Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-05-04

Mian Dé, Toil Dé, Deonú Dé

Ernst Barlach - An fear amhrasach 


 Insha' alla

 Nó, mar a deireadh 
muintir an Oileáin 
'le cúnamh Dé'.  

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Buancheist gach creidmheach i nDia grámhar ná tuige a tharlaíonn droch rudaí do dhaoine maithe. Píosa fada ficsean samhlaíochta ar an ábhar is ea leabhar ‭Iób:

 Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é. Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige. Uime sin, tá uafás orm ina láthair; Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe.  Scaip Dia mo mhisneach, Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.

Iób 23:13-16

Bhí de nós ag ár sinsir Toil Dé a lua le gach buairt agus buaireamh. Dán go gcaithfí glacadh leis. Tá teannas idir taithí an duine agus briathra Íosa:

Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.

 Eoin 10:10 

Ach ar ndóigh bhí neart le rá aige freisin faoi bheatha chóir. Agus go háirithe-

Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.  Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. 

‭Marcas 7:20-22

Maidir liom féin de, is beag de olc an tsaoil atá fulaingthe agam. Seans go dtuigeann mo chruthaitheoir gur fánaí alabhog mé nach bhfuil mianach ionam a sheasfadh triail. 

Don airgead an breogán, agus don ór an sorn, agus fear le briathra lucht bladair a mheas.

‭Seanfhocal 27:21

Corr bhabhta tinnis, post i mbaol anois is arís. Na rudaí ba thromchúisí a d'fhulaing mé ná gur chailleamar beirt sa bhroinn go luath sa toirchis. Fuair deartháir liom bás sa chliabhán nuair a bhí mé i ndeireadh na déaga. Fuair mo mháthair bás le hailse a aimsíodh ró mhall - ach mhair sí níos faide ná mar a thuar na lianna, agus bhí deis againn dá réir dul i dtaithí air agus slán a fhágáil léi faoi dheireadh. Ní mórán é. 

Tá, dar liom, Toil Dé le feiceáil ansin sa mhéid is nach saorann Sé muid ón Olc nádúrtha, ó phian agus díomá. Cuid den dul in inmhe atá ansin. Tá mbeidh Sé chun muid a chosaint go hiomlán ó phian agus díomá nach iarmhairt ár ghníomhartha iad, bheimis leanbaí. 

Ach tá saoirse tola againn. Cinneadh atá i gceist le caidreamh le Dhia. Fás agus forbairt. 

Ní hionann sin agus mian Dé. Mar a dúirt Sé agus Iarúsailéim á chaoineadh aige - 

 A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh! 

‭Matha 23:37

Mian Dé go nglacfadh muid lena thairiscint. Fúinne atá sé A mhian a aithint agus gníomhú dá réir. An véarsa is scanrúla i dtaispeánadh Eoin, dar liom - 

 Is eol dom d'oibreacha, nach fuar thú agus nach te. Uch nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach. 

‭Apacailipsis 3:15-16 

Tá gné eile ann. Deonú Dé. Murach deonú Dé, na deiseanna a bhronn Sé orm, na daoine a chas sé i mo threo, ní bheadh mé fiú alabhog. Bheinn i m'fhanaí míshásta míshocair. Táim buíoch as an méid sin féin. 

Maidir le "ná lig sinn i gcathú", arís tá saol sách réidh agam. Cúis eile buíochais. 


Tá súil agam gurb é Toil Dé go leanfaidh deonú Dé do mo thabhairt ar bhealach comhlíonadh mian Dé dom. Ainneoin mo chlaonadh chun leisce agus alabhoige. 




2024-05-01

Mo ghearráin iarainn...




Nuair a bhí mé óg, ba rothaí mé. Mheabhraigh alt Fhachtna i Tuairisc sin dom. Is léir áfach go raibh aingeal coimhdeachta éifeachtach agam - ní raibh drochthimpiste riamh agam. 

Níl fhios agam cathain a thosaigh mé ag rothaíocht, ach bhí mé i mo rothaí muiníneach faoin am a bhain mé an meánscoil amach - meánscoil a raibh turas 6km in aghaidh an aird chuige ar maidin.

Is cuimhin liom eachtra amháin, agus sílim gur roimhe sin a bhí sé. Le grúpa i gContae Mhaigh Eo. Ní cuimhin liom anois an rothar liom féin a bhí agam, nó rothar ar iasacht. Pé scéal é bhí na coscán air tobann. Bhí mé níos óige agus níos moille na daoine eile sa ghrúpa (ba duine sách beag mé i thús mo dhéaga, agus ní raibh mé riamh i mo fear spóirt). 

Bhí formhór an ghrúpa cruinnithe trasna an bhóthair ag bun chnoic géar. Ní raibh smacht iomlán agam ar an rothar, agus bhí luas fúm. Chuaigh mé ar na coscáin go tobann - an chineál coscán ina dhéanann tú dul tuathail ar na troitheáin. Stopadh an roth go dtobann agus thit mise. Baineadh screamh craiceann de m'aghaidh. Dóbair gur bhuail mé cuaille le mo chloigeann, ach níor dhein. Craite, baill íogair ach gan faic briste.

Cúpla bliain níos déanaí, bhí mé ag rothaíocht le grúpa beag ón mbaile go dtí brú óige Ghleann Mholúra. Tá cnoc fhada ghéar agus cúpla casadh ann síos isteach sa ghleann. Bhí an clapsholas ann nuair a shroicheamar é. B'éigin na coscáin a oibriú chun smacht a choinneáil ar an luas. Ach tamall síos an chnoic chlis ar mo choscáin. Ní raibh le déanamh agam ach greim a choinneáil ar an stiúir - agus urnaí! Síos an chnoic ar luas lasrach agus tríd an chrosbhóthar gan stad ná moilliú. Bhí mé cúpla céad slat suas an chnoic ar an dtaobh eile sular éirigh liom an rothar a stop.

Nuair a bhí mé ar scoil roimh an meánteist bhí ranganna Gearmáinise agam i nGráinseach an Déin. Ba ghnách liom rothaíocht go dtí teach aint le m'athair i gCnoc Mhuirfean. Thugadh sise béile breá dom, agus ar aghaidh liom go dtí an rang, agus abhaile ina dhiaidh. Thar chnoc is gleann. Sa dorchadas sa gheimhreadh. Agus tríd fearthainn.

Níor tharla aon timpiste dom áfach. Uair amháin bhí mé ar chúlbhóthar cúng cnoic. Balla ard ar gach taobh. Leoraí mór cré ag iarraidh dul thairim. D'éirigh mé den rothar agus bhrúigh mé féin agus mo rothar in aghaidh an bhalla. Toisc go raibh mé imithe as a radharc go tobann, stop an tiománaí le cinntiú go raibh mé ceart go leor.

Ní cuimhin liom ach an t-aon timpiste amháin, nuair a bhí mé ag dul go dtí an ollscoil in Ardán an Iarla. I Rath Maoinis d'oscail tiománaí neamh-aireach a doras. Rinne mé iarracht dul timpeall air - bhí luas fúm. Ach bhuail leamhán an choscáin ar éigin an doras agus baineadh tuisle asam agus as an rothar. Ar ámharaí an tsaoil bhí an trácht stoptha agus thit mé idir dhá charr. Croitheadh bainte asam, b'shin é.

Ba é an rothar an ghnáth modh taistil ag mo chomhaoisigh, idir baineann agus fireann agus mé ar scoil agus ollscoil sna 1980í. Bhíodh na céadta rothar ag dul tríd Rath Maonais isteach sa chathair, ag fí a mbealach idir na gluaisteáin a bhí gafa sa trácht. 

Nuair a chríochnaigh mé sa choláiste, agus roimh dom tosú ar phost, chuaigh deichniúr againn ar thuras chun na Fraince. Ar mhuin rothar, ag rothaíocht idir an dá calafort farantóireachta Cherbourg agus Le Havre. 

Bhí mé i mBeirlín ansin. Cheannaigh mé rothar ceart go leor, agus bhain mé feidhm áirithe as. Ba a iompar phoiblí a chuaigh mé ar obair, ach tráthnóna agus an deireadh seachtaine rothaigh mé. Bhí raonta rothair cearta ann - ach bhí an trácht níos troime agus na tiománaithe níos mí fhoighní. 

Mar sin féin, choinnigh mé an rothar. Nuair a tháinig na leanaí bhí rothar againn araon agus suíocháin feistithe ar chúl dóibh. Anois is arís bhain muid feidhm astu. 

D'fhill mé ar Éirinn cúpla mí roimh mo chlann. Bhog mé isteach le mo thuismitheoirí i Tír an Iúir. Bhí mé ag obair i Sráid Fhearchair. Áit a raibh cith ar fáil! 

Bheartaigh mé mo rothar a sheoladh romham - leis an bpost. Ach ón am go raibh mé ag rothaíocht an bhealach úd sna hochtóidí bhí na gluaisteáin dulta i leithne agus an trácht i dtroime. Ní raibh sé pléisiúrtha in aon chor. 

Ar feadh tamaill, agus cónaí orainn i mBré rothaigh mé chomh fada leis an stáisiún traenach ar mo bhealach ar obair. 

Ach nuair a bhogamar amach go Baile an Chinnéidigh, bhí an rothar ag bailiú deannaigh sa gharáiste. Tá na bóithre ró holc agus ró chúng. Agus na gluaisteáin ró leathan agus na tiománaithe ró mífhoighneach. 

Rothaíonn mac liom fós - i Londain. 

Tá súil agam go leanfaidh feabhas ar an mbonneagar rothaíochta. Ach is dócha go mbeidh mise i mo choisí feasta. 

2024-04-29

An leathanach Bán




Ó tharla go raibh postas le n-íoc ar aon nós agus leabhar Máire Mhac an tSaoi á cheannach agam ó Leabhar Breac, bheartaigh mé an t-úrscéal grafach seo a foilsíodh cúpla bliain ó shin a cheannach chomh maith. Thaithin Corp an Duine Uasail, saothar eile léi a thrascruthaigh Leabhar Breac, liom. 

Seo chugainn scéal faoi bhean óg a thagann chúichi féin, í tar éis a bheith ag caoineadh ar bhínse i lár Páras. Ach tá gach pioc eolais faoina féiniúlacht féin glanta as a cloigeann. Tá gnáth eolas fós aici, fios a bhealaigh thart ar Pháras. Ach ní heol di cé hí féin, cé dar díobh í, ná cá bhfuil sí ag obair. 

Baineann an scéal lena hiarrachtaí a chuimhne a fháil ar ais. Tá sí ag obair in ollmhargadh leabhair, agus cabhraíonn comhghleacaí mná léi. Tá sé le tuiscint nach raibh sí agus a clique ró dheas leis an mbean céanna. 

Cuid de na míreanna pictiúrtha is fearr a thaithin liom ná na léaráidí ar a samhlaíocht as smacht. Tá greann iontu, ach dáiríreacht freisin. 

Agus is léir go raibh neart spraoi ag Darach ag déanamh logánú air. Tá cúpla leathanach fíor ghreannmhar faoi na ceisteanna aite a chuirtear ar díoltóirí leabhair. 

Insint bhríomhar, coranna agus castachtaí ann. Agus lón machnaimh. Cé muid féin, dáiríre? An muide a roghnaíonn éadach, leabhair, ceol, cumhráin - nó bhfuil muid ar adhastar ag smaoineamh an tslua? 

Ana leabhar. 



Pénélope Bagieu /Boulet
Leabhar Breac 
204 lch, clúdach bog,
ISBN 978-1-911363-19-4

2024-04-28

Cad is pobal áitiúil ann?

Le fiche bliain tá cónaí orm in eastáit tithíochta ar imeall Bhaile an Chinnéidigh. Tháinig muid anseo i dtosach toisc nach raibh ar ár acmhainn tig a cheannach i mBré, áit a raibh muid ag cónaí ar chíos roimhe sin agus mo mhic ar an mbunscoil.

Do formhór mór an tréimhse sin bhí mise ag obair i Mullach Íde nó áit éigin i mBaile Átha Cliath. D'athraigh COVID sin, agus táim ag obair sa bhaile formhór na hama ó shin. 

Ní sa bhaile atá mo shaol sóisialta ach oiread. Agus roimh COVID bhí sé de nós againn freastal ar Aifreann Gaeilge i mBré. 

Tá aithne éigin agam ar na comharsana béal 
 dorais. Súilaithne ar roinnt eile. Taithím caife nó dhó. Déanaim siopadóireacht - tá ollmhargadh Dunnes agus siopa nó dhó ann. Agus poitigéir. 

Tá an dochtúir teaghlaigh, a bhí agam le blianta sular chuir COVID ina cheann dul ar scoir, fréamhaithe sa bhaile, agus a bhean Francach ó dhúchas, bainteach leis coiste Bailte slachtmhara.

Fiú mo chlann, fuair siad gaelscolaíocht lasmuigh den mbaile, agus thug cúrsaí ceoil amach as an mbaile iad freisin. 

Cé go bhfuil mo nuachar ag obair ón mbaile le fada is cianobair ag plé le daoine timpeall na cruinne atá i gceist. 

Dúinne, mar sin, baile suainleasa atá sa bhaile. Tá ár leithéidí fairsing agus neart tithe tógtha sa scór bliain sin chun freastal ar ár leithéidí.

Tá pobal eile ann, pobal fadbhunaithe a rugadh agus a tógadh anseo. Tá eastáit comhairle chontae ann. Agus roinnt miontionsclaíocht - grúdlann. 

Ní dóigh liom go bhfuil sé cruinn cuir síos ar an áit mar sráidbhaile tuaithe. Tá sé amuigh faoin dtuath maith go leor, ach is pobal bhruachbhailteach atá ann - ag brath ar Bhaile Átha Cliath nó ar a laghad Bré. 

Tá gné aicmeach ann i gceist freisin. Ní bhíonn mórán teagmháil idir na haicmí. 

Ní fear spóirt nó Cumann Lúthchleas Gael mé, nó bhféidir go mbeadh taithí eile agam. 

Is dócha go bhfuil íoróin áirithe i gceist leis an bhfíric gurb í an Ghaeilge atá do mo chuir ag plé le daoine áitiúla anois! Thart ar sé mhí ó shin bhunaigh nuachainteoir díograiseach dhá chiorcal comhrá. Bhí mo bhean ag tathant orm páirt a ghlacadh mar go raibh mé in ísle meoin de bharr tinnis. Ní raibh fonn dá laghad orm. Ní go dtí gur fheabhsaigh mo shláinte a thug mé aghaidh ar na ciorcail. Tá drogall orm dul go ciorcal. Níl an fhoighne agam bheith i mo mhúinteoir, agus braithim dua a bheith ag baint le simpliú comhfheasach a dhéanamh ar mo chuid cainte. Ach tá a dóthain cainteoirí líofa sa ghrúpa nach bhfuil rudaí ró dheacair ina leith sin.

Réamhrá sách fada. Nuair a bhain Baile an Chinnéidigh na cinnlínnte amach, bhí sé nádúrtha go dtiocfadh iriseoirí Gaeilge ar mo thoir.

Mar a tharlaíonn sé, tá log na conspóide lasmuigh den mbaile, ar an dtaobh eile, áit gur annamh a mbíonn mise. Níl aon chúis dom bheith ann. Seachas cúpla fógra sa bhaile, níl aon rian den gconspóid feicthe agam. Tá beagán níos mó feicthe ag mo bhean ar fhóram straoisleabhair an bhaile. Ach b'fhearr linn araon fanacht glan ar cheisteanna dá leithéidí agus ar an ndream atá sáite ann. 

Mar sin, bhí drogall áirithe orm. Ach tuigim an riachtanas atá ag lucht na meáin Ghaeilge agus iad sa tóir ar dhuine le Gaeilge. Rinne mé iarracht áirithe teacht ar eolas. 

Ach ní urlabhraí ar son an phobail mé - má tá pobal ann fiú gur féidir labhairt ar a shon. 

Is dúshlán don bpolaitíocht dul i ngleic leis an easpa acmhainní atá ag cothú míshuaimhneas agus deiseanna do lucht mioscaise. Agus níl sé sin éasca nuair is pobal scaoilte, a bheag nó a mhór uirbeach agus aonraithe atá i gceist. 

2024-04-27

Ag Úirchill an Chreagáin, shiúil mé inniu le bród


Le traidhfil blianta tá baint ag mo nuachar le Ceolfhoireann Traidisiúnta Oirialla. Bíonn na cleachtaí acu maidin Sathairn i mbailte éagsúla ar dhá thaobh an teorainn i gceantar stairiúil Oirialla - an Lú, Muineachán, Ard Mhacha agus an Mí. Inniu bhí an cleachtadh le bheith i gCros Mhic Lionnáin. Ar feadh thart ar dhá uair an chloig. Dóthain ama chun roinnt siúlóide a dhéanamh! Rinne mé tobchinneadh inné go rachainn léi. Chonaic mé go raibh Úirchill an Chreagáin thart ar dhá km ón ionad i lár bhaile Cros Mhic Lionnáin. Faid deas le siúl ann agus ar ais. Toisc gur tobchinneadh a bhí ann, ní raibh deis agam taighde mar is ceart a dhéanamh. Bhí sé i gceist agam braith ar léarscáil Google agus mé ann. 

Do deisceartach fearacht mise, a bhí ina dhéagóir óg le linn stailceanna ocrais na 1980í agus na trioblóidí, áit aduain is ea Ard Mhacha Theas. Áit a bhí sna cinn línte ar chúiseanna achrannacha.
Ní raibh mise faoi thionchar na fórsaí a chuir daoine i dtreo an fhoréigin agus Arm Phoblacht na hÉireann. Ní dóigh liom mar sin go bhfuil aon cheart agam breith a thabhairt bealach amháin nó eile. Is síochánaí mé. Tá col agam le foréigean. Níl mé iomlán ar mo chompord dá réir in áiteanna go bhfuil leaca cuimhneacháin (cuma ceachtar taobh atá á mhóradh). Mar atá i gcearnóg an Chairdinéil Ó Fiaich. (Fear ar thug na Sasanaigh Easpag na bProvos air, agus a bhfuil meathchuimhne agam air mar Príomháidh na hÉireann Uile). 
Is ann a bhí an ionad cleachtadh, san ionad pobail. 
Béal dorais bhí caifé Kis. Áit a bhfuair mé caife dubh i mo chupán coinneála, agus rolla cainéal. Thug mé bóthar Iúr Cinn Trá orm féin. 

Bhí séipéal naomh Pádraig ar mo bhealach agus bhuail mé isteach le paidir a rá. 

Ar aghaidh liom ar bhóthar Iúr Cinn Trá. Bóthar gnóthach. Gan cosán coisithe. Ní raibh an siúl ró phléisiúrtha. Tar éis thart ar 2km phrioc fógra do Ghleann na Filí m'aire. Ach bhí sé ag síneadh san treo mícheart. Chonaic mé geata ar thaobh an bhóthair agus cosáin a raibh an chuma ar go raibh sé ag dul sa treo ceart. Bhí mé éiginnte ach bréan de bheith ag léimt isteach sna sceacha le héalú ón dtrácht. Bheartaigh mé dul sa tseans, go háirithe ó chonaic mé fear agus madra ag teacht mo threo. D'fhiafraigh mé de arbh cosán poiblí a bhí ann. B'ea. An bhféadfainn an reilig a shroicheadh air? D'fhéadfainn. Go bhfaca mé fógra sa treo eile do Ghleann na bhfilí. Arbh fhiú é leanacht? Bhí mé sa Ghleann! Bhí an fógra casta ag bligeard éigin! Agus dála an scéil dá leanfainn an cosán seachas casadh ar chlé go dtí an reilig, thiocfainn ar gairdín múrtha arbh fiú fánaíocht ann. An raibh bealach eile ar ais go Cros Mhic Lionnáin seachas an bóthar mór. Bhí, ach timpeall mór a bheadh ann. 

Lean mé an cosán, chas ar chlé agus thar droichead agus suas staighre go dtí an reilig. 


De bharr nach ndearna mé mo chuid taighde i gceart, shíl mé go raibh Peadar Ó Doirnín curtha sa reilig chomh maith le hArt Mac Cumhaigh. Déanta na fírinne, bhí mé ag dréim leis go mbeadh léarscáil sa reilig, agus na huaigheanna suntasacha marcáilte. Ach ní raibh. Bhí mé ag fánaíocht thart i measc uaigheanna na dtoicithe. Tháinig mé ar leac cuimhneacháin do Phádraig Mac a Liondáin, nach raibh eolas ar bith agam faoi. Bhí sé éasca go leor uaigh suntasach Art Mhic Cumhaigh a aimsiú. Ach chlis orm uaigh Pheadair Uí Dhoirnín a aimsiú. (Toisc nach bhfuil sé ann!). Agus mé ar tí an reilig a fhágáil bhí bean ag siúl thart lena madra. Bhuail mé bleid uirthi agus chuir mo cheist. Ní raibh sí cinnte dúirt sí. Ach dhírigh sí m'aird ar uaigh na Néilleach, nach raibh suntas tugtha agam dó. Gar do sin chonaic mé leac i gcuimhne Séamus Mór mac Murchaidh. Bhí cloiste agam faoi siúd ar thuras na Cnocadóirí ar Ard Mhacha. Agus ar a aibhirseoir Johnston of the Fews 

Jesus of Nazareth, King of the Jews
Save us from Johnston, King of the Fews

Bheartaigh mé deireadh a chuir le mo chuardach, agus aghaidh a thabhairt ar an ngairdín múrtha. Chaith mé tamaill ansin, agus ansin lean mé an cosán ar aghaidh le súil is go dtabharfadh sé amach ar bhóthar mé. Bhí an comhartha fóin lag agus gan aon chabhair ó Google ar fáil. Bhí fógra áfach in aice leis an ghairdín múrtha agus bhí an cuma ar an léarscáil air go mbeadh liom. Ach ní raibh. Níorbh fhada gur shroich mé geata le glasanna meirgeacha air. Shiúl mé ar ais cois na habhann, agus tháinig mé ar an gcloch greanta seo :

                     Ag smaoineamh. 

Measaim go raibh roinnt saothair eile ealaíne thart. Ach tá an cuma air nach bhfuil cothabháil á dhéanamh ar Ghleann na bhFilí. Is trua sin. 

Chuaigh mé ar ais tríd an reilig. Amuigh ar an mbóthar bhí a dóthain comhartha fóin agam le ainm.ie a sheiceáil, agus fáil amach gurb é an chúis ar theip orm Pheadair Uí Dhoirnín a aimsiú ná gurb i gContae Lú a bhí sé curtha. 

Shiúil mé an timpeall ar chúlbhóithre go Cros Mhic Lionnáin. Bhí mé díreach in am, an cleachtadh díreach thart. Bhí lón beag againn tí Kis (bialann a mholaim - arán úr den scoth) agus ansin thugamar aghaidh ar an mbóthar abhaile. 

Turas gairid ach fiúntach. 



Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille


Nuair a chonaic mé tagairt don leabhar seo a bheith foilsithe, ar na meáin shóisialta más buan mo chuimhne, chuir mé fios air ó Leabhar Breac láithreach. 

Fathach i saol na filíochta ab ea Máire Mhac an tSaoi. Bhí sé de phribhléid agam bheith ina láthair ar a laghad uair amháin, nuair a rinne Imram í a cheiliúradh. 

Tá a cuid filíochta agus a cuid próis fileata - Gearóid Iarla, abair - léite le fonn agam. 

Agus tá spéis agam sa tseanlitríocht. Ach níl an Ghaeilge inár scríobhadh iad ar mo thoil agam. Taobh le haistriúcháin scolártha Béarla nó Gearmáinis a bhíonn mé. Tá neart den bhunábhar ar fáil ar líne anois ó leithéidí https://celt.ucc.ie/ nó Thesaurus Linguae Hibernicae.

Ach ní hamháin gur fathach filíochta ab ea Máire Mhac an tSaoi, ach scoláire nótaltha freisin. Scoláire a d'fhoghlaim ní hamháin sna hAcadaimh ach in Ollscoil Dhún Chaoin, ag éisteacht le hallagar a huncail Pádraig de Brún le saoithe na háite. (Feall atá ann go bhfuil Tigh na Cille tite as a chéile). 

Leagain sách iomlán de thrí dhán - nó le bheith cruinn trí chnuasach dánta ársa - atá sa leabhar seo. Tá na bunleagan dorcha, agus tá roinnt den doiléire sna leaganacha nua. Ach is gaiscíocht an fhile atá i gceist leis sin - an file ag nochtadh a cumas agus a léinn ar bhealach spraíúil chun léitheoirí a spreagadh.

(admhaím mar sin féin gur chaith mé catsúil anois is arís ar na leaganacha Béarla - a sholáthar Máire Mhac an tSaoi í féin don gcuid is mó - nuair a chuaigh sé díom meabhair a bhaint as). 

Amhráin  Amhairgin - cnuasach de dhánta as Leabhar Gabhála, orthaí agus breitheanna a chaitheann solas ar mhiotas bunaithe Clann Mhíle. Dorcha draíochta. Tá leaganacha éagsúla de Rosc Amhairgin feicthe agam thar na blianta, ach tá breis ábhar anseo, dinnseanchas agus stair samhlaithe.

An Chailleach Bhéarra - dán faoin seanaois, an chreideamh agus athrú cultúir. Arís bhí blúirí feicthe agam ach seo againn leagan fhada chuimsitheach. 

Agus Amhra Choilm Chille. Caoineadh an naoimh. 

Tá saibhreas thar na bearta sna leaganacha nua Ghaeilge. Cé gur eascair an togra seo as saothar scannánaíochta de chuid Louis de Paor, luíonn sé go maith le haidhm Leabhar Breac an tseanlitríocht a chuir ar fáil do scríbhneoirí an lae inniu, i dteanga an lae inniu, mar fhoinse agus tinfeadh.

Seod atá sa leabhar seo agus táimid faoi chomaoin ag Louis de Paor nár fhág sé an t-ábhar ag bailiú deannaigh ina chartlann!

An t-aon mionghearán atá agam ná gur trua liom nach bhfuil cuid den nGaeilge ársa sa leabhar. Tuigim nach ó aon LSS ná léamh amháin a bhí an file ag obair - ach ba dheas blaiseadh. 

Tá sé ar fáil ón bhfoilsitheoir agus ó na siopaí maithe leabhair! Agus mar is dual don bhfoilsitheoir is earra snasta atá sa leabhar féin. 

Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille
Máire Mhac an tSaoi 
Leabhar Breac 
ISBN 978-1-913814-55-7

2024-04-26

Frachtal, athfhilleadh agus mistéir eile.


I dtús na nóchaidí, nuair a bhí mé ag tosú ar mo ghairm, bhí ríomhairí phearsanta ag tosú ag éirí cumhachtach. Ceann de na cur amú ama a bhí againn san oifig - seachas imirt tetris - ná clár a ríomh tacar mandelbrot. D'fhéadfaí é a mhéadú agus amharc ar an athfhilleadh agus na himill frachtal. Bhí comhghleacaí liom a raibh sé mar chaitheamh aimsire aige spraoi le bogearraí rianú gathanna - bhí an ríomhchlár in ann a ríomh an éifeacht a bheadh ag foinse solais in ionad ar leith ar chuma ruda, agus chruthaigh íomhá réalaíoch dá réir. Ar ndóigh, anois, tríocha bliain níos déanaí le forbairtí i gcrua- agus bogearraí tá fiú an ghuthán, ar a bhfuil seo á scríobh agam, in ann a leithéid a ríomh ag luas lasrach agus i bhfad níos mó mionsonraí ná mar a bhíodh ann fadó. 

Tá athfhilleadh i gceist i formhór na n-algartaim seo. Feidhm i ríomhchlár a ghlaonn ar an fheidhm céanna le hargóint eile go dtí go bhfuil an feidhm chomh simplí sin le ríomh nach bhfuil deacracht ar bith leis. Sampla simplí ná iolrán na slán uimhreacha a ríomh, i. 
 
5! = 5*4*3*2*1.
 
Nó go ginearálta N! ná gach slánuimhir idir 1 agus N méadaithe fá chéile.

Mar seo a bheadh an fheidhm i C:

long factorial(int n)  
{  
  if (n == 0)  
    return 1;  
  else  
    return(n * factorial(n-1));  
}  

Seachnaítear feidhm mar seo go hiondúil i mbogearraí neadaithe, toisc go bhfuil baol ann, má tá luach neamhghnách mar thús, nach dtiocfadh an feidhm chun críche in aon chor. 

Go deimhin, ceann de na scrúduithe caighdeánacha a rinneamar agus promhadh bogearraí ar bun againn ná an raibh aon athfhilleadh díreach nó indíreach ar bhun. Uaireanta d'aimsigh muid cás - ghlaoigh feidhm A ar fheidhm B, a ghlaoigh ar feidhm C a ghlaoigh ar feidhm A arís.

Bhí sé chomh neadaithe i m'inchinn gur drochsmaoineamh a bhí ann nár rith sé liom mar fhreagra ar cheist agallaimh - ach fuair mé an phost mar sin féin!

Maidir le frachtal, ceann de na cúiseanna - seachas raithneach a bheith flúirseach sa choill faoi láthair - a rith sé liom ná go bhfuilim ag plé roinnt leis an ríomhtheanga Tcl - tool control language. Baintear feidhm as go minic i gcórais tástála ríomhairí agus bogearraí. Ní maith liom mar theanga é. Tá sé fíor dheacair cód ann a léamh, tá comhréir an éagsúil é. Is minic gur gá ráiteas a léamh ón lár amach, agus is féidir ráitis a neadú ina chéile ar bhealach a chuireann cathú ar ríomhchláraitheoirí glice  a ngliceas a léiriú. Ach tá sé nach mór caighdeánach do chúraimí áirithe. Níl éalú uaidh.

Pé scéal é, fiche éigin bliain ó shin nuair a bhí mé ag déanamh iarracht é a fhoghlaim, bá an Frachtal raithní ceann de na cláracha a rinne mé beagán spraoi leo. Ní thuigim an clár in aon chor anois, ach tá athfhilleadh i gceist leis.

2024-04-25

Boladh cóid

               Jan Miense Molenaer
De vijf zintuigen: De reuk (na cúig céadfaí: an boladh) 


"is eol do chách go bhfuil sé dhá oiread níos deacra clár a dhífabhtú ná é a scríobh. Mar sin, má scríobhann tú chomh glic agus atá ar do chumas, conas a bheidh ar do chumas dífhabhtú a dhéanamh air?" 
                                   Dlí Kernighan, 1974.

Baineann cuid mhór de mo chuid oibre le cothabháil. Dífhabhtú. Rudaí a d'oibrigh tráth, atá briste anois, toisc go bhfuil cúinsí athraithe - i gcodanna eile den gcód, nó san timpeallacht ina bhfuil an cód ag feidhmiú. Fágann Dlí de Mórdha go bhfuil ríomhairí ag éirí níos gaiste - rud a chruthaíonn deiseanna nua do ghuaiseanna rásaíochta. Fabht is ea guais rásaíochta a tharlaíonn go hannamh. Tarlaíonn a leithéid i gcóras ina bhfuil níos mó ná snáithe amháin - rudaí á dhéanamh ag an am céanna, ach toradh rud amháin de dhíth mar ionchur don rud eile. Ní dhéanann ríomhaire amháin ach rud amháin san am, ach le comhroinnt ama bíonn an cuma air go ndéanann. Bíonn an clár ag athrú go gasta idir tascanna. Ach de bharr cúinsí seachtracha ní tharlaíonn sé sin san ord ceanann céanna i gcónaí. Mar sin, tá deis ann d'fhabht nuair a úsáideann A toradh B sula mbíonn B réidh á ríomh. Tá sé iontach doiligh a leithéid d'fhabht a aimsiú, toisc nach dtarlaíonn sé gach uair a ritheann an clár.

Ach tá dúshláin eile ag baint le dífhabhtú. Is fíor annamh a choinnítear taifead ar an gcúis gur roghnaíodh dearadh ar leith. Na cúinsí a d'fhág an cód amhlaidh. Is minic a bhí réiteach maith go leor, ach d'athraigh na cúinsí. Agus anois tá sé briste. 

Tarlaíonn sé sin go minic nuair atá cleas glic éigin i gceist. Bíonn cathú ar chineál áirithe ríomhchláraitheoir a éirim a thaispeáint le cleasaíocht ghlic. Tráth dá raibh, bhí a leithéid de dhíth toisc go raibh an ríomhaire mall nó an cuimhne teoranta. Is annamh a leithéid fíor anois. Ach tá cultúr an seifteálaí domhain i gcultúr an Ríomhchláraitheora. Agus baolach. 

Nuair nach bhfuil taifead ann, táthar ag brath ar chuimhne institiúideach - ar dhaoine. Ach nuair atá an corpas cóid ag dul siar b'fhéidir daichead bliain, ní féidir brath ar sin. Ar aon nós, i gcomhlacht beag san earnáil bogearraí tagann agus imíonn ríomhchláraitheoirí go minic. Scaití is duine ar chonradh gearrthréimhseach a rinne an obair. Agus go hiondúil is faoi bhrú ama agus acmhainní a rinneadh é. 

Aimsítear réiteach atá maith go leor, agus bogtar ar aghaidh. Blianta ina dhiaidh sin, briseann an réiteach. 

Bíonn ar an ríomhchláraitheoir cothabhála an fhadhb a aithint, an fabht a aimsiú, agus é a réiteach. Faoi bhrú ama agus acmhainní. Agus go hiondúil le heolas srianta. An aidhm ná an t-athrú is lú is féidir a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach, ar eagla go gcruthófaí fadhb nua. 

Ní féidir a bheith riamh cinnte an bhfuil cúis maith le píosa cóid a bhfuil cuma aduain air. Mar sin is fearr gan drannadh leis mura bhfuil sé follasach gur fadhb atá ann. 

Fágann sin áfach go mbíonn rudaí sa chód go raibh cúis leo tráth, ach nach ann don gcúis níos mó. Agus go bhfuil síol fabht nua iontu. 

Go hidéalach bheadh an cód síoraí á fheabhsú agus á bheachtú. Á shimpliú. Éilíonn sin córas maith cuimsitheach promhadh. Ar an ndrochuair, cé gur féidir le scrúdú fabhtanna a nochtadh, ní sé indéanta cruthú le scrúdú nach bhfuil fabht ann. 

Mar sin, tagann taithí i gceist. Bíonn instinn ag seanfhondúirí - agus tar éis tríocha éigin bliain ag dul don ngairm, is dócha gur seanfhondúir mé. Cuirtear an instinn sin i gcomparáid le boladh uaireanta. Deirtear go mbíonn drochbholadh le cód áirithe. Tá cleachtais le feiceáil ann a bhfuil taithí ann gur trúig fabhtanna iad. 

Ar ndóigh, uaireanta bíonn tagairt sa chód ag admháil nach bhfuil réiteach sásúil aimsithe don fhadhb. Gur baineadh feidhm as seift. Is cabhair é sin don cothabhálaí - nuair atá an ionad sin san cód aimsithe. 

Lorgaireacht an tsoithigh naofa is ea lorgaireacht cód foirfe. Níl daoine foirfe. Mar sin, ní bheidh cód. 

Taithí, oiliúint agus disciplín atá de dhíth. Ach go hiondúil is gá géilleadh don "maith go leor", ceal ama. Agus fabhtanna a fhágáil do do chuid oidhrí sa chúram. Nó tú féin i gceann sé mhí, nuair atá an comhthéacs dearmadta agat agus nuair is gá an fhadhb agus a chastacht a thuiscint as an nua. 

Mar a dúirt Tony Hoare:
Tá dhá dóigh ann bogearra a dhearadh. 
Simplí, sa chaoi is go bhfuil sé follasach nach bhfuil fabht ann. 
Nó casta, sa chaoi is nach bhfuil fabht follasach ann. 

Simplíocht abú. 

Sin mo racht go n-uige seo.