2010-11-11
Blúirín: Litir ó Shagart Iarácach
Ag meabhrú agus ag guí ar son na Críostaithe thall, atá ag fulaingt géarleanúint fíochmhar. Tá cuid acu anois i measc na mairtírigh ar neamh.
An cogadh a chuireadh críoch le cogaí...
![]() |
| Saighdiúirí ón gcéad cogadh Domhanda, ón ghnáth fhoinse. |
Bhí breall orthu; tá cogaí níos uafásaí tarlaithe ó shin. Cuimhnítear ar roinnt dá bhfuair bás sna cogaí sin: ach ní ar gach aoinne, mar a deir Alan Titley ina alt inniu.
Agus sílim cuid den fhírinne a bheith san alt seo; réitíonn an comóradh an bhealach do áir eile. Mar sin féin, tá cuimhneacháin tuilte acu siúd a chuaigh sa bhearna baoil.
Sí an cheist ná conas cuimhneamh orthu, ach féachaint chuige go laghdófar an gá le íobairtí fola mar iad.
Clibeanna
cogadh,
fonotaí staire,
gaeilge
Blúirín: An cuntasóir an cuma?
Níl fhios agam cad atá níos measa: ná pleidhcí i PwC a chnuasaigh liosta de mhná óga sa chomhlucht de réir a gcuid áilleachta: nó na nuachtáin a d'fhoilsigh pictiúir na mná óga.
(Ní thugann ceachtar nasc thuas na pictiúir)
Aontaím go mór le Laura Slattery, tá obair tháir na nuachtáin úd tar éis cuir leis an bhfadhb anseo. Thuigfeá do na mná a iompaíonn ar an Ioslam agus a chaitheann caille chun an sórt seo "luacháil" a sheachaint.
(Ní thugann ceachtar nasc thuas na pictiúir)
Aontaím go mór le Laura Slattery, tá obair tháir na nuachtáin úd tar éis cuir leis an bhfadhb anseo. Thuigfeá do na mná a iompaíonn ar an Ioslam agus a chaitheann caille chun an sórt seo "luacháil" a sheachaint.
Clibeanna
gaeilge,
iriseoireacht
2010-11-07
Blúirín: An tOllamh le Litríocht Neamhghnách (agus Danartha?)
![]() |
| Terry Pratchett, le Artur Machlowski (tríd Wikimedia) |
Duine féin oilte é - léitheoir fairsing agus leathan.
Táim féin gafa leis an Teascdhomhain ó chéad léigh mé na leabhra luath agus mé ar an Ollscoil (eile!).
N'fheadar an bhfoghlaimeoidh lucht an M.Phil uaidh? Deirtear go bhfuil trí ní nach féidir a fhoghlaim: fonn, féile agus filíocht. Ach cá bhfios nach nginfeadh a fhéile filíocht?
Clibeanna
blúiríní,
gaeilge,
litreacha,
terry pratchett
Blúirín: Shanghai cois Sionainne?
Tá scéal san Irish Times inniu faoi ráfla atá ann le tamaill: go bhfuil dream fear gnó ón tSín ag caint ar chathair trádála a bhunú in Áth Luain. Chuirfidh sé sin corr suntasach i saol lár tíre na hÉireann; dream mór thar tír isteach lonnaithe ann. Gan amhras, níl ann ach leithéidí a rinne na hEorpaigh sa tSín san 19ú Céad; agus an Hanse thart ar muir Bhailt roimhe sin. Fiontraithe fiosracha ag feidhmiú mar droichead idir cultúir. D'fheadfadh sé bheith spéisiúil...
2010-11-05
Trí Aithne na Róbataice
- Ní ceadmhach do róbat duine daonna a ghortú, ná ligeann do díobháil tarlú do dhuine de bharr a easpa gnímh.
- Caithfidh róbat aon ordú a thugann duine daonna dó a chomhlíonadh, seachas má thagann sin salach ar an chéad aithne.
- Caithfidh róbat a bheithsine a chosaint, seachas má thagann an cosaint sin salach ar an gcéad nó an dara aithne.
Fíonn sé scéalta go healaíonta as na comhábhair seo. I cuid mór de na scéalta sa leabhar seo, is í Susan Calvin, a tugtar róbaisíceolaí uirthi, an laoch. Braithim ana dháimh léi - go bunúsach is innealtóir í, ag dífhabhtú na róbat. I gcónaí is amhlaidh go bhfuilid ag feidhmiú díreach mar is ceart, ag leanúint orduithe neamhbheachta go cruinn, faoi anáil na haithne thuas. Bíonn, gan amhras, iarmhairtí neamhbheartaithe i gceist, agus castachtaí ag eascairt as uabhair na róbat, agus luddachas nó fuath na daoine, a bhraitheann gur bagairt iad na róbat.
Ach éiríonn léi i gcónaí dul go croí na ceiste.
Is bean í i ngairm agus réimse ina bhfuil mná gann; léiríonn sé an chaoi a bhfeictear do na fir í bheith ar chuma éigin ar easpa banúlachta de bharr a héifeacht. Sin, monuar, léargas glé ar suíomh na mban san réimse innealtóireachta fós. Ní dóigh liom go raibh níos mó na duine nó beirt bean i measc mo chomhghleacaithe riamh.
Níl fhios agam cad a cheapadh mná faoi léargas a thugann sé uirthi; sílim áfach go léiríonn sé sna scéalta nach bhfuil an íomhá atá ag na fir di fíor.
2010-11-03
Blúirín: an dubh ina ghorm
Tá suíomh nua ag an iris Comhar (agus foireann eagarthóireachta nua á earcú acu freisin).
Agus mé ag caitheamh súil air, tháinig mé ar an alt seo le Alex Hijmans maidir leis na dúshláin atá roimh an iriseoir Gaeilge atá ag cuir síos ar an gcoigríoch ó thaobh foclóra de. (Níl dóigh liom gur nasc buan atá leis an alt; beidh le feiceáil).
Giota as:
Aguisín: Chinntigh mé mo thuairim gurbh UFO is ea réad eitilte gan aithint ag Focal. Spreag sin mé le nasc anseo is ansiúd a chuir leis an mír seo.
Agus mé ag caitheamh súil air, tháinig mé ar an alt seo le Alex Hijmans maidir leis na dúshláin atá roimh an iriseoir Gaeilge atá ag cuir síos ar an gcoigríoch ó thaobh foclóra de. (Níl dóigh liom gur nasc buan atá leis an alt; beidh le feiceáil).
Giota as:
Beidh orm cupán cacó a ól, agus briosca cócó leis, agus mo mharana a dhéanamh ar ábhar a ailt!Moltar don té a dhéanann cáineadh réiteach a chur ar fáil, ach níl réiteach simplí ar shriantacht stór focal na Gaeilge. Is maith ann iad na háiseanna téarmaíochta ar-líne, ach is minic a thugann siad téarma duit atá cruinn agus ceart ach nach bhfuil sa chaint ("nuashonrú” in ionad "uasdhátú”) nó téarma atá chomh rúndiamhrach go mbeadh an Sfincs bródúil as – "réad eitilte gan aithint”. Anuas air sin tá claonadh stairiúil ag cainteoirí Gaeilge, muintir na Gaeltachta ach go háirithe, i gcoinne na nua-théarmaíochta ("Gaeilge na Leabhar.”) Focal deas nuachumtha é "brú-bhruthaire” ach ní fheicim bean tí i Ros Muc á úsáid nuair atá an pressure cooker á lorg aici. Ní dhéanann an nós seo saol an iriseora Ghaeilge níos éasca; go deimhin cuireann sé leis an bhfáinne fí ina bhfuil an teanga ó thaobh na nuathéarmaíochta de. An moladh is fearr atá agam – cé gur beag an cúnamh é – ná breathnú ar na srianta atá ag an teanga mar dhúshlán. Dúshlán do shamhlaíocht lucht a labhartha agus a scríofa.
Aguisín: Chinntigh mé mo thuairim gurbh UFO is ea réad eitilte gan aithint ag Focal. Spreag sin mé le nasc anseo is ansiúd a chuir leis an mír seo.
Clibeanna
alex hijmans,
comhar,
focail,
gaeilge,
iriseoireacht
2010-11-01
Lá na Naomh Uile
| Íocón de na Naoimh Uile |
Amárach comóradh na nAnamacha Uile, agus ar an 6ú Samhain tá Naoimh Uile na hÉireann.
Am chuí is ea dúluachair na bliana chun cuimhneamh orthu siúd a d'imigh romhainn.
2010-10-29
Leisce, mífhoighne agus húbras
![]() |
| Suaitheantas Pherl. |
San dara eagrán den leabhar Programming Perl, tá gluais a mhíníonn an cheist níos doimhne.
Leisce: an tréith a fhágann go gcaitheann tú an-dua leis an úsáid fuinnimh iomlán a laghdú. Fágann sé go scríobhann tú cláir dua-sheachanta a bheidh úsáideach do dhaoine eile, agus freisin go ndéanann tú doiciméadú orthu i dtreo is nach mbeidh ort an oiread ceisteanna maidir leo a fhreagairt. Dá bhrí sin, céad mór shuáilce an ríomhchláraitheora. As sin freisin, an leabhar seo.
Mífhoighne: an fhearg a thagann ort nuair a bhraitheann tú go bhfuil an ríomhaire ag falsóireacht. Rud a chuireann tú ag scríobh cláir atá ní amháin ag freagairt don easpa atá ag cuir as duit anois, ach don gá a bheidh agat. Nó go bhfuil an cumas sin orthu, ar a laghad. Dá bhrí sin, dara mór shuáilce an ríomhchláraitheora.
Húbras: Uabhar as cuimse, an sórt ruda a scriosann Séas tú dá dheasca. An tréith a chuireann ort cláir a scríobh (agus a chothabháil) nach mbeidh daoine eile sásta drochrudaí a rá fúthu. Dá bhrí sin, tríú mór shuáilce an ríomhchláraitheora.
(Molaimse an foirceadail seo; agus is dlúthchuid de'm bunfhoireann uirlisí le fada Perl; teanga atá thar a bheith úsáideach agus téacs ó fhoinse amháin á athchóiriú chun críche eile. Creidim freisin sa bprionsabail go ndéantar tásc uathoibríoch má bhíonn ort é dhéanamh trí uaire. Ach sin ceist d'oíche eile)
Clibeanna
athrógseanchas,
gaeilge,
gaois
2010-10-26
Líonmhaire
Líonmhar amhail gaineamh mara,
nó drithlí tine,
nó drúcht maidin Bealtaine
nó reanna neimhe
(Bhíos ag spléachadh tríd suíomh Dennis nuair a tháinig mé ar seo, agus chinn mé iarracht a dhéanamh Gaeilge an lae inniu a chuir air)
nó drithlí tine,
nó drúcht maidin Bealtaine
nó reanna neimhe
(Bhíos ag spléachadh tríd suíomh Dennis nuair a tháinig mé ar seo, agus chinn mé iarracht a dhéanamh Gaeilge an lae inniu a chuir air)
Clibeanna
gaeilge,
íomhá,
sengoidelc
2010-10-25
Na Leabhra
![]() |
| Aodh Ó Domhnaill, údar. Le caoinchead Phóló |
Dearadh stáitse simplí, ach éifeachtach a bhí ann. Leabhragán (beagnach folamh), bord, dhá chathaoir. Barra agus boscaí, a líon Nóirín le leabhair fad is a bhí an beirt eile ag sáraíocht - agus lena linn dár tabhairt ar sciuird trí litríocht na Gaeilge.
Tá macallaí láidir de Fahrenheit 451 agus den Uileloscadh ann.
Bhí mé an tógtha le haisteoireacht Shinéad - ní raibh an oiread sin le rá aici - bhí mór chuid de chaint an dráma tógtha suas le sleachta as na "dea-leabhair" a bhí dá gcuir de ghlanmheabhair ag an dís, agus le sáraíocht eatarthu. Ach ba uirthi go príomha a bhráth an mothúcháin a spreagadh sa lucht féachana go raibh rud éigin dáiríre as alt; go raibh uafás á léiriú dúinn. Rud a rinne sí le geáitsíocht chuí agus aghaidh a labhair gan focail. Aici a fágtar an stáitse nuair atá an tubaiste deiridh tarlaithe.
Mar a deirim, dráma aon ghníomh a bhí ann: rinneadh oíche iomlán as tríd "Siamsa na leabhair" a chuir leis. Cheol Aoileann Ní Chonchubhair go binn mairgne Thomáis Rua Uí Shuilleabháin dá leabharlann a chuaigh go grinneall na mara: Amhrán na Leabhar. Bhí reacaireacht againn ansin,leaganacha Nua-Ghaeilge de Éigse na nGael, ó Rosc Aimheirgin go amhráin Colm de Bhailís, agus anuas go dtí an lae inniu. Reacaireacht atá dlite d'fhilíocht, agus rinne Fidelma Ní Ghallchobhair, Aoife Ní Ghlaicín-Riain agus Oisín Ó Cualáin an dliteanas sin a chomhlíonadh go paiteanta. Thaitin an leagan a rinne siad triúir den Seanduine Cam go mór liom (cé go raibh samhlaíocht de dhíth chun seanduine cam a fheiceáil in Oisín, bhí cuma an mnaoi óg míshásta go cruinn ag Aoife!). Sa bhreis ar sin fuair muid sleachta fada fileata den chaint a chan fear déirce agus é ag iarraidh grá dé a mhealladh ó bhean feirme ó Tadhg Ó Bric - agus ansan a racht nuair a ceileadh an duais air! Chan Aodh aor dá dhéantús féin ar Enda Kenny dúinn, le tacaíocht fonnmhar an lucht féachana, Chuir an píobaire James Mahon clabhsúr ar an oíche le cóiriú ar roinnt foinn mhall agus máirseáil.
Oíche thaitneamhach don trí glúin againn a bhí ann - bhíos i bhfochair mo mhuintir agus mo mhac is sine. Is gnách mé ag clamhsán go mbíonn drámaíocht na Gaeilge á chuir ar fáil i bprochóga fuara taise: ach tá feabhas tagtha, feictear dom , ar an New Theatre: Bhíos ar mo chompord ann.
Clibeanna
aisteoirí bulfin,
aodh ó domhnaill,
drámaíocht,
gaeilge
2010-10-21
Blúirín: scéalta grinn an Phápa
Péire le Eoin Pól II athinste ag George Weigel. (Agus ceann a thaithíonn go mór liom féin de chuid Eoin XXIII)
Daoine, dualgais, cearta
Spreagtha ag an mír seo ón gCailín Deas agus eachtra an valbaí sa Chlarion.
Tá, mar a deir an Cailín Deas, comhthéacs i gceist. Agus, mar a phlé mé le hÁine, slat tomhais.
Cloiseann muid an dúrud caint ar chearta - agus is minic an chaint sin a bheith nasctha le iarratas reachtaíocht a rith chun na cearta a shonrú agus feidhm dlí a bhronnadh orthu. Rud a bhfuil baol ann - fágfar muid plúchta ag maorlathas a bhíonn ag póilíniú iompar dhaoine chun é iniúchadh i bhfianaise catalóg "cearta" a bhíonn ag síor dul i méid. Fágann sé freisin an baol go gcreidfí go bhfuil gach rud nach bhfuil toirmiscthe, ceadaithe. Níl ach coiscéim coiligh ansin idir an smaoineamh go bhfuil an rud nach bhfuil toirmiscthe ceart. Cuireann an coibhneasachas leis an baol sin - "Bhuel, ní dóigh liomsa go bhfuil sé ceart, ach ní féidir liom m'fhírinne a bhrú air...". Dar ndóigh, má leantar ar an gconair sin, níl aon bhunús le haon dlí seachas lámh láidir an móraimh. Abair fáinne fí!
Is beag duine a dhiúltódh don Riail Óir: "Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe." (Mth 7:12). Sin an leagan Críostaí, gan amhras, ach tá a leathbhreac de phrionsabal i mbeagnach gach cré agus fealsúnacht.
Is ann atá, sílim, eithne an fhreagra. Ní féidir cearta a dheighilt ó dualgais. Mar sin, feictear dom nach bhfuil cearta ag ainmhithe astu féin. De bhrí nach bhfuil dualgais orthu. Sampla beag amháin - níl aon chomparáid idir an cat Mise ag tabhairt féiríní chuig Néidí, agus duine a bheith ag marú ainmhithe chun sult a bhaint as. San dá chás, níl "gá" ag neach amháin neach eile a mharú. Ach bheadh sé dodhéanta aon fhreagracht a leagan ar an gcat. Is féidir, áfach freagracht a leagan ar an sealgaire.
Oilbhéim in aghaidh dínit an duine is ea cruálacht - d'ainmhithe nó do dhaoine eile. Teip ar dualgas an duine é féin a iompar mar is ceart. Tá difear mór idir nádúr an duine - na rudaí is ceart do dhuine a dhéanamh, agus nádúr an chait - na rudaí a níonn cat.
Mar sin, is gá, dar liom, gach feidhm a bhaintear as ainmhithe a scagadh go cúramach i léith a úsáid don dhuine. Tuigim bunús a bheith ag seasamh veigeán agus feoilséantóirí, cé nach roinnim an seasamh. Ach ní dóigh liom gur féidir feirmeoireacht ainmhithe ar mhaithe le ball éadaigh a chosaint. Agus tá cruálacht dochosanta ar fad.
Ina dhiaidh sin is uile, sáraíonn daoine an riail óir. An léamh Críostaí a bheadh agamsa ar an gcúis; sé sin go bhfuil nádúr an duine lagaithe, go ndéanann muid rudaí nach mian linn. Nó rudaí nár cheart dúinn - as aineolas, nó falsacht, nó ...
Domsa, tá freagra le haimsiú sa Chríostaíocht, san iarracht dúshlán Críost a fhreagairt:
Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe.
(Mth 5:48)
2010-10-16
Caint ghontach
Léigh mé alt nó dhó spéisiúil ar na mallaibh maidir le saoirse cainte: An ceann seo ag meabhrú dúinn go bhfuil nathanna ann a ghoineann ach iad a rá: agus alt eile maidir le fíor-chaoinfhulaingt.
Níl a leithéid ann agus saoirse gan choinníoll, gan teorainn. Níl aon cheart ann, gan a leathbhreac de dhualgas a bheith ag dul leis. Caithfear prionsabail a chuir chun cinn: ach ar bhealach a thugann urraim do dhaonnacht dhaoine eile, a sheachnaíonn ciorrú a chuireann daoine agus smaointe as a riocht.
Is iomaí cúis achrainn agus imní atá ann sa saol faoi láthair, agus gan - feictear dom - aon chomhthuiscint ná fís coiteann againn níos mó ar cad é an leas choiteann; cad é ról an stáit agus ról an saoránaigh, cad é áit cheart an chreideamh, cad é dínit an duine.
Ní fíor go dtugann an coibhneasachas a cheart do gach duine - tá smaointe ann nach ngéillfear cead cainte dóibh ar chor ar bith.
Caithfear caint, mar sin: ach is mithid caint ghontach a sheachaint: idirdhealú go cúramach idir an duine agus a ghníomhartha agus a chuid tuairimí.
Agus tá ról ag an ndlí in san idirdhealú seo: Tá an chaint ghontach ann, agus is ceart caitheamh leis mar a chaitear le haon gníomh a ghoineann duine d'aon ghnó. Ach de réir dlí, go géarchúiseach, agus ní sna meáin, go gáifeach.
2010-10-09
9ú Deireadh Fómhair: labhraíonn croí le croí
![]() |
| J.H. Newman agus é óg. Ón ngnáth foinse |
Deus, qui beátum Ioánnem Henrícum, presbýterum, lumen benígnum tuum sequéntem pacem in Ecclésia tua inveníre contulísti, concéde propítius, ut, eius intercessióne et exémplo, ex umbris et imagínibus in plenitúdinem veritátis tuae perducámur.Tarraingíonn an urnaí oifigiúil seo seo as dán de chuid Newman: ach pé ní faoi mo thiontú bacach ar an urnaí, le cabhair an leagan Gearmáinise, níl an scil agam filíocht a thiontú. Go hiondúil ceiliúrtar féile an té atá beannaithe nó canónaithe ar an lá a chuaigh sé nó sí ar shlí na fírinne; eisceacht an cheiliúradh seo - is ar an lá seo a glacadh Newman isteach san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
A Dhia a thug an ghrásta do Eoin Anraí beannaithe do sholas chaoin a leanúint agus síocháin a aimsiú i d'Eaglais, deonaigh go n-aimseoidh muid trína shampla agus idirghuí iomlán d'fhírinne as na scáil agus íomhánna atá ar fail dúinn.
2010-10-08
Foinsí fionnachtana d'fhocalbháigh
Mar thoradh ar an gcaid a chuir Dennis san imirt lena phíosa ar fáinne fí, fuair mé amach go mbíodh colún "Focal Fun" san nuachtán Inniu. Colún a mhúnlaíodh nathanna Gaeilge do Bhéarlagair na linne.
Bhíodh Leagan Cainte agus ansin Focal Faire ar Raidió na Gaeltachta ar saothrú sa ghort céanna; ach go bhfios dom níl ceachtar clár ann anois. Bíonn cainteoirí Gaeltachta ar Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár ó am go chéile.
Nár bhreá an rud é teacht buan a bheith ar na seoda a chruinníodh ansiúd? Agus, gan amhras na nathanna a chíorann Áine agus na focail a bhíonn ag Dennis:
Lé déanaí ar liosta Gaeilge-A mhol Marion Gunn :
Bhíodh Leagan Cainte agus ansin Focal Faire ar Raidió na Gaeltachta ar saothrú sa ghort céanna; ach go bhfios dom níl ceachtar clár ann anois. Bíonn cainteoirí Gaeltachta ar Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár ó am go chéile.
Nár bhreá an rud é teacht buan a bheith ar na seoda a chruinníodh ansiúd? Agus, gan amhras na nathanna a chíorann Áine agus na focail a bhíonn ag Dennis:
Lé déanaí ar liosta Gaeilge-A mhol Marion Gunn :
Seo moladh atá i gcúl mo chinn le tamall fada: www.nathanna.ie a bhunú, ina mbeadh teacht ag aistritheoirí, go háirithe ag aistritheoirí nua, ar nathanna coitianta.Ana smaoineamh, dar liom. Agus, mar thús, tarraingt ar an ábhar atá ann cheana, ach gan teacht éasca air.
...
Ba mhór an áis don aistritheoir cleachta agus ba mhór an gar Dia donábhar aistritheora a bheith in ann teacht ar nathanna go réidh, idir ghnáthchainteanna agus chainteanna a bhaineann go sonrach le béarlagair ar leith (dlí, leigheas, srl.). Níl ann ach díospóireachtaí ar an bhfóram a léamh - féach nach conas teacht ar théarmaíocht lom is mó a dhéanann tinneas do bhaill an liosta sin, ach conas teacht ar nathanna iomchuí sa Ghaeilge.
Clibeanna
focail,
gaeilge,
nathaíocht
Blúirín: Cé a d'imeodh le Naitsíochas
Alt a scríobh Dorothy Thompson i 1943.
Cuir síos spéisiúil ar na cineálacha daoine, dar léi, le hantoisceacht.
Tá ceachtanna fós ann: Ní déantar Naitsí de dhuine lách, fiúntach.
Cuir síos spéisiúil ar na cineálacha daoine, dar léi, le hantoisceacht.
Tá ceachtanna fós ann: Ní déantar Naitsí de dhuine lách, fiúntach.
Clibeanna
gaeilge,
polaitíocht,
saoirse
2010-10-07
7 Deireadh Fómhair 1571
![]() |
| Cath Lepanto le Paulo Veronese (ón gnáth foinse) |
Bhí daoine an uair úd cinnte gurbh é cabhair na Maighdine, agus an Choróin Mhuire a thug an bua dóibh.
Ceiliúrtar Féile Mhuire an Phaidrín Páirteach ar an lá seo ó shin.
Tá an Iarthar faoi bhagairt arís: ó chraos agus féin fhuath inmheánach don gcuid is mó - ach tá treisiú an antoisceacht Ioslamach ina ábhar buartha freisin.
Cá bhfios ach go mba cabhair arís é an Choróin a athbheochan: deabhóid a bhí ana thábhachtach le linn ré na Péindlíthe abhus, agus sagairt gann agus ar a seachaint.
Go mbeannaítear duit, a Bhanríon, a Mháthair na trócaire,
ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas, go mbeannaítear duit.
Is ort a ghlaoimid, clann dhíbeartha Éabha.
Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí,
Ag caoineadh agus ag gol, sa ghleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide,
iompaigh orainn do shúile atá lán de thrua,
agus tar éis na deoraíochta seo taispeáin dúinn Íosa,
toradh beannaithe do bhroinne,
A Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis,
Guigh orainn a Naomh-Mháthair Dé,
Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost.
Aguisín: mar a luaigh Seán O'C: Lepanto le G.K. Chesterton
Clibeanna
creideamh,
fonotaí staire,
gaeilge,
urnaí
Pota Focal
Foilsíodh an píosa seo liom ar Ghaelscéal le déanaí.
Aguisín: Ó shin i léith, tá áis nua curtha ar fáil - Nua-Chorpas na hÉireann - ag Foras na Gaeilge. Gan amhras, tá an electronic Dictionary of the Irish Language de chuid an RIA ann cheana. Agus gan amhras CELT ag UCC.
De réir mar a chuirtear leis an foinsí Gaeilge ar líne, tá dóchas agam go leanfaidh daoine eile conair Mhichal, agus áiseanna iontacha a chuir ar fáil, ag tarraing astu.
Tá athnuachan ó bhun déanta ag Michal Boleslav Mechura ar a thogra foclóra, Pota Focal (http://www.potafocal.com) . Sa bhreis ar an gluais tí atá á chnuasach aige le roinnt blianta anois, tá teacht tríd an suíomh ar teasáras de chuid saorálaí idirlíon eile – Kevin Scannell, agus freisin ar an dtogra comhoibríoch idirlíon http://www.irishionary.com/, i measc foinsí eile. Gné a thaitníonn go mór liomsa ná an nasc le gluais an iris idirlíon Beo.ie. Tugann sin deis do dhuine an focal a fheiceáil i gcomhthéacs – agus muinín ag duine go bhfuil eagarthóireacht mar is ceart déanta ar an ábhar! Is é Michal dar ndóigh an duine a dhear Beo mar atá anois, sa bhreis ar bheith ina ailtire eolais ar na tograí focal.ie agus logainm.ie. Tá an faobhar a chuir sé ar a scileanna ríomhaireachta sna tograí sin imithe chun tairbhe do Pota Focal – suíomh a chuireann sé ar fáil as a stuaim agus a acmhainní féin, gan aon deontas ná spreagadh. Feidhmíonn an suíomh mar thairseach do líon eile acmhainní freisin – is féidir focal a lorg i focal.ie nó san bhFoclóir Beag ar líne díreach ón suíomh chomh maith. Seo neart an idirlíon – an dóigh gur féidir le saorálaithe cuir le chéile chun rudaí nua, iontacha a chuir ar fáil – agus ansin iad a nascadh le chéile chun rud níos iontaí fós a chuir ar fáil. I gcás mionteanga mar an Ghaeilge, le pobal scaipthe, is iontach an deis atá ann. Tá muid i bhfiacha ag na gceannródaithe fearacht Michal agus Kevin sa chás seo. Tá breis eolais ar shaothar gairmiúil Mhichal, idir deonach agus íoctha, le fáil ag: http://www.prettydata.eu/mbm/
Aguisín: Ó shin i léith, tá áis nua curtha ar fáil - Nua-Chorpas na hÉireann - ag Foras na Gaeilge. Gan amhras, tá an electronic Dictionary of the Irish Language de chuid an RIA ann cheana. Agus gan amhras CELT ag UCC.
De réir mar a chuirtear leis an foinsí Gaeilge ar líne, tá dóchas agam go leanfaidh daoine eile conair Mhichal, agus áiseanna iontacha a chuir ar fáil, ag tarraing astu.
Clibeanna
focail,
gaeilge,
idirlíon,
saorálaithe
2010-10-03
An Dá Chanóin
I bhforlíonadh san Irish Times maidir le Átha Cliatha a bheith ina chathair litríochta, d'fhiafraigh Mary O'Malley:
Ach b'fhéidir gur orainn féin cuid den locht?
Ours is a dual canon, whichever language we write in and lip-service is no service at all. There is a powerful message in exclusion. I have mentioned here only a few particulars to illustrate a question: will Dublin rejoice and celebrate its writers in one or two languages? And if two, I will be the first to visit the Richmond Hospital, the Mount Jerome Cemetary and the place on Howth Head where a manuscript of a novel entitled An Fear might, or might not have been buried.Is eagal liom go bhfuil freagra a ceiste le fáil ar an suíomh úd "Leagan Gaeilge ar fáil go luath". Is léir go síleann literati an Bhéarla gur aguisín í an Ghaeilge agus a litríocht. Ainneoin ailt fiúntacha mar seo, agus saothar daoine fearacht Declan Kiberd.
Ach b'fhéidir gur orainn féin cuid den locht?
Abonnieren
Posts (Atom)





