Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-08

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - ag siúl cois Loire

Tá an Loire leathan i lár Orléans. Tráthnóna Satharn chuaigh mé chun camchuairt a thabhairt, ag siúl fá na bruacha. Tá cineál balla - La Duit - i lár na habhann, le go mbeadh sé inseolta agus chun an abhann a choimeád ó bheith ag bogadh ó dheas. Ar an dtaobh theas den abhainn tá neart oitreacha ghainimhe. Bhí lachain, cearca uisce agus géanna fairsing. Agus chonaic mé ainmhí amháin - ró ramhar le bheith ina dhobarchú. Déanaim amach gur Coypu /Nutria a bhí ann, ainmhí a tugadh isteach ó Meiriceá Theas agus a scaip. 
Ar chosán garbh a shiúl mé ar an mbruach theas, plandaí ag fás go flúirseach. Chonaic mé bean ag cnuasach neantóga agus ag bailiú léi ansin ar a rothar. 

Agus comhartha ceiste mór dearg á chur ar snámh ag teaghlach. Ní bád, ach saothar ealaíne, a dúirt siad liom! 


Lean mé orm fán mbruach theas go dtí an droichead iarnróid, a bhfuil cosán coisithe lena ais, agus ar ais go dtí an bruach thuaidh - tá canáil comhthreomhar leis an abhann ansin. Bhí neart báid ceangailte, iad fada agus tógtha d'uiscí tanaí. Mar a bheadh punt, ach seolta (agus inneal uaireanta) orthu. 

Tráthnóna Domhnaigh bheartaigh mé La Duit a shiúl. Faraor, níl aon slí ciorclach gur féidir í a shiúil, níl ach pointe amháin teagmhála.

Thrasnaigh mé droichead Georges V agus tháinig ar cuimhneacháin ar an áit a raibh fogha cinniúnach Jeanne d'Arc ar daingin na Sasanach - bhris sí agus a harm orthu ansin agus d'éirigh siad as an léigear, fuascailt Orléans agus corr cinniúnach i gCogadh na Céad Bliain. 
Ar an gcosán céanna cois abhann ansin go dtí gur shroich mé tosach an Duit. 

De réir mar a shiúl mé a fhaid - 2.5km - bhí sé ag iompú ina oileán crannach. Bhí an dúrud snáthaid mhór gorma le feiceáil. 

Bhí roinnt ealaíne freisin, ach an dúlra a bhí i dtreis. 


Chas mé nuair a bhí mé laistigh de céad méadar nó mar sin den deireadh. Ar mo shlí ar ais osclaíodh na spéartha agus fliuchadh ní hamháin go craiceann ach go cnámh mé! 
Níor mhair an múr i bhfad ach ba leor é! 

D'fhill mé ar an mbruach thuaidh ar an droichead iarnróid arís, tríd gairdín agus tríd cúlsráideanna na cathrach ar ais chuig an lóistín. 

 



2023-05-07

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - ag urnaí ar lorg Jeanne

D'fhonn ligean don déagóir coladh amach, shleamhnaigh mé as an árasán go han mhoch ar maidin. Bhí an baile ana chiúin! Bhí rud éigin suaimhneach faoi bheith ag siúil sráideanna folmha. Dúirt Google liom go mbeadh Aifreann á rá i Notre Dame des Miracles um a 8:15. Bhí rún agam é a éisteacht. Tar éis an tsaoil, ó tharla gur Jeanne d'Arc is cúis leis an bhféile, ina bhfuil margadh Meánaoiseach, a mheall anseo muid, is cineál oilithreacht an iomraimh seo.

Cé gur dealbh ársa atá san scrín, ní hé an dealbh céanna atá ann, dealbh a bhí ársa in aimsir Jeanne ach a scriosadh i dtine i 1666. Ach fearacht a réamhtheachtaí, dealbh dubh atá ann.

Más dubh mé, is sciamhach, a mhná Iarúsaileim; mar bhotha céadair, mar bhéalscátha Sholaimh.

Dúirt mé roinnt paidreacha agus shocraigh fanacht ar an Aifreann tosú. Bhí roinnt daoine eile ag déanamh amhlaidh. Ach ní raibh aon radharc ar shagart. Faoi dheireadh, chuir bean ceist ar fear go raibh cuma ar eolais air. An chéad Satharn a bhí ann, tiomnaithe don Ghiniúint gan smál, agus is um a haon déag a bheadh Aifreann. 

Mar sin chuaigh mé sa tóir ar boulangerie agus caife. Caife allongé (i. Uisce tríd) agus croissant úr ón oigheann. Agus baguette agus dhá pain au chocolat le breith liom. Tá arán úr iontach! D'ól mé an caife ar mo shuaimhneas, ag blagáil ar mo ghuthán! 

Bhí sé fós pas beag luath an déagóir a mhúscailt, mar sin lean mé orm ag fánaíocht. 

Thug mé cuairt ar an Ardeaglais. Tá sé maisithe le meirgí na captaen a bhí páirteach i feachtas Jeanne le Orléans a fhuascailt. Agus macasamhail a meirge féin (atá caillte) ar an altóir. 

Tar éis beagán eile fánaíochta agus siopadóireachta d'fhill mé ar an árasán do bhricfeasta leis an déagóir. 

Ina dhiaidh sin d'fhill mé ar Notre Dame des Miracles, don Aifreann. Bhí cantóir ann chun an pobal a stiúradh agus a spreagadh i mbun ceoil. Rud atá fíor annamh in Éirinn, cantaireacht bhinn san Aifreann. Fearacht an easpa troscán bóithre creidimh, ding eile a chuir na péindlíthe idir cultúr Chaitliceach na hÉireann agus na Mór Roinne. An dlaoi mullaigh - cóiriú shollúnta ar an Ár nAthair a rinne Rimsky Korsakov! 

Is ardú croí agus meanma a leithéid de shearmanas, fiú má bhí mé ag streachailt gach a dúirt an sagart a thabhairt liom. 

Chas mé leis an déagóir gar do speisialtóir Bandes dessinées, bhí mé tar éis ceist a chur agus ní bheadh siad oscailte ar an Domhnach ná an Luain, lá saoire. 

Bhí gach cineál bande dessinée ann. Ní hamháin Mangas na Seapáine, agus aithris Eorpach orthu, ná greannáin na hEorpa agus Meiriceá, ach leabhair staire, polaitíochta agus eacnamaíochta fiú. 

Chaitheamar tamall maith ag póirseáil ann. Agus sin uachtar reoite. Bhí taispeántas ealaín comhraic le bheith ar chearnóg áirithe agus chuaigh muid ansin ar thóir uachtar reoite. Ar an ndrochuair, bhí siopa leabhair agus earraí páipéar ann freisin... 

Pluais Aladdin de shiopa, don leabharbhách. Shíl mé an tríú leabhar Izzo a fháil ann, ach ní raibh sé i stoc. Mheall fógra ar leabhar mé, gurb é a spreag 1984 Orwell. Cheannaigh. 

Is uraiceacht ealaín comhraic seachas taispeántas a bhí i gceist dáiríre leis an méid a bhí ar bun. Cineál leadránach ag amharc air, agus mar sin thug muid aghaidh ar an sprioc a bhí againn an chéaduair, cúis ár iomraimh - an Aonach Meánaoiseach. 

Bhí bothanna den uile shórt ann. Neart bia agus deoch. Cheannaigh muid punt brioscaí... Seo thíos sciar acu. Agus cineál macrons ársa, níos gairbhe ná ábhair an tsiopa, ach blasta. 
 
Bhí gabha airm ón tSeic ann, ceardaithe adhmaid agus leathair, ceoltóirí. 
Agus roinnt daoine faoi arm agus éide a chuir taispeántas troda ar bun. Ceoltóirí freisin, cé nár chualamar mórán ceoil. 

Sampla maith den seánra. Cé go raibh furries ann freisin ar chúis diamhair éigin. 

Bhí sé meirbh i lár an tslua agus d'imigh muid go dtí bruach an Loire ar thóir fuarú. Ach ní raibh foscadh ann...

Ar ais go dtí an árasán, mar sin. Idir an dá linn bhí dinnéar orduithe ag Freddie tríd an aip Too good to go. Tar éis cupán tae chuaigh muid sa tóir ar an mála iontais Afracach a bhí ceannaithe againn ar 6.66€.

Rís, anlann nár thuig mé bun nó barr cad a bhí ann, agus sciatháin agus cosa sicín. Rinne béile breá ar ball, ateite san micreathonn. (Drogall orm aon chócaireacht a dhéanamh in árasán aon seomra de bharr an boladh!) 

Ár scíth a ligean, ansin. 











2023-05-06

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - aniar arís.

Go mall oíche Céadaoin fuair mé teachtaireacht ón lóistín a bhí in áirithint in Orléans agam ag iarraidh orm glaoch air. Rinne mé amhlaidh ach chlis ar mo chumas Fraincise agus d'iarr mé air teachtaireacht whatsapp a sheoladh chugham as Béarla. Is amhlaidh go raibh fadhb acu le míola leapa, agus go raibh orthu an lóistín a dhúnadh ar feadh deich lá! Agus ní raibh malairt aige le tairiscint dom. Is cosúil go raibh an créatúir é féin thar lear agus é deacair aige rudaí a reáchtáil. Bhí amhras orm go n-aimseoinn lóistín ó tharla Féile ar bun in Orléans (an chúis go rabhamar ag dul ann sa chéad áit). Ach buíochas le Dia d'aimsigh mé áit ar Booking.com ar mórán an chostas céanna, cé go raibh sé pas beag níos lú.

De bharr go ndearna mé meancóg an chéad lá ag cuir traenacha in áirithint go dtí an stáisiún mícheart i dtosach, agus ansin gan a bheith in ann ceann acu a athrú, bhí an turas aniar níos casta ná ba ghá. 

Thug ar n-óstach go stáisiún Lannion muid ar a bhealach chun na hoibre. Bhíomar breá luath, agus deis againn ceapaire an duine don turas a cheannach i mboulangerie. (Arán úr na Fraince, deirim leat!). Turas gairid ansin - ceathrú uaire nó mar sin - ar TER go dtí Plouaret Tregor. Deich nóiméad eile ar TGV go Guingamp. TGV a bhí ag dul go Páras, dá mbeadh an ticéad cuí againn....

Bhí fanacht dhá uaire orainn i Guingamp ar an TGV a bhí in áirithint agam. Ar ámharaí an tsaoil bhí café transa ón stáisiún. Ghiorraigh caife agus cidre (i cupán!) an fanacht. Seacláid te agus tae glas i gcás an déagóra. 

TGV "saor" (nach raibh mórán níos saoire) ó Guingamp go Páras Montparnasse. Lán le leanaí - tráth saoire atá ann i gcodanna den Fhrainc. Montparnasse plódaithe dá réir. Chinn an déagóir gurb fhearr leo dul díreach ar aghaidh go hOrléans seachas aon turasóireacht a dhéanamh i bPáras.

Ar aghaidh linn dá réir go dtí Austerlitz. Chlis orainn foinse uachtar reoite a aimsiú. Ach d'aimsigh an déagóir onigiri agus bhí sásta.

Bhí an traein go Orléans plódaithe go maith, ach d'éirigh linn suíocháin ar aghaidh a chéile a aimsiú. Uair an chloig a thóg sé orainn go Orléans. Ceathrú uaire siúl go dtí an lóistín, i lár na sean cathrach. 

Chuamar ag lorg uachtar reoite ach a d'fhág muid na málaí san árasán aon seomra. D'aimsigh muid béile! (Agus pastis).

Bhíomar spíonta go maith mar sin d'fhill muid ar an lóistín i ndiaidh an mbéile.

2023-05-05

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - Clocha agus Crêpes


Bhuail mé le m'óstach, a bhí tar éis maidin oibre a dhéanamh i Lannion (mo dhála féin, bíonn sé idir baile agus oifig). D'fhilleamar ar an dteach áit a raibh a athair tar éis béile breá a réiteach le fuílligh. 

Bhí roinnt cur agus cúiteamh ansin faoi céard le déanamh, agus socraíodh go rachadh na seantuismitheoirí ag bailiú Freddie agus a cara ón lycée, agus go dtabharfadh Guillaume mise ag turasóireacht! Bhí mé tar éis teacht ar Menhir St Uzec (< maen hir na Briotáinise, a chiallaíonn cloch fhada). Níl aon amhras ach go bhfuil sé fada! Rinneadh é a "Chríostú" san 17ú aois, cros ar a bharr agus uirlisí na páise greanta ar aghaidh na cloiche. 

Uaidh sin chuaigh muid go Île Grand / Enez Veur / Inis Mór. Tá cromleach - allée couverte ansin freisin. 
Agus tor eibhir cois cósta óna bhfuil radharc iontach. Shiúlamar píosa beag cois cósta roimh filleadh ar an gcarr. Ar an mbealach ar ais chuaigh muid go dtí séipéilín St Uzec. Níl sé in úsáid mar séipéal níos mó, ach murab ionann agus na séipéilíní eile a chonaic mé, bhí sé ar oscailt! Tá cumann a thugann aire dó agus a rinne athnuachan air. Agus ar roinnt dealbh daite ó na Meánaoiseanna atá ar taispeáint ann. 
 
Bhíomar le galettes a ithe um thráthnóna, agus bhí mé go láidir den tuairim go raibh cidre de dhíth chun dul leis. Chuamar san tóir ar an dtáirge áitiúil - ó Cidrerie du Legeur. Bhí sé feicthe againn go raibh a siopa féin dúnta, ach bhí fhios ag Guillaume go mbeadh fáil air i siopa Bio. Fuaireamar dhá bhuidéal agus táirge eile dá gcuid freisin, sú úll súilíneach. 

Ar ais chun an tí ansin. Rinne gach duine a galette agus a crêpe féin, agus d'éirigh liom gan praiseach iomlán a dhéanamh de! Proinn fíorbhlasta, agus comhrá bríomhar mar anlann leis! 


Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - Cois Leger

Fad is a bhí Freddie ag freastal ar an lycée lena cara, chuaigh mise ag siúl arís - an treo eile. Ní raibh mé i bhfad ó bhéal na habhann - Belleger - Béal Leger. Shiúl mé cois cósta i dtosach, cois aille ar chosán tirim ach caol, le deis anois is arís tuirling ar thrá beag gainimhe. 
Ba bheag duine a chas orm ar an gcuid seo den siúlóid! Ar an gcósta anois is arís bhí fothrach Túr cosanta, bainteach le cogadh éigin - cosaint béal na habhann, glacaim leis. 
Ar chósta suaimhneach
Memento belli
Amhras buan duine roimh duine

Rud a thug mé suntas do, toisc é bheith in easnamh in Éirinn, ná linn na calvaire - crosanna ag crosairí. Bhí ceann ana bhreá ar an mbealach seo, le dealbha ar gach taobh. An pháis treo amháin, naomha - Muire agus a mac ina measc, san treo eile. 


Faoi seo bhí mé gar don ionad caiple agus ó tharla go raibh fuip mharcaíochta aimsithe cois cosáin agam, bhí mé ag dul sa treo sin - as mo bhealach beagán - lena thabhairt ar ais. Ar ámharaí an tsaoil casadh bean na gcapall liom agus í amuigh le rang. D'iarr sí orm an fuip a chrochadh ar chrann agus mbaileoidh sí ar a bealach ar ais é. Scaoil mé an sraith capaill romham, agus shíl mé teacht timpeall orthu ar aicearra. Ba thapaí iad ná mé áfach, agus bhí mise - agus gearrán iarrainn - sáinnithe ar feadh tamaill. 
Níorbh fhada áfach gur chas mo chosán i dtreo bhruach na habhann. Cosán a bhí ró ghéar do chapaill ná rothar. 

Nuair a bhain mé an ghleann amach, lean mé cosán tarraingthe isteach go Lannion. Cosán a bhí do siúlóirí amháin. Agus corr duine ag ritheacht! 


Thug mé sampla fánach den gníomhaíocht teanga faoi ndeara! Shiúl mé romham gan dua ar chosán deas réidh. Bhí sé ina lag thrá (rabharta?) agus réileán láibe ar gach taobh. 
Chonaic mé corr éan ag lapadaíl ach is dócha go raibh an ghrian ró ard dóibh agus iad i bhfoscadh. Shiúl liom go Lannion. 

Bhí aonach ar bun, agus cheannaigh mé roinnt féiríní. Agus ansin bhuail mé le m'ostach, ach ní roimh pota subh Folláin a cheannach san Comptoir irlandais. Ní bhfuair mé lacáiste as bheith i mo Ghael... 

 Siúlóid ana dheas, thart ar 14km. 

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - comhluadar, ceol, cóisireacht

Nuair a bhailigh m'óstach i Trébeurden mé d'fhilleamar ar an tigh agus bhí béile breá againn - Andouillette - ispín a bhfuil blas láidir air, agus frites déanta ar an modh Beilgeach.
Bhí rudaí cloiste agam faoin andouillette cheana, agus tá blas agus boladh uaidh ach níl sé chomh láidir le duán, abair. Sin ráite, tá fiabhras léana ag cuir as dom agus níl mo shrón chomh híogair céanna. Ach d'ith an déagóir gan dua é, mar sin... Baineann andouillette le ceantar Arras, áit arbh as d'fhear an tí.

I ndiaidh lóin chuaigh muid chun cara Freddie a bhailiú óna rang marcaíochta. Ní raibh sí réidh teacht linn áfach, mar sin chuaigh muid ag spaisteoireacht beagán. Fiú ansin ní raibh sí réidh - bhí sí tar éis a bheith ag siúl lena láir agus le cara agus a capall, bhí cúraimí le déanamh. Ach bhí sé in am Freddie a thabhairt go dtí an scoil cheoil - le páirt a ghlacadh i rang grúpa ceoil Ceol Gaelach agus rang ceoil Briotáinise. D'fhágamar ansin iad agus d'fhill chun an marcach a bhailiú.

Bhí mé falsa ansin go ceann tamaill. Ach bhí comhluadar le bheith ann ar ball - colceathrar le fear an tí, a bhean siúd, agus tuismitheoirí fear an tí. An dá lánúin lena veain campála féin. 

Cuireadh promhadh dian ar mo chumas Fraincise! Chaith Daideo cara Freddie formhór a shaol ag obair go crua in éineacht lena bhean, mar charcuterier ag díol ar aonaigh agus ansin mar díoltóirí fáin Pizza. Eisean a bhí i mbun an príomhchócaireacht. Cluasa mara a bhí faighte ón muir ag fear an tí mar hors d'œuvre. Sliogéisc nár bhlais mé cheana. Agus ispíní spíosracha ón barbaque le cumasc glasraí a rinne sé a fhriochtádh ar cineál pláta te fhada. Roimhe, lena linn agus ina dhiaidh fíon, comhrá, blaisíní.

Dream gealgháireach greannmhar. Bhí mé in ann cúrsaí a leanacht ar éigean, chomh fada is gur duine amháin a bhí ag caint. Ach nuair a bhí na spallaí á gcaitheamh go tréan...

Ard oíche ag deireadh ard lae. 

2023-05-04

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - Bonne balade

Maidin Céadaoin lig mé do Freddie coladh amach - roinnt laethanta fada curtha dínn againn. Agus ar aon nós tá sé de nós agam siúl liom féin de thruslóga fada. Chuaigh mé ag siúl fán cósta dá réir, ag tosú amach tar éis bricfeasta thart ar a hocht ar maidin. 

Bhí ciúnas ann, seachas ceiliúr na n-éan. Cosán marcáilte go maith, cuid de na grande randonnée atá ina líon dlúth sa Fhrainc. 

Bláthanna an earraigh gach áit. Formhór acu a d'aithin mé ón mbaile. Casadh corr siúlóir eile orm fán tslí. 

Bhí sé thart ar a leathuair tar éis an deich nuair a shroich mé Oileán Miliau. Is féidir siúl amach chuige nuair atá lag trá ann. Bhí an cosán díreach glanta nuair a shroich mé é. Mar sin, is beag duine eile a bhí ar an oileán agus bhí mé in ann é shiúl sa tsuaimhneas. Shiúl mé faid an oileáin i dtosach, ag tabhairt suntas don gcairpéad bláthanna. Bhí an t-uafás den falcaire fiáin folaithe san fhéar. Ag dearbhú nach raibh baol báistí ann. Coinnle corra, féirdris, sceach gheal, agus magairlíní meidhreach i measc na bláthanna a chonaic mé ina mbrat tiubh ar an dtalamh. (Bhí siad coitianta go maith fán slí freisin). 

I lár an oileán bhí gcnuasach beag tithe (athchóirithe mar thithe saoire) den eibhir áitiúil bándearg. Agus uaigh Neoiliteach. 
Faoin am seo bhí neart daoine tar éis an oileán a bhaint amach. Shiúl mé ar chosán cois faille timpeall cuid den oileán. Anois is arís chuala mé siosarnach san fhéir, agus uair amháin chonaic mé laghairt lonrach glas ag teitheadh romham. D'fhág mé an oileán agus lean orm fán gcósta. Fuair mé teachtaireacht ansin ó m'óstaigh ag fiafraí ar mhaith liom bheith pioctha suas chun dinnéir a ithe leo ar ais san tigh. 

Shocraigh muid go mbuailfeadh siad liom ag an Eaglais i lár an bhaile a raibh mé gar dó. Cheadaigh mé Google agus ar aghaidh liom da treo sin, thar séipéilín Mhuire na dea-scéala. 

Níorbh fada ina dhiaidh sin gur bhain mé an t-Eaglais amach. Bhí idir séipéilín agus Eaglais iata, áfach. 
Siúlóid ana thaitneamhach a bhí ann. 






2023-05-03

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - eadarlúid, an traein siar.

Ar ár mbealach ar ais chuig an óstán bheartaigh muid greim bia d'fháil don turas. Bhí fonn ar Freddie triail a bhaint as an aip chun dul i ngleic le cuir amú bia - Too good to go. Threoraigh an aip muid chuig siopa ceapairí gar don óstán. Ar an ndrochuair bhíomar ró luath chun tairbhe a bhaint as an dtairiscint. Ach ó tharla ann muid, cheannaigh muid ceapaire an duine agus cúig taoschnó beag líonta le seacláid nó úll.

Go dtí an óstán ansin, málaí droime bailithe. Ar Métro mar nach raibh fonn siúl orainn. Bhí brothall ann. Bhíomar i Montparnasse i bhfad roimh am, shíl mé. Bhí fonn uachtar reoite orm agus d'aimsigh muid siopa faoi dheireadh san stáisiún plódaithe. Fuair uachtar reoite agus deis suí. Bhíomar ag ithe ar ár suaimhneas. Chaith mé spléachadh ar an aip SNCF ar mo ghuthán agus thuig go raibh botún tubaisteach déanta agam - go raibh an traein uair an chloig níos luaithe ná mar a shíl mé, agus go raibh ceithre nóiméad againn é fháil!

Buíochas le Dia (agus m'aingil coimhdeachta a thug orm amharc ar an bhfón) bhí muid gar don ardán ceart agus in am roimh do na geataí bheith iata. 

Ach bhí ar suíochán sa chéad carráiste ag ceann na traenach... 

Nuair a bhíomar leathbhealach suas an traein thosaigh an bípeáil leictreonach ag fógairt orainn go raibh na doirse le dúnadh... 

Isteach linn mar sin agus shiúil an chuid eile istigh san traein - rud a bhí indéanta, BLD. 

Bhí faoiseamh orm an suíochán a bhaint amach gach tuilleadh eachtraí. Bhí an ceapaire bealaigh blasta!

Ní raibh deacracht ar bith againn aistriú go dtí an traein áitiúil agus ceann scríbe i Lannion a bhaint amach. Áit a raibh ár n-aíonna ag fanacht orainn. Teaghlach déagóra a d'fhan linn roimh covid agus a choinnigh an nasc (agus a d'fhan linn arís an samhradh seo caite).

Chuireadar béile breá (móide gloine fíona) romhainn. Agus ansin codladh sámh tar éis na heachtraí! 

2023-05-02

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe : Páras, cuid a dó.

Chodail muid go sámh (rud is annamh dom in óstán!). Bhí bricfeasta againn in íoslach an óstáin gan duine ar bith a fheiceáil. Bricfeasta deas Mór Roinne. Málaí pacáilte fágtha san óstán, amach linn i mbun eachraíochta. Go dtí Jardins de Luxembourg i dtosach ag baint taitneamh as an maidin ghrianmhar. Bhí idir gá agus fonn ar Freddie éadaí damhsa a cheannach. Bhí an siopa is gaire dúinn fós dúnta. Ach bhí siopa níos faide i gcéin oscailte. Abhae linn ar an métro da réir, i dtreo Gare de Saint Lazare. (Tá oiread stáisiúin traenach i bPáras...). 

D'aimsigh muid an áit gan stró agus d'fhágamar pingin mhaith ann. Ach bhí an déagóir sásta... 

Tamall ó shin léigh mé sraith dánta le Celia de Fréine a fuair tinfeadh ó sraith taipéisí i Músaem na Meánaoiseanna. Ar ámharaí an tsaoil tá spéis ag an déagóir i nithe ó na Meánaoiseanna freisin, agus spéis níos mó in iarsmaí Rómhánacha - agus tá an iarsmalann ar láthair sean folcadh Rómhánach. An frigidarium mar chuid den taispeántas fiú. Bhí cnuasach spéisiúil de dhealbha san áras, go leor acu ar rinneadh loitiméireacht orthu le linn na réabhlóide. 

Earraí uaisle eile freisin, idir eaglasta agus tuata. 

Agus i gcroí lár an taispeántais na sé taipéisí la Dame à la licorne - léiriú iontu ar na cúig céadfaí agus an séú céadfa - mon seul désir. Is iomaí brí d'fhéadfaí baint as sin.... 

Béal dorais leis an iarsmalann bhí siopa vintage a dhíol de réir meáchain. Ach ní raibh sé chomh spéisiúil is a shíl muid. Cheannaigh mé féin bríste, is fíor. Ach níor aimsigh Freddie faic. 
 
Faoi seo bhí ocras orainn. Ach ag am lóin ní bhíonn easpa bialainne i bPáras! In le petit Cluny a chaith muid ár bproinn. Moules frites ag Freddie, uibheagán agam féin. Agus pionta beorach. Ón mBeilg. Ó mhainistir! Deacair manaigh a shárú ag grúdlannacht. 
Cafe gourmand eadrainn mar mhilseog. Blasta. 

Tá Notre Dame iata de bharr an tine ar an díon. Ach chuaigh muid chomh fada leis ar aon nós. Bhí sé deacair radharc ceart a fháil ar aghaidh an foirgneamh de bharr na bothanna do lucht tógála. 


Shiúl muid suas síos cois Séine ar feadh tamaill ach bhí sé in am filleadh ar an óstán agus ár málaí droime a bhailiú ansin. Thóg sé tamall orainn métro La Cité a aimsiú - shiúil muid thairis cúpla uair. Tá stáisiún Métro thar a bheith discréideach! Ach tá na traenacha i bhfad níos minice agus níos glaine ná an tiúb. 

Maidir lenár dturas siar, sin ábhar do bhlagmhír eile! 


Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe, Páras (cuid I)


D'fhágamar Fionn inár ndiaidh ina árasán agus ar aghaidh linn go dtí Stáisiún traenach San Pancras ar an tiúb. Bhí an stáisiúin idirnáisiúnta gnóthach go maith, ach bhíomar luath go leor agus an scuaine ag bogadh, sa dóigh is nach raibh strus ar bith orainn. Tríd na geataí leictreonacha, tríd scrúdú slándála, timpeall ar na Breatnaigh a raibh stampa sa phas de dhíth orthu agus tríd na geataí pas leictreonacha. Nóiméad amháin imní nuair a bhog an t-inneall mo mhála droma go dtí an beilt do scrúdú breise ach nach raibh éinne thart lena scrúdú. Faoi dheireadh tháinig fear agus chuir ar ais an an ngnáth bheilt é!

Fanacht gairid ansin ar chead bordála, agus ar aghaidh linn go dtí an traein. Suíochán agus carráiste ainmnithe roimh ré, gan stró ar bith ag baint leis sin. Málaí móra san ionad cuí, suí síos, míogarnach. Níor thug mé tolláin an chanáil faoi ndeara fiú thar na tolláin eile timpeall Londain agus sula raibh fhios agam é bhíomar ag trasnú machairí Tuaisceart na Fraince. Gare du Nord bainte amach faoi am lóin.

Bhí sé pas beag luath seiceáil isteach san óstán, mar sin lorgaíomar lón. Bhí cathú orainn triail a bhaint as áit darbh ainm Der echte Berliner ach is fast food i gciall Gearmáinise an fhocail, i. Beagnach, a bhí ann. 

Isteach linn Tí an Eachtraí (Au Baroudeur). Bhí fear an dorais leithscéalach ag tabhairt biachlár Béarla le naprún an bhúistéara air dúinn nuair a dúirt mé gurbh as Éirinn sinn!
Croque monsieur agus frites ag Freddie. Anraith oinniúin agamsa - an cineál sin a mbíonn píosa aráin sa mhullach air báite i gcáise leáite. Agus uibheagán beacáin. Bhí Freddie tar éis caife gourmand a thabhairt faoi ndeara ar an mbiachlár, i. Caife beag agus milseoga beaga leis. Roinneamar sin.
Ar an métro ansin go dtí an t-óstán. Bhí sé ag clagarnach báistí nuair a tháinig muid as an métro ! Ach tá an t-óstán lámh leis an Métro. Beag bídeach ach ciúin agus glan. Málaí fágtha. Fearthainn fós ann. Ní raibh pleananna againn, agus bhí formhór na hiarsmalainn dúnta cibé ó tharla gur Luain agus lá Fhéile - Lá Bealtaine - a bhí ann.

Chonaic Freddie go raibh Gairdíní Luxemburg gar dúinn agus shocraigh muid dul ann ainneoin na báistí.

Thugamar faoi ndeara go raibh seó puipéid ar tí tosú san amharclann bheag. Isteach linn, mar sin. Leagan bhríomhar ceolmhar greannmhar de scéal Cochaillín dearg a cuireadh romhainn. Bhí binsí áirithe gar don stáitse nach raibh cead ach ag leanaí beaga suí iontu agus ba mhór an spóirt an dóigh a raibh siad ag glacadh páirt san taibhiú - ag cuir comhairle ar Mamó agus Cochaillín. Admhaím nár thuig mé ach leath na bhfocail, ach baineadh corr scairt gáire asam - nuair a dúirt an faolchú abair, gur chun amharc níos fearr ar an dteilifís a bhí súile móra aige! 
Bhí cineál físeán fógraíochta ar siúl roimh ré agus amhrán faoin taibheoir puipéad - bíonn sé te, agus a sciatháin nimhneach ach cúitíonn gáire na leanaí é. Bhí na puipéid lámhdhéanta agus ceardaíocht ag baint leis an rud ar fad. Ana thaitneamhach. 

Bhí an báisteach stoptha faoin am go raibh an taibhiú thart. Bhí neart daoine sa pháirc ag fálróid ar ár nós féin. Báid seoil bheaga curtha ar snámh ag leanaí, bratacha tíortha éagsúla orthu. 
Thosaigh muid amach ag siúil i dtreo an Séin. Bhíomar lámh le Saint Suplice agus chuamar isteach - eaglais mór groí. Dealbha móra ann, ina measc ceann de Naomh Peadar ar cóip é creidim den gceann sa Róimh. 
Shíl mé i dtosach gur fadlíne Páras a bhí i gceist leis an líne seo ar an urlár, ach is le ham cruinn  a thomhas a bhaineann sé agus an gnomon ag a cheann. 
Shiúl muid píosa eile i dtreo an Séin ach faoi dheireadh bhíomar cineál bréan den siúl. D'fhill muid i dtreo an óstáin ar an Métro agus chuaigh ag lorg greim bia sa chomharsanacht. Chuir cúpla áit ó dhoras muid, bhí an cistin dúnta agus gan ach ól ar fáil. Ach bhí bistro amháin oscailte agus bhí sailéad dheasa agus milseog iontach againn. 
Pavlova Marie Antoinette ! 

Chuamar a luí luath, bhí sé de dhíth. 

Bhí agóidí i bPáras inniu, is cosúil, ach níor chuala ná ní fhacamar dada de. Corr bonnán póilíní, meirge Macron démission ar dhealbh thall is abhus, sin uile. Chonaic muid go raibh An cailín ciúin ar taispeáint sa phictiúrlann timpeall an chúinne! 








2023-05-01

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - Londain


Tá Fionn i mbun máistreacht san Opera faoi láthair agus is chun am a chaitheamh ina chomhluadar a bhí sé beartaithe againn lá i chaitheamh i Londain ar an slí chun na Fraince. Bhí a am siúd sách gann áfach! Tá jab rialta (íoctha) aige ag canadh le cór in eaglais de chuid Eaglais Shasana sna bruachbhailte, rud a d'fhág ceangal air imeacht go moch ar maidin Domhnaigh. Nuair a d'éirigh muidne chuaigh muid go Marylebone, áit a bhfuil an Acadamh Ríoga Ceoil chun bualadh le Fionn ar ball. Chaith muid bricfeasta blasta i gcaife - Souli. Bhí sé beartaithe againn Aifreann meán lae a éisteacht. Bhí thart ar uair an chloig roimhe sin, mar sin thug muid cuairt ar Chnuasach Wallace.  Thug muid neamhaird ar an dtaispeántas ar leath faoin mbanríon Eilís agus a cuid corgi, agus dhírigh isteach ar na hearraí agus an ealaíon ó na Meánaoiseanna. Bhí an áit ag cuir thar moill le rudaí spéisiúla. Scrín cloig as Tír Chonaill ina measc!

Séipéal ana dheas is ea séipéal Shéamuis Aspal. Sa stíl gotach a tógadh é, ag deireadh an 19ú céad, ach bhí séipéal Chaitliceach, bainteach le hambasáid na Spáinne, ar an láthair i bhfad roimhe sin. Tá roinnt de na saothair ealaíne ársa dá réir. Sagart measartha óg, atá ina shéiplíneach ollscoile, a léigh an Aifreann. Domhnach na ngairmeacha crábhaidh, Domhnach an Tréadaí maith a bhí ann. Bhí an sagart paróiste san ollscoil dá réir, ag iarraidh gairmeacha a spreagadh, toisc an cúram sin a bheith air. Bhí an séiplíneach tagtha ina ionad. Thug sé aitheasc measartha spreagúil, ag tarraingt as a thaithí féin agus go háirithe an ról a d'imir oilithrigh teaghlaigh chuig scrín meánaoiseach ann.


Is in Acadamh Ríoga an Cheoil atá Fionn i mbun staidéir, agus tar éis dúinn dul ann chun bualadh leis bhí greim lóin againn le chéile. Ansin thug sé turas an fhoirgnimh dúinn. Tá halla mór ceolchoirme ann agus amharclann beag Opera. Cúram ar leith déanta de chúrsaí fuaime ann (ar ndóigh!). 
Neart ealaíne ar na ballaí agus sna dorchlaí. Ina measc sraith múrphictúir san forhalla ag léiriú modhanna ceoil. Iarsmalann le huirlisí ceoil stairiúla, a bhí dúnta dáiríre ach a raibh cuid mhaith den ábhar taispeántais le feiceáil mar sin féin. 

Fad is a bhí Fionn i mbun an cleachtadh treoraithe chuaigh mé féin agus Freddie ag siúil i Regent's Park a bhí díreach lámh leis. Meascán deas de gharraíodóireacht agus fiántas sna lusanna. Ní fhaca mé oiread nóinín ar faiche cheana - ba gheall le brat sneachta iad! Éanlaithe uisce coitianta agus neamhchoitianta. Chonaic muid ál góislíní a bhí glas, geal leis. Chuaigh muid amach i dtreo Sráid Baker. Bhí scuaine fhada ag iarraidh dul i gcomhairle le Séarlóg de Hoilm. Ní raibh a chomhairle de dhíth orainn, ach bhí uachtar reoite. Rud a fuair muid. 

Ansin chuaigh muid féin, Fionn agus cara leis go dtí margadh Spitalfields. Ar an ndrochuair, bhí formhór na seastáin ag dúnadh ach fós bhí neart spéisiúil le feiceáil ann. Faoi dheireadh chuamar ag lorg bia. Chaitheamar dinnéar blasta i bproinnteach Gréagach sa mhargadh. 

Ansin ar ais go dtí Árasán Fhinn, ag faire ar scannán roimh dul a luí. Lá fhada taitneamhach! 
.


Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - urthosach

Tá mé féin agus an déagóir ar ár mbealach chun na Fraince, chun freastal ar an bhféile a bhíonn in Orléans um an dtráth seo bliana, cothrom na laethanta a chaith Jeanne d'Arc féin ann agus an chathair á fhuascailt aici ó léigear na Sasanach agus a chomhghuaillithe Burgundacha. Tá margadh de chuid na Meánaoiseanna mar chuid de, taibhiú nach bhfaca an déagóir riamh agus ar mian leo a fheiceáil. Táimid chun corr cuairt eile a thabhairt ar an slí ann agus ar ais. Faoi láthair táimid i Londain.

Thóg sé an lá ar fad inné orainn é bhaint amach! Thug mo shonuachar muid sa charr go calafort Átha Cliath go moch ar maidin. Bhíomar in ann seiceáil isteach gan strus ar bith agus cupán caife dh'ól roimh dul ar bhord an Ulysses (leagan Séimí Seoighe seachas Homer). Chaith muid céadphroinn a bhí measartha ach daor i mbialann na loinge. D'fhág an long le moill leathuaire. Chaitheamar seal beag ar deic ag amharc ar Éirinn sular thiomáin an drochshíon isteach muid. Léamh, suí, cluiche, leadrán. Bhí an bonnán á shéideadh go rialta, agus nuair a chuaigh mé amach ar deic arís bhí ceo trom ann agus gan léargas ar bith. Bhaineamar Caergybi amach thart ar mheánlae, agus bhí imní ag teacht orm faoin dtraein. Níorbh chaill dom. Bus ón long go dtí an chríochfort, málaí droime bailithe, isteach sa traein ina raibh fuílleach spáis. Bhí radharc ar Bheanna Cymru againn agus bhaineamar amach teorann Shasana ag an gCathair (Caer /Chester) gan eachtra suntasach ar bith. Bhí deis againn an phroinn a thugamar linn a chaitheamh. Thug mé suntas do na fógraí dhá theangacha, an Bhreatnais chun cinn. Agus an nós gan ach leagan amháin de logainm a thabhairt nuair b'ionann iad - mar a bhí minic go leor. 

Bhí fuireach leathuaire orainn ansin agus ar aghaidh le traein áitiúil go Crewe. Shíl mé ansin go raibh linn, mar d'éirigh linn breith ar thraein go Euston a bhí níos luaithe ná mar a raibh súil agam leis. Ach mo chreach...

I Milton Keynes i lár an tráthnóna
Do labhair an maor linn
Is é do bhí dobrónach 

Bhí teip cumhachta tar éis an córas comharthaíochta a chuir as feidhm agus ní raibh an traein - ná traein ar bith - ag dul áit ar bith. Ní raibh aon eolas cinnte aige thairis sin. Tar éis leathuair eile d'ordaigh sé dúinn an traein a fhágáil. Ní raibh eolas aige conas a leanfaidh an aistir. Chuala daoine ag caint ar thaxi ach chun na praghsanna a luaigh siad scall orm. Cibé, amach linn ag lorg eolais. Bhí sé deacair éinne a aimsiú ach faoi dheireadh dúirt fear a bhí ag obair do chomhlacht eile iarnróid (ó tharla go bhfuil smionagar déanta de Bhritish Rail) gurb é a thaithí nach mhairfeadh cúrsaí ach thart ar uair an chloig. Go mba cheart foighid a bheith orainn go gceann leathuair eile, dá réir. Ansin d'impigh an bainisteoir stáisiúin orainn dul amach go dtí an forhalla le go gcloisfimis na fógraí. Rinneamar amhlaidh. Bhí an forhalla thar maoil le daoine míshásta míshocair. Tar éis tamaill chuala fógra doiléir faoi ardán a trí. Thosaigh táinrith ina threo agus leanamar é. Buíochas le Dia ba traein eile go Euston a bhí i gceist. Isteach linn. Fuair suíocháin fiú! Ach ghéill mé mo shuíochán do dhuine arbh mó a gátar leis.

Thóg sé tamall ar an dtraein tosú ag bogadh, ach rinne agus faoi dheireadh bhaineamar Euston amach. Bhí brú ama orainn toisc go raibh seisiúin ceoil le treorú ag mo mhac Fionn um a hocht, agus bhí sé tar éis 18:30 faoin am seo... Ach bhí ár gcártaí Oyster faoi réir (ceannaithe roimh réidh, ar chomhairle Fhinn) agus bhaineamar amach árasán s'aige gan mórán dua - dhá tiúb. Málaí droime fágtha, ceapaire i nglaic agus abhae linn arís chuig an seisiúin cheoil.

Club oibrithe is ea an Mildmay Club. Tábhairne san íoslach. Cúinne do na hoirfidigh. Mo chlann ag ceol, mise ag ól (go stuama. Dhá phint leann geal Hackney). 

Lean an ceol go leathuair tar éis a haon déag. Ar ais ar bhus agus tiúb abhaile. Ocras! Beag áit fós oscailte ach fuaireamar kebab i kebablann. Bhí blasta. D'imigh don mbinn bán. Chodail!