearmann feiliúnach mar sin do na créatúr seo, a ceannaíodh mar pheataí - ach a d'fhás, más is dual dóibh, go dtí go raibh siad ró mhór don mias bheag a bhíonn go hiondúil ag daoine. Rinne Cumann Úinéirí Turtar agus Toirtís na hÉireann tarrtháil orthu, agus tá tearmann anois acu anseo.
Is fearr sin ná iad a scaoileadh saor - ainmhithe seiftiúla iad, agus tig leo maireachtáil in Éirinn cé nach bhfuil siad dúchasach anseo. Ach is bagairt iad don fhiadhúlra dúchasach.

28 May 2011

Prág, máthair cathracha: Bonn deas

Bonn caoga choróin de chuid na Seice. Thug mé suntas don dearadh spéisiúil agus don mana Laidine. (Súil agam go bhfuil sé tiontaithe i gceart agam)

Tá boinn na hÉireann imithe chun leimhe amach is amach ó theacht an Euro - gan de dhearadh Éireannach orthu ach an scríbhinn Éire agus an cláirseach. Is mór an trua san; agus ní hamhlaidh i gcás aon tír eile de chuid an Euro - bíonn dearadh ar leith ar beagnach gach bonn acu siúd.

Ní thuigim cad chuige go bhfuil an Rialtas, a bhíonn de shíor ag bladar faoi "Bhranda Éire" ag scaoileadh deis mar seo uathu.
Bíonn boinn na hÉireann i bpócaí ar fud na hEorpa, murab ionann agus an mbonn thuas. Cad chuige mar sin nach bhfuil muid ag baint feidhm astu chun dearadh, stair agus ealaín na hÉireann a scaipeadh?

Foinse filíochta agus foghlama

Jean de la Fontaine
 I measc na leabhar atá léite agam le déanaí tá an cnuasach a rinne Breandán Ó Doibhlín as Fabhalscéalta la Fontaine. Tá na bunleaganacha Fraincíse agus an leagan Ghaeilge a rinne an Doibhlínnneach féin, maille na léaráidí gleoite a bhí leis an mbunleagan.
Gan amhras, is é a rinne La Fontaine ná a chló fhéin a chuir ar scéalta a théann i bhfad siar; rianaínn Ó Doibhlín  siar chuig Aesop agus roimhe iad. Ach d'éirigh chomh maith sin leis a chló féin a chuir orthu gurbh san fhoirm sin atá taithí againne orthu. Tá glan Ghaeilge galánta curtha ag Ó Doibhlin ar Fraincis galánta La Fontaine. Gan amhras tá clú agus cáil - agus gradam Ridire ó Rialtas na Fraince - gnóthaithe ag Breandán Ó Doibhlin - de bharr a eolas agus a shaothar sa Ghaeilge agus Fraincis araon.
Léaráid de chuid Doré
Mar sin, níl duine ar bith níos fearr le tabhairt faoi shaothar mar seo, agus tá curtha i gcrích go paiteanta aige.  Níl an leabhar ar fáil ó Litríocht (ón Leabharlann a fuair mise é), mar sin is cosúil é bheith as cló - mór an trua sin. Dála an scéal - agus tharlódh gurbh ar mo shúile meánaosta an locht - ach braith mé nach raibh an cló sa chóip a bhí agam i gcónaí soiléir, agus go raibh sé rud beag ró bheag. D'fheadfaí é sin a chuir san áireamh má (agus tá súil agam gur nuair atá i gceist) déantar athchló ar an bpéarla léinn seo.

Aguisín: Nod le chairde na Fabhalscéalta go bhfuil David Webb, diaidh ar ndiaidh, ag cóiriú leagan Peadar Ua Laoghaire d'Aesop á tháinig go hÉireann.

27 May 2011

Canadh Orféis: Tionscadal Rilke

Rainer Maria Rilke, le Pasternak
D'fhreastail mé anocht ar an ócáid seo, a d'eagraigh IMRAM i gcomhar le Féile Scríbhneoirí Átha Cliath agus Institiúid Goethe.Bhí an teach lán - go deimhin is beag nár cuireadh mé féin ó dhoras, tharla nach raibh ticéid curtha in áirithe agam roimh ré. Leádh dánta éagsúla de chuid Rilke, na bun dánta ag Peter Jankowski; a leaganacha Béarla féin ag Eva Bourke agus leaganacha i nGaeilge le Máire Mhac an tSaoi, Valentin Iremonger agus léi féin ag Celia de Fréine. Bhí tionlacan ceoil ann ó Chormac de Barra agus tionlacan íomhánna le Margaret Lonergan. Ócáid den scoth fuinte as na chomhábhar seo ag Liam Carson.
B'fhiú a bheith trí theangach don ócáid seo - léadh  roinnt de na dánta as dhá theanga, ach cuid acu níor léadh ach leagan amháin.
Bhí reacaireacht Peter Jankowski ach go háirithe go hiontach. D'aithris sé na dánta ó chuimhne le paisean. An dán seo ach go háirid - ó tharla é fhéin a bheith gan cumas blaiseadh de bharr tionóisc. Bhí ceol na cruite mar thionlacan le roinnt den aithris; agus mar eadarlúid amanta eile. Bhí na híomhánna a chuir Margaret Lonergan ar fáil mar thionlacan do na dánta go hálainn ar fad.
Tréaslaím leo uile é; agus tá leabhar Valentin Iremonger curtha le mo mhianliosta agam, mar thús!

26 May 2011

Leac scéal

Leac i clós Eaglais N. Seoirse i Chřibská
Neadaigh an leac seo i'm intinn nuair a chéad chonaic mé é, geall le fiche bliain ó shin anois. Gan amhras, is pobal a labhair Gearmáinis a bhí chun tosaigh sa cheantar sin ón aonú céad déag ar aghaidh. (Tá stair lár na hEorpa casta!) San 19ú céad tháinig an t-ainm Sudetendeutsche chun cinn don bpobal seo.
Baineann an leac seo áfach le cogadh idir dhá impireacht le cinseal a labhair Gearmáinis - an Phrúis, agus carcair na náisiún, an Impireacht Ostra-Ungárach.
Seo atá scríofa air:
Ar an láthair coisricthe seo tá Jakob Mitire i gcré na cille. Ón Reisimint Teorann Ogulineach Ríoga agus Impiriúil Uimhir 3, Crótach. Leagadh an fear céanna sa chath in aghaidh na Prúisigh i Kreibitz Íochtar i Lúnasa 1778, i ndiaidh dó seisear dá chéilí comhraic a mharú agus é i crann le duilliúr tiubh. Fuair sé bás an laoch ar son am tír athartha de bharr a chréachtaí an lá céanna in ospidéal an phobail i Kreibitz.
Onóir dá Chuimhne
Tiomnaithe ag Eduard Lehmann 1898.
Leac cuimhneacháin don gcéad cogadh Domhanda i Vysoká Lípa.

Is geall le húrscéal an leac seo, agus spreagrann sé ceisteanna, nach bhfuil freagra ar bith agam orthu. Ina measc cad a spreag Lehmann breis is céad bliain dár gcionn an leacht a thiomnú. An raibh bagairt arís ón bPrúis? Maidir le "Ehre seinem Andenken", nílim cinnte an é an modh fhoshuiteach nó ordaitheach atá i gceist.  Agus mé ar tóir breis eolais, tháinig mé ar an suíomh seo. Níl Seicis agam; ach tá an cuma ar an scéal go bhfuil dream a bhuanaíonn cuimhne ar saighdiúirí sa tSeic sásta a chuimhne siúd a chuir san áireamh. Tá, mar a deirim, stair lár na hEorpa, agus féiniúlacht a cuid pobail, casta.Mar a léiríonn an leac seo i Vysoká Lípa. Tiomnú dhá theangach - ach ainmneacha Gearmánacha ar fad air. Breis ón suíomh a luaigh mé thuas.

Fánaíocht Aonghusa: Cois Eilbe

Ardaitheoir Ostrau, le
Mghamburg ar Wikimedia
Faoin am a raibh Hřensko bainte amach againn, bhí muid araon sách tuirseach tar éis lá go leith ag siúl sa bhrothall. Bhí lóistín na hoíche curtha in áirithe againn sa Bhrú Óige in Ostrau sa Ghearmáin. Bhí sé i gceist agam siúl ar dtúis, ach  bheadh roinnt uaireanta a chloig de shiúl ar chosán achrannach, le dréimirí tríd na haillte i gceist. Bhí comhairle de dhíth! Rud a fuair muid san oifig eolais i Hřensko. Ó tharla Poblacht na Seice a bheith tar éis glacadh le Comhaontú Schengen, bhí cúrsaí iompair i bhfad níos fusa ná mar a shíleas.  Bhí bád farantóireachta ann chun an abhann a thrasnú.Ar an mbruach eile tá stáisiún traenach Schöna, agus traein áitiúil as sin go stáisiún Bad Schandau. Mar a tharlaíonn sé, ar an mbruach eile atá an baile. Fuair muid comhairle san stáisiún go m'fhiú dúinn trasnú arís ar bád farantóireachta, siúl fán Eilbe chomh fada leis an ardaitheoir sa phictiúir agus nach mbeadh ach achar bheag siúl ansin go dtí an brú. Bhí spéis agam san ardaitheoir, mar sin ghlac muid leis an gcomhairle seachas fanacht ar bhus. Baile turasóireachta cheana féin ab ea Ostrau ag tús an chéid seo chaite, agus óstóir mór le rá, Rudolf Sendig gníomhach á chuir chun cinn. Eisean a spreag (agus a d'íoc as) tógáil an ardaitheora seo i 1904. Caithfidh mé a rá gurbh iontach áisiúil an dóigh é chun dul 50 m in airde! Mar a bheifeá ag súil leis, bhí caifé ag an barr agus bhí caife oighreata agam sular chrom muid ar siúl tríd na tithe maisiúil adhmaid, ag lorg an brú - a bhí rud beag níos faide ná mar a shíl muid. Ach bhain muid ceann scríbe amach ar deireadh, agus bhí sos tuilte againn.

A chríoch san.

25 May 2011

Fánaíocht Aonghusa - Clais-ceadal



Fanaíocht Aonghusa - Clais-ceadal
brúigh ar an nasc do leagan níos mó,
leis an chonair a lean muid marcáilte
Ar an lá deiridh sa tSeic bhí bricfeasta mhaith againn san teach aíochta Švýcarský dvůr (Cúirt na hEilvéise de réir Google Translate, n'fheadar faoi sin). Bhuail muid bóthar ansin ar an gconair bhuí thar Starý Mlýn (An tSeana Mhuileann) ag imeall an bhaile. Uaidh sin téann an bealach tríd bhun clais leathan, ina bhfuil abhann ag lúbadh, chomh fada le Dolský mlýn, muileann uisce eile nach bhfuil fágtha de anois ach fothrach. Siúlóid thart ar leathuaire ar chosán réidh a bhí ansin. Ach ansin bhí orainn dreapadh as an gclais i dtreo Vysoká Lípa. Céimeanna sleasacha greanta sa ghaineamhchloch ar taobh an chlais, díreach ós cionn abhann an Kaminice, atá i dtús an conair ghorm agus bhí gá leis na lúibíní cruaiche a bhí sa chloch chun cabhrú linn an chuid seo a thrasnú. Uaidh sin bhí céimeanna suas mám ghéar go dtí Vysoká Lípa. Bhí an chosán uaidh sin go Mezní Louka éasca i gcomparáid! Ar an mbóthar a bhíomar as sin go Mezna. Murach brothall an lae, siúlóid deas séimh a bheadh ann
.
An Chlais chiúin, le Jerzy Strzeleck ó Wikimedia.
I Mezna, chuaigh muid síos staighre - roinnt céadta céimeanna - go dtí bun an chlais arís. Shiúl muid fán abhainn ar feadh leathuair nó mar sin go dtí gur bhain muid amach an áit a fhágann na báid. Bualadh an áit seo go dona thart ar ocht mhí ó shin, agus tá an turas tríd an Chlais Fhiáin fós iata. Thuirling muid an chlais chiúin i mbád - cineál puint agus polla mór fad ag an mbádóir. Thart ar fiche nóiméad a thógann an turas tríd an gclais, agus an t-uisce ann idir méadar agus seacht méadar i ndoimhneacht. Bhí an bádóir ag caint i nGearmáinis agus Seicis, ag  tarraingt aird ar na clocha ar bhfeadfaí fíoranna a fheiceáil iontu le roinnt samhlaíocht - eilifintí, míolta móra agus rl. Ansin bhí siúlóid thart ar uair an chlog fán chlais agus tríd baile Hřensko go ceann scríbe de chineál. Fán mbealach seo bhí an scrios a rinne na fuarlaigh soiléir - chonaic mé smionagair roinnt de na puint scaipthe anseo agus ansiúd san abhann.

Bhíomar tuirseach go maith faoi seo, agus bhí béile bhreá againn ann. Svíčková agamsa.
Ar lean...

22 May 2011

Fear dána canta ag fear dána

Tá mé buíoch de Néidí as mé a sheoladh i dtreo An Fear Dána le hAlan Titley. Mar is eol díobh, is breá liom a chuid colúin san Irish Times. Bhíos ag seachaint a chuid prós liteartha áfach. Tá cuid mhaith dá ghiotaí gairide léite agam, agus is beag adhmaid a bhí ar mo chumas baint astu. Ró chasta agus glic domsa. Ghlac mé leis gurbh a leithéid de thaithí a bheadh romham leis an leabhar seo freisin. 
Ach spreag Néidí mé le dul i ngleic leis, agus táim buíoch di as sin.
Scéal maidir leis an bhfile Muireadhach Leasa an Daill Uí Dhálaigh atá ann; inste mar a bheadh Muireadhach á insint dá anamchara ag deiridh a shaol.  Tá tagairt in Annála Ríochta Éireann (féach 1213.8) don eachtra ag tús an scéil - Muireadhach ag marú fear cánach.
Aistear anama uaidh sin amach atá san scéal.
Ní mór dom a admháil gur léirigh an leabhar seo dom go bhfuil an earra sin agam ar thug Tomás Mac Siomóin "Gaeilge Easnamhach"  - bhí an téacs breac le focail nach bhfuil agam. Tá an ceart ag Mac Siomóin freisin nuair a deir sé go gcruthaíonn a leithéid fál idir duine agus an léamh. Buíochas le Dia ní fál go haer a bhí ann sa chás seo agus bhí ar mo chumas an scéal a a leanacht. Friotail fileata atá ann tríd síos. D'aithin mé féin macallaí as an litríocht agus an mBíobla. Ach níos mó a bheith léite agam, is dócha go mbeadh macallaí breise aitheanta agam.Ach duine a bheith sáite sa scéal, gluaiseann an insint ar aghaidh go gasta go ceann scríbe.

Tríd is tríd thaitin an leabhar go mór liom, agus gach seans go bhfillfidh mé air athuair. Ón leabharlann a fuair an gheábh seo é.

An Fear Dána

Alan Titley
Coiscéim

20 May 2011

Fánaíocht Aonghusa: Idir aill is bile


Féach ar Fanaíocht Aonghusa i leagan níos mó
Šauenštejn liomsa (ó 2006)
Ní go rómhaith a chodail mé ar bunc chrua an bhotha i Mosquito. Ach bhíos sásta leaba ar bith a bheith fúm, agus díon ós mo chinn. Mar sin féin, d'éirigh muid go luath agus bhí bricfeasta bhreá Hemenex againn. Bhuail muid bóthar go luath, ag diriú ó thuaidh ar an gconair dearg. Chuaigh muid ar leataobh píosa chun dul chuig Šauenštejn. Aill ard gaineamhchloiche atá anseo. Bhíodh caisleán ag ropairí ann fadó (uatha siúd atá ceann de na tithe tábhairne i Vysoká Lípa ainmnithe. "U Loupežáku" An Ropaire).  Lean muid an chonair dearg ansin ar feadh thart ar dhá uair a chloig go dtí Na Tokaní. Bhí anraith bhreá gairleoige agam mar dara bricfeasta, agus deich km siúlta againn faoin am sin. Lean muid ar aghaidh ar an conair bhuí i dtreo Doubice. Tá an cosán seo thar a bheith spéisiúil mar is iomaí áit air a mbíonn staighre greanta sa charraig nó fiú dréimire le dreapadh chun dul chun cinn. Nuair a tháinig muid amach ar an mbóthar, tar éis uaire agus 5 km, chas muid ó dheas i dtreo Chřibská. Lean muid an bhóthar go dtí imeall an bhaile i Dolní Chřibská (Chřibská Íochtar).
Chřibská Radnice, ó Wikimedia
Bhí an-teas sa lá, agus bhí feithidí líonmhar ar foluain ós cionn na móinéir cois bóthair. Bhí éin le clos freisin, ach seachas tarbh aonair ní dóigh liom go bhfaca muid aon neach beo eile fán slí.  Díol suntas ab ea a laghad eallach a chonaic muid ar an turas. Bhí an bóthar agus sruthán ag lúbadh siar agus aniar idir aillte den ghaineamhchloch. Bhí mise meáite ag cuairt a thabhairt athuair ar Eaglais Naomh Seoirse i Chřibská. D'éist mé Aifreann san Eaglais álainn barócach seo siar sna 1990í. De réir mo chuimhne ní raibh ach dornán beag daoine ann, agus sagart a bhí cromtha leis an aois. Is cosúil go bhfuil athnuachan arís déanta ar an Eaglais, ach bhí sé dúnta romhainn. Tá leac suntasach sa chlos ann; ábhar d'oíche eile. Bhí ceithre km faoi theas na gréine ar an mbóthar siúlta againn, agus tart agus ocras orainn. Bhí muid thar a bheith sásta suí isteach sa phroinnteach i sean Áras an Bhaile. Gúlais "ghasta" (minutky) a chaith mise. D'ól muid araon go leor Apfelschorle - focal Gearmáinise ar manglam de shú úill agus uisce mianra le gás ann. Mo chuimhne - is i nGearmáinis is mó a labhair muid le daoine, ábhar le cíoradh i mír eile. Tá Apfelschorle go diail ag múchadh tart, rud a bhí de dhíth orainn agus muid báite in allas. Chuaigh muid ar aghaidh ar an mbóthar ansin go dtí Rynartice. Bhí sé i gceist agam cur fúm i dTeach Aíochta ann ar fhán mé an iliomad uair le mo bhean ann. Thóg sé dhá uair orainn an 5 km slí s shiúl, agus muid ag tuirsiú de bharr a raibh siúlta againn agus an brothall. Suas le fána a bhí cuid mhaith den slí freisin. Faraor, ní raibh faoiseamh in ndán dúinn. Bhí muintir an teach aíochta éirithe as. Bhí na tithe tábhairne inar chaith mé an iomaí beoir bhreá imithe! Tagtha ina n-áit bhí óstán bhreá, ach ró dhaor domhsa. Is fíor go raibh teach aíochta eile ann - ach iad dúnta ar an Luan. Ní raibh an dara suí sa bhuail againn ach dul ar aghaidh go Jetřichovice. Dhá km eile - ach ar a laghad is síos an cnoc a bhí ár dtriall.Tá raidhse tithe aíocht ann, ach chuaigh muid isteach san céad ceann a bhuail linn. €44 a chosain leaba agus bricfeasta. M'anam ach go raibh an leann dubh ann blasta!

Ar lean...

19 May 2011

Fánaíocht Aonghusa: Ó Moinéar an Teorainn go dtí an Teile Ard

Agus mé thall, thapaigh mé an deis cuairt a thabhairt arís ar an Eilvéis Boihéimeach. Ceantar atá anseo ar chaith mé cuid mhaith ama ann agus mé ag cur aithne ar mo bhean - tá mo chuimhní báite i gceo órga na suirí mar sin. Mar sin féin ní raibh díomá orm faoi m'athchuairt. 
Thug mé féin agus mac liom aghaidh ó dheas ar an traein ón príomhstáisiún nua i mBeirlín - ábhar mír eile ansan - go cathair Děčín, díreach soir ón nGearmáin ar an Labe (Elbe). Turas thart ar trí uair a chloig. Tá an tSeic anois ina bhall de Chomhaontú Schengen, mar sin shleamhnaigh muid thar teorainn - ní rabhas fiú cinnte go rabhamar ann go dtí gur tháinig muid chomh fada leis an stáisiúin i Děčín. I gcónaí roimhe bhí orm pas a thaispeáint roimhe sin.
Ní raibh fúm mórán ama a chaitheamh ann, ach de bhrí go raibh orm airgead Seiceach a fháil don bhus, agus nach bhfuair mé ach nóta mhór amháin ón UMB, b'éigean dúinn dhá uair a chaitheamh ann sular éalaigh muid le bus. Bhí dearmad déanta agam go raibh an cuid is deise den gcathair ar an mbruach eile den Labe. An chéad uair eile, seans.
Thug an bus muid go Mezní Louka, thar Hřensko. Ceantar turasóireachta le breis agus céad bliain atá anseo, agus cosain siúlóide deá-mharcáilte gach áit. Shiúil muid ar an chonair ghorm ó Mezní Louka go dtí Vysoká Lípa. Siúlóid thart ar uair a chloig, síos isteach i ngleann coillteach agus suas arís.
Bhí sé i gceist agam cur fúm arís i Pod Lípou, mar a rinne cheana. Ach ní raibh aon socrú déanta agam, agus ní raibh aoinne ann romham. Bhí an cuma air go mbeadh muid ag codladh faoin spéir - bhí gach áit lán nó iata romhainn. Bhí muid stiúgtha leis an ocras, ach bhí cistineacha na tithe tábhairne dúnta má bhí na tábhairní féin oscailte - rud nach raibh i ngach cás. (Bhí sé 8 i.n ar Domhnach faoin dtráth seo). Buíochas le Dia fuair muid lóistín i mboth san Ionad Campála Mosquito. Níos fearr fós, bhí idir bia agus deoch fós ar fáil ann. Ba bhlasta an anraith gúlais agus ba mhilis an beoir!

Ar lean...

Táim ag dul sa tseans le mo logainmníocht Mezní Louka -> Moinéar an Teorainn; Táim measartha cinnte go bhfuilim ceart faoi Vysoká Lípa bheith ina Theile Ard áfach.

Is glas iad na cathracha

Slí an Bhalla, Pankow, Beirlín. Liomsa.
Bhí cathair Bheirlín sách glas i gcónaí -an Tiergarten ina lár, maille páirceanna agus faichí eile. Gan trácht ar abhainn - Spree agus Havel - a bhfuil locha móra orthu. Le hathaontú an chathair, tá glaise breise tagtha. An Mauerweg - conair an Bhalla. San áit a raibh stráice an Bháis idir dhá bhalla ghránna stroighne, tá anois Páirc fhada timpeall ar Iarthar na cathrach. Ón mbun anuas a d'fhás cuid de seo, cé go bhfuil eagar curtha ar ó shin ag Seanad na Cathrach.
Bhíodh cónaí orm gar go leor don áit seo sa phictiúir. Ceann de na tograí ón mbun anuas a tháinig is áit an bhfásach uafar ná an feirm do pháistí Pinke Panke, atá anois scór bliain ar an bhfód. (Cois Panke an bhrí atá le Pankow; Panke an sruthán ann). Is iomaí uair pléisiúrtha a chaith na buachaillí ann agus iad óg, ag spraoi agus ag amharc ar na hainmhithe - coiníní, caora, gabhair, muca, asal agus éin clóis. Thapaigh mé an deis dul ann le m'iníon. Faraor, de bharr an madra rua bhí na coiníní as radharc!
Diaidh ar ndiaidh agus ar an sean dóigh Fachwerk a tógadh na foirgneamh ar an láthair.Tá teach nua scéalaíochta tógtha ó bhí cónaí orainn thall. Thug mé suntas do na beacha ag dul isteach is amach as an póirse ann. Níl fhios agam an d'aon uaim atá an faill seo ann dóibh - ní raibh fhios ag an duine a chuireas ceist uirthi.
Áit spéisiúil, agus is maith ann an beatha agus gáire leanaí san áit a riabh an t-uafás agus an fuath i réim níos lú ná scóir bliain ó shin!

Sár saothar eile ón Snathaid Mhór

Thug breithlá mo mhic leithscéal dom an seod is déanaí seo de chuid An tSnáthaid Mhór a cheannach. Arís eile tá scéal béaloideas fuinte go foirfe i bhfocail agus léaráidí mionsonraithe pinn luaidhe. Oiriúnach do ghasúir níos sine ná an Ghréasaí Bróg atá an scéal seo. Stíl rud beag difriúil ó BhalorGaiscíoch na Beilte Uaine. Is léir áfach go bhfuil snas síoraí á chuir ar fhuighle Caitríona agus ealaín Andrew.

Scéal clasaiceach eachtraíochta - shamhlóinn go bhfuil trí nó ceithre chinn de típeanna Aarne-Thompson le fáil ann. Mac Rí a díbrítear de bharr tairngreacht, ach a throideann le harrachtaigh agus a bhuann an banphrionsa.  Go hiondúil an mac is óige a bhaineann an curadh mhír - ach sa chás seo sé an mac is sine é.

Scéal bhreá, dea-inste. Agus mar sméar mullaigh, DVD de bheochan bunaithe ar na léaráidí an leabhair. Agus reacaireacht bhinn Dónall Mhic Ghiolla Chóil mar anlann leis. (N'fheadar an mbíonn TG4 ag craoladh stuif mar seo? B'fhiú dóibh)

Tá an leabhar san iomaíocht do dhuaiseanna Bhisto. Súil agam go bhfaigheann siad ceann!


Mac Rí Éireann: 2010 64lch ( Miotas agus Finscéalta na hÉireann)
Údar : Caitríona Hastings
Léaráidí : Andrew Whitson
297x210mm : Clúdach crua
60 léaráid lándaite
 
Ar chúis nach léir dom, is cosúil gan é bheith ar fáil ó litríocht - ach is féidir é cheannach díreach ón bhfoilsitheoir.

14 May 2011

Fínéad: Anton Saefkow Platz, Berlin

Mar a deirim, cúrsaí teaghlaigh a thug go Beirlín an teaghlach ar fad. Mar a tharlaíonn sé, is in árasáin bheaga atá gaolta mo mhnaoi ag cuir fúthu. Mar sin, ní bheadh an cúigear againn in ann stopadh le haoinne acu le chéile. Bhí sé i gceist acu muid a scaipeadh eatarthu - go ceithre cúinne Bheirlín agus lasmuigh de.
Ach tháinig athair mo mhnaoi ar leigheas níos fearr ar an gceist - tá árasáin de chuid Comharthithíocht Lichtenberg ar fáil go sealadach. Mar sin chaith muid an cúpla lá i ngnáth árasán ar Anton-Saefkow Platz. Foirgneamh 18 stór a bhí ann, agus muid ar an 7ú úrlár. Tógadh na foirgneamh sna 1970í, "Plattenbau" (tógtha le coincréit réamhtheilgthe).
 Bhí sé dearmadta agam áfach cé chomh crannach agus is féidir le Beirlín a bheith (breis faoi san lá eile), fiú i mbruachbhaile ardstórach mar seo. Bhí leagan amach sách scaoilte ar an áit ó thús, ó dhear an Kollektiv1 (comhar) cumannach é. Agus tá athnuachan déanta air ó shin. Bhí an ceap árasáin féin athnuaite agus curtha in oiriúint go háirithe do dhaoine le macaill coirp - doirse uathoibríocha, teasdíonadh thar a bheith éifeachtach agus rl. Bhí sé te amuigh - mar sin ní féidir liom ach breith indíreach a thabhairt ar an dteasdíonadh. Tá sin bunaithe ar fuaimdhíonadh. Fuaim dá laghad níor chuala mé ó aon árasán eile agus muid ann. Agus nuair a dhún muid na fuinneoga, níor chuala muid dada ó lasmuigh ainneoin go raibh an ceap buailte suas le príomhbhóthar. Faraor, b'éigean na fuinneoga a oscailt de bharr na meirbhe - bhí sé sna 20í arda - agus tháinig fothram na tráchta idir muid agus codladh sámh. Seachas sin, bhí an árasán ana oiriúnach dúinn.

Bhí an Kiez thart timpeall an tí go deas. Ainneoin an foirgneamh a tógadh do ollsiopa sna 1970í a bheith folamh, bhí trí chinn de ollmhargaí thart ar an áit. Bhí linn snámha le uaireanta fada oscailte ann. Bhí leabharlann ann, agus an iliomad siopa beag, siopa leabhair ina measc (ach sheachain mé an cathú). Siopa suntasach amháin - ríomhairí agus uisce beatha. Mar, de réir a mana s'acu "An té atá ina mháistir ar ríomhairí, bíonn blas aige ar deá dheoir". Fíor dóibh! Bhí clós spraoi deas ann freisin.

Ceann de na rudaí is ansa liom faoi Bheirlín ná gur féidir builíní úra a fháil ar maidin don bhricfeasta, le réimse leathan cineálacha. Cé go bhfuil cúrsaí aráin feabhsaithe abhus le teacht daoine ó lár na hEorpa, tá bearna fós ansiúd. Maidin Satharn agus mé ag dul ar a dtóir, chonac fear san ardaitheoir leis na mála ceirte tipiciúil ar an gnó chéanna. Mar sin chuir mé ceist air cá raibh na cinn is fearr le fáil: "Na cinn is saoire tí Kaiser; na cinn is fearr béal doras don Sparkasse" - agus bhí na ceart go hiomlán aige!

1 Bhí orm smaoineamh go cúramach nuair a chuir athair mo mhnaoi ceist orm faoi conas bhí ag éirí liom sa phost nua - an raibh an Kollektiv go maith? Gnáth nath ar comhghleacaithe dó siúd, fós, tar éis scór éigin bliain.

13 May 2011

Camchuairt

Idir Déardaoin seo chaite agus an Céadaoin beag seo bhí mé thar lear. Beirlín ar dtúis - cúrsaí teaghlaigh; shlánaigh mamó mo bhean an céad de hAoine. Thug mé sciuird soir ó dheas ansin le mac liom chun dul ag siúl san Eilvéis Boihéamach. Thug mé liom lán mo chloigeann d'ábhar don mblag a chuirfidh mé anseo diaidh ar ndiaidh. Faraor, ní bheidh an oiread léaráidí agam agus ba mhaith liom - rinne mé dearmad an luchtaire a thabhairt liom don ceamara. Beidh orm focalphictiúir a chruthú in ionad.  Ach roimhe sin caithfidh na smaointe socrú síos i'm aigne.

03 May 2011

An é nach scríobhann daoine sona úrscéalta dírbheathaisnéiseacha?

I measc na leabhair a léigh mé le déanaí bhí an úrscéal dírbheathaisnéiseach "Céard é English?". Scéal faoi buachaill a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath;  ag lánúin a d'fhoghlaim an Ghaeilge agus iad fásta. Tá sliocht de chuid Maugham ar an mblurba; rud éigin mar gheall air deamhain agus duairceas saoil a dhíbirt tríd úrscéal a scríobh. Sa mhéid is gur bhain mé adhmad as an scéal - bhí barraíocht de sreabh an chomhfheasa ann domhsa - sílim gurbh mó a bhí a (dhroch) chaidreamh lena athair i gceist seachas a chaidreamh olc, maith ná measartha leis an nGaeilge. Sa mhéid sin de, bhí macallaí de dhaoine breaca Hugo Hamilton ann. Gan amhras, bíonn teasaíocht i gceist idir aithreacha agus mic; agus is daoine le pearsantachtaí láidre a bhíonn i gceist linne a thógann clann le Gaeilge i mbóchna an Béarla. (Buaileann imní mé uaireanta go bhfuilim ag soláthar ábhar úrscéil do mo dhaoine breaca fhéin!)
Mar sin fhéin, ní dóigh liom go bhfuil saol an Ghaeilgeora Galltachta, óg ná sean, i gcónaí duairc, lán coimhlint is teannais. Tharlódh sé áfach nach bhfuil ábhar úrscéil i ngnáthshaoil ghnáthdhuine? Táim fós sa tóir mar sin ar scáthán litríochta ar mo shaol agus saol daoine fearacht mise, a tógadh le Gaeilge san Oirthear Ghallda.

ISBN: 978-1-901176-30-8
Foilsithe: 2002
Leathanaigh: 162

02 May 2011

Is cibearg gach duine againn!

In diaidh dom alt Kevin Warwick a léamh san Irish Times dé hAoine threisigh ar m'fhonn cuairt a thabhairt ar an taispeántas Human+ san Dánlann Eolaíochta. Bhí na fógraí suntasacha feicthe roimhe agam. Maidir le Warwick, bhíos ag caint dá chuid roinnt blianta ó shin; agus bhí sé ar an bport céanna an uair úd. Shíl mé an uair úd, agus sílim fós gur bladhmann a bhí i gceist agus nach bhfuil fíor comhshamhlú mar a mhaíonn sé idir inneall agus duine i gceist. (Sin uaidh duine a chaitheann spéaclaí, i. atá spléach ar uirlis!).
Ach agus mé á phlé ar twitter, tarraingíodh m'aird ar Amber Case agus a cuid antraipeolaíocht cibearg. Tá an chaint a thug sí do TED - "Is cibearg gach duine againn" thar a bheith spéisiúil. Agus tá blas na fírinne ar a bhfuil le rá aici - go bhfuilimid an éirí spléach ar ár ngléasanna ar bhealach atá ag athrú ár saol - agus go bhfuil gnéithe dearfacha agus diúltacha ag baint leis seo. Sílim go sroicheann sí eithne na ceiste nuair a deir sí go bhfuil tost gan gléasanna de dhíth orainn ó am go chéile, chun ord agus eagar a chuir ar an saol.
Maidir leis an taispeántas, caithfidh mé a admháil gur chuir sé díomá orm. Duairceas - nó samhnas i gcás an béile a réitíodh ag baint feidhm as súmairí lán d'fhuil an ealaíontóra  - an mhothaigh mé ó na taispeántán. Tharlódh sé go bhfuil dóchas san todhchaí caillte ag aos ealaíona agus nach bhfeiceann siad i ndán dúinn ach meath agus bás san Iarthar. Nílim féin chomh héadóchasach sin; cé go n-aithním go bhfuil dúshlán romhainn. Ach sílim go bhfuil todhchaí an chine ann, agus féidearthachtaí sna teicneolaíochtaí - go háirithe sna ríomhairí agus an idirlíon ar féidir leo neamhní a dhéanamh d'am agus spás, agus cur le cumhacht ár n-intinní. 

01 May 2011

Tromán na Sráide

Phrioc an fógra seo m'fhiosracht. Ní raibh ar mo chumas nasc dá laghad a dhéanamh idir "brook" agus "tromán". "Sráid an tSrutháin" an leagan oifigiúil. Mar sin, chuaigh mé i dteagmháil leis an mBrainse tríd an suíomh agus fuair an t-eolas seo leanas:
An t-ainm eile a luann tú, .i. Tromán na Sráide, dealraíonn sé gur iarracht eile ab ea é sin ar Stradbrook a aistriú chomh maith. An chéad eilimint anseo .i. tromán (? rectius triomán, cf. ainm na habhann An Triomóg i Maigh Eo; cf. www.dil.ie s.v. tírmán), tá sé le fáil ina lán ainmneacha sruthán i measc sléibhte Chill Mhantáin agus Bhaile Átha Cliath Theas...Bhí cur amach ar na mionainmneacha seo thuas ag an té a chum ‘Tromán na Sráide’, gan dabht, ó shaothar Price nó ó Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (is mar tromán a litrigh Eoghan Ó Comhraí an focal a chuala sé ag cainteoirí dúchasacha Gaeilge i nGleann an Smóil in 1837, e.g. ‘Bun na dTrí Tromán’)

Beatus Ioannes Paulus II

Inniu Lá Bealtaine. Féile San Seosamh, Oibrí. Tús mí ina gcuimhnítear ar Mhuire. An dara Domhnach den Cháisc - Domhnach a roghnaigh Eoin Pól II mar Domhnach na Trócaire Diaga.
Lá cuí ar a lán bealaí mar sin chun an searmanas beannaithe dó a bheith ann; rud ar tharraing an Pápa aird ina aitheasc ar.

Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. (Mth 16:18)
Roghnaíodh Karol Józef Wojtyła, an fear ón dtír i gcéin mar a dúirt sé féin leis an bpobal ar an oíche a toghadh é, mar chomharba ar Pheadair ar an 16ú Deireadh Fómhair 1978. Uaidh sin go dtí a bhás ar an Satharn, an 2ú Aibreáin 2005: Oíche Féile na Trócaire Diaga, bhí sé ina charraig don Eaglais.

Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: “A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?” “Sea, a Thiarna,” ar seisean leis, “is eol duit go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan m’uain a chothú.”Dúirt sé leis an dara huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” “Tá, a Thiarna,” ar seisean leis, “tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt sé leis: “Déan mo chaoirigh a aoireacht.”Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.” (Eoi 21:15-17)

An cothú atá de dhíth ar pobal Dé ná teagasc: sin ról an Phápa: ról a chomhlíon Eoin Pól II ar bhealach nua - tríd an Pápacht a thabhairt amach as an Róimh, ag taisteal na cruinne ar shlí nach ndearna Pápa roimhe. Rinne sé na gnáth rudaí freisin: ag tabhairt aithisc, cainteanna agus caiticéis. Maireann na scríbhinní seo, agus is síol iad a mbeidh fómhair air amach anseo.  Labhraítear ar ghlúin sagairt agus creidmhigh óga a chothaigh sé mar "Ghlúin Eoin Pól II"

Maidir liom féin, tá dornán cuimhní agam ar Eoin Pól II, agus cuid dá shaothar léite agam agus ar mo leabhragáin. Bhíos i bPáirc an Fhionnuisce i 1979, cé gur fánach na cuimhní atá agam ar an ócáid sin. Um Cháisc 1985 bhíos sa Róimh; tá cuimhne glé agam ar Aifreann na Bigile is mBaisleac Pheadair: an bomaite cumhachtach nuair a scaip solas nua na Cásca tríd an Eaglais dorcha - agus ansin lasadh tobann na soilse móra. Bhí mé sa staid Oilimpeach i mBeirlín i 1996

Spreagadh atá sa bheannú seo inniu dom chun féachaint siar ar chuid dá bhfuil scríofa aige.

“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
(Mth 10:28)